Cogadh an Gheimhridh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'é Cogadh an Gheimhridh an cogadh a fearadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach ón tríochadú lá de Mhí na Samhna, 1939, go dtí an dóú lá déag de Mhí na Márta, 1940. Thosaigh an cogadh nuair a d'ionsaigh na díormaí Sóivéadacha an Fhionlainn i ndiaidh eachtra teorainne - "an lámhach ag Mainila" - arbh é an chiall a baineadh as i mbolscaireacht an Aontais Shóivéadaigh ná gur ionsaí Fionlannach a bhí ann. Bhí na Fionlannaigh riamh ag áitiú nach raibh ann ach saighdeadh a rinne na Sóivéadaigh féin, agus tá an méid sin admhaithe ag an Rúis ó thit an tóin as an gcóras Sóivéadach.

Saighdiúirí Fionlannacha i rith an chogaidh. Tá siad ag caitheamh éadaí bána le nach n-aithneodh na Rúisigh thar an sneachta iad.

Nuair a phléasc an cogadh amach, bhí socrú neamhionsaithe i bhfeidhm idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, agus b'é ba chuspóir leis an Lámhach ag Mainila a chur in iúl don tsaol mhór gurbh iad na Fionlannaigh ba túisce a bhris an tsíocháin. Is beag creidiúint a tugadh don chonstruáil seo, agus b'é ba toradh don scéal gur caitheadh an tAontas Sóivéadach amach as Conradh na Náisiún. Bhí Stailín ag súil leis na Fionlannaigh a chloí roimh dheireadh na bliana 1939, ach ós rud é go raibh na Fionlannaigh ag cur ar a son go dobhogtha, bhí sé sásta síocháin a shocrú leis an bhFionlainn agus a neamhspleáchas a fhágáil ag an tír. Úcráinigh ab ea iad cuid mhór de na saighdiúirí ag an gcomhéadan seo, daoine nach raibh i dtaithí an gheimhridh Arctaigh, agus dealraíonn sé go raibh Stailín d'aon ogham ag iarraidh fir den náisiúntacht áirithe seo a íobairt sa chogadh seo, mar chuid den iarracht a bhí idir lámhaibh aige fonn na nÚcráineach chun neamhspleáchais a bhriseadh síos.

Is é an cur síos íorónta a thug an scríbhneoir Fionlannach Väinö Linna ar an gcogadh seo ná gurb é an chéad chogadh i stair an chine dhaonna inar ghnóthaigh an dá thaobh. Bhí bua na bhFionlannach an oiread sin ní ba lú is gurbh éigean dóibh tarraingt ar ais taobh thiar de na teorainneacha nua. Siúd is go gcaithfeadh na Fionlannaigh críocha áirithe in oirthear na tíre a thabhairt uathu don Aontas Sóivéadach, d'íoc an tír sin go daor ar son na gcríoch sin. Thar aon rud eile, bhain Hitler an tástal as drochchogaíocht an Airm Shóivéadaigh le linn an chogaidh seo ná nach raibh aon mhaith sna Rúisigh le cogadh a fhearadh sa gheimhreadh. Dhaingnigh an tátal seo cinneadh Hitler ar dhul chun cogaidh ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1941.

Cúlra[athraigh | edit source]

Cuid de Ríocht na Sualainne ab ea í an Fhionlainn ó na Meánaoiseanna anuas, go dtí gur fhorghabh na Rúisigh í i gcogadh na mblianta 1808-1809 (Cogadh na Fionlainne). Choinnigh muintir na Fionlainne rialtas forleathan dúchais chomh maith le bunreacht Sualannach, an chuid ba mhó den am. Nuair a tháinig na Boilséivigh i seilbh na cumhachta sa Rúis i Mí na Samhna den bhliain 1917 (Réabhlóid Dheireadh Fómhair), áfach, d'fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas. In Earrach na bliana 1918, arís, phléasc cogadh cruálach cathartha amach san Fhionlainn idir na buirgéisigh (na Gardaí Bána) agus na sóisialaigh radacacha (na Gardaí Dearga). Bhí na Boilséivigh ag tacú leis na Dearga sa chogadh seo, agus mar sin, ní raibh sé indéanta ainm an Aontais Shóivéadaigh a lua san Fhionlainn gan fuil a bhaint as seancholm an chogaidh chathartha.

An Dáimh leis an nGearmáin[athraigh | edit source]

Maidir leis an nGearmáin, áfach, tháinig díormaí Gearmánacha chun tarrthála do na Gardaí Bána go gairid roimh dheireadh an chogaidh, ó bhí an Ghearmáin Impiriúil ag cuidiú le gluaiseacht neamhspleáchais na Fionlainne le linn an chéad chogadh domhanda. Fuair dornán d'óglaigh Fhionlannacha, na Jäger, oiliúint saighdiúireachta in arm na Gearmáine, agus bhí siad páirteach sna cathanna ar an gcathéadan thoir, sula ndeachaigh siad go dtí an Fhionlainn in earrach na bliana 1918. Is fíor gur thit an tóin as impireacht na Gearmáine go gairid ina dhiaidh sin, ach, de thoradh an bhirt seo, ghlac na Fionlannaigh, lucht leanúna na bpáirtithe buirgéiseacha ar a laghad, dáimh mhór leis an nGearmáin, idir thír, chultúr agus theanga. Fiú i ndiaidh do Hitler daonlathas na Gearmáine a chur ar ceal, bhí an luiteamas sách mall ag dul i laghad.

