Cogadh Cathartha na Fionlainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh Cathartha na Fionlainne
Cogadh Cathartha na Fionlainne
Dáta: 27 Eanáir15 Bealtaine 1918
Áit: An Fhionlainn
Toradh: Bua leis na Gardaí Bána. Deireadh le rialtas na Rúise san Fhionlainn. Ceannasaíocht na Gearmáine go Nollaig 1918.
Céilí comhraic
Na Gardaí Bána
Impireacht na Gearmáine
Na Gardaí Dearga
An Rúis Shóivéadach (RSFSR)
Ceannasaithe
C. G. E. Mannerheim
Ernst Linder
Ernst Löfström
Martin Wetzer
Karl Wilkman
... srl ...
Ali Aaltonen
Eero Haapalainen
Eino Rahja
Adolf Taimi
Kullervo Manner
Hugo Salmela
... srl ...
Slua
80–90,000 Fionlannaigh, 550 Sualainnaigh, 13,000 Gearmánaigh 80–90,000 Fionlannaigh, 4–10,000 Rúisigh
Taismigh
~5,500 ~28,000

Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Fionlainne a fearadh san Fhionlainn idir trúpaí Sheanad na Fionlainne (arbh ionann é agus rialtas na Fionlainne san am) agus gardaí Thoscaireacht Pobail na Fionlainne idir an 27 Eanáir agus an 15 Bealtaine 1918.

San Fhionlainnis, sisällissotakansalaissota a thugtar air; úsáideann lucht na heite deise an t-ainm vapaussota nó "Cogadh na Saoirse", agus d'fheicfeá an leagan luokkasota nó "Cogadh na nAicmí" ag scríbhneoirí ón eite chlé (uaireanta, baintear leas as na leaganacha vuoden 1918 sota, cogadh na bliana 1918, nó vuoden 1918 tapahtumat, imeachtaí na bliana 1918).

Thugtaí "na Dearga" nó "na Gardaí Dearga" ar thrúpaí na Toscaireachta Pobail, agus b'iad "na Bána" nó "na Gardaí Bána" díormaí an tSeanaid. Fuair na Dearga tacaíocht ón Rúis Shóivéadach, agus tháinig Arm Impireacht na Gearmáine chun fortachta do na Bána. Bhí roinnt óglach ón tSualainn ag cuidiú leis na Bána fosta.

Tampere sa bhliain 1918. Bhí cath Tampere ar an gcath ba mhó sa chogadh seo. Nuair a bhí na Dearga ag éalú roimh na Bána a bhí ag druidim isteach aduaidh, fuair siad dídean sa chathair. Sa deireadh, bhí an chathair imdhruidte ag na Bána, agus chuir na sluaite móra Dearga istigh ansin troid éadóchasach ar a son.

Bhí Cogadh Cathartha na Fionlainne fite fuaite leis an ngéarchéim uile-Eorpach san am céanna, is é sin, timpeall ar dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda. De dheasca an chogaidh, thit an tóin as Impireacht na Rúise, agus thosaigh na fórsaí polaitiúla éagsúla ag troid faoin gcumhacht. San Fhionlainn, chuaigh scoilt tríd an náisiún chomh maith, agus dá thoradh sin, tháinig dhá lárionad cumhachta ar an bhfód, agus a chuid trúpaí armtha ag an dá cheann acu. Sa deireadh, phléasc cogadh amach idir na Bána is na Dearga nuair a bhí Mí Eanáir 1918 ag druidim chun deireanais.

I ndeireadh an chogaidh, b'iad na Bána a bhris an cath ar na Dearga. Scaoil an Rúis a greim den Fhionlainn, ach ansin, fágadh an tír faoi smacht na Gearmáine go deireadh an chogaidh. Nuair a chaill an Ghearmáin an cogadh, chuaigh neamhspleáchas na Fionlainne i bhfeidhm faoi dheireadh, ach faoi bhrú na gcumhachtaí móra in Iarthar na hEorpa, chaithfeadh na Fionlannaigh poblacht dhaonlathach a ghairm dá dtír. Roimhe sin, bhí sé socraithe cheana féin go gcorónófaí an prionsa Gearmánach Friedrich Karl von Hessen-Kassel ina rí ar an tír. B'éigean don phrionsa a ríocht a thabhairt suas, áfach, ó nár éirigh leis an nGearmáin an Chéad Chogadh Domhanda a bhuachan.

Is é an Cogadh Cathartha an tréimhse is mó conspóide i stair na Fionlainne, agus d'fhág sé goimh ar an tír agus ar an tsochaí a bhí i bhfad ag goilliúint ar na Fionlannaigh.

Mar is gnách i gcogadh cathartha, rinne lucht leanúna an dá thaobh a lán ainghníomhartha coiriúla. Le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, caitheadh na céadta duine i dtóin phríosúin ar an tsiocair go raibh baint éigin acu leis na Dearga. Fuair timpeall ar thríocha seacht míle duine bás sa chogadh. Triúr as gach ceathrar, ba Dearga iad, agus bhásaigh an chuid is mó acu sna campaí géibhinn i ndiaidh an chogaidh, murar maraíodh scun scan iad tar éis dóibh iad féin a ghéilleadh do na Bána. Le linn thréimhse an sceimhle, dúnmharaíodh cuid mhaith Bána, chomh maith le Rúisigh a bhí ag cur fúthu sa tír. An chuid eile de na mairbh, fuair siad bás i bpáirc an áir.

Ainmneacha an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cogadh cathartha inniu féin ina chnámh spairne idir na Fionlannaigh, agus mar sin, is fada nach raibh siad in ann aontú le chéile faoi ainm ceart an chogaidh. Ar chúiseanna polaitiúla nó idé-eolaíochtúla, bhí ainmneacha cosúil le vapaussota ("Cogadh na Saoirse"), luokkasota ("Cogadh na nAicmí"), punakapina ("Ceannairc na nDearg") agus torpparikapina ("Ceannairc na Scológ" nó "Ceannairc na dTionóntaí Talún") in úsáid. Iad siúd nach maith leo tacaíocht a léiriú d'aon taobh, is fearr leo ainmneacha cosúil le kansalaissota ("an Cogadh Cathartha"), vallankumous ("an Réabhlóid"), kapina ("an Cheannairc") nó veljessota ("Cogadh na nDeartháracha" - cuir an ceann seo i gcomparáid le "Cogadh na gCarad" in Éirinn). Níos neodraí fós, is féidir "cogadh na bliana 1918" nó "imeachtaí an Earraigh 1918" a thabhairt ar an gcogadh.

A map from 1825 illustrates the Grand Duchy of Finland, then part of the Russian Empire. The map has several creases from folding. Place names and legend are written in Russian cyrillic script and Swedish.
Léarscáil Rúiseach, 1825.

Thug rialtas na nDearg - Toscaireacht an Phobail - "réabhlóid" (vallankumous) ar na himeachtaí ó thús. Bhí "troid na saoirse", vapaustaistelu, in úsáid ag na Dearga chomh maith, go háirithe ag ócáidí sollúnta ar nós sochraidí, agus tagairt á déanamh do dhuine de na Gardaí Dearga a fuair bás i bpáirc an áir. Bhí an téarma kansalaissota, "cogadh cathartha", le cloisteáil ar an dá thaobh go coitianta, Thairis sin, ba ghnách leis na Bána trácht ar an gceannairc (kapina) nó ar an gceannairc dhearg (punakapina). Nuair a bhí an cogadh ag druidim chun deireanais, d'éirigh sé ní ba choitianta i measc na mBán vapaussota, "cogadh na saoirse", a rá, agus iad ag cur béime ar an gcogadh mar throid in aghaidh na Rúise Deirge, a bhí ag tacú le Dearga na Fionlainne.

Inniu, is gnách leis na staraithe an téarma sisällissota (téarma nua-aimseartha ar chogadh cathartha, ach is é is ciall leis focal ar fhocal ná "an cogadh inmheánach") a úsáid, ós rud é go bhfuil sé níos neodraí ná na téarmaí eile. Thairis sin, is fearr é ná kansalaissota ("cogadh na saoránach") mar ainm ar chogadh cathartha, ós rud é gur féidir le saighdiúirí ó thíortha eile páirt a ghlacadh i gcogadh "inmheánach" i dtír eile. Mar a dúirt an staraí Fionlannach Heikki Ylikangas, is fearr an téarma sisällissota a úsáid, nó bhí "saoránaigh" ó cheithre thír (an Fhionlainn, an Rúis, an Ghearmáin agus an tSualainn) ag troid, agus mar sin, ní bhfuair sé chomh ciallmhar céanna úsáid a bhaint as an leagan kansalaissota.

Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, thosaigh daoine áirithe ar an eite dheas an leagan vapaussota a úsáid arís. Is ar éigean a d'fheicfeá é ag daoine nach mbeadh ag iarraidh tuiscint pholaitiúil ar leith ar an gcogadh a chur chun cinn.

Cúlra agus cúiseanna an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oifigigh dhearga

Is féidir bunrúta an chogaidh a aithint sa dóigh a raibh Ard-Diúcacht na Fionlainne ag éirí ní ba saibhre agus ní ba nua-aimseartha i rith na naoú haoise déag. Bhí an tionsclaíocht ag fás, agus na daoine ag éirí ní ba líonmhaire. Thairis sin, bhí siad ní ba cheanndána ag cur a gcuid barúlacha polaitiúla in iúl. D'athraigh struchtúr na sochaí, nuair a d'éirigh aicme na bhfeirmeoirí agus aicme na mbuirgéiseach ní ba chumhachtaí.

Thairis sin, áfach, chuir na hidé-eolaíochtaí nua - an Sóisialachas, an Náisiúnachas agus an Liobrálachas féin - sracadh úr sa lucht oibre sna monarchana agus sna scológa bochta faoin tuath. Tháinig gluaiseacht an lucht oibre ar an bhfód san Fhionlainn faoi dheireadh na naoú haoise déag. B'iad na gluaiseachtaí pobail éagsúla, na gluaiseachtaí athbheochana reiligiúnda san áireamh, a thug an chéad spreagadh. Faoi thionchar an Náisiúnachais, bhí gluaiseacht an lucht oibre féin sásta cuspóirí áirithe na náisiúnaithe a chur chun cinn, go háirithe ardú stádais na Fionlainnise in aghaidh na Rúisise agus na Sualainnise. Sa bhliain 1905, chuaigh lucht oibre na Fionlainne ar stailc lena ndlúthpháirtíocht a léiriú don réabhlóid a phléasc amach sa Rúis san am céanna. B'ansin a chuala gach Fionlannach iomrá ar an ngluaiseacht sin agus b'ansin a

Hundreds of demonstrators at the Helsinki Senate Square with the Helsinki Cathedral high in the background. The demonstrations were a prelude to the later local and general strikes.
Agóid, Heilsincí, 1917

tuigeadh chomh láidir is a bhí sí.

An Dáil, nó an Pharlaimint, a bhí ag rialú na Fionlainne (a fhad is a cheadódh impire na Rúise) go nuige sin, bhí sí bunaithe ar an aicmeachas, agus ó nach "aicme" oifigiúil a bhí sa lucht oibre, ní raibh ceart ag na hoibrithe vóta a chaitheamh. Sa bhliain 1906, tháinig córas nua i bhfeidhm, agus fuair gach saoránach, na mná chomh maith leis na fir, cead vótála i dtoghcháin na parlaiminte. Níor bhain an leasú seo mórán den teannas sóisialta, áfach, nó ní raibh an tImpire sásta na billí radacacha a shíniú a bhí á rith ag na Feisirí Fionlannacha. D'éirigh an lucht oibre mífhoighneach agus míshásta leis an gcóras polaitiúil.

Thairis sin, bhí na náisiúnaithe ag dul chun radacachais agus ag dul i mbun na láimhe láidre le saoirse a bhaint amach don Fhionlainn. Nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, tháinig gluaiseacht rúnda ar an bhfód san Fhionlainn - jääkäriliike, nó Gluaiseacht na bhFianóglach - a bhí ag earcú fir óga le haghaidh arm na Gearmáine. Bhí sé de chuspóir ag an ngluaiseacht seo go bhféadfadh na hóglaigh cath a chur ar na Rúisigh agus oiliúint saighdiúra a fháil in arm na Gearmáine a chuirfeadh ar a gcumas níos déanaí cogadh ceart saoirse a fhearadh ar son na Fionlainne agus in aghaidh na Rúise.

A formation of Russian soldiers are pictured at the Helsinki Railway Square as a part of a parade celebrating the October Revolution. Prior to 1917, the Russian Army sustained Finland's stability, but later became a source of social unrest.
Saighdiúirí Rúiseacha, Heilsincí, 1917

Ní mór a lua freisin go raibh meath ag teacht ar chóras polaitiúil Impireacht na Rúise ó thús na fichiú haoise i leith, go háirithe i ndiaidh don Chéad chogadh Domhanda briseadh amach. Sna sálaí ag an gcogadh, tháinig an ghéarchéim pholaitiúil. Sa deireadh, thit an tír as a chéile go hiomlán, agus na dreamanna éagsúla ag dréim leis an gcumhacht agus ag cur troda ar a

Around 30 soldiers of the paramilitary White Guard pose for the camera together with four Maxim heavy machine guns.
saighdiúirí i Leinola, Tampere

chéile.

De dheasca an dá réabhlóid sa Rúis sa bhliain 1917, scoilt an Fhionlainn ina dhá leath ó thaobh na polaitíochta de. Chuir na Boilséivigh brú ar na Sóisialaigh Fhionlannacha réabhlóid a chur i gcrích sa tír le Sóisialachas a chur ar bun. Tá sé ina chnámh spairne, áfach, cén ról a bhí ag na Sóisialaigh Rúiseacha in imeachtaí na bliana 1918 san Fhionlainn. Mar sin féin, is tábhachtach cuimhne a choinneáil air gur cuid den Rúis ab ea an Fhionlainn san am. Bhí D'fhág an t-aicmeachas a lorg ar na Fionlannaigh, agus iad deighilte ina dhá ndream ó thaobh na heacnamaíochta, na polaitíochta agus na gcúrsaí sóisialta de: na huaisle in aghaidh na cosmhuintire, an lucht ar an anchuid in aghaidh an lucht ar an ngannchuid, na fostóirí in aghaidh an lucht oibre, agus araile. Buíochas leis an gcaipitleachas tionsclaíoch, bhí saol an lucht oibre ag dul i bhfeabhas de réir a chéile ó dheireadh na naoú haoise déag i leith. Ón taobh eile de, áfach, bhí an uasalaicme ag saibhriú i bhfad ní ba sciobtha. Nuair a tháinig deireadh le cumhacht an Impire sa bhliain 1917, ní raibh na Fionlannaigh in ann cur le chéile le síocháin inmheánach a chur ar bun ina dtír. Ina áit sin, thosaigh an eite dheas agus an eite chlé ag cur troda ar a chéile faoin gcumhacht. Bhí an dá thaobh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach don Fhionlainn mar stát ar leith, ach ní raibh siad ag teacht le chéile faoi aon rud eile.

Bhí a lán deacrachtaí éagsúla ag dul leis an ngéarchéim seo. Bhí an bia ag éirí gann agus an dífhostaíocht ag dul chun donais. Dá réir sin, thosaigh an lucht oibre ag dul ar stailc agus ag tarraingt trioblóidí. Ní raibh constáblacht ná fórsa póilíní ann a mbeadh muinín ag gach dream polaitiúil astu. Mar sin, thosaigh an uasalaicme agus na buirgéisigh ag bunú Gardaí Bána (järjestyskunta, nó "cór síochána"; ní ba déanaí, thugtaí suojeluskunta nó "cór cosanta" ar thrúpa den chineál seo). San am céanna, bhí an lucht oibre ag bunú Gardaí Síochána (järjestyskaarti), nó Gardaí Dearga. (Tabhair faoi deara gurb é "ord" nó "ordú" is bunchiall leis an bhfocal Fionlainnise järjestys, ach is fearr "síocháin" a úsáid mar aistriúchán Gaeilge, ó thagraíonn an focal sin do "shíocháin" inmheánach na sochaí freisin, de ghnáth.)

Rinne na Gardaí seo téisclim chun cogaidh, agus iad ag dul chun radacachais dá réir. Bhí an náisiún go léir buartha faoina raibh le teacht, ach thar aon rud eile, bhí eagla ar an dá thaobh roimh an taobh eile. Go háirithe i rith na stailce móire i Mí na Samhna 1917, bhí na cúrsaí ag dul chun teannais go luath. Bhí na polaiteoirí sibhialta ag cailleadh cumhachta do na ceannasaithe armtha. Sa deireadh, ní raibh an cogadh le seachaint.

Réamhstair an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Réabhlóid i Mí na Márta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Nioclás a Dó, Impire na Rúise, suas a choróin in Pskov ar an 15 Márta 1917. B'iad na Feisirí - parlaimint na Rúise, nó an Dúma - a chuaigh i gceannas ar an tír, in éineacht leis an Rialtas Sealadach a fuair a chumhacht ón bparlaimint. Bhí an Rúis ag iarraidh an Fhionlainn a thabhairt chun Rúiseachais le blianta anuas, ach tháinig deireadh leis an bhfeachtas sin anois, nuair a d'eisigh an Rialtas Sealadach "Forógra na Márta" ar an 20 Márta 1917. Leis an bhforógra seo, fuair na Fionlannaigh ar ais a sean-fhéinrialtas. Le fírinne, ní bhfuair parlaimint na Fionlainne riamh roimhe seo na cumhachtaí a bhí geallta di sa bhliain 1906. Ó bhí na Daonlathaigh Shóisialta tar éis toghcháin na bliana 1916 a bhuachan, ceapadh Seanad, nó rialtas, don tír a raibh Oskari Tokoi ina chathaoirleach (ina phríomh-aire) air. Bhí seisear Sóisialach agus seisear Neamh-Shóisialach ar an Seanad, agus chrom siad ar a gcuid oibre ar an 26 Márta 1917.

Akseli Gallen-Kallela

B'iad na rudaí a bhí ar chlár oibre an tSeanaid ná an daonlathas a fhairsingiú agus an ceart crosta a bhaint de Rialtas Sealadach na Rúise i gcúrsaí inmheánacha na Fionlainne. Thairis sin, theastaigh ón Seanad daonlathas an rialtais áitiúil a fhorbairt agus na himthosca oibre a fheabhsú trí dhlíthe a reachtú faoi na huaireanta oibre, faoi chúrsaí an leasa shóisialta, faoin scolaíocht éigeantach agus faoi shaoirse an choinsiasa i gcúrsaí creidimh.

Bhí na coimeádaigh (Páirtí na Sualainniseoirí, Páirtí na Sean-Fhionlannach agus an chuid de Pháirtí na bhFionlannach Óg a dtugtaí "na fáinleoga" uirthi) agus na neamh-Shóisialaigh eile (na Fionlannaigh Óga Liobrálacha, nó "na gealbhain", chomh maith le páirtí na bhfeirmeoirí) sásta go maith leis an rialtas nua.

Bhí an tImpire tar éis a choróin a thabhairt suas, agus daonlathas ag teacht in áit na hImpireachta sa Rúis féin. Bhí deireadh curtha le hiarrachtaí na bhfrithghníomhach i rialtas an Impire an tír a thabhairt chun Rúiseachais. Bhíothas dóchasach as forbairt na heacnamaíochta sa todhchaí. San am céanna, chreid an lucht oibre go bhféadfaí na srianta go léir a bhaint de ghníomhaíocht pholaitiúil na heite clé. Bhí an cosc ar na stailceanna le cur ar ceal, chomh maith leis na teorainneacha a bhí le cead cainte agus clóbhuailte go dtí sin. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go bhfaigheadh an lucht oibre a gceart sa tsochaí.

