Varkaus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilVarkaus

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 62°19′00″N 27°53′00″E / 62.3167°N 27.8833°E / 62.3167; 27.8833
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighRegional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) Aistrigh
Region of Finland (en) AistrighAn tSabhóin Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán21,155 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús40.33 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighVarkaus sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla524.49 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKangaslampi Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1929
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachVarkaus City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinvarkaus.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Armas na cathrach.

Cathair bheag in Oirthear na Fionlainne is ea Varkaus. Sa bhliain 2005, bhí thart ar 24,000 duine ina gcónaí sa chathair. Shroich daonra Varkaus a uasmhéid sa bhliain 1985, nuair a bhí 26,700 duine ann. Ón mbliain sin i leith tá an daonra ag dul i laghad. Ba é an déantús páipéir a rinne cathair den áit, tráth, agus nuair a thosaigh an cineál sin tionsclaíochta ag dul in éag, tháinig deireadh le fás na cathrach chomh maith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh áitreabh ag fás san áit sa chúigiú haois déag, cé gur tagraíodh do Siitinselkä - ceann de na lochanna i dtimpeallacht Varkaus - chomh fada siar leis an mbliain 1323, nuair a bhí campa geimhridh ag na Laplannaigh cois na locha sin. Bhí an áit champála seo ina marc teorann idir an tSualainn agus an Rúis san am sin. Sa bhliain 1792, bhunaigh rí na Sualainne bunáit chabhlaigh san áit, ar ar thug na Fionlannaigh laivalinna, caisleán na long. Laivalinnankatu, nó Sráid Chaisleán na Long, atá ar cheann de na sráideanna i Varkaus, inniu féin.

Tháinig borradh ar an tionsclaíocht i Varkaus i rith na naoú haoise déag, ó bhí sruthanna uisce timpeall na háite a raibh cumhacht iontu leis na monarchana a choinneáil ag imeacht, gan trácht a dhéanamh ar thábhacht na n-uiscebhealaí san am. Sna 1830idí gearradh Canáil Taipale tríd an áit le dhá loch-cheantar - ceantar Saimaa agus ceantar Leppävirta - a chur i dteagmháil le chéile. Tá roinnt canálacha eile gearrtha timpeall na cathrach.

I dtús na fichiú haoise shealbhaigh gnóthas Ahlström na monarchana san áit. Faoi cheannas Walter Ahlström tosaíodh ag forbairt na háite. Ba é Walter Ahlström a bhí i gceannas ar an ngnóthas agus é barúlach gur chóir cathair iomlán a thógáil timpeall na monarchana. Ní raibh i Varkaus san am ach codanna de na ceantair timpeall, ar nós Joroinen agus Leppävirta, agus mar sin thit sé ar chrann an ghnóthais tithíocht agus áiseanna a sholáthar don lucht oibre a bhí ag tonnadh isteach ón tuath máguaird.

Bhí imeachtaí an chogaidh chathartha gránna go leor i Varkaus. I dtús an chogaidh, i Mí Eanáir 1918, shealbhaigh gardaí dearga na háite Varkaus, ach bhí siad imshuite ag trúpaí Bána ó thús. Ní raibh i Varkaus go bunúsach ach inis i bhfarraige na mBán, agus an cathéadan idir na Dearga agus na Bána suite faoi chéad ciliméadar ón gcathair. Ar an 21 Feabhra 1918 thosaigh ionsaí na mBán ó dhá threo - ó Pieksämäki agus ó Kuopio - agus traein armúrtha acu a chuir a lán lena gcumas míleata. Mar sin ní raibh siad i bhfad ag cló na nDearg.

I ndiaidh bhua na mBán cuireadh a lán Dearg chun báis i rith na n-imeachtaí ar a dtugtar crannchur Huruslahti. Ba é an scéal a bhí á insint ar thaobh na nDearg gur deachaíodh na cimí dearga, is é sin gur baineadh fear as gach deichniúr as a measc lena chur chun báis gan scrúdú ar bith a dhéanamh ar a chuid gníomhartha nó ainghníomhartha. Is é tuiscint an lucht staire ar na himeachtaí inniu, áfach, nach rogha randamach a bhí i gceist: rinne na Bána iarracht lucht ceannais na nDearg a aithint thar na gnáthshaighdiúirí, agus ba iad na ceannasaithe Dearga a cuireadh chun báis. Mar sin féin d'fhág an "crannchur" goimh i gcroí an lucht oibre i Varkaus a mhair i bhfad gan chneasú. Deirtear gur ar an droichead thar Huruslahti (an loch a bhfuil seanáitreabh na háite suite ina thimpeall) a rinneadh an "crannchur", agus ba ón loch sin a fuair na himeachtaí an t-ainm.

Sa bhliain 1929 gearradh codanna as Leppävirta agus as Joroinen le ceantar a dhéanamh de Varkaus a raibh a rialtas áitiúil féin aige. Rinneadh cathair de Varkaus go hoifigiúil sa bhliain 1962.

Radhairc agus Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Túr Uisce (Vesitorni) an foirgneamh ar a n-aithnítear Varkaus. Is é an t-aon túr uisce i gCríoch Lochlann a bhfuil daoine ina gcónaí ann, nó níl ach na hurláir is airde thuas faoin gcoimeádán uisce. Tá léibheann radharcra sa mhullach ar an túr agus locha an cheantair máguaird le feiceáil ag an té a rachas suas ansin. Bíonn caife ar oscailt ansin i rith an tsamhraidh.

Túr Uisce Varkaus.

Áit aithnidiúil eile é Músaem an Cheoil Mheicniúil (Mekaanisen Musiikin Museo). Is éard atá ann ná bailiúchán mór ionstraimí meicniúla ceoil, ar nós hurdaí-gurdaithe agus boscaí ceoil.

Daoine clúiteacha ó Varkaus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Esa Pakarinen, aisteoir, fear grinn. Saolaíodh Esa Pakarinen i Rääkkylä, ach ina dhiaidh sin, chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i Varkaus. B'ansin a rugadh a mhac, Esa Pakarinen Junior, sa bhliain 1947, a chuaigh le haisteoireacht chomh maith.