An Sean-Námhaid[athraigh | edit source]

Ní raibh lé ná luí ag an bhFionlainn leis an Aontas Sóivéadach, amach ó na Cumannaigh, nach raibh iontu ach dream beag antoisceach, agus iad á ngéarleanúint ag péas polaitiúla na Fionlainne. Ón taobh eile de, bhí rialtas an Aontais Sóivéadaigh buartha faoin úsáid a d'fhéadfadh an Ghearmáin a bhaint as an bhFionlainn mar bhunáit mhíleata in aghaidh na Rúise. San am seo, ní raibh teorainn na Fionlainne ach tríocha dhá chiliméadar ar shiúl ó Leningrad (inniu: Cathair Pheadair). Thairis sin, bhí grúpaí antoisceacha san Fhionlainn ag labhairt ar Leningrad mar neascóid ar bhrollach na Fionlainne. Tógadh an chathair sin, a bhí siad ag áitiú, ar thailte a bhí forghafa ag an Sár Peadar Mór ón tSualainn, is é sin, ón bhFionlainn, agus go raibh roinnt mhaith scológa - na hIngearmanlannaigh - ag labhairt Fionlainnis sna sráidbhailte taobh amuigh de Chathair Pheadair i bhfad i ndiaidh bunú na cathrach. Is beag aird a tugadh ar an gcineál seo cainte san Fhionlainn, ach is léir nach ndeachaigh na focail sin thar chluasa an deachtóra pharanóidigh i Moscó.

Boris Yartsev ar Cuairt[athraigh | edit source]

Ar dtús, d'fhéach Stailín leis na Fionlannaigh a bhréagadh chun comhoibrithe le taidhleoireacht. Sa bhliain 1932, shínigh na Fionlannaigh agus na Rúisigh an chéad Chonradh Frithionsaí i Moscó, agus cuireadh fad deich mbliana breise leis an gconradh dhá bhliain ina dhiaidh sin. Nuair a bhí Hitler ag éirí fíorbhagarthach, sa bhliain 1938, chuaigh na Rúisigh i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh arís. An uair sin, bhí taidhleoireacht rúnda i gceist. I Mí an Aibreáin den bhliain 1938, chuaigh Boris Yartsev ó ambasáid an Aontais Shóivéadaigh i dteagmháil le roinnt mhaith daoine údarásúla san Fhionlainn chun comhchainteanna faoi chomhoibriú míleata in éadan bhagairt na Gearmáine a thosú idir an dá thír.

Tá rúndiamhracht ag roinnt le pearsa Yartsev inniu féin. Go hoifigiúil, ní raibh ann ach taidhleoir sóisearach, mar atá, rúnaí ambasáide. Mar sin, bhí sé de chlaonadh sna polaiteoirí Fionlannacha a ndeachaigh sé ina bhfianaise é a chur ó dhoras, ó nach raibh sé furasta a leithéid de thoscaire a ghlacadh dáiríre. Is follasach anois, áfach, gur gníomhaire de chuid na seirbhísí rúnda a bhí ann, agus níorbh é Yartsev a fhíorshloinne ach an oiread: Boris Rybkin a bhí air i gceart.

Tús na gCainteanna[athraigh | edit source]

Sa deireadh thiar thall, thosaigh na comhchainteanna idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, ach má thosaigh féin, níor tháinig aon toradh orthu. Thairis sin, d'athraigh polasaí eachtrach go mór mór san Aontas Sóivéadach nuair a tháinig an sean-Bhoilséavach Vyacheslav Molotov i gcomharbas ar Maxim Litvinov mar Aire Gnóthaí Eachtracha san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1939. Taidhleoir oilte de phór Giúdach ab ea é Litvinov, agus mar a shamhlófá le Giúdach, bhí sé an-drochamhrasach i leith Hitler. Maidir le Molotov, áfach, bhí sé dall ar fad ar na teangacha eachtrannacha agus ar an saol taobh amuigh den Aontas Sóivéadach. Idé-eolaí a bhí ann, mar Molotov, agus mar sin, d'éirigh le hidé-eolaí eile, mar atá, Joachim von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, cluain a chur air. Shínigh an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach conradh frithionsaí - Conradh Ribbentrop-Molotov - ar an tríú lá is fiche de Mhí Lúnasa, 1939. Bhí prótacal breise rúnda ag dul leis an gconradh seo ina raibh Oirthear na hEorpa roinnte idir an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach. Sa phrótacal seo, bhí an Fhionlainn áirithe mar chuid de "sféar sainleasa" an Aontais Shóivéadaigh. De réir an chonartha seo, freisin, a chuaigh an chríochdheighilt ar an bPolainn nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an tír sin i dtús Mheán Fómhair den bhliain 1939: tháinig deifir ar Stailín a chuid féin den cháca a chinntiú dó, agus thrasnaigh a chuid saighdiúirí teorainn thoir na Polainne ar an 17ú lá de Mhí Mheán Fómhair.

Scéim Babhtála na gCríoch[athraigh | edit source]

Faoin am seo a tháinig faobhar nua ar ghuth Stailín agus é ag labhairt leis an bhFionlainn, chomh maith. D'éiligh sé ar na Fionlannaigh an teorainn in aice le Leningrad a tharraingt ar gcúl go dtí go mbeadh cúig chiliméadar fichead níos mó idir í agus an chathair. Thairis sin, bhí Hanko nó ceann de na hoileáin in aice na cathrach ag teastáil uaidh ar cíos go ceann tríocha bliain, mar bhunáit dá chuid long cogaidh. Mar sin, d'fhéadfadh na Rúisigh Murascaill na Fionlainne a dhúnadh roimh chabhlach aon námhad a bheadh meáite ar Leningrad a ionsaí bealach na mara.

Mar éiric san iomlán, bhí sé ag tairiscint Repola agus Porajärvi, dhá pharóiste mhóra in aice le teorainn thoir na Fionlainne. Bhí tábhacht áirithe ag baint le Repola agus Porajärvi i miotaseolaíocht na náisiúnaithe Fionlannacha. I ndiaidh don Fhionlainn a neamhspleáchas a bhaint amach, d'fhéach náisiúnaithe Fionlannacha críocha taobh thoir den teorainn a shealbhú don tír, siúd is nach raibh na tailte sin ag baint leis an bhFionlainn riamh: is amhlaidh go raibh teangacha nó canúintí á labhairt ansin a bhí gaolmhar leis an bhFionlainnis. D'éirigh leis na hóglaigh náisiúnaíocha, ansin, Repola agus Porajärvi a fhorghabháil, agus ghlac an mac léinn dlíodóireachta Bobi Sivén dualgaisí an tsirriaim air féin sa dá pharóiste. Nuair a socraíodh síocháin idir an Fhionlainn agus an Rúis Shóivéadach, ansin, thug an Fhionlainn Repola agus Porajärvi ar ais don chomharsa. Ansin, chuir Sivén lámh ina bhás féin. An piléar a mharaigh é, fuadh isteach i mbratach Chumann Acadúil na Cairéile ansin é, mar shiombaile.

