Fidel Castro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fidel Castro
Fidel Castro.jpg

22ú Uachtarán Chúba
In oifig
2 Nollaig, 1976 - 24 Feabhra 2008
Réamhtheachtaí: Osvaldo Dorticós Torrado
Comharba: Raúl Castro[1]

Príomh-aire ar Chúba
In oifig
16 Feabhra 19592 Nollaig 1976
Réamhtheachtaí: José Miró Cardona
Comharba: (díothar an oifig)

Dáta breithe 13 Lúnasa 1926
  Birán, Cúba
Páirtí Páirtí cumannach
Céile (1) Mirta Díaz-Balart (colscartha 1955)
(2) Dalia Soto del Valle
Síniú
Signature of Fidel Castro.svg

Ba é Fidel Castro (rugadh ar 13 Lúnasa 1926) uachtarán ar Chúba ón mbliain 1961 go dtí an 24 Feabhra 2008. Bhí sé ina cheannaire ar an tír ó chuir sé an deachtóir Fulgencio Batista as oifig tar éis éirí amach i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air ar an 24 Feabhra 2008.

Náisiúntóir a bhí ann ina óige, agus cháin sé tionchar gnó agus polaitiúil na Stáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada i 1953, theith sé thar lear ar feadh tamaill agus tháinig ar ais i mí na Nollag 1956 chun tús a chur le treallchogaíocht a mhair go dtí gur bhuaigh sé sa deireadh i 1959. Tá clú agus cáil air ó shin, an-mheas air sa tríú domhan ach fuath ag na Meiriceánaigh dó, agus an-chuid iarrachtaí déanta acu é a mharú nó a chur as oifig.

Óige[athraigh | edit source]

Feirmeoir saibhir ba ea athair Fidel, Ángel Castro Argiz, arbh ón Ghailís na Spáinne dó ó dhúchas. Fuair sé a chuid oideachais ó na hÍosánaigh agus ó Bhráithre de la Salle i Santiago de Cúba agus sa Colegio de Belén i Havana. Rinne sé staidéar ar an dlí in ollscoil Havana. Thosaigh a chuid gníomhaíochta polaitiúil agus é ina mhac léinn.

Polaitíocht[athraigh | edit source]

Bhí cúrsa sa dlí á dhéanamh ag Fidel in ollscoil Havana, agus thosaigh sé a chur spéis sa pholaitíocht ó thús. Bhí mic léinn a linne an-chorraithe agus ba mhinic a bhíodh círéibeacha ina measc. Ghlac Fidel páirt sa troid agus chuir a naimhde ina leith gur mharaigh sé cúpla duine, ach níl aon fhianaise sásúil ann go raibh sé i ndáiríre ciontach. Chuaigh Castro isteach sa Partido Ortodoxo i 1947, páirtí a chuir in éadan chaimiléireacht an rialtais agus a d'éiligh leasaithe ar an dlí. Rinne ceannaire an pháirtí, Eduardo Chibas, iarracht ar an uachtaránacht, ach scaoil sé é féin agus é páirteach i gcraoladh raidió. Bhí Castro i láthair agus thug sé Chibas chun an ospidéil mar a bhfuair sé bás.

Castro i Washington, D.C. - 1959

I samhradh 1947 rinne Castro agus a chomhghleacaithe iarracht rialtas na Poblachta Doiminiceánaigh a chur as oifig ach theip orthu. D'éalaigh Castro agus a chairde i raftaí ó na póilíní, ach cé gur theip ar an eachtra bhí cáil ar Castro dá bharr.

An bhliain dar gcionn, 1948, bhí Castro sa Cholóim agus dar le Roinn Stáit Mheiriceá bhí baint aige le cúpla feallmharú sa tír sin. Nuair rinne póilíní na tíre sin iarracht é a ghabháil theith sé go ambasáid a thíre agus tugadh abhaile é.

Phós sé Mírta Diaz Blart, mac léinn de bhunadh saibhir, agus cháiligh sé mar dhlíodóir i 1950. Thosaigh sé ar a chleachtas i Havana, agus d'fhógair sé a thuairimí náisiúnacha go fíochmhar. Rinne sé iarracht suíochán parlaiminte a fháil, ach tháinig an Ginearál Fulgencio Batista i gceannas na tíre tar éis coup d'état agus rialaigh sé an tír le cabhair Mheiriceá.

Thug Castro dúshlán an rialtais sna cúirteanna ach níor éirigh leis, agus bheartaigh sé ansin nach raibh de rogha aige ach éirí amach a eagrú. Bhailigh sé timpeall céad go leith dá chairde le chéile agus rinne ionsaí ar bheairic Moncada ar an 26 Iúil 1953. Theip ar an ionsaí agus maraíodh níos mó ná seasca den lucht ionsaithe.

Castro ag Comhdháil na Náisiúin Aontaithe, 1960

Chúlaigh Castro agus iarsmaí a bhuíne go sléibhte garbha an Sierra Maestra, ach gabhadh ansin iad. Cuireadh Castro faoi thriail agus daoradh go cúig bliana déag sa phríosún é. Scar a bhean leis nuair a bhí sé ina chime, ach bhí sé de shólás aige nár chaith sé ach dhá bhliain sa phríosún. Ligeadh saor é i mí Bealtaine 1955 agus chuaigh sé ar imirce go Meicsiceo.

Gluaiseacht an 29ú Iúil[athraigh | edit source]

Tháinig Castro agus roinnt dá chairde le chéile agus bhunaigh gluaiseacht ar ar thug siad Gluaisteacht ar an 29ú Iúil agus é d'aidhm acu Batista a ruaigeadh as oifig. Treallchogaíocht a bhí ar intinn acu. Ba mhór an chabhair don ghluaiseacht an tAirgintíneach óg Ché Guevara a raibh an-mhachnamh déanta aige ar pholaitíocht agus ar chogaíocht. Rinne na réabhlóidithe iarracht cabhair a fháil ón Aontacht Sóivéadach ach níor tugadh aird orthu agus bheartaigh siad ar airm agus trealamh a lorg i measc na gCúbach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tagairtí[athraigh | edit source]