Kuopio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKuopio

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 62°53′33″N 27°40′42″E / 62.8925°N 27.6783°E / 62.8925; 27.6783
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighRegional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) Aistrigh
Region of Finland (en) AistrighAn tSabhóin Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán121,557 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús70.26 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighKuopio sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,730 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde82 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síVehmersalmi, Karttula, Nilsiä, Maaninka, Juankoski, Kuopion maalaiskunta (en) Aistrigh agus Riistavesi Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1653
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachKuopio City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisJarmo Pirhonen (en) Aistrigh (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist70101 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkuopio.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Kuopio an chathair is mó in Oirthear na Fionlainne. Bhí cónaí ar breis is 90,000 duine ansin sa bhliain 2008. Tá lár na cathrach timpeallaithe ag Loch Kallavesi, agus a lán botháin saoire sa chathair, toisc go bhfuil cuid mhór trá agus cladaí ansin. Tá Kuopio suite i gCúige na Fionlainne Thoir, arb í Mikkeli a phríomhchathair, cé nach bhfuil sí ach leath chomh mór le Kuopio ó thaobh an daonra de.

Tógadh an chéad eaglais i gKuopio sa séú haois déag, agus an t-áitreabh ag fás aníos ina timpeall. Bhronn an Gobharnóir Peadar Brahe cairt na cathrach ar Kuopio an chéad uair sa bhliain 1653, ach tháinig meath ar an áit ina dhiaidh sin. Fuair Kuopio cairt nua sa bhliain 1775 ó Ghustaf a Trí, Rí na Sualainne. Tháinig an-fhorbairt ar Kuopio de réir is mar a bhí na bealaí tráchta ag dul chun feabhais: gearradh canáil Taipale in aice le Varkaus sa bhliain 1840, agus hosclaíodh canáil Saimaa sa bhliain 1856. Tháinig an t-iarnród a fhad le Kuopio sa bhliain 1889. Bunaíodh na chéad mhonarchana i gKuopio sa naoú haois déag.

Tháinig Ollscoil Kuopio ar an bhfód mar choláiste acadúil sna 1970idí, agus fuair sé ainm na hollscoile sa bhliain 1984.

Is é Cnoc Puijo is mó a tharraingíonn turasóirí go dtí an chathair, agus túr ard craolacháin tógtha sa mhullach ar an gcnoc. Tá bialann á reáchtáil thuas sa túr freisin, agus í ag dul timpeall, ionas gur féidir leis na cuairteoirí lán a súl a bhaint as na lochanna agus na hoileáin máguaird. Tógadh an túr sa bhliain 1963, ach roimhe sin, bhí dhá thúr ní b'ísle ar an gcnoc.

Is é an rud is mó a shamhlaíonn muintir na Fionlainne le Kuopio ná canúint Oirthear na Fionlainne. Canúint í a bhfuil blas na tuaithe uirthi, agus is díol iontais dá lán a thagann go Kuopio go bhfuil an chanúint le cloisteáil go nádúrtha sa chathair.

Tá clú agus cáil ar mhargadh na cathrach freisin, áit a bhfuil bia an Oirthir le ceannach, go háirithe an kalakukko, nó builín aráin a bhfuil muiceoil agus iasc bácáilte istigh ann. Is é an cineál éisc is minicí a úsáidtear ná an pollán, arb é an cineál éisc is mó a mharaítear i gceantar na lochanna in oirthear na Fionlainne.