An dóchas mór a bhí ag na Fionlannaigh as an todhchaí, níor mhair sé ach tamall. Bhí an saol ag dul chun míshuaimhnis sa tír, agus síocháin na sochaí ag titim as a chéile. Bhí sochaí an aicmeachais agus sochaí an daonlathais in achrann a chéile. Ó thaobh amháin de, bhí cuid mhór de dhearcadh agus de mheon an tseanchórais beo i gcónaí, ach ón taobh eile de, bhí a lán de mhuintir na tíre míshásta glacadh le héagothromaíocht an tseansaoil, agus iad tar éis an chéad bhlaiseadh a fháil den tsaoirse agus den daonlathas. Ní raibh a fhios ag na daoine go fóill, áfach, cén chosúlacht ba chóir a bheith ar shochaí dhaonlathach, agus mar sin, bhí todhchaí na tíre ina cúis easaontais agus achrainn eatarthu. Bhí na cúrsaí ag athrú chomh sciobhtha agus gur chuir sé scáth eagla ar na coimeádaigh agus ar na buirgéisigh. Maidir leis an lucht oibre, áfach, bhí siadsan barúlach nach raibh an saol sách luath ag dul i bhfeabhas. Mar sin, bhí siad ag dréim le réabhlóid.

Saighdiúirí Rúiseacha san Fhionlainn, Márta 1917

Chuaigh staid eacnamúil na tíre chun donais go mór i rith na bliana 1917. I dtús an Chéad Chogadh Domhanda, tháinig borradh mór faoi gheilleagar na Fionlainne, rud a mhothaigh idir íseal agus uasal sa saol laethúil. Nuair a thosaigh an réabhlóid sa Rúis, áfach, tháinig claochlú mór ar na cúrsaí, agus an t-airgeadra ag cailleadh a luacha is an dífhostaíocht ag dul i méadaíocht. Bhain an claochlú seo an-stangadh as an lucht oibre, agus iad ag éirí buartha faoin saol. Chuaigh cuid acu ar stailc, agus bhí trioblóidí anseo agus ansiúd.

Seanad Tokoi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi na himthosca seo, ba chóir do na dreamanna éagsúla sa tsochaí diantacaíocht a thabhairt d'Oskari Tokoi agus a Sheanad leis an tír a choinneáil suaimhneach. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, rialtas an-lag a bhí i Seanad Tokoi. B'é oighear an scéil nach raibh na Sóisialaithe ná na neamh-Shóisialaithe sásta freastal ceart a dhéanamh ar oibreacha an tSeanaid. Bhí an dá thaobh in achrann a chéile, agus ní raibh na polaiteoirí ab fhearr sásta comhoibriú le chéile. Ní raibh cumhacht eacnamúil ag an lucht oibre, cé go raibh tromlach na parlaiminte acu. Ní raibh tromlach na parlaiminte ag na neamh-Shóisialaithe, ach b'iadsan ba mhó cumhachta i gcúrsaí na heacnamaíochta.

Pehr Evind Svinhufvud

Tháinig Pehr Evind Svinhufvud i gceann ar an Seanad i ndiaidh Tokoi, ach ní raibh seisean ábalta a dhath tábhachtach a chur i gcrích ach an oiread. An chumhacht pholaitiúil a d'fhág an tImpire Rúiseach ina dhiaidh, bhí sí scaipthe ar fud na háite: bhí cuid di ag rialtas sealadach na Rúise, cuid eile ag Seanad na Fionlainne, cuid ag an bparlaimint, agus cuid eile fós ag cóip na sráide - ag comhairlí na n-oibrithe agus na saighdiúirí, ag na coistí stailce agus ag na fostóirí is na rachmasóirí. Ní raibh sé indéanta, áfach, gairm chruinnithe a chur ar na dreamanna difriúla seo go léir, le go dtiocfaidís le chéile le todhchaí na tíre a phlé in éineacht - bhí an iomarca mímhuiníne acu as a chéile.

Ní raibh fad saoil i ndán do rialtas Oskari Tokoi, nó bhí ceithre fhadhb mhóra le fuascailt aige: na stailceanna in Earrach na bliana 1917, ganntanas an bhia, caidreamh na Fionlainne leis an Rúis agus ceist na póilíneachta. Bhí an Seanad ábalta na stailceoirí a shásamh réasúnta saoráideach. B'é an t-éileamh ba mhó a bhí ag na stailceoirí ná lá oibre ocht n-uaire an chloig. Thairis sin, theastaigh uathu tuilleadh pá, ó bhí an boilsciú ag creimeadh luach an airgid. Nuair a chuaigh na fostóirí agus an lucht oibre i ndáil chomhairle le chéile, socraíodh na ceisteanna seo, chun leasa don lucht oibre den chuid ba mhó.

Chuir an toradh sin an-sracadh sa lucht oibre, ach san am céanna, bhí na fostóirí an-mhíshásta, toisc go raibh siad tar éis a lán a chailleadh ar na stailceanna, agus iad scanraithe fosta ag na trioblóidí foréigneacha a tháinig sna sálaí ag na stailceanna. Thairis sin, fuair na hoibrithe lámh chúnta ó shaighdiúirí radacacha Rúiseacha in áiteanna. Bhí an lucht oibre ag tonnadh isteach sna ceardchumainn. Ní raibh ach 40,000 oibrí sna ceardchumainn i ndeireadh na bliana 1916, ach nuair a bhí bliain amháin thart, bhí 160,000 duine acu ann. Lena leas-san a chosaint ar choinscleo an lucht oibre, bhunaigh na fostóirí agus na feirmeoirí láreagraíochtaí dóibh féin i bhFómhar na bliana 1917, chomh maith.

I rith an Chéad Chogadh Domhanda, thosaigh an bia ag rith gann ar na Fionlannaigh. Sa bhliain 1917, ní raibh arbhar ag teacht ón Rúis le haghaidh aráin a thuilleadh, rud a chuir go mór leis an nganntanas. Ar an 2 Meitheamh 1917, reachtaíodh an tAcht um Bia leis an mbeagán bia a roinnt go cothrom. Ní raibh na húdaráis in inmhe, áfach, an dlí a chur i bhfeidhm ar aon nós, agus d'imigh cuid mhór den bhia ar an margadh dubh. Mar sin, bhí praghsanna an bhia ag dul in airde i gcónaí, beag beann ar an Acht.

Ní raibh ann go bunúsach ach ganntanas arbhair, áfach. Bhí an bia ar ciondáil, agus ní raibh an t-arbhar aráin chomh lárnach sin mar bhia agus nach bhféadfaí rud éigin eile a ithe ina áit. Ní raibh aon ghorta mór ag bagairt ar Dheisceart na Fionlainne roimh chogadh na bliana 1918. Ina dhiaidh sin féin, bhí ceist an ocrais ina ceist mhór pholaitiúil, agus an lucht oibre ag dul chun radacachais toisc go raibh eagla orthu roimh an ngorta.

Acht na gCumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Around 40 troops of the paramilitary Red Guard pose to the camera next to a farmer's house on a field. One of them, their apparent commander, is on a horse.
Gardaí Dearga, Tampere 1918

Nuair a thug Ard-Diúc na Fionlainne, an tImpire Nioclás a Dó, suas a choróin, thit a chuid cumhachtaí le Rialtas Sealadach na Rúise. Ní raibh fad saoil daite don rialtas sin, agus ní raibh sé soiléir cad é an bhaint, i ndiaidh an iomláin, a bhí aige leis an bhFionlainn. Faoi imthoscaí na réabhlóide, agus an Rúis féin ag titim as a chéile, ba mhinic a d'athraigh comhdhéanamh an rialtais, agus ón taobh eile de, bhí cumhacht na gcomhairlí áitiúla agus na gcoistí réigiúnda de chineálacha difriúla ag fás. Sa bhliain 1917, bhí na páirtithe polaitiúla go léir dírithe ar fhéinrialtas na tíre a chur i bhfeidhm arís - bhí sé lagaithe go mór ó thosaigh an Impireacht ar é a bhaint den Fhionlainn ón mbliain 1899 anuas - agus tuilleadh neamhspleáchais a bhaint amach don tír, a fhad agus ab fhéidir. Nuair a bhí trioblóidí agus bruíonachas ar siúl sa tír, agus na grúpaí éagsúla polaitiúla ag cur catha ar a chéile, d'éirigh na neamh-Shóisialaithe drochamhrasach i dtaobh na n-iarrachtaí chun tuilleadh a chur le cumhachtaí na parlaiminte. Maidir leis na Sóisialaithe, bhí siadsan ag iarraidh saoirse a bhaint amach don tír, rud a chuirfeadh, dá n-éireodh leis, le cumhacht agus le seasamh a bpáirtí féin i bpolaitíocht inmheánach na tíre. Ar dtús, bhí na Sóisialaithe ag lorg tacaíochta ó na páirtithe polaitiúla Rúiseacha dá gcuid pleananna, ach b'iad Léinín agus na Boilséivigh an t-aon dream polaitiúil amháin a thug freagra dearfach. Bhí Léinín ag dréim le coup d'état ó Shamhradh na bliana 1917 i leith, agus é ag tacú le scéimeanna na Sóisialaithe san Fhionlainn ar chúiseanna oirbheartaíochta: dá n-éireodh leo, lagódh ar sheasamh an Rialtais Shealadaigh sa Rúis féin.

A picture of the document whereby Lenin and the Bolsheviks recognized Finnish independence on 31 December 1917.
D'aithin na Boilséivigh an neamhspleáchas

Scoilt seanad Tokoi faoi cheist na cumhachta is airde san Fhionlainn. Bhí dhá bhille dréachtaithe leis an gceist seo a fhreagairt. B'é an Seanadóir Antti Tulenheimo, ó pháirtí na bhFionlannach Óg, agus an coiste a raibh sé ina chathaoirleach air a dhréachtaigh an ceann sin, agus mar sin, tugadh Lex Tulenheimo ar an mbille. An bille eile arís, tháinig sé ó na Sóisialaithe. De réir Lex Tulenheimo, gheobhadh an Seanad (is é sin, rialtas na Fionlainne) an chuid ba mhó de na cumhachtaí a bhí ag Rialtas Sealadach na Rúise. D'fhágfaí faoi na Rúisigh polasaithe míleata agus eachtracha na Fionlainne a shocrú agus gairm chruinnithe nó lánscor a chur ar an bparlaimint. Maidir leis an gcineál Acht Cumhachtaí a bhí dréachtaithe ag na Sóisialaithe, ní fhágfaí ach na gnóthaí míleata agus eachtracha faoi na Rúisigh, agus gheobhadh an pharlaimint an chuid ba mhó de na cumhachtaí. B'é bille na Sóisialaithe a fuair faomhadh na Parlaiminte, agus sa bhreis ar na Sóisialaithe, vótáil na náisiúnaithe buirgéiseacha agus páirtí na bhfeirmeoirí ar a son. Bhí na feisirí coimeádacha an-mhíshásta leis an Acht a bhronnfadh an oiread sin cumhachtaí ar an bparlaimint, agus d'fhógair cúpla

A studio-style picture of General Mannerheim, commander-in-chief of the White Army. He is looking away with his left shoulder turned towards the camera. On his left arm, an armband shows the coat of arms of Finland.
Ginearál C. G. E. Mannerheim 1918

duine acu go n-éireoidís as an bparlaimint scun scan.

Bhí dóchas ag na Sóisialaithe as na Boilséivigh le tacaíocht a thabhairt d'Acht na gCumhachtaí, ach níor éirigh leis an iarracht a rinne na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i gCathair Pheadair ar an 16-18 Mí Iúil 1917 le cuidiú na saighdiúirí is an lucht oibre. Mhair an Rialtas Sealadach ag rialú na Rúise, agus b'é Aleksandr Kerenskiy a chuaigh i gceannas ar an rialtas. Ní raibh an Rialtas Sealadach sásta faomhadh a thabhairt d'Acht na gCumhachtaí. A mhalairt ar fad chuir siad tuilleadh saighdiúirí Rúiseacha ar garastún san Fhionlainn, agus scoir siad parlaimint na Fionlainne ar an 31 Mí Iúil. Bhí parlaimint nua le toghadh in olltoghchán neamhghnách i Mí Dheireadh Fómhair 1917. I rith an tSamhraidh 1917, chuaigh an Fhionlainn go mór i dtábhacht i súile rialtas na Rúise, nó ghlac siad leis go raibh an tír ag teastáil uathu mar sciath chosanta do Chathair Pheadair,

agus mar sin, ba leasc leo tuilleadh neamhspleáchais a ghéilleadh do na Fionlannaigh.

Tháinig deireadh le Seanad Oskari Tokoi ar an 13-17 Mí Lúnasa 1917, nuair a d'fhág na seanadóirí tábhachtacha Sóisialacha slán aige. Sna holltoghcháin ar an 1-2 Mí Dheireadh Fómhair 1917, ní bhfuair na Daonlathaigh Shóisialacha an oiread vótaí agus sna toghcháin roimhe sin, agus fágadh san fhreasúra iad. In áit tuilleadh cumhachta a bhaint amach bhí an lucht oibre ag cailleadh a raibh acu roimhe sin - bhí roth mór an tsaoil ag casadh ina n-aghaidh. B'é ba toradh dó sin gur thosaigh an lucht oibre ag éirí éadóchasach faoin daonlathas agus ag dul chun radacachais, go háirithe nuair nach raibh ag maolú ar an nganntanas bia. D'athraigh an ról a bhí á dhéanamh ag gluaiseacht an lucht oibre i bpolaitíocht na tíre. Roimhe sin, bhí an ghluaiseacht ag iarraidh tuilleadh cearta, stádais agus cumhachta a bhaint amach di. Anois, chaithfeadh sí an méid a bhí aici cheana féin a chosaint is a choimeád.

Na coimeádaigh Fhionlannacha a bhí ag cur in aghaidh Acht na gCumhachtaí, bhain siad leas as an dearcadh diúltach a bhí ag an Rialtas Sealadach ar an Acht. Bhí siad ag tacú le cinneadh na Rúiseach ar pharlaimint na Fionlainne a scor. Bhí Carl Enckell, polaiteoir buirgéiseach, ina Státrúnaí Lánchumhachtach (ionadaí oifigiúil d'Ard-Diúcacht na Fionlainne) i gCathair Pheadair, agus é go hoscailte ag cur leas a pháirtí féin chun cinn ansin.

A picture of Kullervo Manner, chairman of the Finnish People's Delegation and last commander-in-chief of the Reds, looking straight at the camera with a suit and a hat on.
Kullervo Manner, ceannasaí na nGardaí Dearga

Sa deireadh, ní dheachaigh eachtra Acht na gCumhachtaí chun leasa do na Sóisialaithe ná do na coimeádaigh, nó dá dheasca sin, níor fágadh rialtas láidir sa tír - rialtas a d'fhéadfadh an tsíocháin inmheánach a chinntiú. Ní raibh parlaimint ar bith ann ó Mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. An chéad duine a fuair bás i ngéarchéim na mblianta 1917-1918, b'iad na póilíní a mharaigh é, agus ní de thaisme a rinneadh é: fear oibre a bhí ann agus é ina phicéad stailce in Ypäjä (ceantar tuaithe é Ypäjä agus é suite in Iardheisceart na Fionlainne, idir Forssa agus Loimaa). Nuair nach raibh rialtas eile ann, b'iad lucht na ngunnaí - na Gardaí Dearga agus na Gardaí Bána - a shealbhaigh an chumhacht.

Réabhlóid Dheireadh Fómhair agus an Stailc Mhór i Mí na Samhna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7 Mí na Samhna, 1917, chuir na Boilséivigh faoi cheannas Léinín an Rialtas Sealadach as cumhacht. B'é sin Réabhlóid Dheireadh Fómhair, nó de réir Fhéilire Iúil a bhí in úsáid sa Rúis san am, is i nDeireadh Fómhair a tharla sé. San am céanna, bhí parlaimint agus parlaiminteachas na Fionlainne ag teacht chucu arís. Bhí an scoilt idir an eite chlé agus an eite dheas tar éis dul chun donais go mór mór san idirlinn. Bhí na Sóisialaithe ag plé na bhféidearthachtaí leis an gcumhacht a thabhairt ar ais don lucht oibre, agus greim an fhir bháite ag na coimeádaigh ar an gcumhacht a bhí acu, ó bhí réabhlóid nua na Rúise ag bagairt ar chearta na heite deise.

Oskari Tokoi  

Tháinig an pharlaimint, a raibh an tromlach ag na neamh-Shóisialaithe inti, le chéile an chéad uair ar an 1 Mí na Samhna 1917, agus ar an 9 Mí na Samhna, chinn na Feisirí ar thriúracht a cheapadh le gnó an cheann stáit a dhéanamh. B'iad na triúraithe seo Santeri Alkio (páirtí na bhfeirmeoirí), Pehr Evind Svinhufvud (páirtí na bhFionlannach Óg) agus Oskari Tokoi (na Daonlathaigh Shóisialta). Níor éirigh leis an triúracht, áfach, dul i gceannas ar an tír i gceart. Maidir leis an bpáirtí Daonlathach Sóisialta agus gluaiseacht an lucht oibre go léir, chaithfidís ceann den dá rogha a bhaint: cromadh ar obair fhoighneach shíochánta i bhfreasúra na parlaiminte, nó dul chun réabhlóide. Rinne na Sóisialaithe neamhshuim den triúracht, agus chuir siad clár oibre dá gcuid féin faoi bhráid an náisiúin, clár oibre a raibh na focail Me vaadimme("Tá Muid ag Éileamh") mar theideal air. Is éard a bhí siad a éileamh ná leasuithe éagsúla sóisialta a chur i gcrích, na Cóir Chosanta (is é sin, na Gardaí Bána) a chur ar ceal, Acht na gCumhachtaí a rith is a fhaomhadh, agus torthaí an toghcháin ó Mhí Dheireadh Fómhair a chur ar neamhní. Níor bhac na neamh-Shóisialaithe leis an gclár oibre seo a ghlacadh i ndáiríre, agus ní dhearna an pharlaimint plé ar bith air.

A map illustrating the frontlines and initial offensives of both sides at the beginning of the war. The Whites control most of Central and Northern Finland, excluding minor Red enclaves; the Whites assault these enclaves. The Reds control Southern Finland and commence attacks along the main frontline.
na bunlínte i dtús an chogaidh

██ Areas controlled by the Whites

██ White offensive

██ Areas controlled by the Reds

██ Red offensive

Teimpléad:Legend-line

Bhí na Boilséivigh ag cur brú ar na Sóisialaithe Fionlannacha dul chun réabhlóide. Bhí siad fiú ag bagairt an réabhlóid san Fhionlainn a thosú beag beann ar Pháirtí Daonlathach Sóisialta na Fionlainne, mura mbeadh de shracadh sna comrádaithe Fionlannacha an obair a dhéanamh as a stuaim féin. I Mí na Samhna, thosaigh na Boilséivigh Fhionlannacha Eino Rahja, Jukka Rahja agus Adolf Taimi - réabhlóidithe a bhí gníomhach i gCathair Pheadair chomh maith leis an bhFionlainn - an lámh in uachtar a fháil ar Ghardaí Síochána an Lucht Oibre (na Gardaí Dearga). Bhí tábhacht ar leith leis an bhFionlainn do na Boilséivigh. Ó thaobh amháin de, bhí muinín ag Léinín as na saighdiúirí Rúiseacha a bhí ar garastún san Fhionlainn teacht chun fortachta dó in am an ghátair in aghaidh na Rúiseach frith-Bhoilséiveach, dá ndéanfaidís iarracht Léinín a chur as cumhacht. Ón taobh eile de, bheadh an Fhionlainn ina sciath chosanta in aghaidh na Gearmáine Impiriúla. Maidir leis na Sóisialaithe Fionlannacha, bhí siad ag dréim le neamhspleáchas a lorg ó rialtas Léinín ar an 10 Mí na Samhna, ach níor lorg, ó bhí Cathair Pheadair trí chéile i gcónaí.

