Ikaalinen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ikaalinen

Cathair bheag i gCúige Iarthar na Fionlainne is ea í Ikaalinen (Sualainnis: Ikalis). Ar an 31ú lá de Mhí Bhealtaine 2006, bhí 7,509 duine ina gcónaí in Ikaalinen. Tá an áit 843.7 ciliméadar cearnach ar achar. Tá an baile mór suite cois Loch Kyrösjärvi, ach bhí an baile mór riamh i bhfad níos boichte i ndaonra ná an ceantar tuaithe ina thimpeall. Ní raibh muintir na háite riamh ag tarraingt ar an mbaile mór, nó tá Tampere, an chathair mhór thionsclaíochta, chomh cóngarach d'Ikaalinen is gurb ansin a bhí na daoine ag bogadh riamh. Mar sin, tá Ikaalinen ag cailleadh daonra le fada an lá.

Tá ceardscoil agus scoil tradála ag obair san áit. Is í an Fhionlainnis an t-aon teanga oifigiúil amháin, nó níl Ikaalinen in aon chóngar do na ceantair den Fhionlainn ina labhraítear Sualainnis.