Cibé faoin siombaileachas, ní raibh lucht rialtais na Fionlainne sásta tailte a bhabhtáil ar an dóigh seo, nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ní raibh mórán forbartha déanta ar Repola ná ar Porajärvi: ní raibh iontu ach cúlriasca agus iargúltacht. Thairis sin, dá n-aistreofaí an teorainn mar a bhí Stailín ag éileamh, d'fhágfaí cuid mhór de dhaingnithe teorainne na Fionlainne ar thaobh na Rúise, rud a bhainfeadh go mór de chumas na bhFionlannach iad féin a chosaint ar aon ionsaí anoir. Tríd is tríd, ní raibh na polaiteoirí Fionlannacha sách muiníneach as Stailín, agus níor shásaigh an tairiscint iad. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna, agus nuair a d'fhág Juho Kusti Paasikivi, ambasadóir agus toscaire na Fionlainne slán ag Molotov, thug seisean rabhadh don taidhleoir: Muidne, na polaiteoirí, ní raibh muid in ann an scéal a shocrú. Anois, caithfidh na saighdiúirí a dtuairim a thabhairt.

Agus thug, ceart go leor. Ar an séú lá is fiche de Mhí na Samhna, 1939, chuala an saol iomrá ar an lámhach ag Mainila.

Imeachtaí Mainila[athraigh | edit source]

Is é an cineál scéil a bhí i gceist leis an lámhach ag Mainila ná gur thug na Rúisigh in iúl go raibh na Fionlannaigh tar éis a gcuid gunnaí móra a loscadh i dtreo an Aontais Shóivéadaigh, i gcruth is gur bhuail na sliogáin Mainila ar an taobh eile den teorainn. Bhí triúr saighdiúirí déag a bhí ag gardáil na teorainne básaithe ag na sliogáin, a d'áitigh na Rúisigh.

Le fírinne, níorbh iad na Fionlannaigh a scaoil na hurchair sin. Aon chineál trúpaí a raibh gunnaí móra acu san Fhionlainn, bhí siad tarraingthe ar ais ón teorainn, go díreach leis an gcineál seo imeachtaí a sheachaint. Nuair a tháinig deireadh leis an rialtas Cumannach sa Rúis, bhí an tUachtarán Boris Yeltsin sásta a admháil go hoifigiúil nach raibh i gceist ach feillbheart leis an bhFionlainn a chlúmhilleadh agus le siocair a fháil don chogadh. Tá dhá insint ar an scéal i gcónaí, áfach: arbh iad na Rúisigh a scaoil na sliogáin, nó arbh amhlaidh nár scaoileadh urchar ar bith riamh. De réir dhialann oifigiúil na saighdiúirí Fionlannacha, chualathas gunna mór agus moirtéar á loscadh ar lá na n-imeachtaí, thart ar a trí a chlog tráthnóna, seacht n-uaire ar fad. Is é an tuairim a bhí ag an staraí Rúiseach Vladimir Baryshnikov in alt a d'fhoilsigh sé sa bhliain 2004 ná nach raibh lámhach ar bith ann riamh: ní raibh i gceist leis na sliogáin ach scéal de chuid lucht na bolscaireachta i Moscó nár tháinig in aon neasacht do theorainn na Fionlainne riamh, a deir sé.

Cibé faoi sin, chuir na Sóivéadaigh cuma an-bhagarthach orthu féin leis an bhFionlainn, agus iad ag éileamh go gcúlódh na díormaí Fionlannacha cúig chiliméadar fichead ar ais ón teorainn. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an éileamh seo, ach mhol siad don Aontas Sóivéadach an scéal a shocrú go sibhialta, le cuidiú ó choiste idirnáisiúnta mar shampla. Ansin, áfach, d'fhógair an tAontas Sóivéadach go raibh an conradh frithionsaí curtha ar ceal.

An Cogadh[athraigh | edit source]

Ar an tríochadú lá de Mhí na Samhna, thrasnaigh na saighdiúirí Sóivéadacha an teorainn, agus d'ionsaigh na heitleáin Shóivéadacha cathracha móra na Fionlainne. Fuair cuid mhaith sibhialaigh bás sa bhuamáil seo, ach bhí rialtas na Fionlainne sách mall ag tuiscint gurbh é seo an cogadh. Siúd is go raibh 450 000 saighdiúir Sóivéadach ag ionsaí, bhí an Príomh-Aire Cajander den bharúil nach raibh na Rúisigh ach ag cur brú ar na Fionlannaigh. Mar a bhí le léamh ar lámhleabhar na dtaidhleoirí, ní fhéadfá an focal mór sin "cogadh" a úsáid sula mbeadh an gnáthnós imeachta curtha isteach. Ar dtús, d'éileodh Stailín a chuid ar an bhFionlainn le fógra scoir, agus mura mbeadh an Fhionlainn sásta éilimh an fhógra scoir a shásamh, ansin, thosódh an cogadh.

An Cogadh nár Fógraíodh[athraigh | edit source]

Ní hé sin a tharla, áfach. Bhí an tAontas Sóivéadach ag ionsaí, agus sin a raibh de. D'éirigh le rialtas na Fionlainne tairiscint mhacánta a dhéanamh: bheadh babhtáil na gcríoch ceart go leor, agus gheobhadh Stailín Hanko féin ar cíos, má bhí na cúrsaí chomh dona is nach raibh aon rogha eile ann ach sin a dhéanamh nó cogadh a fhearadh. An freagra a fuarthas ó Mhoscó air sin, áfach, bhain sé stangadh as na Fionlannaigh ar fad: bhí "rialtas daonlathach pobail" curtha ar bun san Fhionlainn, agus b'é an rialtas seo a fuair aitheantas ón Aontas Sóivéadach, thar an rialtas "buirgéiseach" i Heilsincí. Bhí an "rialtas daonlathach" tar éis cuidiú a lorg ón Aontas Sóivéadach le fáil réitithe den "rialtas tíoránta buirgéiseach" i Heilsincí, agus, oibleagáideach go leor, bhí an tArm Sóivéadach ag comhlíonadh an dualgais seo go gleoite.

