Peadar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pyotr I Alekseyevich
Impire na hUile Rúise
Peter der-Grosse 1838.jpg
An tImpire Peadar Mór
Réimeas 7 Bealtaine 16828 Feabhra 1725
Dáta breithe 30 Bealtaine 1672
Áit bhreithe Moscó
Dáta báis 8 Feabhra 1725
Réamhtheachtaí Sár Feodor III
Comharba Caitríona I
Rítheaghlach Romanov
Céile 1) Eudoxia Lopukhina
2) M.Skavronskaya (Caitríona I)
Síniú
Peter the Great Signature.svg

B'é Peadar Mór (Rúisis: Пётр I Алексеевич nó Pyotr I Alekseyevich) an chéad impire nua-aimseartha sa Rúis, agus meas mór ag go leor de mhuintir na tíre sin air i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tír a thabhairt chun nua-aoiseachais agus chun Iartharachais.

A Shaol[athraigh | edit source]

A Chéad Óige[athraigh | edit source]

Rugadh Pyotr Alexeyevich Romanov, nó an tImpire Peadar Mór, sa bhliain 1672 (9 Meitheamh). Le linn a chéad óige ní rabhthas ar aon bharúil faoin gcomharbas. Bhí trioblóidí ar coipeadh sa chúirt, agus na daoine uaisle ag tógáil uisce faoi thalamh in aghaidh a chéile. Mar sin, ba chuid de shaoltaithí an bhuachalla bhig tiarnaí móra de chuid na tíre a fheiceáil báite ina gcuid fola le súile a chinn féin. Chun Peadar óg a choinneáil slán sábháilte ó chaimiléireacht na cúirte tógadh faoin tuath é, áit ar éirigh sé mór leis an gcosmhuintir agus - thar aon dream eile de dhaoiní - le muintir Nemetskaya Sloboda.

I gComhluadar na gCoimhthíoch[athraigh | edit source]

Is é is brí le Nemetskaya Sloboda ná Saorcheantar na nGearmánach - déanta na fírinne, ní Gearmánaigh amháin a bhí ina gcónaí ansin, ach strainséirí ó thíortha eile freisin, ach i dtús báire d'úsáidtí an focal nemets a chiallaíonn "Gearmánach" i Rúisis an lae inniu - d'úsáidtí é le tagairt do strainséir ar bith a raibh teanga dhothuigthe á labhairt aige. (Tá an téarma seo gaolmhar leis an aidiacht a chiallaíonn "balbh" - nemoy. Is minic a shíleann lucht labhartha aon teanga amháin gur balbh nó bodhar atá an té nach bhfuil in ann an teanga "cheart" a chanadh ná a thuiscint.) Bhí dianseirfeachas i bhfeidhm ar an Rúis ar fad, agus b'éigean díolúine - saoirse speisialta - ón seirfeachas a bhronnadh ar na heachtrannaigh - ceardaithe, tráchtálaithe agus a leithéidí - a bhí ina gcónaí san áit. Sin é an tuige go dtugtaí "saorcheantar" ar an áit.

D'fhoghlaim Peadar óg léann nua-aimseartha an Iarthair agus go leor scileanna innealtóireachta ó mhuintir an tSaorcheantair. Ón taoibh eile de, ó tharla go raibh a fhios aige go raibh sé i ndán dó dul i gceannas ar an tír ab fhairsinge ar domhan, fágadh gan toilsmacht é. Ba dual dó ragairne rábach ó bhí sé ina dhéagóir óg aerach, agus é ag ól is ag bualadh craicinn ar nós an diabhail féin má bhuail an tallann é.

An Sár ina Chearpantóir[athraigh | edit source]

Gaireadh Sár de Pheadar nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Nuair a bhí sé cúig bliana fichead, d'fhág sé Moscó in éineacht le lucht mór coimhdeachta le dul i dtaithí ar chultúr na hEorpa. Chaith sé seal san Ollainn, agus é ina phrintiseach cearpantóra sna longcheártana, nó bhí an-spéis aige riamh sna longa agus i gcúrsaí loingseoireachta. Lean sé air ag tógáil long i Sasana, agus é ag déanamh dianstaidéir ar an chineál saoil a bhíodh ag na daoine sna tíortha coimhthíocha, ar an gcineál sochaí agus forais shóisialta a bhí iontu. D'fhruiligh sé slua mór eolaithe is lucht léinn le haghaidh na Rúise agus chrom sé ar mhalairt cuma agus cumraíochta a chur ar shaol na tíre.

