Cumann Íosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Íosánaigh)
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Íosa

ManaAd maiorem Dei gloriam Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósÍosa Críost Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrS.J. Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmGesuiti, Jesuítas agus Jesuitas Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálord crábhaidh Caitliceach eaglaiseach rialta
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1540 (Féilire Ghréagóra)
Bunaitheoir(í)Iognáid Loyola, Naomh Proinsias Xavier, Peter Faber agus Na Compánaigh Naofa Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
1594-1603expulsion of Jesuits from France (1594) (en) Aistrigh
expulsion of Jesuits from Spain (1835) (en) Aistrigh
expulsion of the Jesuits (en) Aistrigh
expulsion of Jesuits from Spain (1932) (en) Aistrigh
sexual abuse scandal in the Society of Jesus (en) Aistrigh
1759 expulsion of Jesuits from Portugal, 1759 (en) Aistrigh
1763 expulsion of Jesuits from France (1763) (en) Aistrigh
1767 expulsion of the Jesuits from the Spanish Empire of 1767 (en) Aistrigh
1820 expulsion of Jesuits from Spain (1820) (en) Aistrigh
1880 expulsion of Jesuits from France (1880) (en) Aistrigh
1902 expulsion of Jesuits from France (1902) (en) Aistrigh
2024 2927-1914suppression of the Society of Jesus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
UrraitheoirNoël Brûlart de Sillery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht26,799 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinAdolfo Nicolás (2008–2016)
Arturo Sosa Abascal (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Máthaireagraíochtan Eaglais Laidine Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Le cuid

Suíomh gréasáinjesuits.global Cuir in eagar ar Wikidata

Is ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí é Cumann Íosa (Laidin: Societas Iesu), agus tugtar Íosánaigh ar chomhaltaí an oird seo. Ní féidir ach le fir bheith ina nÍosánaigh. Oideachasóirí, saineolaithe, múinteoirí agus scoláirí iad de ghnáth, agus clú is cáil orthu as an obair intleachtach atá idir lámhaibh acu le soiscéal Dé a chraobhscaoileadh.[1][2]

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na hÍosánaigh ag obair i 112 thír i gcúig ilchríoch.

Is é an tArd-Ghinearál Arturo Abascal atá i gceannas ar Chumann Íosa ón mbliain 2016 i leith. Tá ceanncheathrú an Oird suite in Eaglais Ainm Ró-Naofa Íosa (Chiesa del Santissimo Nome di Gesù all'Argentina), nó "Eaglais Gesù" (Chiesa del Gesù), sa Róimh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Naomh Iognáid ó Loyola a bhunaigh Cumann Íosa sa bhliain 1534 (in éineacht le Proinsias Xavier agus Peter Faber agus fir eile). Mhóidigh seisean agus na fir eile an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.

Sa bhliain 1540, fuair Foirmle Bhunaithe an Chumainn faomhadh Phól a Trí, a bhí ina Phápa san am.

Bhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.

Sa 18ú haois rinneadh géarleanúint ar na hÍosánaigh i go leor tíortha, an Bhrasaíl (1754), an Phortaingéil (1759), an Fhrainc (1764), an Spáinn agus a coilíneachtaí (1767), agus Parma (1768). Chuir an Pápa Cléimeans XIV an t-ordú faoi chois leis an bulla Dominus ac Redemptor i 1773.[3] Sa bhliain 1814 chuir an Pápa Pius VII bulla an Phápa Sollicitudo omnium ecclesiarum, ag athshlánú Chumann Íosa.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Donncha Ó Céilleachair (1962). "Iognáid Loyola" (FÁS). 
  2. "Scéal an Oilithrigh: Iognáid Loyola Ina Chuid Focal Féin - Alan Mac Eochagáin - 9781906982010". www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2022-07-31.
  3. Dermot Roantree (2020-07-08). "Irish Jesuits in Penal times" (en-US). Jesuits Ireland. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  4. "2014—bicentenary of the restoration of the Jesuits". History Ireland (2014-09-01). Dáta rochtana: 2021-08-02.