Santiago de Cúba
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Santiago de Cuba | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | Santiago de Cuba (cúige) |
| Bunaithe: | 1514 |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 1,023.8 km² |
| Daonra: | 494,337 (2004) |
| Dlús daonra: | 461.3/km² |
| Airde: | 82 m |
| www.santiago.cu | |
Cathair i gcúige den ainm céanna i gCúba is ea Santiago de Cuba, agus í ar an dara cathair is mó sa tíre. Bhunaigh an conquistador Spáinneach Diego Velázquez de Cuéllar í sa bhliain 1515. Ba é Hernán Cortés an chéad mhéara. Ba í príomhchathair Chúba í agus ba chuici a tugadh na chéad sclábhaithe Afraiceacha sa tír.
Tá Santiago de Cuba suite in oirdheisceart na tíre, agus is calafort tábhachtach í ar Mhuir Chairib. Tá sléibhte an Sierra Madre lonnaithe mórthimpeall na cathrach.