Rauma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRauma
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61°07′N 21°30′E / 61.12°N 21.5°E / 61.12; 21.5
Stát ceannasachan Fhionlainn
Region of Finland (en) AistrighSatakunta Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán39,809 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús160.52 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighRauma sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla248 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKodisjoki agus Lappi Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachRauma City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinrauma.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Ceann de na cathracha is sine san Fhionlainn í Rauma (Sualainnis: Raumo) atá suite chois Mhuir na Bóitne, an chuid lárnach de Mhurascaill na Bóitne idir an Fhionlainn agus an tSualainn. Is iad na cathracha agus na ceantair thuaithe ina timpeall ná Pyhäranta, Laitila, Eurajoki agus Eura.

Bunaíodh Rauma sa bhliain 1442. Inniu, tá timpeall ar 40,000 duine ina gcónaí ansin. Tá iarsmaí áirithe ón Meánaois le feiceáil i Rauma - go háirithe Eaglais na Croise Ró-Naofa (Pyhän Ristin kirkko) agus fothracha Eaglais na Tríonóide Ró-Naofa (Pyhän Kolminaisuuden kirkko) - ach is é Vanha Rauma ("Sean-Rauma"), an chuid is sine den chathair, an radharc is mó a tharraingíonn turasóirí go Rauma ar na saolta seo, nó tá tithíocht adhmaid an tseancheantair aicmithe mar chuid den oidhreacht dhomhanda ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.

Dar leis na Fionlannaigh, áfach, is í canúint na cathrach an rud is suntasaí faoi Rauma. Labhraíonn muintir Rauma canúint ina bhfágtar cuid mhór d'iarmhíreanna na bhfocal ar lár, agus í breac le hiasachtaí Sualainnise agus, fiú, Béarla a tháinig ó bhéarlagair na mairnéalach. Tá an chanúint seo - ar a dtugtar "teanga Rauma", nó Rauma giäl sa "teanga" féin (Rauman kieli a déarfaí i bhFionlainnis chaighdeánach) - á saothrú ag scríbhneoirí inniu féin, ach ba é Hj. Nortamo (fíorainm: Frans Hjalmar Nordling, 1860-1931) an scríbhneoir a bhunaigh traidisiún liteartha na "teanga".