Nioclás I na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nioclás I na Rúise
Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise
Franz Krüger - Portrait of Emperor Nicholas I - WGA12289.jpg
An tImpire Nioclás I
Réimeas 1 Nollaig 18252 Márta 1855
Dáta breithe 6 Iúil 1796
Áit bhreithe Gatchina
Dáta báis 2 Márta 1855
Áit bháis Cathair Pheadair
Réamhtheachtaí Alastair I
Comharba Alastair II
Rítheaghlach Romanov
Céile Alexandra Feodorovna (Charlotte)

Impire de chuid na Rúise a bhí i Nioclás I (Николай I Павлович, Nikolaj I Pavlovič). Rugadh Nioclás sa bhliain 1796 agus cailleadh sa bhliain 1855 é.

Saighdiúir a bhí i Nioclás amach is amach. Ní bhfuair sé tabhairt suas an tSáir, ó bhí gach duine ag glacadh leis go raibh an cúram sin daite dá dheartháir Konstantin. B'é an míleatachas an t-aon taobh amháin a chonaic sé de réimeas an impire Alastair. Dá réir sin, bhí sé ag iarraidh smacht míleata a choinneáil ar an stát. Ní raibh glacadh ar bith aige le monarcachas bunreachtúil: bhí sé den tuairim nach raibh ann ach an dá rogha, an phoblacht agus an t-uathlathas - an mhonarcacht absalóideach gan srianta dlí nó bunreachta le cumhacht an Impire - agus dá ndéanfaí aon iarracht comhréiteach nó comhghéilleadh a lorg idir an dá rogha seo, ní bheadh ann, dar leis, ach bréag agus cur i gcéill. Chaithfeá do rogha a bhaint as an mbeirt, agus bhí a rogha féin bainte aigesean ó thús, ceart go leor. Thug sé isteach a lán míleatachais sa saol sibhialta: chuir sé inneall nua ar an gendarmerie, ar na péas armtha, a bhí ag fiosrú coireanna polaitíochta, cosúil le réabhlóideachas.

Nioclás agus an Dlí[athraigh | edit source]

Ón taobh eile de, d'fhill Mikhail Speranskiy ón tSibéir le seal maith oibre a dhéanamh i réimeas Niocláis ag códú is ag cur in eagar reachtaíocht na Rúise. Bhí claonadh áirithe chun dlíthiúlachais i Nioclás fosta, i ndiaidh an iomláin. D'fhéach sé le seandlíthe a choinneáil i réim is i bhfeidhm, ach arís, bhí sé chomh scanraithe sceimhlithe roimh gach aon chineál "réabhlóideachais" agus go raibh sé sách neamhshrianta ag déanamh géarleanúna ar an bhfreasúra polaitíochta. Chuala an saol iomrá ar ghrúpa Phetrashevskiy: dornán de státseirbhísigh agus intleachtóirí óga a bhí ann a thagadh le chéile ag caibidil cúrsaí reatha go neamhfhoirmiúil, go dtí gur rug na péas orthu agus gur caitheadh i dtóin an phríosúin iad mar a bheadh coirpigh iontu. Is ar éigean más féidir a rá gur "freasúra" nó "réabhlóideachas" a bhí i gceist ag an ngrúpa seo, ach rinne na péas an-chomhcheilg de ina gcuid tuairiscí. D'imir an Sár cleas cruálach magaidh ar an ngrúpa: ghearr sé pionós an bháis orthu, ach nuair a bhí ceangal na gcúig gcaol curtha ar chupla duine acu cheana féin lena gcur chun báis, hinsíodh dóibh gur athraigh an Sár na pionóis bháis go téarmaí fada príosúnachta ar díbirt amuigh sa tSibéir. Ghlac na cimí an pionós báis dáiríre píre, fad is nár chuala siad an "pardún"; chuaigh duine acu as a mheabhair go doleigheasta, a deirtear. Bhí an scríbhneoir Dostoyevskiy, nach raibh ann ach fear óg san am, i measc na gcimí, agus chuaigh an eachtra seo go buan i bhfeidhm air. Thrácht sé faoi dhó uirthi ina chuid saothar.