Rialtas Terijoki[athraigh | edit source]

B'é sin Rialtas Terijoki. Bhí Terijoki (inniu, Zelenogorsk/Зеленогорск sa Rúis) ar ceann de na háiteanna ba túisce a shealbhaigh na saighdiúirí Sóivéadacha, agus ansin, bhunaigh dornán de Chumannaigh Fhionlannacha, agus iad ar deoraíocht ó phéas na Fionlainne san Aontas Sóivéadach, - bhunaigh siad an rialtas seo faoi choimirce Stailín, agus dá n-éireofaí leis na saighdiúirí Sóivéadacha Heilsincí a shealbhú, dhéanfaí rialtas soip díobh. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh i rialtas Terijoki ach deismireán in iarsmalann na staire.

B'iad airí an rialtais seo ná:

  • Otto Wille Kuusinen, an Príomh-Aire. Bhí sé ina pholaiteoir Sóisialach san Fhionlainn sular bhain an tír amach an neamhspleáchas. Ina fhear óg, ní raibh mórán suime sa Sóisialachas go fóill, nó bhí sé ina thírghráthóir idéalach a raibh a luí le páirtí na bhfeirmeoirí. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé leis na Daonlathaigh Shóisialacha. Bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí sin sna blianta 1911-1913. Bhí sé ina Aire Oideachais i dToscaireacht an Phobail sa bhliain 1918. I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, theith sé go dtí an Rúis Shóivéadach, agus chuaigh sé le Boilséiveachas agus le Cumannachas. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina bhoc mór i bPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh.
  • Mauritz Rosenberg, an tAire Airgeadais. Bhí sé ina iriseoir agus ina aistritheoir. Sna 1920idí, bhí sé ina pholaiteoir Cumannach san Fhionlainn, ach nuair a tosaíodh ag géarleanúint na gCumannach, chaith sé seal cupla bliain sa phríosún. Nuair a scaoileadh saor leis, chuaigh sé go dtí an tAontas Sóivéadach.
  • Akseli Anttila, an tAire Cosanta. Throid sé i gCogadh Cathartha na Fionlainne agus, ina dhiaidh sin, d'éalaigh sé go dtí an Rúis Shóivéadach. Chuaigh sé san Arm Dearg, agus i mblianta an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina ghinearál in Arm an Aontais Shóivéadaigh.
  • Tuure Lehén, an tAire Gnóthaí Inmheánacha. Bhí sé ina rúnaí ag Toscaireacht an Phobail, rialtas na Fionlainne Deirge i gCogadh Cathartha na Fionlainne. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le Cumannachas agus throid sé i gCogadh Cathartha na Spáinne. Bhí sé ina oifigeach sa NKVD.
  • Armas Äikiä, an tAire Talmhaíochta. File radacach a bhí ann a chuaigh le Cumannachas.
  • Inkeri Lehtinen, an tAire Oideachais. Rugadh san Fhionlainn í, ach d'éalaigh sise agus a tuismitheoirí go dtí an Rúis Shóivéadach sa bhliain 1918, nuair nach raibh Inkeri óg ach deich mbliana d'aois. Gníomhaithe Sóisialacha ab ea a hathair agus a máthair, agus ról acu i mbunú Pháirtí Cumannach na Fionlainne. Maraíodh a hathair i bpurguithe móra Stailín.
  • Paavo Prokkonen, Aire na Cairéile. De réir bholscaireacht an Aontais Shóivéadaigh, bhí an Chairéil Shóivéadach le haontú leis an bhFionlainn Shóivéadach, nuair a bheadh "an Fhionlainn Bhuirgéiseach" cloíte ag an Arm Dearg. Cuid den tsop bolscaireachta ab ea ceapachán Prokkonen. Saoránach Sóivéadach agus Cairéalach eitneach a bhí i bProkkonen féin, agus b'é an t-ainm oifigiúil a bhí air ná Pavel Stepanovich Prokofyev.

Saighdiúirí na Fionlainne[athraigh | edit source]

Saighdiúirí Fionlannacha ag snípéireacht. Tabhair faoi deara go raibh na saighdiúirí seo ag scíáil lena mbealach a dhéanamh tríd an sneachta. Tógadh an grianghraf seo ar an 12 Eanáir 1940 i dTuaisceart na Fionlainne.

Ar dtús, ní raibh ach 180 000 saighdiúir ag an bhFionlainn, ach ní raibh caill ar bith ar na fir le haghaidh cogaíochta. Baineadh úsáid as oirbheartaíocht an treallchogaidh, agus ba mhór an cuidiú é go raibh an cogadh á chur ar fhód dúchais na bhFionlannach féin, nó bhí siad i bhfad ní ba eolgaisí ar an tír-raon ná na Rúisigh, ar ndóigh. Bhí "manglam Molotov", is é sin, buama peitril, an-choitianta agus an-éifeachtúil i lámh an Fhionlannaigh a raibh fios a ghnó aige, agus thairis sin, bhí na Fionlannaigh ag caitheamh éadaí bána ("éadaí sneachta", lumipuku) a rinne dofheicthe iad os comhair chúlra na ráthanna sneachta. Bhí an geimhreadh fuar feannta as an ngnáth, agus an teirmiméadar ag titim ní b'ísle ná -30 °C, agus ní raibh na saighdiúirí ar an taobh eile leath chomh cleachta leis an gcineál sin aimsir agus na Fionlannaigh. Ba mhinic a sheachnaíodh na Fionlannaigh teagmháil dhíreach catha leis na Rúisigh, agus iad ag déanamh a n-ionsaí, cuir i gcás, faoi chistiní catha an námhad. Mar sin, is iomaí saighdiúir Rúiseach a ghéill é féin do na Fionlannaigh ar lorg bia, nuair nach raibh greim amháin den earra sin fágtha aige féin ná ag a chomplacht.