Ní raibh réabhlóidithe drogallacha na Fionlainne sásta géilleadh do shíoráitiú na mBoilséiveach. Bhí siad idir eatarthu i gcónaí. Bhí Léinín ar a sheachnadh ón Rialtas Sealadach i Heilsincí i dtús an fhómhair, agus san am sin, bhí sé i dteagmháil leis na Sóisialaithe Fionlannacha. Mar sin, bhí a fhios ag na Sóisialaithe san Fhionlainn go raibh rud éigin cosúil le Réabhlóid Dheireadh Fómhair ar na bacáin. Ní raibh siad, áfach, tar éis pleananna comhoibrithe a shocrú leis na Boilséivigh roimh ré. Nuair a tháinig an dream nua i gcumhacht i gCathair Pheadair, hosclaíodh doirse nua do na Sóisialaithe Fionlannacha, ar bhain an diomua sna toghcháin an-mhealladh astu. Bhí an Páirtí Daonlathach Sóisialta á stiúradh ag lucht na measarthachta, agus ní deargréabhlóidithe a bhí sna feisirí parlaiminte ach an oiread. Fuair an réabhlóideachas tacaíocht ó chuid de na ceardchumainn agus ó na Gardaí Dearga úrearcaithe. Ní raibh na Boilséivigh i gCathair Pheadair féin róshocair i gcumhacht go fóill, ach an oiread. B'éigean do Léinín trúpaí a aistriú ón bhFionlainn go dtí an phríomhchathair, agus eagla air roimh an bhfrithréabhlóid.

Bolscaireacht sa bhliain 1918

Ar an 9 Mí na Samhna 1917, bhunaigh eagraíochtaí an lucht oibre (an Páirtí Daonlathach Sóisialta, na ceardchumainn agus na Gardaí Dearga) Lárchomhairle Réabhlóide an Lucht Oibre le gníomhaíocht na n-eagraíochtaí éagsúla a chomhordú. Ní raibh an Lárchomhairle seo rófhonnmhar chun réabhlóide, nó nuair a chuaigh ceist na réabhlóide ar vóta sa Lárchomhairle i ndiaidh don pharlaimint droim láimhe a thabhairt don chlár oibre Tá Muid ag Éileamh, ní raibh ach ochtar ball den Lárchomhairle i bhfách leis an réabhlóid, in aghaidh an ochtar déag eile. Rud eile áfach gur fhógair an Lárchomhairle agus na ceardchumainn ollstailc san Fhonlainn. I ndiaidh cúpla lá, bhí 85,000 fear oibre ar stailc ar fud na tíre, agus na coistí áitiúla stailce i seilbh an chuid ba mhó de na bailte móra i nDeisceart na Fionlainne. Ní raibh na Sóisialaithe measartha ach ag iarraidh brú polaitiúil a chur ar an bparlaimint, ach ar ndóigh, bhí na radacaigh ag dréim le coup d'état agus le réabhlóid, agus dóchas acu as na stailceoirí leis an ngnó a dhéanamh.

Banghardaí Dearga ó Riihimäki, 1918

D'éirigh leis an stailc mhór chomh maith is go raibh an lucht oibre ag dul chun radacachais agus tuilleadh Sóisialaithe ag éileamh coup d'état. Ar an 16 Mí na Samhna, chuaigh ceist na réabhlóide ar vóta sa Lárchomhairle arís, agus an iarracht seo, vótáil tromlach beag ar son an choup d'état. B'iad na ceardchumainn agus na Gardaí Dearga ba mhó a bhí á éileamh. Níor cuireadh an cinneadh i gcrích go fóill, áfach. Na coimeasáir a ceapadh don Choiste Feidhmiúcháin, dhiúltaigh siad na pleananna a chomhlíonadh. Mar sin, cinneadh ar dheireadh a chur leis an stailc mhór ar an 19 Mí na Samhna.

Na Géarmánaigh in Smolna, 1918

Chuir an Stailc Mhór cor i gcinniúint na tíre ar a lán bealaí. I ndiaidh imeachtaí Mhí na Samhna agus na gcomhairlí a cinneadh, thosaigh scoilt ag teacht ar ghluaiseacht an lucht oibre féin faoi cheist na réabhlóide. I ndiaidh na stailce féin, áfach, ní raibh gach duine de cheannairí na Sóisialaithe tar éis a intinn féin a dhéanamh suas, agus d'fhéadfadh duine a vótáil ar son lucht na réabhlóide ag ócáid amháin tacaíocht a thabhairt do lucht na measarthachta nuair a bhí ceist éigin eile á plé. Le linn na stailce móire, áfach, chaill ceannairí an pháirtí cuid mhór den smacht a bhí acu ar ghluaiseacht an lucht oibre: ní raibh na radacaigh sásta aird a thabhairt ar na horduithe ó cheannairí an pháirtí a thuilleadh. Fuair na Sóisialaithe measartha tacaíocht ón gcuid eile den pharlaimint, nuair a glacadh leis na hachtanna faoi lá oibre ocht n-uaire an chloig agus faoin daonlathas sa rialtas áitiúil. Bhí cuid den lucht oibre barúlach nach bhfaigheadh na hachtanna seo faomhadh na parlaiminte choíche murach an stailc mhór.

Bhain sé mealladh mór as Léinín agus na Boilséivigh nach raibh na Fionlannaigh sásta dul chun réabhlóide i ndiaidh an iomláin. Nuair a bhí an bhliain 1917 ag druidim chun deireanais, ní raibh súil ag Léinín as na Fionlannaigh a thuilleadh le coup d'état Boilséiveach a chur i gcrích san Fhionlainn. Leis an Stailc Mhór, tháinig chun solais go raibh an-easaontas idir na Boilséivigh Rúiseacha agus na Daonlathaigh Shóisialta Fhionlannacha. I ndiaidh na díomá, d'fhéach Léinín lena mhuinín a chur i radacaigh chlé na Fionlainne agus sna Boilséivigh Fhionlannacha a bhí ag iarraidh brú a chur ar chosmhuintir ghluaiseacht an lucht oibre beag beann ar cheannairí an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta.

Thar aon rud eile, áfach, chuir an Stailc Mhór ding idir na Sóisialaithe agus na neamh-Shóisialaithe. Le linn na stailce, chuaigh an foréigean polaitiúil chun donais, nó mharaigh na Gardaí Dearga seisear déag de dhaoine nach raibh ag tacú leis na Sóisialaithe. Thairis sin, fuair ceathrar déag de Ghardaí Bána agus ceathrar de Ghardaí Dearga bás sna scliúchais. Bhí an Fhionlainn i mbealach an chogaidh chathartha.

Juho Kusti Paasikivi agus Pehr Evind Svinhufvud, 1918

An Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, b'iad na Daonlathaigh Shóisialta ba mhó a bhí ag éileamh neamhspleáchais don Fhionlainn. I ndiaidh na réabhlóide, chuaigh na buirgéisigh chun tosaigh san obair sin, nó shíl siad go gcuirfeadh neamhspleáchas na tíre ar a gcumas na Sóisialaithe a chur faoi smacht. Mar sin, ar an 15 Mí na Samhna, ghlac parlaimint na Fionlainne an chumhacht is airde sa tír.

Ar an 27 Mí na Samhna, ceapadh Seanad nó rialtas nua a raibh Pehr Evind Svinhufvud ina chathaoirleach air. Ní raibh ach polaiteoirí neamh-Shóisialacha ina mbaill den tSeanad seo, ar a dtugtar Seanad an Neamhspleáchais:

  • Pehr Evind Svinhufvud, cathaoirleach an tSeanaid, páirtí na bhFionlannach Óg. Bhí Svinhufvud le seal a chaitheamh ina Uachtarán ar an bhFionlainn.
  • Onni Talas, i mbun chúrsaí an dlí is an chirt, páirtí na bhFionlannach Óg
  • Arthur Castrén, i mbun na gcúrsaí inmheánacha, páirtí na bhFionlannach Óg
  • Juhani Arajärvi, cúrsaí an airgeadais, na Sean-Fhionlannaigh
  • Kyösti Kallio, cúrsaí na talmhaíochta, páirtí na bhfeirmeoirí. Bhí Kallio ina Uachtarán ar an bhFionlainn ní ba deireanaí.
  • Eero Yrjö Pehkonen, ag cabhrú le Kallio, páirtí na bhfeirmeoirí
  • Jalmar Castrén, cúrsaí an tráchta agus na n-oibreacha poiblí, na Fionlannaigh Óga
  • Henrik Gabriel Renvall, cúrsaí na trádála agus na tionsclaíochta, na Fionlannaigh Óga
  • Oskari Wilho Louhivuori, cúrsaí an leasa shóisialta, na Sean-Fhionlannaigh

Ar an 4 Mí na Nollag, d'eisigh an Seanad seo an chéad dréacht d'fhorógra neamhspleáchais na Fionlainne. Ghlac an pharlaimint leis an bhforógra i ndiaidh guthaíochta ar an 6 Mí na Nollag 1917, agus is é an lá sin Lá Náisiúnta na Fionlainne inniu, nó itsenäisyyspäivä - Lá an Neamhspleáchais. Chaith na Sóisialaithe vóta in aghaidh an bhille, áfach, agus dhréachtaigh siad forógra neamhspleáchais dá gcuid féin.

Banghardaí Dearga ó Vihti

Níor bacadh mórán le Forógra an Neamhspleáchais san Fhionlainn ag an am. Cé go raibh an náisiúnachas ag dul i dtreise san Fhionlainn le fada, ní rabhthas ag éileamh neamhspleáchais iomláin fiú sna blianta 1899-1917, nuair a bhí na Rúisigh ag iarraidh an féinrialtas a chur ar ceal agus an tír a thabhairt chun Rúiseachais. Ina áit sin, bhí na Fionlannaigh ag dréim le hathbhunú an tsean-fhéinrialtais nó le hathaontú na Fionlainne leis an tSualainn mar phrionsacht. Nuair a gaireadh poblacht neamhspleách den Fhionlainn, ní raibh ann go bunúsach ach cineál fuascailt éigeandála.

Sa deireadh thiar thall, ní raibh ceachtar den dá mhórghrúpa cumhachta - na Sóisialaithe agus na buirgéisigh - ábalta an neamhspleáchas a chinntiú don Fhionlainn gan tacaíocht a lorg ón gceann eile. Ní raibh aon tír choimhthíoch tar éis aitheantas a thabhairt do neamhspleáchas na Fionlainne, agus d'admhaigh an Seanad féin gur chóir aitheantas na Rúise Sóivéadaí a fháil roimh aon rud eile. Bheadh na tíortha eile sásta glacadh leis an bPoblacht nua, dá mbeadh an Rúis Shóivéadach toilteanach slán agus beannacht a fhágáil ag an bhFionlainn faoi chroí mór maith. Ó b'iad na Sóisialaithe an dream ba mhó a bhí cairdiúil leis na Boilséivigh, chuaigh an Seanad ina dtuilleamaí le haitheantas na mBoilséiveach a iarraidh. Bhí fréamhacha na Sóisialaithe féin sa náisiúnachas Fionlannach, agus mar sin, chuaigh siad ag lorg an neamhspleáchais ó Léinín i Mí na Nollag. Theastaigh an neamhspleáchas ó na Sóisialaithe freisin, nó bhí an náisiúnachas láidir i measc lucht a dtacaíochta féin, agus iad buartha go gcaillfidís vótaí mura n-éireodh leo aitheantas Léinín a bhaint amach.

Johannes Pettersen, garda dearg (1918)

Le fírinne, ní raibh todhchaí an rialtais Bhoilséivigh soiléir go fóill i Mí na Nollag 1917, agus is dócha go mbeadh Léinín sásta neamhspleáchas a thabhairt do na Fionlannaigh fiú gan na Sóisialaithe mar lucht eadrána. Bhí Svinhufvud sách naimhdeach i leith na mBoilséiveach, rud a chuir cúl áirithe ar na himeachtaí. Sa deireadh thiar thall, ar an 31 Mí na Nollag 1917, chroith Léinín lámh le Svinhufvud agus é ag síneadh doiciméad an aitheantais chuige, doiciméad a bhí sínithe ag ceannairí na mBoilséiveach.

Roimh thús an chogaidh chathartha, fuair an Fhionlainn aitheantas a neamhspleáchais ón Rúis Shóiveadach, ón nGearmáin, ó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, ón bhFrainc, ón tSualainn, ón Danmhairg, ón Iorua, ón Eilvéis, agus ón nGréig. Ní raibh Sasana agus na Stáit Aontaithe sásta glacadh leis an bhFionlainn mar thír neamhspleách go fóill. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda á chur go fóill, agus an Fhionlainn ag comhoibriú leis an nGearmáin. Maidir leis an Rúis, bhí na cumhachtaí Iartharacha ag súil le rialtas frith-Bhoilséiveach a theacht i gceann na gcúrsaí i gCathair Pheadair a bheadh sásta an tír a tharraingt isteach sa chogadh in athuair.

San am céanna, bhí an Ghearmáin agus rialtas Boilséiveach na Rúise díreach ag tosú ag socrú síochána ar chathéadan thoir an Chéad Chogadh Domhanda. Chuaigh siad i dteagmháil le chéile ar an 1 Nollaig 1917, agus stad na trúpaí den lámhach ar an 6 Nollaig. Síníodh an chéad chonradh faoin sos cogaidh ar an 15 Nollaig, agus chuaigh ionadaithe an dá thaobh i gcomhchainteanna faoin tsíocháin i mBrest-Litovsk (inniu, Bieraście sa Bhealarúis) ar an 22 Nollaig. Bhí an Ghearmáin tar éis an Pholainn agus an Liotuáin a fhorghabháil, agus súil ag na Gearmánaigh go bhféadfaidís an dá thír a shealbhú don Ghearmáin. Thairis sin, áfach, bhí an Eastóin, an Laitvia, an Úcráin agus an Fhionlainn ag teastáil ón nGearmáin.

Gardaí Dearga, Gardaí Bána[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gardaí Dearga 1918
Garda ó Liminka nach raibh ach trí bliana déag d'aois

I ndiaidh Réabhlóid na Feabhra sa bhliain 1917, thit an tóin as na fórsaí slándála sa Rúis, an ghnáthchonstáblacht chomh maith leis na póilíní airm. Leis an éagmais seo a leigheas, bunaíodh fórsaí slándála neamharmtha ar dtús. I Mí na Márta agus i Mí Aibreáin, thosaigh na hiarrachtaí chun gardaí síochána - Cóir Chosanta - a bhunú in iardheisceart na Fionlainne. Faoin am seo a chuaigh an lucht oibre ag earcú fir le haghaidh a gcuid gardaí síochána féin. I dtosach báire, bhí an dá chineál gardaí ceaptha le bheith ag coimeád na síochána áitiúla, ach ansin, tháinig malairt cuma ar na cúrsaí. Na stailceanna a thosaigh sna monarchana agus sa talmhaíocht in Earrach na bliana 1917, chomh maith leis na trioblóidí a bhí ag dul leis an nganntanas bia níos deireanaí, agus imeachtaí den chineál seo, thaispeáin siad go raibh blas láidir den bhrúghrúpa pholaitiúil ar an dá shórt gardaí.

Creidtear go coitianta gur ceann de na cúiseanna ba mhó leis an gcogadh ná nach raibh fórsaí láidre slándála ná cosanta sa tír. Ní féidir a rá nach mbeadh cuid mhór den cheart anseo, ach is é an míniú is fearr le staraithe an lae inniu ná gur thit an tsochaí go léir as a chéile. In Earrach na bliana 1917, bhí aon rialtas amháin sa tír, is é sin, seanad Tokoi, ach ní raibh fórsaí maithe slándála ann. Le teacht an Fhómhair, bhí na cúrsaí bun os cionn leis an Earrach: ní raibh rialtas ceart ann, ach bhí dhá chineál fórsaí slándála ann. I ndeireadh na bliana 1917, tháinig an chumhacht fheidhmitheach chuici féin arís, agus thosaigh seanad Svinhufvud ag cur na síochána ar bun arís. Faoin am seo, áfach, bhí an dá chineál Gardaí tar éis cumhacht a thiomsú chucu féin beag beann ar an rialtas, agus nuair a chinn an Seanad arm oifigiúil na Fionlainne a ghairm de na Bána, phléasc cogadh amach idir iadsan agus na Dearga.

Na Cóir Chosanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an tSamhraidh 1917, bhunaigh coimeádaigh agus buirgéisigh cóir chosanta ar fud na tíre. Bhí 250-300 cór ann le teacht an Fhómhair. B'é coimeád na síochána ba phríomhthucaid le bunú na gcór seo, ach ar chósta thiar na tíre, thosaigh an mhíshástacht leis na reachtanna um choigistiú an bhia ag imirt a tionchair ar na cóir. In iardheisceart na tíre agus i gceantar Satakunta (timpeall ar Pori, Rauma, agus Kokemäki), bhí na cúrsaí ag dul chun teannais idir na feirmeoirí saibhre agus na scológa bochta. In oirthear na tíre, bhí na náisiúnaithe Fionlannacha an-ghníomhach ag iarraidh téisclim armtha a dhéanamh le go bhféadfaí an tír a scaradh agus a choinneáil scartha ón Rúis. I Mí na Nollag 1917, bhí 20,000 fear ar fiannas sna Cóir Chosanta, agus i gceann an chéad mhí eile, bhí an oiread eile ann - 40,000 ar fad. Fuarthas na raidhfilí ó cheannaithe arm i gCathair Pheadair agus i Viipuri (in oirthear na Fionlainne, inniu Vyborg sa Rúis). I ndiaidh na stailce móire i Mí na Samhna 1917, thosaigh na cóir chosanta éagsúla ag teacht le chéile leis na cuspóirí céanna a bhaint amach: na saighdiúirí Rúiseacha a ruaigeadh as an bhFionlainn, na Gardaí Dearga a choinneáil faoi smacht, an tsíocháin agus an tslándáil phoiblí a chur ar bun sa tír arís agus leas polaitiúil na mbuirgéiseach a chosaint. Níor éirigh leis na Cóir Chosanta, áfach, cur le chéile i gceart ach tamall i ndiaidh thús an chogaidh. An dóigh a raibh na Cóir Chosanta ag gníomhú beag beann ar a chéile in Eanáir 1918, chuir sé tuilleadh luais faoin bhforbairt i dtreo an chogaidh.

Na Gardaí Dearga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, ba leasc leis an bPáirtí Daonlathach Sóisialta gardaí síochána lucht oibre a bhunú. Na gardaí dearga a bunaíodh sa bhliain 1905, chuaigh siad chun cearmansaíochta ar an bpáirtí féin sa deireadh, agus mar sin, níor theastaigh ón bpáirtí an botún céanna a dhéanamh in athuair. Ar an 12 Bealtaine 1917, tháinig sean-Ghardaí na bliana 1905 le chéile i mórchruinniú Kaisaniemi i Heilsincí, agus bhí cruinnithe den chineál chéanna i dTampere agus in áiteanna eile freisin leis na sean-Ghardaí Dearga a athbheochan. Bhí an páirtí an-mhíshásta go rabhthas ag baint fola as an seancholm seo. Ní féidir a rá gurbh ionann mar rud iad Gardaí Síochána an Lucht Oibre agus na Gardaí Dearga i dtús báire. In áiteanna, bhí idir Ghardaí Síochána agus Ghardaí Dearga ag druileáil, agus na Gardaí Síochána ní ba láidre, de ghnáth. I ndiaidh na díospóireachta faoi Acht na gCumhachtaí, chomh maith le scor na parlaiminte agus leis an olltoghchán nach raibh ag fabhrú don pháirtí, tháinig athrú dearcaidh ag na Daonlathaigh Shóisialta féin ar na Gardaí. Thairis sin, bhí a fhios ag Sóisialaithena Fionlainne go raibh Boilséivigh na Rúise ag beartú an chumhacht a shealbhú i gCathair Pheadair, agus theastaigh ó na Sóisialaithe san Fhionlainn aithris a dhéanamh orthu. Ar an 20 Deireadh Fómhair 1917 thug na ceardchumainn agus an páirtí ordú oifigiúil chun Gardaí Síochána a bhunú i Heilsincí chomh maith le háiteanna eile. Go bunúsach, theastaigh uathu nach n-earcófaí ach gníomhaithe iontaofa de chuid an Pháirtí agus na gceardchumann ina nGardaí. Bhí Gardaí Síochána an Lucht Oibre ceaptha leis an tsíocháin a choimeád agus a chosaint, ach san am céanna, ba ghléas nua iad le tuilleadh cumhachta a bhaint amach don eite chlé. Bunaíodh cuid mhaith Gardaí den chineál seo i nDeireadh Fómhair agus le linn na stailce móire i Mí na Samhna, nó bhí timpeall ar 350 díorma ann i ndiaidh na stailce. Bhí 30,000-35,000 fear ar fiannas i nGardaí an Lucht Oibre i ndeireadh na bliana 1917, agus iad ag dul chun tábhachta mar mheáchanlár cumhachta sa tír. Fuair na Gardaí seo an chuid ba mhó de na raidhfilí ó na Rúisigh.

Na Gardaí Dearga ag dul chun radacachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saighdiúirí Gearmánacha i Heilsincí, 1918
Evert Eloranta

I rith na stailce móire i Mí na Samhna 1917, chuaigh cuid mhór de Ghardaí Síochána an Lucht Oibre chun radacachais, díreach mar ab eagal le lucht ceannais an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta. Thosaigh siad ag déanamh foréigin ar dhaoine ar chúiseanna polaitiúla, agus iad ag iarraidh dul ó smacht an pháirtí, cosúil leis an mbliain 1905. Mar sin, bhí an Páirtí tar éis meáchanlár cumhachta nua a bhunú sa tír, díreach mar a rinne na buirgéisigh, nuair a chuir siad tús leis na Cóir Chosanta. Bhí na Cóir Chosanta féin ag éirí i bhfad ní ba mhíshásta leis na Gardaí Dearga, ó tuigeadh dóibh go bhféadfadh na Sóisialaithe radacacha réabhlóideacha a bheith dainséarach i ndáiríre. Ansin, chuaigh na coimeádaigh ag lorg cuidiú ón nGearmáin. Na gníomhaithe radacacha náisiúnaíocha a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach don tír le cuidiú na Gearmáine, fuair siad tacaíocht phríomhshruth na mbuirgéiseach anois. Is dócha go bpléascfadh an cogadh cathartha amach chomh moch le Mí na Samhna 1917, dá mbeadh níos mó raidhfilí ag an dá chineál Gardaí.

Chomh deireanach le Mí na Nollag 1917, d'eisigh an Páirtí Daonlathach Sóisialta forógra oifigiúil ag áitiú gur chóir do Ghardaí an Lucht Oibre urraim a thabhairt don Pháirtí. Mar sin féin, i dtús na bliana 1918, dhiúltaigh na Gardaí Dearga ba láidre i ndeisceart na tíre - na cinn i Heilsincí, i gKotka agus i dTúrcú - do na forógraí seo, agus iad ag tabhairt dúshlán an Pháirtí go hoscailte. Bhí an lá ag na radacaigh, agus bhris an cogadh amach. San am céanna, thosaigh Arm Bán na Fionlainne ag forbairt ar dhúshraith na gCór Cosanta, agus sa deireadh, chuir an tArm seo cogadh ar Fhionlannaigh eile.

Is léir go raibh an chuid ba mhó de chosmhuintir an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta in aghaidh an réabhlóideachais agus an chogaidh chathartha. Iad siúd a ghlac an cinneadh deireanach, b'iad na ceannairí sin de chuid an pháirtí a bhí ag braiteoireacht idir an réabhlóid agus an parlaiminteachas ó Fhómhar na bliana 1917 ar aghaidh. Bhí cuid de na daoine measartha den bharúil gurbh fhearr scoilteadh glan a dhéanamh agus na radacaigh a chaitheamh as an bpáirtí. Ó bhí eagla ar an gcuid eile de lucht na measarthachta féin roimh na Cóir Chosanta, agus na Gardaí Dearga ag teastáil uathu mar sciath chosanta. Cosúil leis sin, bhí lucht na measarthachta ag cailleadh cumhachta ar an taobh eile den chlaí, agus iad siúd a bhí ag éileamh go gcuirfí na Dearga faoi chois le lámh láidir ag fáil tuilleadh tacaíochta.

Oifigigh dhearga

Cnámh na hUillinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na bliana 1917, theip ar an dá bhloc cumhachta síocháin inmheánach na sochaí a shábháil. I Mí Eanáir 1918, chuaigh na cúrsaí go sciobtha chun géaradais, nó má rinne ceann den dá pháirtí a dhath as bealach - aon bheart feiceálach polaitiúil nó míleata - thug an páirtí eile cor in aghaidh an chaim ar an toirt. Ní raibh na Bána ná na Dearga fonnmhar chun comhréitigh, agus an dá thaobh ag déanamh téisclime chun cogaidh, ag ceannach raidhfilí agus lón cogaidh. Bhí na Gardaí Dearga fiú ag éirí bagrach ar lucht na measarthachta sa Pháirtí Daonlathach Sóisialta. Ar an 12 Eanáir 1918, bhronn an Pharlaimint na cumhachtaí ar an Seanad "an tsíocháin a dhaingniú" sa tír, le cuidiú na gCór Cosanta. Nuair a chuala na Gardaí Dearga iomrá air seo, tháinig an-deifir orthu ullmhú chun cogaidh. Ar ndóigh, bhí an dá thaobh ag áitiú ar lucht a leanúna go raibh na Gardaí de dhíth mar sciath chosanta ar an taobh eile.

A Russian armoured train, Partizan, is pictured motionless on its tracks. The train is shown to have three cars and a weapon at its front, hidden beneath armour plating. The train assisted the Red war effort in the Vyborg area.
Traein armtha i Vyborg

Cuireadh gairm ar Carl Gustaf Emil Mannerheim, ginearál Fionlannach in Arm Impiriúil na Rúise dul i gceannas ar na Cóir Chosanta. Ar an 25 Eanáir 1918, gaireadh Arm Sheanad na Fionlainne de na Cóir Chosanta. Níor ghabh na Gardaí Dearga leor leis seo, go háirithe ó bhí siad ag dul i dtreise buíochas leis an gcoinsíneacht arm a bhí geallta ag Léinín agus a tháinig go dtí an Fhionlainn ar an 26-27 Eanáir. Thosaigh na chéad scliúchais idir an dá chineál gardaí ar an 17-20 Eanáir i Viipuri agus in áiteanna eile in oirthear na tíre, rud a raibh an dá thaobh ciontach ann. Ar an 26 Eanáir, chuaigh na fíor-Ghardaí Dearga agus Gardaí Síochána an Lucht Oibre le chéile in aon eagraíocht armtha amháin, mar atá, Gardaí Dearga na Fionlainne, agus cuireadh gairm shlógtha ar na gardaí seo ar an 27 Eanáir ar a haon déag a chlog iarnóna. I nDeisceart na hOstrabóitne, thosaigh na Cóir Chosanta ag dí-armáil na ngarastún Rúiseach ar an 28 Eanáir, de réir mar a d'ordaigh Mannerheim. Bhí Cogadh Cathartha na Fionlainne pléasctha amach.

Cuspóirí an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Dá Fhionlainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'iompaigh géarchéim na Fionlainne ina cogadh cathartha, chuir an dá thaobh de phríomhchuspóir rompu féin an namhaid a chloí agus leas a lucht leanúna féin a chinntiú. Ní raibh ceachtar den dá thaobh ag cur in aghaidh neamhspleáchas na Fionlainne, ach bhí siad ag teacht salach ar a chéile faoi cé a bhí i dteideal na cumhachta polaitiúla agus cén déanamh ba chóir a chur ar struchtúr polaitiúil inmheánach na Fionlainne. Ón taobh eile de, bhí dornán daoine ar an dá thaobh nach raibh dóchasach as neamhspleáchas na Fionlainne, agus iad den tuairim gur chóir an tír a chur faoi choimirce na Rúise (mar a theastaigh ó dhaoine den chineál seo i measc na nDearg) nó na Gearmáine (mar a theastaigh óna leithéidí sin i measc na mBán).

Dhréachtaigh Toscaireacht Phobail na Fionlainne, agus Kullervo Manner i gceannas uirthi, bille bunreachta don tír a bhí bunaithe ar smaointeachas Sóisialach Daonlathach, agus tionchar air ag bunreachtanna na Stát Aontaithe agus na hEilvéise. Bhí idéalachas Réabhlóid na Fraince le haithint ar an dréachtdhoiciméad seo chomh maith. Ar an 23 Feabhra 1918, chuir an Toscaireacht Phobail an bille seo faoi bhráid Phríomh-Chomhairle an Lucht Oibre, agus ar an 1 Márta, shínigh an Toscaireacht agus Rialtas Boilséiveach na Rúise conradh comhoibrithe le chéile.

A map illustrating the main offensives until April 1918. The Whites conquer the Red stronghold of Tampere in a decisive battle and defeat the Finnish-Russian Reds at the Battle of Rautu on the Karelian Isthmus.
ionsaithe, 6 Aibreán, 1918.ː Tampere agus Cath Rautu

██ Areas controlled by the Whites

██ White offensive

██ Areas controlled by the Reds

██ Red offensive

Teimpléad:Legend-line

Cuireadh i leith na nDearg, níos deireanaí, go ndéanfaidís poblacht Shóivéadach den tír dá ngnóthóidís an cogadh. Níorbh é sin an cuspóir a bhí ag an Toscaireacht Phobail féin ná ag lucht na measarthachta san Fhionlainn Dhearg. Ón taobh eile de, áfach, bhí Boilséivigh Fhionlannacha agus Gardaí Dearga radacacha ann agus iad i bhfad ní b'fhonnmhaire chun an Fhionlainn a aontú leis an Rúis Shóivéadach. Is dócha go mbeadh coimhlint bhinbeach idir an dá chineál Sóisialaithe - iad siúd a raibh neamhspleáchas ag teastáil uathu agus an dornán a bheadh sásta an Fhionlainn a Shóivéadú - dá mbeadh an lá ag na Dearga sa chogadh chathartha.

Bhí sé de chuspóir ag an Seanad i Vaasa an chumhacht i ndeisceart na tíre a bhaint amach don rialtas bhuirgéiseach in athuair. I ndiaidh an bhua sa chogadh, bhí cumhacht an rialtais le daingniú is le cinntiú le lámh láidir - le tacaíocht na gCór Cosanta nó fiú Arm Impiriúil na Gearmáine. Bhí cuid mhór de na Bána inbharúla nach raibh an iomarca daonlathais oiriúnach do na Fionlannaigh - féach na Dearga mar shampla - agus gur chóir srianta a chur leis an daonlathas trí chóras monarcach a chur ar bun. Bhí lucht na measarthachta ar an taobh Bán ag cur in aghaidh an mhonarcachais agus ladar na Gearmáine i gcúrsaí na Fionlainne, go háirithe i dtús an chogaidh. Cosúil leis sin, bhí an Ginearál Mannerheim agus na hóglaigh a fuair oiliúint in Arm na Gearmáine ag teacht salach ar a chéile faoi ról na Gearmáine. Bhí a fhios ag Mannerheim nach raibh na Gardaí Dearga thar moladh beirte mar shaighdiúirí agus nach raibh cuma ab fhearr ná sin ar arm na Rúise faoi láthair. Mar sin, bhí sé barúlach go dtiocfadh raidhfilí Gearmánacha isteach áisiúil, ach ní raibh saighdiúirí Gearmánacha ag teastáil uaidh. Bhí na hóglaigh - na Jäger - agus na gníomhaithe a d'earcaigh na Jäger den tuairim, arís, gur chóir don Fhionlainn comhoibriú go dlúth leis na Gearmánaigh. Chreid Mannerheim go mbeadh an lá leis na comhghuaillithe sa chogadh mhór, agus bhí cuspóirí pearsanta aige nach raibh teoranta don Fhionlainn. Is amhlaidh gur theastaigh uaidh an rialtas Boilséiveach a chloí i gcomhar le ginearáil Bhána na Rúise agus leis na Sasanaigh agus na Francaigh. Bhí Mannerheim agus na Bána eile ar aon fhocal, áfach, faoi chomh riachtanach agus a bhí sé tuilleadh tailte a shealbhú in Oirthear na Cairéile - bhí canúintí á labhairt ansin a bhí gaolmhar leis an bhFionlainnis, ach ní raibh na ceantair sin ina gcuid d'Ard-Diúcacht na Fionlainne riamh.

An Rúis is an Ghearmáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag caitheamh an chéad spléachadh duit ar chuspóirí agus ar ghníomhartha na Rúise Sóivéadaí san Fhionlainn, shílfeá go raibh siad ag teacht salach ar a chéile. Ar dtús, bhronn siad neamhspleáchas ar an bhFionlainn agus ar roinnt tíortha eile a bhí ag iarraidh slán a fhágáil ag an Rúis. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhorghabh na Sóivéadaigh cuid mhór de na tíortha seo arís, agus iad ag áitiú nach raibh siad ach ag teacht chun fortachta dá gcuid cairde ansin. Le fírinne, b'fhearr le Léinín an Fhionlainn a choinneáil faoi fhorlámhas na Rúise ar chúiseanna míleata agus fiú inmheánacha, ach b'éigean an tír a thabhairt suas. Bhí an Ghearmáin ag cur brú ar na Sóivéadaigh, agus na trúpaí Francacha agus Sasanacha ag dul i dtír sa Rúis féin le ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na tíre. Thairis sin, bhí sé ag dul rite leis na Boilséivigh greim a choinneáil ar an Rúis féin, agus an tír ina cíor thuathail i ndiaidh na réabhlóide. Mar sin, chuir Léinín an plána mín ar cheist na Fionlainne, agus é ag tabhairt le fios go raibh sé sásta saoirse a thabhairt do na Fionlannaigh faoi chroí mór maith, le teann na mórurraime a bhí aige do phrionsabal an fhéinchinntiúcháin náisiúnta. Nuair a bhris an cogadh amach sa bhliain 1918, áfach, chuidigh sé go fial flaithiúil leis na Gardaí Dearga san Fhionlainn. Dá mbeadh an lá leis na Dearga, mhaolódh sé go mór ar chruachás na mBoilséiveach. Is beag cabhair a bhí na Rúisigh in ann a thabhairt do na Dearga san Fhionlainn, agus iad féin i ndrocháit.


Fuair na Dearga dhá chineál tacaíochta ón Rúis Shóivéadach: idir raidhfilí do na Gardaí Dearga Fionlannacha agus shaighdiúirí, is é sin, trúpaí Rúiseacha a bhí dílis don rialtas Bhoilséiveach. Na trúpaí Impiriúla - iarshaighdiúirí de chuid Arm Impiriúla na Rúise - a bhí fágtha ar an mblár fholamh san Fhionlainn, bhí siad ag imeacht as an tír go tiubh téirimeach, agus Leon Trotscaí ag áitiú orthu an Fhionlainn a thréigean. Is é an cuspóir a chuir Trotscaí roimhe féin ná arm nua a chur i dtoll le chéile don Rúis Shóivéadach i gCathair Pheadair - Arm Dearg an Lucht Oibre agus na dTuathánach. Is é an ráiteas poiblí a chuala an saol mór ó Léinín ná: "Cuirfidh muid raidhfilí go dtí an Fhionlainn, ach staonfaidh muid ó thrúpaí a chur ansin, ó tháinig chun solais nach féidir na trúpaí a thrust." Mar sin féin, bhí an rialtas Sóivéadach ag cur trúpaí armtha go dtí an Fhionlainn chomh maith. Thairis sin, d'fhógair na Sóivéadaigh cogadh do "Ghardaí Bána frithréabhlóideacha na Fionlainne". Bhí siad míshásta, ar ndóigh, leis an dóigh a raibh na Fionlannaigh Bhána ag dí-armáil na dtrúpaí Rúiseacha i nDeisceart na hOstrabóitne, agus thairis sin, bhí siad dóchasach go mbrisfeadh réabhlóid Shóisialach amach i Lár na hEorpa chomh maith, faoi thionchar na Rúise. Bhí an Rúis chomh fannlag san am agus nach raibh i gceist le fógairt seo an chogaidh ach iarracht chun brú polaitiúil a chur ar an bhFionlainn.

A map illustrates the final battles of the war. The Reds do not mount any more offensives, while the Imperial German Army lands from the Gulf of Finland behind the Reds and captures the capital of Helsinki. The Whites attack all along the front southwards.
Na Gearmánaigh sa desiceart agus ionsaithe i Karelia.

██ Areas controlled by the Whites or Germans

██ White offensive

██ German offensive

██ Areas controlled by the Reds

Teimpléad:Legend-line

Maidir le hImpireacht na Gearmáine, bhí cúiseanna cumhachta, eacnamaíochta agus míleata aici le ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na Fionlainne. Theastaigh ó na Gearmánaigh a n-úsáid féin a bhaint as acmhainní nádúrtha na tíre. Ó bhí Cathair Pheadair in aice le teorainn thoir na Fionlainne, shíl na Gearmánaigh go bhféadfaidís brú míleata agus polaitiúil a chur ar phríomhchathair na Rúise trí thrúpaí a chur ar garastún in Oirthear na Fionlainne. Thairis sin, bhí na Gearmánaigh buartha faoin ngníomhaíocht a bhí idir lámha ag Cabhlach Ríoga na Sasanach san Aigéan Artach agus chois Murmansk. D'iarr na náisiúnaithe Fionlannacha ar na Gearmánaigh dul i dtír san Fhionlainn i samhradh na bliana 1917, ach san am sin, b'é príomhchuspóir na Gearmáine ná conradh síochána a shíniú leis na Rúisigh, ionas go bhféadfadh an Ghearmáin iomlán a trúpaí a chaitheamh sa chathéadan thiar. Thosaigh na comhchainteanna síochána i mBrest-Litovsk i Mí na Nollag 1917, ach le linn na gcomhchainteanna, fuair na Fionlannaigh geallúint go raibh na hÓglaigh Fhionlannacha le teacht abhaile ón nGearmáin a thúisce agus ab fhéidir. Thairis sin, dhíol na Gearmánaigh 70,000 raidhfil leis na Cóir Chosanta. Ar an 10 Feabhra 1918, chinn Trotscaí ar éirí as na comhchainteanna, cé go raibh Léinín toilteanach an tsíocháin a shocrú leis na Gearmánaigh. Chomhairligh na Gearmánaigh cromadh ar an gcogaíocht arís, ó nach raibh síocháin ar bith le teacht. Anois, áfach, thug siad le fios do na gluaiseachtaí náisiúnaíocha san Fhionlainn agus sna tíortha eile a bhí ag iarraidh a neamhspleáchas a bhaint amach ón Rúis, - thug na Gearmánaigh le fios dóibh seo go dtiocfaidís chun fortachta dóibh ach iad cabhair a iarraidh ar an nGearmáin. Rinne an Seanadóir E. Hjelt mar a hiarradh air. D'ionsaigh na Gearmánaigh an Rúis ar an toirt, agus ní raibh na Rúisigh ábalta an t-ionradh a stopadh. Ar an 3 Márta 1918, shínigh Léinín an conradh síochána i mBrest-Litovsk, agus é sásta an Úcráin, an Pholainn, an Fhionlainn, agus na tíortha Baltacha a thabhairt uaidh. Bhí lucht ceannasaíochta an Airm Impiriúil sa Ghearmáin tar éis Léinín a chur go dtí an Rúis le súil is go n-éireodh leo síocháin chomh fabhrach seo a bhaint amach ón Rúis, agus fíoraíodh an dóchas anois.

Imeachtaí an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scliúchais sa Chairéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis go coitianta gur thosaigh na Gardaí Dearga ar an gcogaíocht ag a haon déag iarnóna ar an 27 Eanáir 1918, agus gur chrom na Bána ar an obair chéanna ag a trí réamhnóna ar an 28 Eanáir, is é sin, ceithre huaire an chloig níos déanaí. Ní raibh an scéal chomh simplí sin, nó roimhe sin féin, thosaigh an dá chineál Gardaí ag cur catha ar a chéile sa Chairéil - in Oirthear na Fionlainne - agus chuaigh na scliúchais sin an oiread i ngéaradas agus go raibh cogadh cathartha ar siúl ansin i bhfad roimh dheireadh Mhí Eanáir. Bhí cathair Viipuri, cathair mhór Oirthear na Fionlainne, ar ceann de na háiteanna ba thábhachtaí ó thaobh na cogaíochta de, agus creidtear go raibh lucht ceannasaíochta an dá chineál Gardaí ag saighdeadh a gcuid cairde i Viipuri chun gnímh. Theastaigh ón dá thaobh Viipuri a shealbhú, ach thairis sin, bhí cuid mhór raidhfilí agus trealamh cogaidh eile sa chathair a bhí de dhíth ar na Dearga agus ar na Bána araon.