Ceist an tSeirfeachais[athraigh | edit source]

Ní raibh Nioclás chomh hamaideach is nach n-aithneodh sé fadhbanna abhalmhóra na sochaí. D'admhaigh sé go raibh, cuir i gcás, an seirfeachas ag luí go trom ar an náisiún. Mar sin féin, tuigeadh dó nárbh fhéidir na scológa a shaoradh ó bhráca ach athruithe doimhne a theacht ar an tír ar a lorg sin, athruithe nach mbeadh neart ag an Impire féin orthu a thuilleadh; agus bhí drogall agus doicheall ar Nioclás roimh na hathruithe sin.

Bhí na seirfigh ag éirí mífhoighneach, áfach, agus iad ag dul chun ceannairce anseo is ansiúd sna críocha cúil. Bhí na péas in ann na ceannaircí áitiúla a theorannú agus a choinneáil scartha ó chéile, ach ba chomhartha iad go raibh sé thar am an córas a athrú. Mar sin féin, níor chuir Nioclás an seirfeachas ar ceal. An rud a rinne sé, áfach, ná gur mhaolaigh sé ar chruachás scológa an stáit trí thuilleadh tailte a roinnt orthu, i gcruth is go mbeidís in ann an dá thrá a fhreastal, idir a gcuid cánacha a íoc mar ba chóir agus an bia a choinneáil lena muintir. Go ginearálta, áfach, bhí cás na seirfeach ag dul chun donais, nó fuair na tiarnaí talún blas ar an airgead, agus theastaigh tuilleadh torthaí feirmeoireachta uathu lena ndíol sa mhargadh. De réir a chéile, áfach, tuigeadh dóibh nach raibh mórán thar a n-acmhainn le baint as na scológa, agus iad fágtha chomh fann folamh nach raibh siad go rómhaith ag obair. Mar is féidir linn a léamh ar Chuimhní Cinn an tSealgaire leis an scríbhneoir Turgenyev (tá fiú aistriúchán Gaeilge ann!), thoiligh an chuid ab fhorásaí de na tiarnaí talún le cáin airgid (obrok as Rúisis) óna gcuid seirfeach in áit an dualgais oibre i bpáirceanna an tiarna. Le bheith ábalta an cháin a dhíol, bhí cead ag na scológa ceird a fhoghlaim, agus go leor daoine acu ag dul le saoirsineacht de chineál éigin, ar nós na cearpantóireachta, mar shampla.

Ní raibh an uasalaicme ag déanamh go rómhaith ach oiread, áfach. Bhí cuid acu ag cur bail úr ar na tailte ag baint úsáide as leas málaí agus as gléasanna nua-fhaiseanta talmhaíochta eile, agus iad ag saothrú go maith. An chuid eile, áfach, bhí siad ag cloí leis an seanghnáthamh, agus ós rud é go raibh an stát féin coimeádach, fiú ag tabhairt le fios gur suáilce ann féin a bhí sa choimeádachas, bhí gustal as an ngnáth de dhíobháil ar aon tiarna talaimh le dul le curadóireacht nua-aimseartha.

Tógáil na Tromthionsclaíochta[athraigh | edit source]

B'i réimeas Niocláis a cuireadh dlús le forbairt na tionsclaíochta sa Rúis. An té a fuair a chéad léargas ar stair agus ar chultúr na Rúise ag léamh cuimhní cinn le hiar-chimí Sóivéadacha, tagann iontas air ag cur sonrú sna cosúlachtaí idir an tAontas Sóivéadach agus an Rúis Impiriúil dó. Nó bhí córas rialtais an tSáir féin ag fabhrú don tionsclaíocht throm agus ag cur béime ar riachtanaisí míleata na harmála, - díreach mar a rinne an tAontas Sóivéadach. Thairis sin, bhí na poill mhianaigh á saothrú ag daoir - ag príosúnaigh agus ag seirfigh - in áit lucht oibre ar tuarastal. Ní doiligh a shíleadh gur réamhtheachtaithe a bhí iontu do na cimí daorbhroide ar thug Aleksandr Solzhenitsyn agus Varlam Shalamov cur síos orthu ina gcuid scríbhinní.

Ag Dul leis an Eoraip - nó ag Cloí leis an Sean-Fhód?[athraigh | edit source]

Siúd is go raibh greim teann ag lámh an Impire ar an tír, bhí an saol cultúrtha agus an saol intleachtúil sa Rúis iontach saibhir, iontach suimiúil. Bhí smaointí nua-aoiseacha ag tonnadh isteach ón Iarthar in ainneoin na dianchinsireachta a chuir an stát ar na foilseacháin, agus lucht na salón liteartha á gcardáil go diograiseach díbhirceach. Ba mhinic nach raibh i gceist acu ach faisean intleachtúil agus aithris bhacach ar an Iarthar, ach mar sin féin, bhí dreamanna ann fosta a rinne a gcuid féin de na hidéanna coimhthíocha. Go háirithe, b'iad na 1840idí tréimhse mhór na ndiospóireachtaí intleachtúla. B'ansin a tarraingíodh an teorainn idir na hIartharaigh - na Zapadniki - agus na Slavaifíligh. (Zapad an focal Rúisise ar Iarthar.)