Fear tallannach, fear cruálach[athraigh | edit source]

Ag filleadh abhaile dó fuair sé a chuid saighdiúirí i mbun ceannairce. Ó bhí sé i ndiaidh dhá reisimint den chéad scoth a chur ar bun roimh imeacht ar an gcoigríoch dó, agus iad mionnaithe dó go pearsanta, chuaigh aige lucht na ceannairce - na Streiltsigh (nó na "Lámhachóirí"), lucht na seanreisimintí - a cheansú go gasta. Na tuathghríosóirí a chuir tús leis an éirí amach, básaíodh go sciobtha iad, ach ina dhiaidh sin féin, chrom Peadar ar na gnáthshaighdiúiri a chéasadh le h-"admháil a gcuid míghníomhartha is coireanna" a bhaint astu. B'iomaí súil a stoith sé agus b'iomaí srón a réab sé. Déanta na fírinne, ba mhór an t-ábhar suilt is saobhthaithnimh dó riamh príosúnaigh a chéasadh. Ba chuid é seo d'fhiántas is de bharbarthacht a charachtair, agus gach seans go raibh baint aige seo le chomh tugtha agus a bhí sé do chraiceann a chuid ban.

I ndiaidh an ródaigh seo rinne mo dhuine deimhin de nach dtitfeadh a leithéid amach arís. Chuir sé eagar agus inneall ar an arm, na Cosacaigh san áireamh, agus chuir sé coinscríobh i bhfeidhm ar aicmí nua den tsochaí. Mar a chonaic muid cheana, bhí a chroí sáite ina chuid long, agus é iontach gnóthach ag iarraidh cabhlach ceart a thógáilt don tír. Rinne sé téisclim mhór chogaidh ar bhealaí eile freisin, ag earcú is ag cóiriú reisimintí nua airm agus ag cur garastúin á dtógáil.

Cogaí Pheadair[athraigh | edit source]

Agus é chomh doirte sin don arm, ní díol iontais é gur iompaigh sé amach ina fhear mór cogaíochta. I mblianta deireanacha na seachtú haoise déag chuir sé cogadh ar an Tuirc agus bhain amach tailte nua theas. Sa bhliain 1700, áfach, chuir sé a ladar i gCogadh Mór an Tuaiscirt, coimhlint fhadaraíonach a raibh an tSualainn, an Danmhairg is an Pholainn in abar inti cheana féin. Mhair an cogadh áirithe seo an chéad scór bliain den ochtú haois déag. Chuaigh Rí na Sualainne, agus é i ndiaidh a arm ar fad a chailleadh i gcath Poltava sa bhliain 1710, chuaigh Rí na Sualainne ar lorg cuidiú ó Shabhdán na Tuirce. Ansin, d'éirigh in athuair idir an Rúis agus an Tuirc. Ba bheag a fuair Peadar de bharr an chogaidh seo, amach ó phíosa den Fhionlainn a bhí de dhíth air le cúl a phríomhchathrach úrbhunaithe a chosaint.

An Phríomhchathair Nua[athraigh | edit source]

Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáil na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte di: Cathair Pheadair. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiacha ar bhunadh an cheantair thart ar an áit - an Ingearmanlann a thugtaí ar an gcúige ar na saolta sin - dul ag tógáil na cathrach nua dó. Bhí láithreán na n-oibreacha seo inchomórtais ar fad le sluachampaí géibhinn Stailín, agus na sclábhaithe chomh héigiontach le chéile sa dá áit. Lena cheart a thabhairt do Pheadar, áfach, ní mór dúinn a admháil gur éirigh leis rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach gránna seo: ba bheag toradh úsáideach a bhíodh ar a raibh idir lámhaibh ag daoroibrithe Stailín, nó ní rabhthas go bunúsach ach á gcéasadh, gan aon chuspóir ceart a bheith lena streachailt. Maidir le Peadar, ní lena gcéasadh amháin a mhaslaigh sé na daoine, ach ar ndóigh, fuair an chuid ba mhó acu bás sa dá chás.

I ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go raibh an teideal úd "Sár" á chleachtadh ag ríthe na Moscóive le fada - agus an focal féin - tsar' - bunaithe ar ainm Iúil Caesar ar tús - ní bhíodh Impirí na Rúise ag tabhairt imperator orthu féin roimh Pheadar.

Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí[athraigh | edit source]

Ós rud é go raibh Peadar chomh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na prikazy, na húdaráis lárnacha a raibh gach aon cheann acu bunaithe ar ordú ar leith ón Sár seo nó siúd fadó - déanta na fírinne, "ordú" is bunchiall leis an fhocal prikaz féin - agus a gcuid dualgaisí ag teacht salach ar a chéile go mion minic. Bhí sé de rún ag Peadar córas ní ba solúbtha a chur in áit tranglam na bprikazy. San am céanna, lean Peadar ag cloí na sean-uasalaicme - na tiarnaí talún - le haicme nua de mhaorlathaigh oilte a chur ina hionad. D'aicmigh Peadar na maorlathaigh de réir tábla céimíochtaí in aithris ar chóras na gcéimeanna míleata: an duine a bhainfeadh amach céim sách ard ag dul suas an dréimire seo, bhronnfaí gradam uaisleachta air is ar shliocht a shleachta. Dá thoradh seo, tháinig uasalaicme nua - uasalaicme na maorlathach - in iomaíocht leis na seantiarnaí talún.

Fear Mór Tionsclaíochta agus Marsantachais[athraigh | edit source]

Chuir Peadar an chéad bhun leis an réabhlóid tionsclaíochta freisin, nó bhunaigh sé monarchana anseo is ansiúd le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgiú le haghaidh easpórtála, agus é ag iarraidh an margadh intíre a chosaint ar iompórtáil iasachta san am céana trí dhleachtanna arda caomhnaitheacha a ghearradh is a thobhach - is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugann na staraithe eacnamaíochta marsantachas. (Leis an seachtú haois déag is mó a bhaineann an marsantachas sa chuid is mó den Eoraip, nó tháinig na fiseacrataigh chun tosaigh san ochtú haois déag, agus iad ag cur níos mó béime ar shaoirse an ghnóthadóra ghustalaigh.)

An Cultúr Nua[athraigh | edit source]

Ní raibh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoileanna le heolaithe mara agus loingseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhair eolaíochta á bhfoilsiú sa cheimic is san fhisic, sa gheograife is sa réalteolaíocht, sa mhatamaitic is san innealtóireacht. Chrom na saineolaithe ar imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.

Ós rud é nach raibh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mbean luí ab ansa leis, - ós rud é nach raibh sé in ann aon tabhairt suas cheart a chinntiú dá mhac, ní bhfuair seisean - Alexey ab ainm dó, agus é ainmnithe as athair Pheadair - le hoidhreacht ach drochthréithe a athar. Bhí sé corrach guagach mar dhuine, agus é ag braiteoireacht ón gcráifeacht go dtí an ragairne óil. Bhain an freasúra coimeádach eaglasta a ngaisneas as an mac, nó bhí siad meáite ar Pheadar a ruaigeadh as an ríchathaoir agus Alexey a chur ina áit mar bhalbhán fannlag d'Impire, le go mbeidís féin ag rialú na tíre. Tháinig an chomhcheilg seo chun solais, áfach, agus thug an tImpire drochíde mhíthrócaireach dá mhac le hainmneacha na gcomhchealgairí eile a fháscadh as. Sa deireadh thiar thall, maraíodh Alexey sa phríosún.

Fuair Peadar Mór bás sa bhliain 1725 (8 Feabhra), agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air.



Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev