Kouvola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKouvola

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 60°52′05″N 26°42′15″E / 60.8681°N 26.7042°E / 60.8681; 26.7042
Stát ceannasachan Fhionlainn
Province of Finland (en) AistrighSouthern Finland Province (en) Aistrigh
Region of Finland (en) AistrighGleann Kymi Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán85,855 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús29.78 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighKouvola sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,883.29 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Kymi Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAnjalankoski, Kuusankoski, Valkeala, Jaala agus Elimäki Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachKouvola City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkouvola.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in Oirdheisceart na Fionlainne í Kouvola, agus 88,193 duine ina gcónaí ansin i ndeireadh Mhí Eanáir na bliana 2010. Cuireadh cúig cheantar eile leis an gcathair i ndeireadh na bliana 2009, mar atá, Kuusankoski, Valkeala, Anjalankoski, Jaala, agus Elimäki.

Bunaíodh Kouvola mar cheantar tuaithe ar leith sa bhliain 1922, agus bronnadh ainm na cathrach uirthi sa bhliain 1960. Roimh an mbliain 1922, ní raibh ann ach ceann de na sráidbhailte i gceantar Valkeala. Dealraíonn sé go raibh áitreabh éigin i sráidbhaile Kouvola ón meánaois i leith, ach níor thosaigh an áit ag forbairt i gceart sular tógadh an bóthar iarainn ó Riihimäki go Cathair Pheadair sna 1870idí, nó bhí stáisiún traenach Valkeala suite i Kouvola. Sna 1880idí, tógadh tuilleadh línte iarnróid in oirthear na Fionlainne, agus rinneadh acomhal tábhachtach de stáisiún Kouvola.

Sa bhliain 1918, nuair a bhí cogadh cathartha na Fionlainne á chur, maraíodh a lán daoine sa Sceimhle Dhearg agus sa Sceimhle Bhán araon i Kouvola agus sna ceantair timpeall.