Spiorad Chogadh an Gheimhridh[athraigh | edit source]

Scéal eile fós nach raibh súil leis ag Stailín ach oiread le cuid mhór de na Fionlannaigh ab ea é go raibh formhór mór na Sóisialach agus an lucht oibre féin san Fhionlainn sásta buille a bhualadh ar son an "rialtais bhuirgéisigh". I ndiaidh Chogadh Cathartha na Fionlainne, thiar sa bhliain 1918, bhí an tír scoilte ina dhá leath go hiomlán, agus na Sóisialaigh den bharúil nach raibh sna "Bána" ach "búistéirí", i ndiaidh an tsléachta agus an ródaigh a rinne siad ar na cimí dearga gan riachtanas ceart cogaidh. Maraíodh deich míle duine sa "Sceimhle Bán", agus bhí cúis mhaith ag na Cumannaigh Fhionlannacha a fuair dídean san Aontas Sóivéadach a cheapadh nach raibh na cúrsaí sin athraithe mórán, fiú i ndiaidh fiche bliain. An tuairim a bhí ag na Sóivéadaigh de pholaitíocht inmheánach na Fionlainne, bhí sé go hiomlán bunaithe ar an eolas a fuair siad ó na deoraithe seo.

Is amhlaidh, áfach, go raibh na Sóisialaigh Dhaonlathacha in ann an-stádas a bhaint amach i gcúrsaí polaitíochta na Fionlainne idir an dá linn. Cé go raibh na buirgéisigh sách drochamhrasach ina leith i gcónaí, bhí Väinö Tanner, ceannaire na Sóisialach Daonlathach, ar duine de na daoine ba chumhachtaí sa tír, agus é go huile is go hiomlán ag tacú le harm na Fionlainne. Cháin Tanner ó thús báire éirí amach na nDearg sa bhliain 1918, agus mar sin, nuair a bhí na buirgéisigh ag caitheamh ceannairí na Sóisialach i dtóin phríosúin, ní raibh cúis dhlíthiúil acu le sin a dhéanamh le Tanner. Mar sin, bhí Tanner in ann páirt a ghlacadh i rialtas na tíre agus cuid mhaith leasuithe tábhachtacha sóisialta a chur i gcrích. An feabhas a tháinig ar shaol an lucht oibre in imeacht fiche bliain, d'fhág sé an dianbharúil ag an gcuid ba mhó de na prólatáirigh féin gurbh fhiú buille a bhualadh ar mhaithe lena leithéid de thír.

Thairis sin, cuid mhaith de na Fionlannaigh a chuaigh ar deoraíocht go dtí an tAontas Sóivéadach le "droim láimhe a thabhairt le búistéirí buirgéiseacha na Fionlainne" agus "an Sóisialachas a thógáil i dtír dhúchais na hidé-eolaíochta féin", cuireadh chun báis iad i bpurguithe móra Stailín. Bhí a fhios ag lucht gaoil na Sóisialach sin an feall suarach seo a bheith imeartha ar a ndaoine muinteartha, agus mar sin, bhí an-fhaltanas i measc na Sóisialach féin don Aontas Sóivéadach.

Is maith an léiriú é ar mheon an chogaidh seo an scéal comhaimseartha magaidh faoi bheirt iar-shaighdiúirí de chuid na nGardaí Dearga:

Nach mór an t-ádh é go bhfuil an Búistéir Mór ann i gcónaí? (is é sin, an Marascal Mannerheim, a bhí i gceannas ar Arm na Fionlainne)

Is ea, ach is mó an t-ádh é go bhfuil sé ar ár dtaobh féin, an turas seo.

Is iomaí easaontas eile i sochaí na Fionlainne a chuaigh in éag nó i laghad faoi bhrú an chomhaontais mhóir a tháinig sna sálaí ag an gcogadh. Mhaolaigh ar an troid teanga idir lucht labhartha na Fionlainnise is na Sualainnise, nuair a tháinig lucht labhartha na Rúisise ag bagairt ar an dá dhream, mar shampla. I bhfad i ndiaidh an chogaidh, bhítí ag tagairt do "spiorad Chogadh an Gheimhridh" (talvisodan henki) a chuir an cneas i ngach goimh agus a rinne cairde de na náimhde.

Trioblóidí na Sóivéadach[athraigh | edit source]

Bolscaireacht Shóivéadach

Ar dtús, chreid na saighdiúirí Sóivéadacha nach gcuirfeadh lucht oibre na Fionlainne ina n-aghaidh ar aon nós. Nuair a thrasnaigh siad an teorainn, ba mhinic a shíl siad nach gcaithfidís troid ar bith a chur, ó bheadh fáilte na bhfuascailteoirí i ndán dóibh. Thiontaigh an cogadh i bhfad ní ba troma ná sin, go háirithe ó bhí purguithe Stailín i ndiaidh an-ródach a dhéanamh ar na hoifigigh oilte in arm an Aontais Shóivéadaigh. Básaíodh na mílte acu, agus cuireadh daoine sochomhairleacha ina n-áit nach raibh tuiscint acu ar an gcogaíocht. Ó bhí aoirí polaitiúla ag coinneáil diansúile ar na míleataigh, ní raibh de cheanndánaíocht in aon duine acu cibé scéal é triail a bhaint as aon chleas nach raibh ar an lámhleabhar.

