Yuri Gagarin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaYuri Gagarin

(1963) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ru) Юрий Алексеевич Гагарин
9 Márta 1934
Klushino, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 1968
34 bliana d'aois
Novosyolovo, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTimpiste eitlíochta
Áit adhlacthaReilig Bhalla na Creimile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síZhukovsky Air Force Engineering Academy (en) Aistrigh (1961–1968)
Orenburg Military Aviation Piloting High School (en) Aistrigh (1955–1957)
College named Yuri Gagarin (Saratov) (en) Aistrigh (1951–) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaSergey Belotserkovsky (en) Aistrigh
Áit chónaitheAn tAontas Sóivéadach
Airde1.65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeitleoir, polaiteoir, oifigeach míleata, spásaire, taiscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1960–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Brainse míleataYuri Gagarin Cosmonaut Training Center (en) Aistrigh agus Soviet Air Forces (en) Aistrigh
Céim mhíleataleifteanant (1957–1959)
senior lieutenant (en) Aistrigh (1959–1961)
maor (1961–1962)
podpolkovnik (en) Aistrigh (1962–1963)
coirnéal (1963–) Cuir in eagar ar Wikidata
Am sa spás108
Misean spásaire
Vostok 1 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
29 Márta 196623rd Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
17 Deireadh Fómhair 196122nd Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileValentina Ivanovna Gagarina Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteYelena Gagarina, Galina Yuryevna Gagarina Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAleksey Gagarin  agus Anna Gagarina
Croineolaíocht
12 Aibreán 1961spáseitilt Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0300789 Musicbrainz: 53801e4c-caf4-4f52-87b8-f6893c75e000 Discogs: 322179 Find a Grave: 3485 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba spásaire Sóivéadach é Yuri Alekseyevich Gagarin (Rúisis: Юрий Алексеевич Гагарин). Ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gagarin ar an 9 Márta, 1934 ar an taobh thiar de phríomhchathair na Rúise, Moscó.

Tháinig sé i méadaíocht ar fheirm chumannach mar a raibh a athair ina shiúinéir. Chuaigh an t-athair isteach san arm nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an Rúis agus tugadh Yuri agus an chuid eile den teaghlach amach as láthair na cogaíochta.

Nuair a bhí sé san iarbhunscoil chuir Yuri spéis sa teicneolaíocht agus fuair sé oiliúint sa mhiotalóireacht.

Chuir sé spéis in eitleáin ina dhiaidh sin agus é ar choláiste agus d'fhreastail sé ar ranganna eitleoireachta. Ba léir go raibh an tallann aige mar phíolóta agus chuaigh sé isteach san Aerfhórsa nuair a bhí sé réidh leis an choláiste.

Píolóta trialach a bhí ann, eitleáin nua á dtriail aige in aois nua na scairdeitleán. Nuair a thosaigh clár taiscéalaíocht spáis na Rúise bhí Gagarin ar bís le páirt a ghlacadh ann. Bhí sé ar dhuine den seisear a oileadh mar spásairí san Aontacht Shóivéadach agus piocadh é le bheith ina phíolóta ar an chéad spáslong.

An chéad duine riamh sa spás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 12 Aibreán 1961 ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain. Rinne sé timthriall ar an bpláinéad ar bhord an spásárthach Vostok a hAon ("Oirthear" is brí leis an bhfocal Rúisise sin vostok). Bhí sé seacht mbliana fichead d'aois nuair a teilgeadh sa spás é as Baikonur. Turas 108 nóiméad a bhí ann. Ba é 28,260 ciliméadar san uair an luas b'airde a shroich a árthach agus é sa spás.

Ba iad Sergey Korolyov agus Kerim Kerimov (nó Kərim Əli oğlu Kərimov, mar a litrítear a ainm ina theanga dhúchais féin - Asarbaiseánach a bhí ann) príomhailtirí an turais seo. Ba é Korolyov "athair na spáseitilte" san Aontas Sóivéadach.

Cáil agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mig-15 RA-0488G (14678763899)

Ón lá sin amach, 12 Aibreán 1961, bhí Gagarin ina laoch ar fud an domhain. Bhain sé an-taitneamh as a cháil.

Ar dtús, ní raibh cead ag Gagarin eitilt arís áfach. Cuireadh luach an-ard ar a shaol. Chuir an srian as go mór dó.

I 1968, thosaigh Gagarin ag dul faoi oiliúint san aer. Cúpla seachtain níos déanaí, maraíodh Gagarin i dtimpiste ar an 27 Márta 1968 agus eitleán nua (MIG-15) á thriail aige. 34 bliana d'aois a bhí sé. Bhí an timpiste faoi bhrat rúndachta, agus tá go leor conspóide ag baint leis fós.

Créamadh a chorp agus cuireadh an laoch i mballa sa Chreimil.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]