Státrúnaí Lánchumhachtach na Fionlainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticStátrúnaí Lánchumhachtach na Fionlainne
StáitArd-Diúcacht na Fionlainne

Ba é an Státrúnaí Lánchumhachtach (Fionlainnis: ministerivaltiosihteeri. Sualainnis: ministerstatssekreterare) an státseirbhíseach Fionlannach i gCathair Pheadair a chuirfeadh cúrsaí na Fionlainne faoi bhráid an Impire, nuair a bhí an Fhionlainn ina cuid d'Impireacht na Rúise, mar Ard-Diúcacht.

De réir an dlí, ní fhéadfadh ach saoránach Fionlannach bheith ina Státrúnaí Lánchumhachtach. Sna fiche bliain dheireanacha i stair na hArd-Diúcachta, bhí na Rúisigh ag iarraidh an Fhionlainn a thabhairt chun Rúiseachais, agus iad ag ceapadh Rúisigh ina Státrúnaithe Lánchumhachtacha beag beann ar an dlí.

Bhí an Coiste um Chúrsaí na Fionlainne ag cuidiú leis an Státrúnaí Lánchumhachtach ina chuid oibre.

Maidir leis an bhfocal ministeriminister i dteideal an Státrúnaí, ní thagraíonn sé don Aire Rialtais, ach don mhinistre sa tseanchiall taidhleoireachta Fraincise - is é sin, ministre plenipotentiaire, nó ionadaí lánchumhachtach a fhéadann, cuir i gcás, conarthaí a shíniú thar cionn a rialtais. Sin é an fáth a n-aistrítear an teideal mar Státrúnaí Lánchumhachtach anseo.

Ní raibh an leagan seo in úsáid, áfach, ach ón mbliain 1835 ar aghaidh. Roimhe sin, ní thugtaí ach "státrúnaí" ar an státseirbhíseach seo.

Státrúnaithe Lánchumhachtacha na Fionlainne i gCathair Pheadair[1][cuir in eagar | athraigh foinse]

Robert Henrik Rehbinder - Státrúnaí Lánchumhachtach na Fionlainne, 1811 - 1841
  • 1809 - 1811 Mikhail Speranskiy (ar bhonn sealadach)
  • 1811 - 1841 Robert Henrik Rehbinder
  • 1842 - 1876 Alexander Armfelt
  • 1876 - 1881 Carl Emil Knut Stjernvall-Walleen
  • 1881 - 1888 Theodor Bruun
  • 1888 - 1891 Johann Casimir Ehrnrooth
  • 1891 - 1898 Woldemar von Daehn
  • 1898 - 1899 Victor Procopé
  • 1900 - 1904 Vyacheslav von Plehwe
  • 1904 - 1905 Edvard Oerstroem
  • 1905 Constantin Linder
  • 1906 - 1913 August Langhoff
  • 1913 - 1917 Vladimir Markov
  • 1917 F. Roditsev
  • 1917 - 1918 Carl Enckell

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]