Thosaigh an chogaíocht ar an 17-20 Eanáir 1918. Ar dtús, chreach na Dearga armlann an Chóir Chosanta áitiúil, ach go gairid ina dhiaidh sin, cheap na Bána coinsíneacht raidhfilí a bhí ag dul do na Dearga i Mikkeli. Ar an 21 Eanáir, d'iarr na Bána i Viipuri ar na cóir chosanta sna ceantair thuaithe máguaird teacht chun fortachta dóibh, agus ar an 22 Eanáir, shealbhaigh an mhuintir isteach seo stáisiún iarnróid na cathrach. Sa deireadh thiar thall, áfach, b'éigean dóibh cúlú ó lár na cathrach go Venäjänsaari. Lean an cathlán leis ag cur troda ar an 27 Eanáir i gKämärä taobh theas de Viipuri, áit ar stop sé na traenacha arm a bhí ag teacht ó Chathair Pheadair, agus na Gardaí Bána ag iarraidh na raidhfilí agus an lón cogaidh a bhí ag teacht ar na traenacha seo a sciobadh leo. Bhí na traenacha ag iompar na n-arm a bhí geallta ag Léinín do Ghardaí Dearga na Fionlainne, agus b'iad Eino Rahja agus Jukka Rahja - na deartháireacha Boilséiveacha Fionlannacha - a bhí i gceannas ar na traenacha. Sa deireadh thiar, b'éigean do na Gardaí Bána an cath faoi na traenacha a thabhairt suas, agus bhain na traenacha amach Viipuri sa deireadh. B'iad na Dearga a d'fhan i gceannas ar an gcathair ar feadh tamaill.

A Red Guard cavalry commander is pictured on top of his horse from the left side during the winter. A few cottage-like houses are in the background and the commander is equipped with a white sword scabbard, clearly visible from the rest of his clothing.
Garda dearg Verner Lehtimäki 1918

Ghlac saighdiúirí Rúiseacha páirt sna scliúchais sa Chairéil, ach má ghlac féin, ní raibh ceannasaíocht ná comandracht ann a choinneodh faoi smacht iad. Bhí saighdiúirí Rúiseacha measctha tríd na Dearga a bhí ag cur troda ar na Bána sa chathair ar an 19 Eanáir agus ar an 22 Eanáir, ach d'fhan an chuid ba mhó den gharastún thiar sna beairicí, nó ní raibh de chroí acu an áit a fhágáil. Ar an 23 Eanáir, áfach, thug coimiseár cúrsaí cogaidh na Rúise, N. Podvoysky, ordú do na saighdiúirí Rúiseacha na Gardaí Bána sa cheantar a dhí-armáil. Idir an dá linn, bhí an cogadh idir na Bána agus na Dearga ag dul i ngéaradas go tiubh, nó bhí na Cóir Chosanta tar éis trúpaí Rúiseacha a dhí-armáil i Sortavala, Antrea, agus i Joensuu. An t-ordú seo a thug Podvoysky, ní raibh sé ag teacht le cinneadh an choiste réigiúnda Rúisigh, a bhí den tuairim gurbh fhearr do na saighdiúirí Rúiseacha gan ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na Fionlainne. Sa deireadh thiar, b'éigean do Podvoysky a ordú a tharraingt siar, nó ní raibh na saighdiúirí Rúiseacha i Viipuri sásta aird a thabhairt air pé scéal é.

A parade of Finnish Jägers at the Vaasa town square. Spectators are gathered around the soldiers in the background. General Mannerheim is inspecting the formation in the foreground.
Vaasa, 26 Feabhra 1918. agus C. G. E. Mannerheim.

Bhí lucht ceannasaíochta na nDearg i Heilsincí buartha faoin dóigh a raibh na Bána ag iarraidh na traenacha arm a stopadh, agus ar an 23 Eanáir, chuir siad gairm shlógtha ar na Gardaí Dearga timpeall an iarnróid ó Heilsincí go Cathair Pheadair. Bhí na Gardaí seo leis an iarnród agus na traenacha a chosaint ar na Bána. Rinne an ghairm shlógtha seo luas leis an réabhlóid san Fhionlainn. Mar shampla, bhí Kotka suite chois an iarnróid, agus na Gardaí Dearga ansin an-líonmhar agus an-láidir. Nuair a chonaic na Bána na sluaite Dearga seo ag máirseáil chun cogaidh, ní raibh siad mall ag tabhairt freagra. Ar an 22 Eanáir 1918, díreach nuair a bhí na Bána agus na Dearga ag troid a chéile timpeall Viipuri, chuir an Leifteanant Woldemar Hägglund (duine de na Jäger, na hÓglaigh a tháinig ón nGearmáin), agus é i gceannas ar na Bána ansin, - chuir sé an sreangscéal seo chuig Mannerheim:

Tá fir na Cairéile go léir ag dul chun cogaidh leis an tír a shaoradh ó náire na hainrialach. Tá muinín againn as fir chróga na hOstrabóitne go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas chomh maith.

Tús an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gluaisteán armúrtha de chuid na nGardaí Dearga sealbhaithe ag na Bána - Tampere, 1918

Le teacht na hoíche ar an 26 Eanáir, d'ardaigh na Dearga laindéar dearg ar thúr Áras an Lucht Oibre i Heilsincí mar chomhartha go raibh réabhlóid tosaithe sa chathair. Shealbhaigh na Gardaí Dearga Heilsincí ar maidin ar an 28 Eanáir. Thréig seisear Seanadóirí an phríomhchathair le haghaidh a thabhairt ar Vaasa, áit ar lean siad leo ag obair mar Sheanad Vaasa. D'fhéach Pehr Evind Svinhufvud, cathaoirleach an tSeanaid (is é sin, an Príomh-Aire), d'fhéach sé le Vaasa a bhaint amach ar eitleán de chuid chabhlach na Rúise, ach níor éirigh leis an eitleoir Fionlannach an t-inneall a thosú. Sa deireadh, thug an Tarmo, bristeoir oighir Fionlannach, an Príomh-Aire go Taillinn san Eastóin, agus ina dhiaidh sin, rinne Svinhufvud a bhealach tríd an nGearmáin agus an tSualainn go Tuaisceart na Fionlainne. Níor éalaigh gach duine de na polaiteoirí buirgéiseacha go Vaasa. D'fhan Kaarlo Juho Ståhlberg agus Lauri Ingman, mar shampla, ar a seachnadh i Heilsincí go dtí gur tháinig na Gearmánaigh.

Ar dtús, bhí an cathlán idir an Fhionlainn Dhearg agus an Fhionlainn Bhán ag rith, a bheag nó a mhór, de réir na líne Pori - Ikaalinen - Kuru - Vilppula - Länkipohja - Padasjoki - Heinola - Mäntyharju - Savitaipale - Lappeenranta - Antrea - Rautu. Ar an dá thaobh, áfach, fágadh an dream "mícheart" i seilbh na corr-áite. San Fhionlainn Bhán, d'éirigh leis na Dearga Oulu, Tornio, Kemi, Raahe, Kuopio agus Varkaus a shealbhú. San Fhionlainn Dhearg, arís, bhí na Bána i gceannas ar Uusikaupunki, Siuntio, Kirkkonummi agus timpeallacht Porvoo. Níor mhair na hoileáin imdhruidte i bhfad, áfach. An cineál trúpaí a raibh an lámh in uachtar acu sna ceantair máguaird, ghabh siad na "bunáiteanna" seo i rith na Feabhra.

Bhí an-pháirt ag na hiarnróid sa chogadh seo, agus na trúpaí á n-iompar ar na traenacha. Mar sin, is iomaí cath a cuireadh faoi na hacomhail iarnróid cosúil le Haapamäki, Tampere, Kouvola agus Viipuri. Bhí timpeall ar 50,000-90,000 saighdiúir ag troid ar gach taobh i rith an chogaidh. Óglaigh - is é sin, saighdiúirí saorthoilteanacha - ab ea an chuid ba mhó de na Dearga. Ar an taobh bán, bhí timpeall ar 11,000-15,000 saighdiúir deonacha ag troid. An chuid eile de na trúpaí, ba choinscríofaigh iad, nó cuireadh an Coinscríobh Ginearálta i bhfeidhm san Fhionlainn Bhán ar an 18 Feabhra 1918. An chuid ba mhó de na hóglaigh a chuaigh san arm ar an dá thaobh ní raibh siad ach ar lorg tuarastail agus bia, ach ar ndóigh, is follasach go raibh tucaidí idéalacha ag cuid mhór acu freisin, agus ba mhinic a bhí a muintir ag cur brú orthu liostáil. Ar an taobh dearg, bunaíodh, fiú, complachtaí bansaighdiúirí, agus cailíní óga ag troid iontu - timpeall ar dhá mhíle bean ar fad. Bhí cuid mhaith déagóirí óga páirteach sa chogadh ar an dá thaobh, nach raibh ach 15 go 17 mbliana d'aois.

B'iad na feirmeoirí agus an lucht léinn crann taca an Airm Bháin. Maidir leis na Gardaí Dearga, fir oibre ó na cathracha agus scológa bochta ón tuath a bhí ina mbunús.

Gardaí dearga, Ruovesi

Na Gardaí Dearga ag Cogaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús an chogaidh, ó dheireadh Mhí Eanáir go lár na Márta, b'iad na Dearga a bhí ag ionsaí agus ag dul chun cinn. Ar dtús, b'é Ali Aaltonen a bhí ina cheannasaí ar an Arm, ina dhiaidh sin Eero Haapalainen. Tháinig triúracht cheannasaíochta i gcomharbas ar Haapalainen, a raibh Eino Rahja, Adolf Taimi, agus Evert Eloranta uirthi. D'fhág siadsan an cheannasaíocht ag Kullervo Manner ina ndiaidh. Ní raibh sé i bhfad ag teacht chun solais nach raibh na Dearga thar mholadh beirte mar fhórsaí armtha. Ní raibh mórán oiliúna míleata ar na hoifigigh ná ar na gnáthshaighdiúirí. Ar dtús, bhí na hurchair thaismeacha ní ba dhainséaraí ná an lámhach a bhí ag teacht ó na trúpaí bána. Ní raibh eagraíocht cheart ar an arm ach an oiread. Dáiríre is ar éigean a bhí an t-arm dearg ag obair ar aon leibhéal ab airde ná an complacht. Toghadh na cinn chomplachta as measc na ngnáthshaighdiúirí ar vóta, rud a d'fhág go raibh siad an-éagsúil mar cheannasaithe. Ní raibh na Gardaí Dearga in ann mórán teannais ná eagla a sheasamh i machaire an áir, agus ba mhinic a tháinig táinrith agus scaipeadh na mionéan orthu. D'fhéadfadh trúpa iomlán saighdiúirí an cathéadan a thréigean agus filleadh abhaile.

scuad lámhaigh, Länkipohja 1918

Is léir gurb iomaí ceannasaí nua sciliúil a d'éirigh as measc na nGardaí Dearga trína ghaisce a thaispeáint go praiticiúil. Fir den chineál seo ab ea Hugo Salmela, Mikko Kokko, Oskari Rantala agus Jalmari Parikka. Níor leor cúpla fear a raibh éirim cheannasaíochta acu, áfach, le fadhbanna na nGardaí Dearga go léir a fhuascailt. D'fhéach na Dearga leis an ngalar a leigheas trí Scoil Mhíleata Kallio a bhunú i gceantar Kallio i Heilsincí le hoiliúint a chur ar oifigigh nua Dhearga, ach briseadh an cogadh ar na Dearga sula raibh an chéad chúrsa críochnaithe. Sa deireadh, chuaigh ionsaithe na nDearg in abar faoi lár Mhí na Márta, ó bhí an misneach ag teip ar na gnáthshaighdiúirí, agus na scileanna oirbheartaíochta gann ag na hoifigigh.

Bhí an-fhrustrachas ar na Dearga nuair a fuair siad amach nach raibh mórán maithe iontu le cogadh a chur, agus is féidir a mhaíomh gurbh é an frustrachas seo ba chúis le cuid mhór den Sceimhle Dearg. D'éirigh leis na Dearga, áfach, an-troid a chur ar a son i Hauho agus i dTuulos nuair a bhí an tAibreán ag druidim chun deiridh. Sna cathanna seo, bhí na Dearga ag cosaint na sibhialtach a bhí ag éalú leo go dtí an Rúis roimh na trúpaí Bána, ach bhí an cogadh caillte cheana féin.

Na Trúpaí Rúiseacha san Fhionlainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gardaí dearga le bratach bhán

Bhí arm na Rúise ag titim as a chéile le teann tuirse agus lagmhisnigh i ndiaidh an chogaidh fhada. Mar sin, níor ghlac saighdiúirí Rúiseacha páirt sna cathanna mórán, ach amháin sa chuid den Chairéil a bhí ag críochantacht le Cathair Pheadair. I bhFómhar na bliana 1917, bhí timpeall is céad míle fear de chuid shean-Arm Impiriúil na Rúise ar garastún sa tír. Nuair a bhí an bhliain 1917 ag druidim chun deiridh, bhí an uimhir seo ag dul i laghad go tiubh, nó bhí na saighdiúirí ag fágáil na tíre mar a bhí pleanáilte, ach thairis sin, is iomaí fear a thréig an t-arm scun scan, gan chead a iarraidh ar aon duine. I dtús an Chogaidh Chathartha, bhí timpeall is seachtó míle saighdiúir Rúiseacha fágtha san Fhionlainn, agus nuair a chuaigh Síocháin Brest-Litovsk i bhfeidhm idir an Rúis Shóivéadach agus an Ghearmáin ar an 3 Márta 1918, ní raibh ach tríocha míle acu fanta. Le teacht an Aibreáin, bhí an chuid ba mhó de shaighdiúirí na hImpireachta glanta leis as an tír.

Sa deireadh, ní raibh ach 7,000-10,000 saighdiúir Rúiseacha páirteach in imeachtaí an Chogaidh Chathartha san Fhionlainn. Bhí cuid acu ar garastún sa tír ó thús ama, agus tháinig an chuid eile ó Chathair Pheadair le linn an chogaidh. Níor éirigh leis na Dearga mórán de na fir seo a chur ag troid ach an oiread: ní raibh ach cúpla míle acu i bpáirc an áir ag aon am ar leith. Ón taobh eile de, bhí oifigigh Rúiseacha ag cabhrú leis na Dearga go deireadh na Feabhra, cosúil leis an gCoirnéal M. Svetchnikov in Iarthar na Fionlainne agus I. Yeremeyev in oirthear na tíre. Ní raibh an comhoibriú ag dul go maith, áfach, nó ní raibh Fionlainnis ag na Rúisigh ná mórán Rúisise ag na Fionlannaigh, agus ní raibh muinín ag an dá dhream as a chéile ach an oiread. Fiú nuair a bhí na Dearga ag ionsaí, agus na Rúisigh ag cuidiú leo, ní raibh siad ábalta líne an chathéadain a aistriú ó thuaidh.

Nuair a thosaigh na Gearmánaigh agus na Rúisigh ag cur cogaidh ar a chéile in athuair ar an 18 Feabhra 1918, haistríodh cuid mhór trúpaí Rúiseacha go Cathair Pheadair, agus ní raibh siad le filleadh go dtí an Fhionlainn. Bhí an Rúis Shóivéadach ag tacú leis na Dearga i gcónaí trí raidhfilí agus lón cogaidh a chur chucu, ach ní raibh tuilleadh saighdiúirí ag teacht anoir. Bhí trúpaí Rúiseacha gníomhach i gCuing na Cairéile go deireadh an chogaidh, agus iad ag tacú leis na Dearga ansin, ach b'é an rud ba mhó a bhí i gceist acu ansin ná Cathair Pheadair a chosaint.

Na Gardaí Bána ag Cogaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhí-armáil na Bána na trúpaí Rúiseacha i nDeisceart na hOstrabóitne ón 28 go dtí an 31 Eanáir, agus ní raibh mórán achrainn ann. An Coiste Réigiúnda, a bhí ag déanamh ionadaíocht na Rúise san Fhionlainn, thug sé le fios ar an 24 Eanáir don tSeanad i Vaasa go raibh na trúpaí Rúiseacha "á gcur abhaile mar a bhí pleanáilte". Ar an 30 Eanáir, d'eisigh an Seanad i Vaasa agus Ceanncheathrú an Ghinearáil Mannerheim in éineacht forógra do na saighdiúirí Rúiseacha, ag rá nach raibh "arm na bhfeirmeoirí Fionlannacha" ag cur cogaidh ar na saighdiúirí Rúiseacha. Ón taobh eile de, áfach, is í an bholscaireacht a fuair gnáthshaighdiúirí na mBán le cloisteáil gurbh iad na Rúisigh na príomhnaimhde. Cuid mhór de na hoifigigh Rúiseacha a bhí fanta san Fhionlainn, thacaigh siad leis na Bána. I dtús na bliana 1918, d'ordaigh an rialtas Sóivéadach do na garastúin Rúiseacha san Fhionlainn neodracht a chleachtadh i leith chúrsaí inmheánacha na Fionlainne, agus d'eisigh cúpla coiste áitiúil de chuid na saighdiúirí Rúiseacha forógraí neodrachta dá gcuid féin. Mar sin, bhí na hoifigigh Rúiseacha anseo agus ansiúd ag comhoibriú go dlúth leis na Cóir Chosanta. Chabhraigh an Leas-Aimiréal Nikolay Podgurskiy, ceannasaí an chabhlaigh chosanta Rúisigh i Murascaill na Bóitne, leis an nGinearál Mannerheim an garastún Rúiseach i Vaasa a dhí-armáil.

Verner Lehtimäki, garda dearg, 1918

In éiric na tacaíochta a fuair sé ó na hoifigigh Rúiseacha, d'fhéach Mannerheim chuige go bhfaighfidís tuarastal, aíocht, agus bia. D'fhág se cead a gcos acu i Vaasa chomh maith. I Seinäjoki, d'fhan na trúpaí Rúiseacha ina seanáit. Gheall Mannerheim do na Rúisigh go bhfaighfidís coimirce aistir as an tír agus go dtabharfaí a gcuid arm ar ais dóibh ag an teorainn. Ní raibh Mannerheim ábalta an gealltanas seo a chomhlíonadh, áfach. Nuair a tháinig na hÓglaigh ón nGearmáin go Vaasa, d'athraigh an dearcadh ar na Rúisigh go mór. Cuireadh na Rúisigh faoi ghlas i gcampaí géibhinn, agus na trúpaí Bána ag baint a n-úsáide féin as raidhfilí na Rúiseach. I dtús an chogaidh, d'éirigh ina chath idir na Bána agus na Rúisigh i Ruovesi, Vilppula, chois Mäntyharju agus sa Chairéil.

Faoi lár Mhí na Márta 1918, fuair na Bána an lámh in uachtar, agus bhí an chóir leo go deireadh an chogaidh. B'í proifisiúntacht na n-oifigeach, thar aon rud eile, a shocraigh an scéal. An chuid ba mhó de na hoifigigh Bhána, bhí seal caite acu ar fiannas in Arm Impiriúil na Rúise. Thairis sin, bhí óglaigh eachtrannacha ann, chomh maith leis na hÓglaigh Fhionlannacha a tháinig ón nGearmáin. Bhí 1300 duine de na hóglaigh seo, na jääkärit, páirteach sa chogadh. Dá réir sin, bhí na Bána níos eolaí ar oirbheartaíocht agus ar straitéis an chogaidh, ar phleanáil agus ar fheidhmiú na n-oibríochtaí. Ón taobh eile de, ba léanmhar an scéal é go ndeachaigh na jääkärit go dtí an Ghearmáin le bheith in ann saoirse a bhaint amach dá dtír, agus gur tháinig siad abhaile le cath a chur ar chuid dá muintir féin. Lucht oibre a bhí i gcuid de na jääkärit féin, agus chaithfidís cogadh a chur ar a muintir agus ar a n-aicme féin. Le fírinne, d'fhan thart ar dhá chéad fear de na hóglaigh seo thiar sa Ghearmáin, agus ní raibh siad páirteach i gcogadh cathartha na Fionlainne ar aon nós.