Dream reiligiúnda náisiunaíoch a bhí sna Slavaifíligh, agus iad ag frithghníomhú ar réasúnachas an Iarthair. Bhí siad barúlach gurbh ionann patrarcachas na sean-Rúise agus an cultúr Críostaí a bhí caite i dtraipisí ag muintir an Iarthair. Saol ceart comhdhaonnach a bhí ag na Rúisigh, dar leo (sobornost' an focal Rúisise ar an gcomhdhaonnachas seo), agus iad ag éileamh go dtabharfadh an Rúis droim láimhe le salachar agus seafóid na hEorpa. Bhí siad in éadan an dóigh a raibh an uasalaicme ag labhairt Fraincise agus ag meascadh focla coimhthíocha trína gcuid Rúisise.

Siúd is go raibh príomhluachanna na Slavaifíleach - idir dhúchas na Rúise agus chreideamh Críostaí an Oirthir - á n-urramú i mbolscaireacht oifigiúil na hImpireachta, bhí cuid de na Slavaifíligh sáite in achrann leis an Stát. Nó bhí an Slavaifíleachas bunaithe ar chineál ainrialachas reiligiúnda, agus thug na Slavaifíligh tús áite don scológ (muzhik) gan scolaíocht, mar dhea-shampla i gcúrsaí an chreidimh is na moráltachta. Ó lig Peadar Mór tionchar an Iarthair isteach, ní raibh an rialtas inchomórtais leis an scológ seo a thuilleadh, a shíl siad - agus ar ndóigh, ní chuirfeadh an rialtas ná an tImpire suas leis an gcineál seo fealsúnachta a bhí ag tabhairt le fios nach raibh cead ag an Impire a thír féin a rialú mar ba mhian leis féin.

Faoin am seo a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht fosta, nó ba sna tríochaidí a scríobh nó a d'fhoilsigh file náisiúnta na Rúise, Aleksandr Pushkin, an chuid ba tábhachtaí dá shaothar. Tháinig Nikolay Gogol go tiubh sna sálaí aige, agus é ag baint stangadh as an náisiún leis an úrscéal mhór úd Mertvye dushi ("Na hAnamacha Marbha"). Tagairt is ea iad na "hanamacha" do na seirfigh, nó ba ghnách "anam" a thabhart ar aon seirfeach amháin, cosúil leis an dóigh a dtugtar "cloigeann" ar aon bhó amháin sa Ghaeilge. Is iad na "hanamacha marbha" na seirfigh a fuair bás i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh, ionas go bhfuil siad i gcónaí ar na rollaí mar dhaoine beo. Is é is ábhar d'úrscéal Gogol ná fear - Chichikov is sloinne dó - a bhíonn ag ceannach "anamacha marbha" den chineál seo ó na tiarnaí talún.

Maidir leis na gnóthaí eachtracha, chuir Nioclás cogadh ar na Peirsigh agus ar na Turcaigh, agus é ag sealbhú tailte nua don Rúis sna Sléibhte Cugasacha (an tSeoirsia agus an Airméin), chomh maith le lámh a chur i bpolaitíocht inmheánach na Tuirce. I ndiaidh na gcogaí seo, sa bhliain 1830, phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach anseo agus ansiúd san chuid Eorpach den tír, go háirithe sa Pholainn. Ní raibh i gceist ansin ach ceannairc bheag i measc na n-ábhar oifigeach i scoil traenála an Airm, ach ós rud é go raibh na Polannaigh araiciseach chun éirí amach le dul ar lorg saoirse dá dtír, chuaigh siad ina sluaite síoraí ag cur cogaidh ar na Rúisigh. Fuair Nioclás é féin in abar ar fad ag iarraidh na saighdiúirí Polannacha a chloí. Nuair a cuireadh an t-éirí amach faoi chois, bhain Nioclás a bunreacht den tír cheannairceach, ach ó theastaigh uaidh urraim a thabhairt d'fhoirmiúlachtaí dlí, d'fhág sé féinrialtas de chineál éigin ag na Polannaigh, de réir an ghealltanais a bhí tugtha ag Alastair ag comhdháil Vín.