Rómhuiníneach astu féin is mar a bhí na Rúisigh, ba mhinic a d'éirigh leis na Fionlannaigh an namhaid a fháil i ngaiste. Ábhar mór iontais é, freisin, nach raibh mórán maithe sna díormaí Sóivéadacha le haghaidh cogaíocht sa gheimhreadh, le linn an chogaidh seo. Ní raibh a gcuid gluaisteán armúrtha in ann an fuacht a sheasamh, agus chaithfeá inneall an ghluaisteáin a choinneáil ag imeacht gan stad gan staonadh, le nach siocfadh sé síos. Ba toradh dó seo go rithfeadh an peitreal gann ar na Sóivéadaigh, agus na hinnill ag dul ar ainghléas go minic. An dearcadh "cuma liom" ba dual don Arm Sóivéadach ag an am, tharraing sé an-trioblóidí ar na saighdiúirí Sóivéadacha go minic, agus is iomaí duine acu a fuair bás i bpáirc an áir de dheasca díth céille na gceannasaithe. Is é an sampla is míchlúití den chineál seo ná an dóigh ar mháirseáil Rannán a Ceithre is Dhá Scór de chuid chos-slua na Sóivéadach isteach i ngaiste na bhFionlannach i mBóthar Raate (Raatteen tie) le linn na gcathanna i Suomussalmi. Bhí na Rúisigh i bhfad níos líonmhaire ná na Fionlannaigh san áit, ach d'éirigh leis na Fionlannaigh a n-ascnamh a stopadh agus an rannán a stróiceadh as a chéile, i gcruth is gur fágadh iarsmaí an rannáin sáinnithe ina mbaiclí beaga anseo agus ansiúd, - an cineál baiclí beaga ar a dtugtar motti i leathchaint na saighdiúirí san Fhionlainn. Inniu féin, baintear úsáid as imeachtaí Bhóthar Raate i scoileanna traenála na n-oifigeach ar fud an domhain mar rabhadh faoin dóigh nár cheart ionsaí cos-slua a dhéanamh.

"Faisiún Cajander"[athraigh | edit source]

Ní hionann sin, muis, is a rá nach mbeadh easpa treallaimh ar na Fionlannaigh. Bhí. I dtús an chogaidh, ní raibh sainéidí ná airm thine ar fáil ach amháin dóibh siúd a bhí díreach i ndiaidh bunoiliúint chogaidh a fháil. An chuid eile de na saighdiúirí, chaithfeadh siad leor a ghabháil le "faisiún Cajander", is é sin, a gcuid éadaí féin a chur orthu agus cnota an Airm a fhuáil ar cibé ceannbheart a bhí ar fáil. Bhí Aimo Cajander ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn i dtús an chogaidh seo, agus na fir á mhilleánú faoin anás treallaimh: sin é an tuige gur bhaist siad a ainm ar na "sainéidí" leathmhagaidh. D'éirigh leis na saighdiúirí Fionlannacha, áfach, cuid mhaith muinisin, gunnaí agus eile a shealbhú ó na Rúisigh mar chreach chogaidh.

Tacaíocht ón gCoigríoch[athraigh | edit source]

Tharraing Cogadh an Gheimhridh iriseoirí an tsaoil mhóir go dtí an Fhionlainn, agus is beag bá a bhí ag aon duine leis an Aontas Sóivéadach. Faoin am seo, ní raibh ach "cogadh bréige" ar cois idir an Ghearmáin agus na Comhghuaillithe: tháinig deireadh leis na cathanna sa Pholainn roimh Mhí Dheireadh Fómhair. Mar sin, b'í an Fhionlainn an t-aon áit amháin a raibh fíor-chogadh á chur san am. Chuir eagraíochtaí eachtrannacha soláthairtí éagsúla go dtí an Fhionlainn. Cuid de na Fionlannaigh a bhí ar imirce san Oileán Úr, d'fhill siad abhaile le buille a bhualadh ar mhaithe le saoirse na seantíre dúchais. Tháinig fir ón gcoigríoch as a stuaim féin le dul sna hóglaigh in arm na Fionlainne, ina measc an t-aisteoir Christopher Lee (siúd is nár tháinig seisean ná an chuid eile de na hóglaigh Shasanacha riamh in aon chóngar do na fórsaí Sóivéadacha). B'iad na Sualannaigh, na hIoruaigh agus na Danmhargaigh a bhí chun tosaigh ar na náisiúntachtaí eile i measc na n-óglach. B'iad na heitleoirí Sualannacha ba mhó a chuidigh leis na Fionlannaigh, nó níor tháinig na hóglaigh cos-slua a fhad leis an gcathéadan ach cupla seachtain roimh dheireadh an chogaidh. Is féidir a rá go bhfuair an Fhionlainn an tríú cuid d'Aerfhórsa na Sualainne ar iasacht.

Pleananna na Fraince is Shasana[athraigh | edit source]

Ní raibh mí imithe ó thús an chogaidh, agus an tuiscint ag teacht ag Stailín cheana féin gurbh fhearr dó éirí as an gcogadh seo. Ní bhfuair Rialtas na Fionlainne an chéad tairiscint síochána roimh an naoú lá fichead de Mhí Eanáir 1940. Go dtí sin, bhí na Fionlannaigh suite siúráilte go raibh an tír le dul de dhroim an domhain, mura dtiocfadh cumhachtaí an Iarthair chun tarrthála.

Nuair a chuala lucht rialtais na gcumhachtaí Iartharacha iomrá air seo, thuig siad go raibh na himthoscaí athraithe go suntasach. Anois, ní raibh an Fhionlainn ag troid ach lena cuid críoch i gcomharsanacht Leningrad a choinneáil, an chuid ba mhó acu ab fhéidir. Mar sin féin, níor foilsíodh a dhath faoi sin san Fhionlainn ná sna tíortha eile. A fhad is a bhí aigne an phobail i gceist, bhí an tír i ndainséar a hanama i gcónaí.

I bhFeabhra 1940, thairg na Comhghuaillithe fortacht don Fhionlainn. B'é an plean a bhí acu ná 100,000 saighdiúir Sasanach agus 35,000 saighdiúir Francach a chur go dtí Narvik san Iorua agus ansin, an tSualainn a thrasnú leis an bhFionlainn a bhaint amach. Bhí sé socraithe go gcuirfí an plean i gcrích ón 20ú lá de Mhárta, dá n-iarrfadh na Fionlannaigh cabhair. Ar an 2ra Márta, d'iarr na Comhghuaillithe cearta trasnaithe ar ar an Iorua agus ar an tSualainn. Bhí siad dóchasach go mbeadh na hIoruaigh agus na Sualannaigh sásta na cearta seo a thabhairt agus go rachaidís chun cogaidh le taobh na gComhghuaillithe sa deireadh, agus na díormaí móra seo in aice láimhe le cuidiú leo sa chogadh in aghaidh na Gearmáine. Bhí Hitler, áfach, i ndiaidh ráiteas a eisiúint ina ndúirt sé go hoscailte go mbeadh sé leis an tSualainn a ionsaí dá gcuirfeadh saighdiúir amháin de chuid na gComhghuaillithe cos ar thailte na tíre sin. Dá dtarlódh sin, bheadh an chuid ba mhó daonra den tSualainn agus den Iorua i lámh na nGearmánach i bhfaiteadh na súl, agus na Sasanaigh is na Francaigh ag troid sa chuid is faide thuaidh.

