Peireastráice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPeireastráice
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) перестро́йка Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálleasú Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1987 - 1991
Tréimhse ama1980idí agus 1990idí Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


San Aontas Sóivéadach sna 1980idí, chiallaigh peireastráice (Rúisis: перестройка, Béarla: perestroika) 'athstruchtúrú an gheilleagair Shóivéadaigh trí thabhairt isteach níos mó polasaithe ar an mhúnla iartharach.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a fhios ag Míchail Gorbaitseov, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, sna 1980idí, go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach .[1]

B'é an focal peireastráice (agus "gleasnast") a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. Bhí na coincheapanna seo lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[2] D'athraigh an saol san Aontas ag an am, agus baineadh srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
  2. curriculumonline.ie. "An Stair ː DRÉACHT-THREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ". Dáta rochtana: 2022.