Maidir leis na gnáthshaighdiúirí sna Gardaí Dearga, is iomaí fear acu nach bhfuair mórán oiliúna ach oiread leis na Dearga. D'fhéadfadh na saighdiúirí a bheith ag siúl leo go hoscailte trasna an mhachaire, gan a bheith ag iarraidh dul ar foscadh ó philéir an namhad, agus iad ag scaoileadh rompu gan aimsiú gan aidhmeáil. Cosúil leis na Dearga, d'fhéadfadh na Bána an cathéadan a thréigean as a stuaim féin le scíth a ligean, gan a thuiscint cé chomh dáiríre a bhí an cás ina raibh siad. Rinne na Cóir Chosanta cúpla iarracht le hoiliúint chogaidh a sholáthar dá gcuid saighdiúirí i scoileanna tacair i Vöyri agus i Vimpeli, ach tríd is tríd, b'iad na jääkärit, na hÓglaigh Fhionlannacha in Arm na Gearmáine, an t-aon dream amháin a raibh idir oiliúint mhíleata orthu agus taithí ar an gcogaíocht acu.

Bhí na cúrsaí idé-eolaíochta ag déanamh scime do lucht ceannais na mBán chomh maith. Shíl siad gurbh fhéidir nach mbeadh cuid mhór de na saighdiúirí sásta cogadh a chur ar na Dearga Fionlannacha. Ní raibh na feirmeoirí beaga ó Lár na Fionlainne agus ón Tuaisceart ní ba saibhre ná an lucht oibre ar an taobh Dearg, agus d'fhéadfaidís, fiú, tuiscint áirithe a léiriú do thucaidí cogaíochta na nDearg. Mar sin, chuir bolscaireacht na mBán an-bhéim ar ról na Rúiseach sa chogadh agus ar chomhoibriú na nDearg leis na Rúisigh. An coinscríobh a cuireadh i bhfeidhm sa chuid Bhán den tír, chuir sé d'iallach ar gach fear dul sna saighdiúirí, iad siúd san áireamh a d'fhéadfadh a bheith fabhrach do na Dearga sa chuid sin den tír. Ón taobh eile de, áirítear gur staon timpeall is 30,000 fear ó dhul in Arm na mBána cé go raibh siad in aois inchoinscríofa, toisc go raibh luiteamas acu leis na Dearga, agus iad drogallach cogadh a chur ar lucht a gcomhbharúla. Is gá a lua freisin go raibh cuid mhór de mhuintir na tuaithe cráifeach go maith, agus iad ag cur in aghaidh an tSóisialachais, ó shíl siad gurbh ionann é agus aindiachas agus éigreideamh.

I dteanga na saighdiúireachta, is gnách "Gardaí" a thabhairt ar thrúpaí den chéad scoth a bhfuil traidisiún ar leith agus ethos ar leith acu, cf. mar shampla, na Coldstream Guards in Arm na Breataine Móire. An dóigh a n-úsáidtear an téarma sin (kaarti as Fionlainnis) i gcomhthéacs an Chogaidh Chathartha san Fhionlainn, níl sé ag teacht go rómhaith leis an traidisiún míleata. Ní scothdhíormaí a bhí i gceist leis na "Gardaí" san Fhionlainn ar aon nós, ach díormaí tacair a hearcaíodh as measc na cosmhuintire.

Cath Tampere[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an beart cogaidh ba thábhachtaí dá ndearna na Bána ná Cath Tampere ón 16 Márta go dtí an 6 Aibreán 1918. De thoradh an chatha, shealbhaigh na Bána an áit ba mhó tionsclaíochta sa tír ó na Dearga. Ullmhúcháin don chath faoi Tampere ab ea an briseadh tríd an bhfronta a rinne na Bána i Länkipohja i gceantar Längelmäki taobh thoir thuaidh den chathair, chomh maith leis na cathanna lastuaidh agus taobh thiar thuaidh de Tampere ar feadh na líne a rith trí Vilppula, Kuru, Kyröskoski agus Suodenniemi. Nuair a bhuaigh na Bána na cathanna i Lempäälä ar an 24 Márta agus i Siuro ar an 26 Márta, bhí Tampere imdhruidte ag na Bána.

Bhí cath Tampere ar an gcath ba mhó a cuireadh i gCríoch Lochlann riamh, agus 16,000 saighdiúir páirteach ann ar an taobh Bán, 14,000 ar an taobh Dearg. Faoin am seo, bhí na Dearga ag éirí cleachta ar an gcogadh, agus iad dáigh dána dásachtach ag cosaint na cathrach. Níor thaise do na Bána ach an oiread, nó chuir siad rogha a dtrúpaí sa chath. Ar Dhéardaoin Mandála na Fola, an 28 Márta, bhí na Dearga ábalta fanacht ar foscadh agus aimsiú ceart a fháil, agus d'éirigh leo an-éirleach a dhéanamh ar na Bána. Maraíodh leathchéad fear de na hóglaigh a fuair oiliúint sa Ghearmáin, agus chaill aonaid áirithe san Arm Bán níos mó ná fear as gach beirt.

An t-ionsaí a shocraigh an scéal sa deireadh, cuireadh tús leis le lámhach láidir airtléire a bhí dírithe ar lár na cathrach, ar an 3 Aibreán 1918. Bhí trúpaí an dá thaobh ag cur troda faoi gach teach, mar is dual do chathanna cathrach. San am seo, freisin, ní raibh mórán eachtrannach páirteach sa chathair, nó bhí an chuid ba mhó de na Rúisigh glanta as an tír, agus ní raibh teacht na nGearmánach ach ar na bacáin.

Reilig Kaleva tar éis Chath Tampere (Aibreán 1918)

Maraíodh 700-900 duine de na Gardaí Bána. Chaill na Gardaí Dearga 1,000-1,500 duine, ina measc Hugo Salmela, duine de na hoifigigh ab fhearr dá raibh acu. Cimíodh 11,000-12,000 Garda Dearg. Fuair 71 sibhialtach bás, an chuid ba mhó acu faoi chith na n-urchar as na gunnaí móra airtléire. Chuaigh cuid mhór de na sibhialtaigh ar lorg foscaidh sna teampaill, ar nós Ard-Eaglais Tampere agus in Eaglais Alastair (Aleksanterinkirkko). Chuaigh ceantair áirithe den chathair, go háirithe Tammela agus Kyttälä, de dhroim an tsaoil

go hiomlán.

I ndiaidh chath Tampere, thréig na Dearga iarthar na tíre. Bhí cathanna móra á gcur in oirthear na Fionlainne i gcónaí, go háirithe timpeall Viipuri. Ghabh na Bána an chathair sin ar an 29 Aibreán. Bhí 18,500 saighdiúir Bán agus 7,000 duine de na Gardaí Dearga páirteach sa chath seo. Fuair leathchéad fear de na Bána bás sa chath seo, agus dealraíonn sé gur bhásaigh deichniúr nó dáréag ar an taobh Dearg in aghaidh gach Garda Bán acu siúd. Cimíodh na mílte Dearga freisin, agus tháinig na Bána i seilbh an-chreiche: trí chéad gunna mór airtléire, dhá chéad inneallghunna, traein armúrtha, agus cuid mhór bia agus lón cogaidh.

Teacht na nGearmánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seven soldiers of the German Army are stationed at a street corner in Helsinki after the surrender of the Red Guard headquarters Smolna. One of them is on his knee while two are relaxing against a railing or on a chair. MG 08, a heavy machine gun, rests in front of them.
Saighdiúirí Gearmánacha agus gunna MG 08 i Heilsincí

Nuair a bhí na Gardaí Bána díreach ag ionsaí Dheisceart na Fionlainne ar chathéadan leathan, tháinig díormaí Gearmánacha i dtír i Hanko ar an 3 Aibreán 1918 faoi cheannas an Mhaor-Ghinearáil Rüdiger von der Goltz, deich míle saighdiúir ar fad. Thairis sin, tháinig díorma eile i dtír i Loviisa ar an 7 Aibreán. Trí mhíle saighdiúir Gearmánacha a bhí ann agus iad faoi cheannas oifigigh dar shloinne Brandenstein. Roimhe sin, bhí siad ar garastún i dTaillinn san Eastóin. Na saighdiúirí a bhí ag ascnamh leo ó Hanko, bhain siad amach Heilsincí ar an 10 Aibreán, agus d'éirigh ina chath idir iad agus na Dearga sa chathair. Ceithre lá ina dhiaidh, bhí na Dearga cloíte acu. Fuair na Gearmánaigh cabhair ó na Bána a bhí ar a seachnadh sa chathair, agus ghlac cúpla míle acu siúd páirt sna cathanna. Ar an 21 Aibreán, thit Hyvinkää leis na Gearmanaigh, agus ar an 22 Aibreán, shealbhaigh siad Riihimäki. Ceithre lá ina dhiaidh sin, ghabh siad Hämeenlinna. Na Gearmánaigh a tháinig i dtír i Loviisa, shroich siad Lahti ar an 19 Aibreán, agus nuair a chuaigh siad i seilbh na háite, sháigh siad isteach ding idir Dearga an Oirthir agus Dearga an Iarthair. Le cuidiú na nGearmánach, fuair na Bána an ceann is fearr ar na Dearga go sciobtha. Ón taobh eile de, bhí an Fhionlainn faoi smacht ag na Gearmánaigh anois.

Unburied and unclothed bodies of the Reds lie in the foreground at the Kalevankangas cemetery after the Battle of Tampere. On the right, around five crosses can be seen, while black silhouettes of people are visible against the sky in the background.
Cath Tampere agus gardaí dearga básaithe

Ról na Sualainne sa Chogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor ghlac an tSualainn páirt i gcogadh cathartha na Fionlainne, ach fuair ceanncheathrú na mBán tacaíocht agus cabhair ó 84 oifigeach deonach Sualannach. Thairis sin, tháinig díorma d'óglaigh Shualannacha go dtí an Fhionlainn faoi cheannas an Chaptaein Hjalmar Frisell le troid ar son chúis na mBán. Ní raibh ach timpeall ar leathchéad saighdiúir ann nó níos lú fós, agus b'fhearr cathlán a thabhairt ar an "mbriogáid" seo.

Thairis sin, áfach, d'fhéach saighdiúirí Sualannacha le hOileáin Åland idir an Fhionlainn agus an tSualainn a shealbhú ar an 15 Feabhra 1918. Is í an tSualainnis an t-aon teanga amháin a labhraítear sna hoileáin, agus thug an tSualainn le fios gur "iarr muintir Åland orthu teacht chun fortachta" do na hoileáin. Is dóichiúla, áfach, go raibh lucht rialtais na Sualainne buartha faoi chomh cóngarach agus atá na hoileáin do phríomhchathair a dtíre. Ar an 5 Márta 1918, áfach, chuaigh na Gearmánaigh i dtír sna hoileáin, agus b'éigean do na Sualannaigh filleadh abhaile. Bhí an duine deireanach acu bailithe leis i dtús Mhí Bhealtaine.

An Cogadh san Aer[cuir in eagar | athraigh foinse]

A firing squad of the Whites is executing two Red soldiers with rifles in a wintry field against a small hill. The leader of White unit is standing behind the firing squad.
scuad lámhaigh bán, Kiviniemi

Na haerfoirt mhíleata a bhí ag na Rúisigh san Fhionlainn, stop siad ag obair, nuair a d'fhill na heitleoirí go dtí an Rúis, agus an chuid ba mhó acu meáite ar pháirt a ghlacadh i gcogadh cathartha na tíre seo ar thaobh na "mBán" ansin. Fágadh dornán d'eitleáin Rúiseacha ag na Dearga, go háirithe muireitleáin - is é sin, eitleáin nach raibh ábalta tuirlingt ach ar an uisce. Ní raibh eitleoirí Fhionlannacha ar fáil, agus mar sin, d'earcaigh na Dearga cúpla eitleoir Rúiseach a bhí fágtha san Fhionlainn. Thosaigh eitleoireacht na nDearg i gceart, nuair a cuireadh cúig eitleán ó Viipuri go Riihimäki faoi dheireadh Mhí Feabhra. Bhunaigh na Dearga aerscuadrúin i Heilsincí, i dTampere, in Utti in aice le Kouvola, agus i Viipuri. Ní féidir a rá go mbeadh "aerfhórsa" ag na Dearga, nó bhí gach aerscuadrún ag oibriú mar chuid de na trúpaí ar chathéadan a réigiúin féin. Bunaíodh scoil eitleoireachta i Heilsincí, ach níor chríochnaigh aon duine de na daltaí a chúrsa sular ghabh na Gearmánaigh agus na Bána an chathair. Maidir leis na heitleáin a tháinig go Riihimäki, fuair scuadrún Tampere dhá cheann acu agus cuireadh an chuid eile go Kouvola. Na heitleáin a cuireadh go Tampere, b'eitleán spiaireachta ceann acu, den tíopa Nieuport 10, agus b'eitleán trodaíochta an ceann eile, den chineál Nieuport 17. Chuaigh ceithrear eitleoirí Rúiseacha go Tampere freisin, maille le seisear meicneoirí, agus rinneadh an chéad eitilt chogaidh ar an 1 Márta 1918.

Around eight bodies are lying around a hallway after the Vyborg county jail massacre, an example of Red Terror. Thirty White prisoners were killed by the Reds.
Aibreán 1918ː sléacht i bpríosún Vyborg. Dúnmharaíodh 30 gardaí bána

Dealraíonn sé go raibh dhá eitleán eile ag na Dearga ar an bhfronta thoir. Shealbhaigh na Bána cúpla eitleán roimh dheireadh an chogaidh, agus an chuid eile ina dhiaidh, murar scriosadh sa chath iad. Bhíodh na heitleáin ag bailiú faisnéise, ag caitheamh buamaí nó duilleoga bolscaireachta agus ag iarraidh suíomh na hairtléire naimhdí a aithint, ach ní raibh mórán maithe iontu. Bhí cúiseanna éagsúla leis seo: ní raibh an cheannasaíocht ag oibriú go maith, agus bhí drochbhail ar na heitleáin, nó níor bhac na meicneoirí le caoi cheart a chuir orthu. Bhí na heitleoirí Rúiseacha féin ar nós cuma liom. Fuair na Bána eitleáin ón tSualainn, agus tháinig siad i seilbh roinnt eitleán a d'fhág na Rúisigh ina dhiaidh. Tugadh ceithre eitleán, ceann acu den tíopa Morane-Saulnier Parasol agus an chuid eile den tíopa N.A.B. Albatros, ón tSualainn faoi dheireadh Mhí Feabhra. Bronntanais a bhí i gceist le dhá Albatros, agus ceannaíodh an tríú ceann ar airgead síos. Bhí sé de rún ag na Bána úsáid a bhaint as na heitleáin le tacaíocht a sholáthar do na trúpaí, ach ní raibh na heitleáin seo rófhreastalach ar imthoscaí an chogaidh chathartha. Ní raibh eitleoirí Fionlannacha ar fáil do na Bána ach an oiread, agus b'éigean dóibh dul i muinín eitleoirí agus meicneoirí Sualannacha. Fuair an Leifteanant Bertil Mårtenson oiliúint an eitleora sa Ghearmáin, ach d'fhan sé sa tír sin le heitleáin a cheannach don Fhionlainn, ionas nár ghlac sé páirt ar bith sa chogadh chathartha. I rith an chogaidh, bhí 29 Sualannach, 7 Rúiseach, 4 Fionlannach agus 2 Danmhargach ag eitilt in aerfhórsa na mBán. Ní raibh i gceist ach spiaireacht agus bailiú faisnéise. Tháinig eitleoirí Ghearmánacha in éineacht leis na trúpaí Gearmánacha, ach ní raibh ról tábhachtach ag na heitleáin Ghearmánacha sa chogadh ach an oiread.

A vantage-point picture of a prison camp at the Suomenlinna Fortress in Helsinki. Around 25 Red prisoners are present in the courtyard, surrounded by a shack and a garrison building.
campa géibhinn i Suomenlinna, Heilsincí.

An Sceimhle Polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an foréigean polaitiúil - an Sceimhle Dearg agus an Sceimhle Bán, mar a deirtear - fite fuaite le cogadh na bliana 1918. Ba chúis náire don dá thaobh an oiread daoine is a cuireadh chun báis gan chúis ceart, agus rinneadh iarrachtaí na básuithe a mhíniú mar fhoréigean primitíbheach nach raibh go díreach ag teastáil ó aon duine de lucht an cheannais. Is é tuiscint na staraithe ar an mbliain 1918 inniu gur cuid dhoscartha den chogaíocht féin a bhí i gceist le sceimhliú na sibhialtach. Fuair an oirbheartaíocht seo spreagadh ó na cogaí cathartha a cuireadh roimh an gceann seo, ó na feachtais fhorleathana sceimhlithe le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus ón bhforéigean polaitiúil a bhí ag éirí coitianta san Fhionlainn roimh an gcogadh cathartha. B'é ba chuspóir leis an sceimhliú ná struchtúir chumhachta an namhad a scrios agus lagmhisneach a chur ar lucht a leanúna. Díoltas pearsanta nó áitiúil a bhí i gceist i gcéatadán áirithe de na básuithe, ach glactar leis go raibh an tríú cuid den Sceimhle Dearg pleanáilte d'aonturas ag lucht ceannais na nDearg. Maidir leis an Sceimhle Bán, tharla an chuid ba mhó de nuair a ghabh na Bána na críocha Dearga, agus is dóigh leis na staraithe gur cogaíocht phleanáilte eagraithe a bhí i gceist leis. Bhí an dá rialtas - idir Thoscaireacht Pobail na nDearg i Heilsincí agus Seanad na mBán i Vaasa - ag áitiú go raibh siad in aghaidh oirbheartaíocht an sceimhle.

Parliament is convening for the first time after the war. White and German soldiers dominate the picture while only one person from the opposition social democrats is present. Thus, it was sarcastically called a Rump Parliament.
"Dáil" i Heilsincí 1918. oifigigh as an Germáin ar chlé, .. an.Daonlathach Sóisialta Matti Paasivuori ar dheis ina aonar

B'iad na Colúin Reatha (Fionlainnis: lentävät osastot, nó "díormaí eitilteacha") a rinne an chuid ba mhó de na hainghníomhartha ar an dá thaobh. Is éard a bhí i gceist leis na Colúin Reatha ná trúpaí bailithe faisnéise nó trúpaí ruathair nach raibh beann ar bith acu ar lucht ceannais áitiúil nó réagúnda na nDearg nó na mBán - bhí siad ag fáil a gcuid orduithe go díreach ó cheanncheathrú na nDearg nó na mBán. Bhí 10-80 saighdiúir i gcolún den chineál seo, agus capaill acu mar ghléas taistil. De ghnáth, bhí siad ní b'óige ná na Gardaí ar an bhfronta, nó d'fhéadfá teacht ar dhéagóirí óga sna colúin seo nach raibh ach trí nó ceithre bliana déag d'aois acu. Bhí fear fásta i gceannas ar na buachaillí seo, agus iad umhal dá údarás doshéanta. Bhíodh na colúin reatha ag bailiú faisnéise, ag déanamh ionsaithe tobanna i stíl treallchogaíochta, ag bású daoine a fuair breith an bháis nó ag marú rompu gan fios fátha ná siocair.

An Sceimhle Dearg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mharaigh na Dearga timpeall ar mhíle go leith de shibhialtaigh sna críocha a bhí sealbhaithe acu. Básaíodh cuid mhaith acu i rith na Feabhra, nó timpeall ar sheacht gcéad duine. I Mí an Mhárta, mhaolaigh go mór ar an sceimhle, ach nuair a bhí an cogadh ag teip ar na Dearga agus an Bhealtaine ag teacht, chrom na Dearga ar a gcuid cimí a mharú arís. Is é an cuspóir a bhí leis an Sceimhle Dearg ná iad siúd a mharú a d'fhéadfadh a bheith báúil leis na Bána, toisc go raibh a leithéid de stádas acu sa tsochaí - is é sin, gníomhaithe de chuid na gCór Cosanta, tiarnaí talún, feirmeoirí saibhre, polaiteoirí, póilíní, múinteoirí, státseirbhísigh arda, bainisteoirí tionsclaíochta agus rachmasóirí. Mharaigh na Dearga cuid mhór ministrí de chuid na hEaglaise Liútaránaí, nó go háirithe faoin tuath, ba chuid den chóras traidisiúnta cumhachta iad, de réir na tuisceana a bhí ag na Dearga do na cúrsaí seo.