Mar sin féin, ní raibh ach dornán beag de na díormaí Iartharacha ceaptha don Fhionlainn. D'fhéadfaidís an Fhionlainn a bhaint amach lom díreach, trí Phetsamo, an calafort a bhí ag an bhFionlainn cois an Aigéin Artaigh. Bhí an chuma ar an scéal nárbh í an Fhionlainn an chloch ba mhó a bhí ar phaidrín na gComhghuaillithe, ach Narvik - an calafort trína raibh iarann Thuaisceart na Sualainne ag dul go dtí an Ghearmáin, iarann a bhí ag teastáil go géar ó Hitler le haghaidh an chogaidh. Dá bhfaighfeadh na Sasanaigh seilbh ar an soláthar iarainn seo, b'fhollasach go bhféachfadh an Ghearmáin le hé a ghabháil ar ais, agus bheadh an tSualainn agus an Iorua ar bharr lasrach, agus na Francaigh is na Sasanaigh ag cur catha ar na Gearmánaigh. Mar sin, dhiúltaigh an Iorua agus an tSualainn fórsa sluaíochta na Comhghuaillíochta faoi na cearta trasnaithe. I ndiaidh an chogaidh, fuair na staraithe amach go raibh orduithe faighte ag ceannasaí an fhórsa sluaíochta teagmháil troda leis na trúpaí Sóivéadacha a sheachaint, a fhad agus a d'fhéadfadh sé.

Ar dtús, bhí na Francaigh agus na Sasanaigh ag súil le bheith in ann iomlán Chríoch Lochlann taobh thuaidh den líne ó Stócólm go Göteborg nó ó Stócólm go hOslo, is é sin, "líne na loch", mar a thug na Sasanaigh uirthi - líne a bhí ag rith trí locha móra na Sualainne: Mälaren, Hjälmaren, agus Vänern. Dá n-éireodh an cleas leo, bheadh an líne sin mar bhalla nádúrtha cosanta acu agus é suite 1,700-1,900 ciliméadar taobh theas de Narvik. B'é oighear an scéil seo, mar a chonacthas do na Sualannaigh é, go bhfágfaí an dá chathair ba mhó sa tír ar an gcathéadan, agus gheobhadh an chuid ba mhó de mhuintir na tíre sa limistéar a bheadh na Sasanaigh sásta a fhágáil ag na Gearmánaigh i dtús báire.

Ní raibh an scéim seo ag taithneamh le Per Albin Hansson, Príomh-Aire na Sualainne, agus mar sin, dhiúltaigh Rialtas na Sualainne na Sasanaigh agus na Francaigh faoi chearta trasnaithe na tíre. Cé nach raibh an tSualainn neodrach i gCogadh an Gheimhridh, bhí sí neodrach sa chogadh idir an Ghearmáin agus comhghuaillíocht na Ríochta Aontaithe agus na Fraince, agus dá ligfí d'fhórsaí armtha na dtíortha seo críocha na Sualainne a thrasnú, ní bheadh sé ag cur le dlíthe idirnáisiúnta na neodrachta a thuilleadh, mar a thuigtí sa tréimhse sin den stair iad.

Cé go raibh an tSualainn sásta trealamh, muinisean agus óglaigh armtha a chur go dtí an Fhionlainn, chinn Rialtas na Fionlainne gan trúpaí faoi inneall Arm na Sualainne a sheoladh ansin. Thairis sin, d'fhógair na Sualannaigh nach mbeadh d'áiméar acu, roimh i bhfad, ach éirí as an bhfortacht a bhí siad a thabhairt do na Fionlannaigh. Go dioplómatúil, fágadh an Fhionlainn idir dhá thine Bhealtaine: ó thaobh amháin, theastaigh ó na Comhghuaillithe leanúint leis an gcogadh in aghaidh na Gearmáine agus acmhainní na Sualainne a chinntiú dóibh féin; ón taobh eile, bhí na tíortha Lochlannacha buartha faoi leathadh an chogaidh, gan aon trácht a dhéanamh ar na teifigh ón bhFionlainn a bheadh ar fud na háite dá gcloífí an tír sin sa deireadh. Maidir leis an nGearmáin, bhí Hermann Göring ag baint leasa as a chuid bealaí príobháideacha cumarsáide sa tSualainn leis an teachtaireacht a chur chuig na Fionlannaigh gurbh fhearr dóibh síocháin a shocrú leis na Sóivéadaigh, cuma cé chomh daor a chosnódh sí ar an tír - nó bheadh lá eile ag an bPaorach, dar le Göring.

Nuair a bhí Beirlín agus Stócólm ag áitiú ar na Fionlannaigh scor den chogadh ar an chéad chomha síochána a bheadh ar fáil, bhí dea-ghealladh droch-chomhlíonadh ar siúl ag Páras agus ag Londain leis an bhFionlainn a choinneáil ag cur catha. Ó am go ham, chuir siad pleananna agus figiúirí éagsúla faoi bhráid na bhFionlannach. Ar dtús, gheall siad go dtiocfadh 20,000 fear go dtí an Fhionlainn roimh dheireadh Mhí Feabhra 1940, ach ba chuid den mhargadh seo é go mbeadh seans acu tuaisceart na Sualainne agus na hIorua a fhorghabháil san idirlinn.

Nuair a bhí an Fheabhra ag druidim chun deiridh, bhí an Marascal Mannerheim, Ard-Cheannasaí Arm na Fionlainne, ag éirí éadóchasach as an suíomh míleata. Mar sin, ar an 29 Feabhra, chinn an Rialtas ar shíocháin a lorg ó na Rúisigh. Ar an lá céanna, chrom na Sóivéadaigh ar mhórionsaí ar chathair Viipuri.

