Kuru

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar prión a bhíodh eindéimeach i measc an phobail Fhóraigh i Nua-Ghuiné Phapua go luath sa 20ú céad is ea é kuru. Is iad na staideanna sa ghalar seo ná meathlú forchéimnitheach an néarchórais lárnaigh, gealtachas, neamhchomhordú na colainne, agus parailis. Bíonn deascáin mhínormálta próitéiní san inchinn, a dtugtar plaiceanna kuru orthu. Meastar gur canablacht i ndeasghnátha sochraide, ithe inchinne an mharbháin, ba chionsiocair le tarchur an ghalair. Ó d'éirigh na Fóraigh as an deasghnáth, is lú ar fad minicíocht an ghalair.