Tharla cuid mhór d'ainghníomhartha na nDearg timpeall Kouvola nó sa cheantar in aice le Toijala. Is gnách "lárphointí an sceimhle" a thabhairt ar na háiteanna seo. Maraíodh 300-350 duine ansin. Ní mór eirleach Suinula a lua freisin. I Suinula i gceantar Kangasala, mharaigh na Dearga cúigear ball déag den Chór Chosanta áitiúil ar an 31 Eanáir. Ar an 25 Aibreán, cuireadh 23 cime chun báis i Lappeenranta, agus ar an 27 Aibreán, básaíodh 30 cime i bpríosún Viipuri. Thairis sin, básaíodh aon chime déag i gColáiste Pori ar an 6 Feabhra, agus lámhachadh seisear oibrí déag de chuid an chomhlachta úd A. Ahlström ar theorainn Pori agus Noormarkku, i Koliahde, ar an 10 Márta 1918.

An Sceimhle Bán[cuir in eagar | athraigh foinse]

A stone pedestal commemorating the Civil War with a cropped coat of arms for Finland and the inscription "Sacrificed their lives for the Fatherland and freedom in 1918."
Cuimhneachán bán in Antrea (inniu Kamennogorsk, An Rúis)

Sa Sceimhle Bán, maraíodh idir lucht ceannais de chuid na nDearg agus dhaoine de na gnáthcheannairceoirí agus de lucht a dtacaíochta. Cuireadh an bhéim ba mhó orthu siúd a bhí i gceannas ar na Gardaí Dearga, a raibh lámh acu i gcúrsaí riaracháin na nDearg nó a ghlac páirt sa chogadh nó sa Sceimhle Dearg. B'iad na saighdiúirí Rúiseacha ba mhó a bhí thíos leis na básuithe i ndiaidh na gcathanna. Sa deireadh thiar thall, fuair timpeall ar 7,000 - 10,000 duine bás sa Sceimhle Bán, i bhfad níos mó ná sa Sceimhle Dearg. Ní san am céanna a thit an dá Sceimhle amach. I dtús an chogaidh, i bhFeabhra na bliana 1918, maraíodh timpeall ar 350 duine. Sa chéad mhí eile, cuireadh 500 duine chun báis, ach i rith an Aibreáin agus na Bealtaine, chuaigh an Sceimhle Bán go mór mór chun méadaíochta, nó lámhachadh beagnach dhá mhíle san Aibreán, agus níos mó ná ceithre mhíle sa Bhealtaine. Thosaigh an Sceimhle Bán i ndáiríre, nuair a gabhadh Varkaus, cathair a raibh na Dearga ina seilbh, agus í imdhruidte ag na Bána ó gach taobh. Nuair a ghabh na Bána an áit, agus na Gardaí Dearga cimithe acu, deirtear gur mharaigh siad duine as an deichniúr de na cimí, agus gur caitheadh crainn ar an té a chuirfí chun báis. Mar sin, is gnách "Crannchur Huruslahti" a thabhairt ar na básuithe i Varkaus - loch is ea Huruslahti a bhfuil an chathair tógtha ar an dá thaobh de. Is é fírinne na staire mar a thuigtear inniu é, áfach, ná gur tugadh aird ar ról na ndaoine sna Gardaí Dearga, agus go ndearnadh iarrachtaí gan ach an lucht ceannais a bhású.

A modest tombstone, with flowers in front of it and an iron fence surrounding it is the gravesite for Red soldiers and civilians in Helsinki.
olluaigh i Haaga, Heilsincí

Tharla sluamharú eile in ospidéal Harmoinen ar an 10 Márta 1918. Ní bhfuair ach triúr daoine déag bás, ach bhí siombaileachas an-tromchiallach ag baint leis na himeachtaí seo. Nuair a shealbhaigh na Bána ospidéal machaire na Croise Deirge i Harmoinen, mharaigh siad an t-iomlán, beagnach, de na Dearga a bhí ag éileamh lena gcuid cneácha san ospidéal, chomh maith le cuid d'fhoireann an ospidéil.

Nuair a shroich an sceimhle a bhuaicphointe, seachtain dheireanach an Aibreáin agus an chéad seachtain den Bhealtaine, bhí timpeall ar dhá chéad duine á gcur chun báis in aghaidh an lae. I rith Mhí Bhealtaine, lámhachadh 100-150 bean i Lahti a raibh baint acu leis na Dearga. Cuireadh timpeall ar 300-400 bean chun báis i ndiaidh na gcathanna. Is deacair a rá, áfach, cé a maraíodh go gairid i ndiaidh na gcathanna, nuair a bhí na Bána ag cur a gcuid cimí cogaidh chun báis, agus cé a fuair bás i bpáirc an áir.

Iarsmaí an Sceimhle[cuir in eagar | athraigh foinse]

maorghinearál Vilhelm Aleksander Thesleff

Tháinig an sceimhle isteach úsáideach ag an dá thaobh sa chogadh chathartha. Òn taobh eile de, áfach, bhí an-leas á bhaint ag do chuid naimhde as na hainghníomhartha a rinne do chuid trúpaí, agus mar sin, d'iompaigh an sceimhle ina fháinne fí: bhí bolscaireacht na mBán ag áitiú go raibh an Sceimhle Bán riachtanach leis an Sceimhle Dearg a stopadh, agus a mhalairt á fhógairt ar an taobh eile den chlaí, ar ndóigh. Bhí ról tábhachtach ag na nuachtáin agus ag an mbolscaireacht sa chogadh seo. Bhí na nuachtáin ag insint scéalta uafáis faoi choireanna cogaidh an taoibh eile agus ag cóiriú is ag dathú na n-imeachtaí. Bhí an dá thaobh ag éileamh díoltais agus ag cur feillbhirt i leith an taoibh eile. Agus, ar ndóigh, bhí an dá chineál Gardaí ag léamh na bolscaireachta seo. Chreid siad nárbh í áit na trócaire áit an chatha, agus go raibh lucht an taoibh eile meáite ar na stéigeacha a stealladh asat ach tú féin teacht rompu. I ndiaidh an chogaidh, is fada a bhí an ghoimh ag goilleadh orthu siúd a chaill cairde nó gaolta sa chogadh, agus na glúnta a tháinig ina ndiaidh sin féin, ba dual dóibh comhionannú a dhéanamh le taobh a muintire féin sa chogadh. Inniu, áfach, tá an ghoimh ag cneasú sa deireadh, agus na daoine in ann a admháil go raibh an dá thaobh ciontach in ainghníomhartha. Tríd is tríd, bhí an Fhionlainn i bhfad ag teacht chuici féin i ndiaidh an chogaidh, agus is féidir a rá go bhfuil an seanfhaltanas le haithint in áiteanna inniu féin.

Deireadh an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi bhrú an ionsaí a bhí á thabhairt ag na Bána agus ag na Gearmánaigh in éineacht, fuair an Toscaireacht Pobail riachtanach Heilsincí a thréigean ar an 8 Aibreán agus aghaidh a thabhairt ar Viipuri. Ar an 25 Aibreán, d'éalaigh an chuid ba mhó acu ar aghaidh go dtí Cathair Pheadair. Bhain teitheadh seo na gceannairí an-mhealladh as na Gardaí Dearga. Na carbháin mhóra de Dhearga a bhí ag iarraidh éalú as an tír, ghéill siad iad féin do na Bána sa deireadh idir Lahti agus Hämeenkoski (nó "Koski", san am sin) i dtús Mhí Bhealtaine. Scoir an cúpla dornán deireanacha de na Gardaí Dearga den chath i réigiún Kymenlaakso ar an 5 Bealtaine 1918. Tháinig deireadh leis an gcogadh, nuair a chúlaigh na saighdiúirí Rúiseacha ó bhunáit mhíleata Ino i gCaolas na Cairéile ar an 14 Bealtaine. Bhí Gardaí Dearga na Fionlainne cloíte. Ar dtús, bhí gluaiseacht an lucht oibre san Fhionlainn ag cloí leis an síochánachas, ach anois, briseadh an cath orthu i gcogadh cathartha. Cuid de na cinnirí, chuir siad lámh ina mbás féin. Na Gardaí Dearga a tháinig ina mbeo as an gcogadh agus as an sceimhle, himtheorannaíodh sna campaí géibhinn iad le fanacht leis an tsaoirse nó leis an mbás.

Maor-Ghinearál Rüdiger von der Goltz

D'fhill na Seanadóirí ó Vaasa go Heilsincí ar an 2 Bealtaine 1918. Níorbh é an tArm Bán a d'fháiltigh iad, ach na saighdiúirí Gearmánacha agus an Maor-Ghinearál Rüdiger von der Goltz, "fíor-cheann stáit na Fionlanne". Beag beann ar na Gearmánaigh, d'eagraigh an Ginearál Mannerheim paráid dá chuid díormaí féin i Heilsincí ar am 16 Bealtaine 1918.

Ní raibh comhchainteanna síochána ar siúl idir na Bána agus na Dearga riamh, agus níor síníodh conradh síochána ar bith ach an oiread.

Na hImeachtaí i nDiaidh an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha ar an 15 Bealtaine 1918 (gabhadh Fort Ino ar an lá seo[1]), Ach má tháinig féin, bhí iarsmaí an chogaidh ag goilliúint ar an tír ar feadh roinnt mhaith blianta. Rinne an cogadh dochar mór do shochaí na Fionlainne, agus easaontas ag scoilteadh na bhFionlannach ina dhá gcampa.

Ní hamháin go raibh dhá thaobh an chogaidh in achrann a chéile - ní raibh na Bána go léir ag teacht le chéile ach an oiread. Bhí cuid de na Bána ag tacú leis an monarcacht agus iad ag iarraidh srianta a choinneáil leis an daonlathas. An chuid eile, arís, bhí siad ag tacú leis an bpoblacht, le daonlathas cuimsitheach agus le leasuithe parlaiminteacha. Bhí na coimeádaigh antoisceacha ag cur in aghaidh an phairliminteachais ó thús. Maidir leis na coimeádaigh mheasartha, bhí siad ag tacú leis an bpairliminteachas ar dtús, ach tháinig athrú intinne orthu i ndiaidh an chogaidh.

B'í ceist an bhunreachta an rud ba mhó a scoilt na Bána. Bhí an chuid ba mhó de na coimeádaigh agus de na neamh-Shóisialaithe eile barúlach, i ndiaidh agus de thoradh an chogaidh, gur chóir na Gearmánaigh a choinneáil san Fhionlainn a fhad agus ab fhéidir. Thairis sin, bhí na gníomhaithe náisiúnaíocha ag dréim le cuidiú ón nGearmáin chun Oirthear na Cairéile a shealbhú ón Rúis.

Thit gluaiseacht an lucht oibre as a chéile freisin, forbairt a thosaigh chomh fada siar le Mí Eanáir 1918. Roghnaigh cuid den ghluaiseacht - na Daonlathaigh Shóisialta - an comhoibriú pairliminteach leis na neamh-Shóisialaithe. An chuid eile, tugadh Sóisialaithe Clé orthu. Ní raibh mórán difríochta idir iadsan agus na Cumannaigh Réabhlóideacha, a bhí tar éis éalú go dtí an Rúis agus iad ag beartú réabhlóid a chur i gcrích san Fhionlainn le tacaíocht na mBoilséavach Rúiseach.

P.E. Svinhufvud

B'é P.E.Svinhufvud a bhí ina Uachtarán sealadach, nó ina Stíobhard Stáit - ceapadh ina cheann stáit é ar an 18 Bealtaine 1918. Maidir leis an rialtas, b'é Seanad buirgéiseach J.K.Paasikivi a bhí ag déanamh an ghnó sin. Bhí an pharlaimint ag obair freisin, ach ar ndóigh, ní raibh an chuid is mó de na feisirí Sóisialacha ag glacadh páirte - bhí siad marbh nó cimithe. Ar ndóigh, chaith Impireacht na Gearmáine a scáth ar an tír go léir, a fhad is a d'fhan siad ar garastún san Fhionlainn.

Bhí geilleagar na tíre in ísle brí ar fad. Ní raibh a dhath á iompórtáil ná á easpórtáil, agus bhí idir amhábhair agus lucht oibre ag rith gann ar an tionsclaíocht. Thairis sin, bhí na Fionlannaigh tar éis conradh trádála a shíniú leis an nGearmáin, conradh a chuir srianta le heaspórtáil na dtráchtearraí Fionlannacha. Níor tháinig an tír chuici féin ó thaobh na heacnamaíochta de ach i lár na bhfichidí. B'iad an lucht oibre agus na stárseirbhísigh ba mhó a bhí thíos leis an gcúlú eacnamaíochta. Maidir leis na feirmeoirí, áfach, bhí siadsan ag saothrú go maith de réir mar a bhí an bia ag éirí daor. B'í an fhadhb ba mhó sa bhliain 1918 an ganntanas bia. Níor tháinig biseach ar na cúrsaí ach sa bhliain 1919, nuair a thosaigh an bia ag tonnadh isteach ón gcoigríoch.

J K Paasikivi

Ní raibh gach duine sásta leis an "gclaonadh Gearmánach" (saksalaissuuntaus) seo. Thar aon duine eile, bhí an Ginearál Mannerheim barúlach nár chóir do na Fionlannaigh an iomarca a ghéilleadh do na Gearmánaigh, agus sa deireadh, d'éirigh sé as ar an 27 Bealtaine 1918. Na Feisirí a bhí fágtha de pharlaimint na Fionlainne - 111 duine den dá chéad - roghnaigh siad bratach nua don Fhionlainn - bratach na croise goirme, atá in úsáid sa lá atá inniu ann. Roimhe sin, bhí na Fionlannaigh ag baint úsáide as bratach dhearg a raibh leon órga air, an leon céanna atá in armas na Fionlainne. I ndiaidh an chogaidh, áfach, bhí an dath dearg ceangailte go ródhlúth den tSóisialachas.

Faoi bhrú na Gearmáine, mhol an Seanad don Pharlaimint prionsa Gearmánach, Friedrich Karl Prinz von Hessen, a cheapadh mar Rí don Fhionlainn. Ar an 9 Deireadh Fómhair 1918, ghéill an Pharlaimint don bhrú seo. Bhí an tír ina ríocht anois, ach níor tháinig an Rí i seilbh a ríchathaorach riamh. Bhí ceapachán an Rí bunaithe ar bhunreacht na Sualainne ón mbliain 1772, bunreacht a bhí i bhfeidhm san Fhionlainn fiú i mblianta na hArd-Diúcachta. Bhí an bunreacht seo ina chnámh spairne, áfach, nó bhí na poblachtánaigh den tuairim go raibh an Fhionlainn ina Poblacht ó lá fógartha an neamhspleáchais (an 6 Nollaig 1917), agus nach raibh de dhíth ach deimhniú foirmeálta na fírice comhlíonta seo a chur leis an mbunreacht.

méara Heilsincí ag cur fáilte roimh Mannerheim 16.5.1918.

Bhí na monarcaithe den tuairim nár glacadh ach le "prionsabal na poblachta", agus cibé scéal é, bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach mbeadh formhór na mbuirgéiseach sásta leis an bpoblacht. Ní raibh na monarcaithe sásta leis an sean-bhunreacht Sualannach ach an oiread, áfach. Theastaigh uathu monarcacht nua-aoiseach a chur ar bun, agus bheadh bunreacht nua de dhíobháil le sin a bhaint amach.

Áit na Fionlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an cur síos a thugann na staraithe ar staid na Fionlainne ó thaobh an pholasaí eachtraigh de i samhradh na bliana 1918 gur coilíneacht, coimirceas nó bunáit mhíleata de chuid na Gearmáine a bhí inti. Sa bhliain 1914, fuair na Fionlannaigh iad féin idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an Rúis Impiriúil, an mháthairthír - ach ansin, thuirsigh an cogadh fada an dá thír. I Mí na Nollag 1917, fuair an Fhionlainn a deis: bhí an Rúis agus an Ghearmáin sáite i gcomhchainteanna síochána (ón 6 Nollaig 1917 i leith), ní raibh na saighdiúirí Gearmánacha ag ascnamh ar an bhfronta thoir, agus bhí an Rúis Shóivéadach ina praiseach. Ar feadh tamaillín, bhí sé fágtha faoi na Fionlannaigh féin slán a fhágáil ag an Rúis agus neamhspleáchas iomlán a bhaint amach. B'é an neamhspleáchas an t-aon rud amháin a raibh formhór mór na bhFionlannach ar aon fhocal faoi, agus mar sin, d'éirigh leis an tír an deis seo a thapú.

Kaarlo Juho Ståhlberg

Ó nach raibh na Fionlannaigh ar aon fhocal faoi mhórán eile, d'éirigh ina chogadh eatarthu. Idir an dá linn, thosaigh an cogadh arís idir an Rúis agus an Ghearmáin (ar an 18 Feabhra 1918). Na daoine céanna a bhain neamhspleáchas amach don Fhionlainn gan fuil ar bith a dhoirteadh i Mí na Nollag 1917, d'fhág siad an neamhspleáchas sin uathu arís, nuair a thug siad cuireadh don Ghearmáin an tír a ghabháil agus a thabhairt chun síochána. Ina dhiaidh sin, ní raibh cinniúint na Fionlainne fágtha faoi na Fionlannaigh a thuilleadh, - bhí sí ag brath ar chríochthoradh an mhórchogaidh.

An Fhuascailt sa Ghearmáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Väinö Tanner

,

Ar an 11 Samhain 1918, thit an tóin as Impireacht na Gearmáine, agus tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Bhailigh na saighdiúirí Gearmánacha leo as an bhFionlainn ar an 16 Nollaig, agus thug an prionsa Friedrich Karl suas coróin na Fionlainne ar an 20 Nollaig. Ní raibh aon duine san Fhionlainn ag iarraidh monarcacht a dhéanamh den tír a thuilleadh, agus b'iad na poblachtánaigh a fuair an ceann ab fhearr.

Gaireadh poblacht dhaonlathach den tír sa deireadh, ar an 17 Iúil 1919, le caoinchead na Sasanach agus na Meiriceánach, a thug aitheantas do neamhspleáchas na Fionlainne ar an 6 nó ar an 7 Bealtaine.

Socraíodh an caidreamh idir an Fhionlainn agus an Rúis le Conradh Síochána Tartu a síníodh ar an 14 Deireadh Fómhair 1920. Ar an 25 Iúil 1919, chuaigh an chéad Uachtarán i gceannas ar an tír i ndiaidh toghchán daonlathach - Kaarlo Juho Ståhlberg, agus sna holltoghcháin i Márta 1919, d'éirigh go gleoite leis na Daonlathaigh Shóisialta faoi cheannas Väinö Tanner, Sóisialaí mór le rá nár thug tacaíocht do na Dearga sa chogadh.

Íobartaigh an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íobartaigh an Chogaidh
An cineál báis Gardaí Dearga agus daoine de lucht a dtacaíochta Gardaí Bána agus daoine de lucht a dtacaíochta Daoine Eile Iomlán
Daoine a fuair bás i bpáirc an áir, le linn na gcathanna 5 199 3 414 790 9 403
Daoine a cuireadh chun báis de réir bhreith na cúirte dlí nó ina huireasa, daoine a dúnmharaíodh nó a feallmharaíodh 7 370 1 424 926 9 720
Daoine a fuair bás sa champa géibhinn 11 652 4 1 790 13 446
Daoine a fuair bás go gairid i ndiaidh a scaoilte saor as an gcampa géibhinn 607 - 6 613
Daoine a ndeachaigh ceal iontu 1 767 46 380 2 193
Daoine a cailleadh ar dhóigh eile fós 443 291 531 1 265
Iomlán 27 038 5 179 4 423 36 640
Foinse: Cartlann Náisiúnta na Fionlainne – Na Básanna Cogaidh Curtha i gcartlann 2015-03-10 ar an Wayback Machine

An Cogadh Cathartha i gCultúr na Fionlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

F. E. Sillanpää[cuir in eagar | athraigh foinse]

Frans Eemil Sillanpää

Scríobh Frans Eemil Sillanpää, a bhí le Duais Nobel na Litríochta a bhaint amach sa bhliain 1939, scríobh sé an chéad úrscéal faoin gcogadh chomh luath leis an mbliain 1919, Hurskas kurjuus ("An Cruatan Cráifeach"). Sa leabhar seo, ghlac sé trua leis na Gardaí Dearga, nó thug sé cur síos ar Juha Toivola, bochtán a bhí chomh dall aineolach is nach raibh sé in ann mórán céille a bhainr as an gcogadh, cé go ndeachaigh sé sna Dearga chomh maith le duine, ionas gur cuireadh chun báis é sa deireadh.