Nuair a thuig na Francaigh agus na Sasanaigh go raibh na Fionlannaigh dáiríre ag iarraidh conradh síochána a shíniú leis na Sóivéadaigh, chuir siad tairiscint nua ar fáil: chuirfidís leathchéad míle fear i dtreo pháirc an áir, dá n-iarrfadh na Fionlannaigh orthu é sin a dhéanamh roimh an 12 Márta. Ní raibh ach sé mhíle de na sluaite millteanacha seo le dul go dtí an Fhionlainn, áfach. An chuid eile acu, shealbhóidís cuanta, bealaí móra agus poill mhianaigh i gCríoch Lochlann.

Cé nach raibh ach sop in áit na scuaibe curtha i leataobh le haghaidh na Fionlainne, chuala na Sóivéadaigh iomrá ar na pleananna seo, agus spreag na ráflaí Stailín chun síochána. Deirtear go bhforghabhfadh an tAontas Sóivéadach an Fhionlainn le teann a chuid acmhainní dospíonta sa deireadh, ach go bé go raibh an deachtóir buartha faoin gcabhair a bhí le teacht ó na Comhghuaillithe.

Sos Cogaidh[athraigh | edit source]

I ndeireadh an gheimhridh, bhí sé ag éirí soiléir go raibh na saighdiúirí Sóivéadacha dúthuirsithe ag an gcogadh, agus mhol na taidhleoirí Gearmánacha do na Fionlannaigh comhchainteanna síochána a thosú leis an Aontas Sóivéadach. Bhí cuid mhaith fear caillte ag na Rúisigh, agus an cogadh féin ina ábhar náire don Aontas Sóivéadach sa chaidreamh idirnáisiúnta. Le teacht an Earraigh, bheadh na coillte ina bpraiseach le clábar, agus an sneachta ag leá - rud a d'fhágfadh na saighdiúiri Sóivéadacha in abar, ba bhaolach. Mar sin, cuireadh dréachtchoinníollacha síochána faoi bhráid na bhFionlannach ar an 12 Feabhra. Bhí na Sualannaigh buartha go dtitfeadh an tóin as an bhFionlainn ar fad, agus nuair a bhí na Fionlannaigh ag braiteoireacht, d'fhógair Rí na Sualainne, Gustaf a Cúig, go poiblí go raibh sé tar éis an Fhionlainn a eiteach faoi chuidiú Arm na Sualainne.

I ndeireadh na Feabhra, bhí an lón cogaidh ag rith gann ar na Fionlannaigh. Thairis sin, bhí na Sóivéadaigh ag briseadh trí líne chosanta Mannerheim. Sa deireadh thiar thall, thoiligh rialtas na Fionlainne, ar an 29 Feabhra, le comhchainteanna síochána leis an Aontas Sóivéadach. Ar an 5 Márta, bhí na Sóivéadaigh deich míle thar an Líne, agus iad díreach ag sealbhú bhruachbhailte Viipuri. Ar an lá céanna, thairg Rialtas na Fionlainne sos cogaidh a shocrú leis na Sóivéadaigh, ach theastaigh ó Stailín brú a choinneáil ar an bhFionlainn, agus dhiúltaigh sé don tairiscint. Le fírinne, níor tháinig deireadh leis na cathanna sula raibh an conradh síochána sínithe.

I ndiaidh an chogaidh, bhí suíomh na bhfórsaí Fionlannacha i gCaol na Cairéile ina ábhar mór diospóireachta. Bhí na horduithe tugtha cheana féin tarraingt siar go dtí an chéad líne chosanta eile i dteascóg Taipale. Na meastacháin faoi chomh fada is a sheasfadh an fód in aghaidh an námhad, bíonn siad ag guagaíl idir cupla lá agus cupla mí, ach is é an meastachán is coitianta ná cupla seachtain, agus mar sin, ní thiocfadh an cuidiú ón gcoigríoch in am cibé le haon rud fónta a dhéanamh.

Síocháin Mhoscó[athraigh | edit source]

Fuair an Fhionlainn an chéad tairiscint síochána ón Aontas Sóivéadach ar an 29 Eanáir 1940. Roimhe sin féin, bhí comhchainteanna ag an scríbhneoir Fionlannach Hella Wuolijoki lena seanchara ó laethanta réabhlóid na Rúise, Alexandra Kollontay, i Stócólm, áit a raibh Kollontay ina hambasadóir Sóivéadach. Ó bhí doirteadh fola déanta idir an dá linn, bhí an tAontas Sóivéadach ag éileamh go dtabharfadh an Fhionlainn níos mó tailte uaithi ná mar a d'éiligh na Rúisigh i scéim babhtála na gcríoch roimh an gcogadh. Is é an freagra a thug rialtas na Fionlainne san am sin go raibh siad fonnmhar chun síochána, ach nach rabh sad sásta an teorainn a athrú ach beagán. San am sin, bhí an cogadh ag éirí go réasúnta leis na Fionlannaigh, agus ní raibh siad róthoilteanach chun tabhairt isteach d'éilimh na Sóivéadach.

Na Cathanna Tábhachtacha[athraigh | edit source]

  • Cuireadh cath Tolvajärvi-Ägläjärvi ón 12 go dtí an 24 Nollaig 1939. Ba é seo an chéad bhua a rug na Fionlannaigh sa chogadh.
  • Cuireadh a lán cathanna timpeall Suomussalmi ó dheireadh Mhí na Samhna go tús Mhí Eanáir. Sna cathanna seo, d'éirigh leis na Fionlannaigh a lán gléasra cogaidh de chuid na Sóivéadach a shealbhú, nuair a theith na saighdiúirí lena n-anam. Cuid de na cathanna ab ea cath bhóthar Raate i dtús Mhí Eanáir.
  • Cath Summa. Thosaigh an cath seo ar an 17 Nollaig agus mhair sé ar feadh seachtaine. Ní raibh na Sóivéadaigh in ann mórán talaimh a dhéanamh, rud a tháinig aniar aduaidh ar chách, nó rinne siad mórionsaí anseo.
  • Cathanna Kollaa. Bhí cathanna á gcuir timpeall Kollaa beagnach ó thús go deireadh an chogaidh. Chuaigh an nath cainte Kollaa kestää ("Seasfaidh Kollaa an fód") greamaithe i gcuimhne an náisiúin.