Murascaill na Fionlainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Murascaill na Fionlainne

Is brainse den Mhuir Bhailt í Murascaill na Fionlainne. Síneann sí idir an Fhionlainn agus an Eastóin go dtí Cathair Pheadair sa Rúis, áit a shroicheann abhainn an Neva an fharraige. Cathracha móra eile atá ar imeall na murascaille ná Heilsincí agus Taillinn.