Géarchéim na nDiúracán i gCúba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf spiaireachta a thóg Aerfhórsa na Stát Aontaithe de cheann de na suímh a raibh amhras orthu

Is gnách a rá gurbh í géarchéim na ndiúracán i gCúba an ghéarchéim ba dainséaraí i gcaidreamh na Stát Aontaithe agus an Aontais Shóivéadaigh i stair an Chogaidh Fhuair. Sa bhliain 1962, d'imlonnaigh an tAontas Sóivéadach diúracáin bhalaistíochta mheánraoin i gCúba ar an tsiocair go raibh ionsaí na Meiriceánach ag bagairt ar an oileán. Thar aon rud eile, áfach, dealraíonn sé go raibh Nicíte Cruistsiof, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, feargach faoi na diúracáin a lonnaigh na Meiriceánaigh sa Tuirc roimhe sin, agus iad suite chomh cóngarach don teorainn Shóivéadach is go bhféadfaidís Moscó a shroicheadh i rith sé nóiméad déag. Lena shásamh sin a bhaint as na Meiriceánaigh, chuir sé diúracáin dá chuid féin i gCúba le caoinchead Fidel Castro.

Aithnítear na diúracáin[athraigh | edit source]

Ní raibh na satailítí spiaireachta éirithe coitianta go fóill. Ina ionad sin, bhain na Meiriceánaigh úsáid as na heitleáin spiaireachta de chineál Lockheed U2. Ar an 14ú Deireadh Fómhair 1962, d'aithin ceann de na heitleáin seo, agus í ag tógáil pictiúirí de ghléasraí míleata Chúba, go raibh diúracáin ionsaitheacha á n-imlonnú san oileán. Seachtain ina dhiaidh sin, nocht an tUachtarán Ó Cinnéide don tsaol mhór go raibh na Stáit Aontaithe tar éis sonrú a chur ina leithéid, agus d'ordaigh sé do chabhlach na Stát Aontaithe Cúba a chur faoi léigear agus na longa cogaidh Sóivéadacha a stopadh a bhí ag iarraidh airm núicléacha a thabhairt go dtí an t-oileán. Le bheith beacht, d'úsáid an Cinnéideach an focal "coraintín" in áit "léigear", ar chúiseanna an dlí idirnáisiúnta, nach gceadódh "léigear" den chineál sin. Is é sin, dá gcuirfeadh sé Cúba faoi léigear go hoifigiúil, bheadh cúis chogaidh ann.

An Ghéarchéim ag Dul chun Donais[athraigh | edit source]

Ní raibh Cruistsiof sásta leis an gcoraintín ach an oiread. Dúirt sé gur léigear mídhleathach a bhí ann cibé scéal é, agus é ag éileamh go ndéanfadh a chuid long a ndícheall le teacht isteach beag beann ar na longa Meiriceánacha. Mar bharr ar an donas, bhain na Cúbaigh ceann de na heitleáin Lockheed anuas as an spéir le diúracán Sóivéadach de chineál eile ar an 27 Deireadh Fómhair gan chead a iarraidh ar Chruistsiof. Is léir gur mhéadaigh an beart seo ar an teannas idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach.

An Coiste Feidhmitheach[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig sé chun solais an chéad uair cén cineál bréagán a bhí Castro a fháil ó na Sóivéadaigh, bhunaigh an tUachtarán Ó Cinnéide coiste nua le freagra ar dhúshlán Chúba a oibriú amach. B'é seo Coiste Feidhmitheach na Comhairle Náisiúnta Slándála, agus tháinig siad le chéile an chéad uair ar an 16 Deireadh Fómhair. Shocraigh siad nach raibh sé ciallmhar Cúba a ionsaí ar dtús, ach ón taobh eile de, ní raibh siad sásta dul i dtuilleamaí na Náisiún Aontaithe ná aon chineál taidhleoireachta. Mar sin, níor fágadh de rogha ach an léigear - is é sin, an "coraintín" -, an fógra deiridh, agus an t-ionsaí mórscála. Roghnaigh siad an léigear, cé go raibh comhaltaí coimeádacha an Choiste - go háirithe Paul Nitze agus an bheirt ghinearál airm Curtis LeMay agus Maxwell Taylor - ag éileamh gníomh ní ba déine.

Buaicphointe na Géarchéime[athraigh | edit source]

Shroich an ghéarchéim a buaicphointe ar an 27 Deireadh Fómhair. Thug na Sóivéadaigh dhá thairiscint dhifriúla do na Meiriceánaigh: tharraingeoidís na diúracáin ar ais dá ndearbhódh na Stáit Aontaithe nach raibh siad le Cúba a ionsaí; nó tharraingeoidís ar ais iad dá mbeadh na Stáit sásta a gcuid diúracán féin a tharraingt ar ais as an Tuirc. Níor léir do na Meiriceánaigh cé acu rud a bhí i gceist ag na Rúisigh dháiríre, ach bhí longa Sóivéadacha ag seoladh isteach i dtreo Chúba, agus cabhlach na Stát Aontaithe ag iarraidh iad a stopadh.

Réiteach na Géarchéime[athraigh | edit source]

Is é an freagra a thug Ó Cinnéide go poiblí ná go raibh sé sásta a ghealladh nach n-ionsódh sé Cúba. San am céanna, chuaigh sé i dteagmháil rúnda leis na Sóivéadaigh agus gheall sé na diúracáin Mheiriceánacha a tharraingt ar ais as an Tuirc i gceann leathbhliana, ar acht go gcoinneodh Cruistsiof faoi cheilt é. Bhí toghcháin ar na bacáin sna Stáit, agus níor theastaigh ón gCinnéideach an chuma a bheith air go raibh sé ró-ghéilliúnach do na Sóivéadaigh. Ar an 28 Deireadh Fómhair, d'fhógair Cruistsiof go raibh sé sásta na diúracáin a aslonnú mar chomhartha síochántachta. Ar an 20 Samhain, chuir an Cinnéideach an coraintín ar ceal, agus é admhálach nach raibh diúracán ar bith fágtha san oileán a thuilleadh.