Jarl Hemmer[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1931, d'fhoilsigh an scríbhneoir Sualainnise Jarl Hemmer an t-úrscéal En man och hans samvete ("Fear agus a Choinsias"), a chaith súil dhaonnachtúil ar an gcogadh. Thuill an leabhar Duais Litríochta Chríoch Lochlann dó.

Jarl Hemmer

Väinö Linna[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an mórúrscéal Täällä Pohjantähden alla ("Anseo faoin Réalta Pholach") an saothar litríochta ba thábhachtaí a chuaigh i ngleic le himeachtaí an chogaidh. Tháinig sé i gcló ina thrí imleabhar thart faoin mbliain 1960, agus é ag cardáil an chogaidh mar a chonacthas do na Dearga é. D'athraigh sé dearcadh na bhFionlannach ar imeachtaí na bliana 1918 ó bhonn.

Viljo Kajava[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1960idí a d'fhoilsigh an file Viljo Kajava a bhailiúchán filíochta faoin gcogadh, Tampereen runot ("Na Dánta ó Tampere").

Leena Lander

Leena Lander[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le déanaí, foilsíodh a lán úrscéalta tábhachtacha faoin gcogadh seo. Sa bhliain 2003, tháinig an t-úrscéal úd Käsky ("An tOrdú") ó pheann Leena Lander. Scríbhneoir tíriúil creidiúnach í Lander a bhfuil a lán úrscéalta dúisitheacha foilsithe aici, agus í tar éis seal fada a chaitheamh in Éirinn fosta. Léirigh Amharclann an Raidió san Fhionlainn leagan drámatúil dá húrscéal sa bhliain 2004 faoin teideal Susijahti ("Seilg an Mhic Thíre"), agus sa bhliain 2008, scannánaíodh an t-úrscéal.

Antti Tuuri

Antti Tuuri[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 2006-2008, d'fhoilsigh an scríbhneoir Antti Tuuri trí úrscéal faoi imeachtaí na bliana 1918: Suuri asejuna Pietarista ("Traein Mhór na nArm ó Chathair Pheadair"), Kylmien kyytimies ("Gíománach na Marbhán"), agus Surmanpelto ("Gort an Bháis").

Kjell Westö[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an duais-úrscéal Sualainnise le Kjell Westö ón mbliain 2006, Där vi en gång gått ("An Áit a nDeachaigh Muid Lá den tSaol"), trácht áirithe ar an gcogadh freisin.

Kjell Westö

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, b'fhearr leis na stiúrthóirí Fionlannacha gan an cogadh seo a chardáil mar phríomhthéama ina gcuid scannán, cé go ndearnadh an corrthrácht air, mar shampla, sa scannán Silja, nuorena nukkunut ("Silja, a fuair bás go hóg") le Jack Witikka ón mbliain 1956. (Bhí an scannán bunaithe ar an úrscéal Nuorena nukkunut le Frans Eemil Sillanpää.) Sa bhliain 1957, scannánaigh an stiúrthóir Toivo Jalmari Särkkä úrscéal Jarl Hemmer, En man och hans samvete, faoin teideal Fionlainnise 1918 - mies ja hänen omatuntonsa ("1918 - fear agus a choinsias"). Sna seascaidí agus sna seachtóidí, chuaigh trí imleabhar an úrscéil Täällä Pohjantähden alla ar an scáileán chomh maith, agus b'é an stiúrthóir Edvin Laine a rinne an obair. Ó na nóchaidí i leith, rinneadh sraith de scannáin mhaithe faoi imeachtaí na bliana 1918, cosúil le Aapo (ainm an phríomhcharachtair) le Tero Jartti, a chaitheann súil ar chinniúint aon duine amháin sna Gardaí Dearga. Tá Aapo bunaithe ar ghearrscéal leis an scríbhneoir Runar Schildt. Sa bhliain 1997, léiríodh an scannán Lunastus ("Slánú"), a thugann cur síos ar choimhlintí inmheánacha an mhinistir Phrotastúnaigh le linn an chogaidh. Sa bhliain 2007, tháinig an scannán Raja 1918 ("An Teorainn sa bhliain 1918") ar an scáileán, agus sa bhliain 2008, scannánaíodh Käsky ("An tOrdú"), úrscéal Leena Lander.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Fort Ino" (as en) (2019-10-12). Wikipedia. 

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Risto Alapuro (1988): State and revolution in Finland ("An Stát agus an Réabhlóid san Fhionlainn"). ISBN 0-520-05813-5.
  • Risto Alapuro (1992): Valta ja valtio - miksi vallasta tuli ongelma 1900-luvun vaihteessa. ("An Stát agus an Chumhacht - Cén Fáth a Raibh Ceist na Cumhachta ina Fadhb faoi Chasadh an Chéid.") Sa leabhar: Haapala, P. (Eag.) Talous, valta ja valtio. Tutkimuksia 1800-luvun Suomesta ("An Geilleagar, an Chumhacht, agus an Stát - Saothair Thaighde faoin bhFionlainn san naoú haois déag"), lch. 251–267. ISBN 951-9066-53-5.
  • Risto Alapuro (1993): Vallankumous. ("An Réabhlóid".) San iris Historiallinen Aikakauskirja 2/1993, le léamh ar an Idirlíon: [1]
  • Osmo Apunen (1987): Rajamaasta tasavallaksi. ("Na Críocha ag Iompú ina bPoblacht".) Sa leabhar: Blomstedt, Y. (Eag.) Suomen historia 6, Sortokaudet ja itsenäistyminen ("Stair na Fionlainne, Cuid a Sé, Blianta an Rúiseachais agus Tús an Neamhspleáchais"), lch. 47–404. ISBN 951-35-2495-7.
  • Reino Arimo (1991): Saksalaisten sotilaallinen toiminta Suomessa 1918. ("Gníomhaíocht Mhíleata na nGearmánach san Fhionlainn sa bhliain 1918".) ISBN 951-96174-4-2.
  • Juhana Aunesluoma & Martti Häikiö (Eag.) (1995): Suomen vapaussota 1918. Kartasto ja tutkimusopas. ("Cogadh Saoirse na Fionlainne 1918. Mapaí agus Treoirleabhar Taighde".) ISBN 951-0-20174-X.
  • Jari Eerola & Jouni Eerola (1998): Henkilötappiot Suomen sisällissodassa 1918. ("Na Taismigh i gCogadh Cathartha na Fionlainne 1918".) ISBN 952-91-0001-9.
  • Carl Enckell (1956): Poliittiset muistelmani I. ("Mo Chuid Cuimhní Cinn ó Shaol na Polaitíochta, Imleabhar a hAon"), gan ISBN.
  • Pertti Haapala (1986): Tehtaan valossa. Teollistuminen ja työväestön muodostuminen Tampereella 1820–1920. ("Le Solas na Monarchan. Forbairt na Tionsclaíochta agus an Lucht Oibre i dTampere sna blianta 1820-1920") ISBN 951-9254-75-7.
  • Pertti Haapala (1992): Työväenluokan synty. ("Cruthú an Lucht Oibre".) Sa leabhar: Haapala, P. (Eag.) Talous, valta ja valtio. Tutkimuksia 1800-luvun Suomesta, lch. 227–249. ISBN 951-9066-53-5.
  • Pertti Haapala (1993): Luokkasota. ("Cogadh na nAicmí".) San iris Historiallinen Aikakauskirja 2/1993, le léamh ar an Idirlíon [2]
  • Pertti Haapala (1995): Kun yhteiskunta hajosi, Suomi 1914–1920. ("Nuair a Thit an tSochaí as a Chéile. An Fhionlainn sna blianta 1914-1920".) ISBN 951-37-1532-9.
  • Pertti Haapala (2008): Monta totuutta. ("Is Iomaí Cineál Fírinne".) Sa leabhar: Hoppu, T. et al. (Eag.) Tampere 1918, s. 255-261. ISBN 978-951-609-369-0.
  • Viktor Holodkovski (de réir thraslitriú an Bhéarla: Viktor Kholodkovskiy.) (1978): Suomen työväen vallankumous 1918. ("Réabhlóid an Lucht Oibre san Fhionlainn 1918".) Foilsitheoirí Progress, Moscó.
  • Tuomas Hoppu (2007): Tampereen taistelun tappiot 1918. ("Na Taismigh i gCath Tampere".) Sotahistoriallinen Aikakauskirja 26, lch. 8–32. ISSN-0357-816-X.
  • Tuomas Hoppu (2008): Punaisten asejunasta rintamataisteluihin. ("Ó Thraein Armtha na nDearg go dtí Cathanna an Fhronta".) Sa leabhar: Hoppu, T. et al. (Eag.) Tampere 1918, lch. 56-61. ISBN 978-951-609-369-0.
  • Osmo Jussila (2004): Suomen Suuriruhtinaskunta 1809–1917. ("Ard-Diúcacht na Fionlainne sna Blianta 1809-1917".) ISBN 951-0-29500-0.
  • Osmo Jussila, Seppo Hentilä & Jukka Nevakivi (2006): Suomen poliittinen historia 1809–2006. ("Stair Pholaitiúil na Fionlainne 1809-2006".) ISBN 951-0-31572-9.
  • Osmo Jussila (2007): Suomen historian suuret myytit. ("Na Miotais Mhóra i Stair na Fionlainne".) ISBN 978-951-0-33103-3.
  • Jukka Kekkonen (1991): Laillisuuden haaksirikko, rikosoikeudenkäyttö Suomessa vuonna 1918. ("Longbhriseadh na Dlíthiúlachta. Cleachtadh an Dlí Choiriúil san Fhionlainn sa Bhliain 1918") ISBN 951-640-547-9.
  • Jorma Keränen (Eag.) (1992): Suomen itsenäistymisen kronikka. ("Croinic Neamhspleáchas na Fionlainne".) ISBN 951-20-3800-5.
  • Eino Ketola (1987): Kansalliseen kansanvaltaan. Suomen itsenäisyys, sosiaalidemokraatit ja Venäjän vallankumous 1917. ("Ar an mBóthar Ard go Daonlathas an Phobail. Neamhspleáchas na Fionlainne, na Daonlathaigh Shóisialta agus Réabhlóid na Rúise sa Bhliain 1917".) ISBN 951-30-6728-9.
  • Matti Klinge (1997): Keisarin Suomi. ("An Fhionlainn Impiriúil".) ISBN 951-50-0682-1.
  • Laura Kolbe & Samu Nyström (2008): Helsinki 1918. Pääkaupunki ja sota. ("Heilsincí 1918. An Phríomhchathair agus an Cogadh".) ISBN 978-952-492-138-1.
  • Matti Lackman (2000): Suomen vai Saksan puolesta? Jääkäreiden tuntematon historia. ("Ar Son na Fionlainne nó na Gearmáine? Stair Anaithnid na nÓglach Fionlannach sa Ghearmáin".) ISBN 951-1-16158-X.
  • Jussi T. Lappalainen (1981): Punakaartin sota, I–II. ("Cogadh na nGardaí Dearga". Imleabhar a hAon, Imleabhar a Dó.) ISBN 951-859-071-0, ISBN 951-859-072-9.
  • Jussi T. Lappalainen, Juhani Piilonen, Osmo Rinta-Tassi agus Marja-Leena Salkola (1989): Yhden kortin varassa. ("In Aghaidh an Easa".) ISBN 951-861-638-8.
  • Eila Linnanmäki (2005): Espanjantauti Suomessa. Influenssaepidemia 1918–1920. ("An Fliú Mór san Fhionlainn. Eipidéim an Fhliú sna Blianta 1918-1920".) ISBN 951-746-716-8.
  • Ohto Manninen (Eag.) (1992–1993): Itsenäistymisen vuodet 1917–1920 ("Túsbhlianta an Neamhspleáchais", imleabhair I–III. ISBN 951-37-0730-X.
  • Ohto Manninen (1993): Vapaussota. ("Cogadh na Saoirse".) Historiallinen Aikakauskirja 2/1993, le léamh ar an Idirlíon [3]
  • Turo Manninen (1982): Vapaustaistelu, kansalaissota ja kapina. Taistelun luonne valkoisten sotapropagandassa vuonna 1918. ("An Troid ar son na Saoirse, an Cogadh Cathartha agus an Cheannairc. Tuiscint na Bolscaireachta Báine ar an gCogadh sa bhliain 1918".) ISBN 951-678-709-6.
  • Turo Manninen: Mannerheim ja tammisunnuntain myytti. ("Mannerheim agus Miotas an Domhnaigh i Mí Eanáir".) Foilsithe sa nuachtán úd Kaleva ar an 27 Eanáir 2008, lch. 40-41.
  • Risto Marjomaa (2004): Maailmanvallankumouksen liepeillä. ("Ar Imeall na Réabhlóide Domhanda".) VNKJS 4/2004. ISBN 952-5354-46-6.
  • Jukka Mattila & Jarkko Kemppi (2007): Suomen vapaussota 1918. ("Cogadh Saoirse na Fionlainne 1918".) ISBN 978-952-5485-03-5.
  • Henrik Meinander (1999): Tasavallan tiellä. ("I dTreo na Poblachta".) Siteet katkeavat (teideal na caibidle: "Scaoiltear na naisc"), lch. 11–52. ISBN 951-50-1055-1.
  • Henrik Meinander (2006): Suomen historia. Linjat, rakenteet, käännekohdat. ("Stair na Fionlainne. Na Línte, na Struchtúir, na Crosbhealaí".) ISBN 951-0-30809-9.
  • James Millar (Eag.) (2004): Red Guards. ("Na Gardaí Dearga".) Sa leabhar: Encyclopedia of Russian History. ("Ciclipéid Stair na Rúise".) Lch. 1274. ISBN 0-02-865907-4.
  • Jaakko Numminen (Eag.) (1989): Lenin ja Suomi ("Léinín agus an Fhionlainn", imleabhar a dó. ISBN 951-860-402-9.
  • Jaakko Paavolainen (1966): Poliittiset väkivaltaisuudet Suomessa 1918, 1 Punainen terrori. ("An Foréigean Polaitiúil san Fhionlainn sa Bhliain 1918, imleabhar a hAon: An Sceimhle Dearg".) Gan ISBN.
  • Jaakko Paavolainen (1967): Poliittiset väkivaltaisuudet Suomessa 1918, 2 Valkoinen terrori. ("An Foréigean Polaitiúil san Fhionlainn sa Bhliain 1918, imleabhar a Dó: An Sceimhle Bán".) Gan ISBN.
  • Jaakko Paavolainen (1971): Vankileirit Suomessa 1918. ("Na Campaí Géibhinn san Fhionlainn sa Bhliain 1918".) ISBN 951-30-1015-5.
  • Jaakko Paavolainen (1974): Suomen kansallinen murhenäytelmä. ("Traigéid Náisiúnta na Fionlainne".) ISBN 951-30-2329-X.
  • Ulla-Maija Peltonen (2003): Muistin paikat. Vuoden 1918 sisällissodan muistamisesta ja unohtamisesta. ("Áiteanna na Cuimhne. An Dóigh ar Coinníodh Cuimhne ar Chogadh Cathartha na Bliana 1918 agus an Dóigh ar Ligeadh i nDearmad é".) ISBN 951-746-468-1.
  • Juhani Piilonen (1997): Sastamalan historia 3, vuodet 1860–1920. ("Stair Sastamala, Imleabhar a Trí, na Blianta 1860-1920".) ISBN 951-97691-0-2.
  • Viljo Rasila (1968): Kansalaissodan sosiaalinen tausta. ("Cúlra Sóisialta an Chogaidh Chathartha".) Tammi.
  • Hannu Rautkallio (1977): Kaupantekoa Suomen itsenäisyydellä. ("Ag Gáinneáil le Neamhspleáchas na Fionlainne".) ISBN 951-0-08492-1.
  • Aapo Roselius (2006): Amatöörien sota - rintamataisteluiden henkilötappiot Suomen sisällissodassa 1918. ("Cogadh na nAmaitéarach - na Taismigh sna Cathanna Fronta le linn Chogadh Cathartha na Fionlainne 1918".) VNJKS 1/2006. ISBN 952-5354-92-X
  • Marja-Leena Salkola (1985): Työväenkaartien synty ja kehitys 1917–1918 ennen kansalaissotaa ("Cruthú agus Forbairt na nGardaí Lucht Oibre 1917-1918 roimh an gCogadh Cathartha"), iml. I–II. ISBN 951-859-739-1, ISBN 951-859-740-5.
  • Raimo Salokangas (2003): Millainen itsenäinen Suomi? ("Cén Cineál Neamhspleáchas don Fhionlainn?") Sa leabhar: Zetterberg, S. (Eag.) Suomen historian pikkujättiläinen("Eolaire Stair na Fionlainne"), lch. 597–613. ISBN 951-0-27365-1.
  • Aatos Tanskanen (1978): Venäläiset Suomen sisällissodassa vuonna 1918("Na Rúisigh i gCogadh Cathartha na Fionlainne sa Bhliain 1918"), Acta Universitatis Tamperensis serA, vol 91, Ollscoil Tampere. ISBN 951-44-0668-0.
  • Marko Tikka (2004): Kenttäoikeudet. Välittömät rankaisutoimet Suomen sisällissodassa 1918. ("Na Cúirteanna Machaire. Na Pionóis Láithreacha i gCogadh Cathartha na Fionlainne 1918".) ISBN 951-746-651-X.
  • Marko Tikka (2006): Terrorin aika. Suomen levottomat vuodet 1917–1921. ("Ré an Sceimhle. Blianta Corracha na Fionlainne 1917-1921".) ISBN 951-20-7051-0.
  • Mikko Uola (1998): Seinää vasten vain; poliittisen väkivallan motiivit Suomessa 1917–1918. ("In Aice an Bhalla Leat! Tucaidí an Fhoréigin Pholaitiúil san Fhionlainn 1917-1918".) ISBN 951-1-5440-0.
  • Anthony F. Upton (1980–1981): Vallankumous Suomessa 1917–1918 ("An Réabhlóid san Fhionlainn 1917-1918"), iml. I–II. ISBN 951-26-1828-1, ISBN 951-26-2022-7.
  • Vesa Vares (1998): Kuninkaantekijät. Suomalainen monarkia 1917–1919, myytti ja todellisuus. ("Lucht Ceaptha an Rí. Monarcacht na Fionlainne 1917-1919, an Miotas agus an Fhírinne") ISBN 951-0-23228-9.
  • Lars Westerlund (Eag.) (2004): Sotaoloissa vuosina 1914–1922 surmansa saaneet ("Na Daoine a Fuair Bás faoi Imthoscaí an Chogaidh sna Blianta 1914-1922".) VNKJS 10/2004. ISBN 952-5354-52-0.
  • Heikki Ylikangas (1986): Käännekohdat Suomen historiassa. ("Na Crosbhealaí i Stair na Fionlainne".) ISBN 951-0-13745-6.
  • Heikki Ylikangas (1993a): Tie Tampereelle. ("An Bealach go Tampere".) ISBN 951-0-18897-2.
  • Heikki Ylikangas (Eag.) (1993b): Vaikea totuus, vuosi 1918 ja kansallinen tiede. ("An Fhírinne Shearbh. An Bhliain 1918 agus an Léann Náisiúnta".) ISBN 951-717-768-2.
  • Heikki Ylikangas (1993c): Sisällissota. ("An Cogadh Cathartha".) Historiallinen Aikakauskirja 2/1993, le léamh ar an Idirlíon [4]
  • Heikki Ylikangas (2007): Suomen historian solmukohdat. ("Na Cora a Cuireadh i gCinniúint Stairiúil na Fionlainne".) ISBN 978-951-0-32864-4.