Bhí na Fionlannaigh dílis do Nioclás, siúd is nár bhac sé le Dáil fhéinrialaitheach a dtíre a chomhthionól, ach oiread le hAlastair. Mar sin, ghreamaigh míchlú áirithe dá ainm san Fhionlainn, cé go mbíodh an Sár seo agus Fionlannaigh a chomhaimsire sách sásta lena chéile.

Ós duine coimeádach a bhí i Nioclás a hAon, go háirithe i gcomparáid leis na rialtóirí Eorpacha, theastaigh uaidh comhoibriú le fórsaí coimeádacha eile le síocháin a thíre is a rialtais féin a chinntiú is a dhíonadh roimh ré ar gach cineál ceannairce, cearmansaíochta nó radacachais. Sa bhliain 1833, shínigh Nioclás conradh le príomhchumhachtaí eile na hEorpa faoi chomhoibriú míleata in éadan gluaiseachtaí radacacha agus ceannaircí réigiúnda i measc mionlach náisiúnta. Tharraing an conradh seo fuath na gciorcal liobrálach agus radacach ar an Rúis, agus mhéadaigh ar an gcúlchaint fá dtaobh den Rúis mar "phéas armtha na hEorpa". Bhí an gendarme sin an-ghnóthach ag cloí na dtrioblóidí réabhlóideacha san Fhrainc agus sa Ghearmáin sa bhliain 1848 - "Earrach na Náisiún" nó "bliain mire na hEorpa", bain do rogha astu - agus san Ungáir an bhliain dár gcionn.

Cogadh na Crimé agus bás Niocláis[athraigh | edit source]

Charge of the Light Brigade ("Ruathar na Briogáide Éadroime"), le Richard Caton Woodville (Cogadh na Crimé)

Sna 1850idí, áfach, go gairid roimh bhás Niocláis, phléasc cogadh amach idir an Bhreatain Mhór agus an Rúis fá dtaobh den Tuirc. Bhí ré na Tuirce rite mar mhórchumhacht Eor-Áiseach, agus an Bhreatain Mhór is an Rúis ag santú na creiche a bheadh in iarsmaí na himpireachta seo ar ball. Dáiríribh, cogadh idir an Rúis is an Tuirc a bhí ann ar dtús (an gnáthrud, a déarfá), ach ansin, chuir na Sasanaigh a ladar ann. Laindeáil a gcuid trúpaí i Leathinis na Crimé i dtús an fhómhair sa bhliain 1855; sin é an fáth gurb as an leathinis sin a hainmníodh an cogadh féin.

Shíothlaigh Nioclás i Mí na Samhna den bhliain chéanna, agus ó chruthaigh an Rúis ní ba laige ó thaobh na n-armálacha de, b'éigean don tSár Alastair a Dó, a tháinig i réim ansin, deifir a dhéanamh ag éirí as an gcogaíocht. Ghabh sé leor le comha síochána a bhí an-mhíbhuntáisteach don Rúis agus a thaispeáin don tsaol mhór nach raibh comhábhair na mórchumhachta sa tír a thuilleadh. Bhí faillí déanta ag an Impireacht i bhforbairt an bhuneagair, nó an infreastruchtúir: ní raibh na bóithre iarainn sách iomadúil leis na saighdiúirí a thabhairt a fhad le páirc an áir in am.

San Fhionlainn, dála an scéil, is gnách "Cogadh na nOileán Álannach" a thabhairt ar an chogadh áithrid seo. Na hOileáin Álannacha, nó Åland as Sualainnis, tá siad suite idir an Fhionlainn agus an tSualainn, agus siúd is gur leis an bhFionlainn iad inniu, is í an tSualainnis teanga dhúchais na n-oileánach. Tá na hoileáin dímhíleataithe inniu, ach nuair a bhí na Rúisigh i seilbh na tíre, ba bhunáit thábhachtach do chabhlach cogaidh na Rúise iad, rud a d'fhág go leor focail Rúisise i ngnáthchaint Sualainnise na n-oileán. Nuair a bhí ina chogadh, rinne loingeas cogaidh na Breataine Móire ionsaí ar na hoileáin, nó mar a deir an seanamhrán Fionlainnise:

Ja se Oolannin sota oli kauhea, hurraa, hurraa, hurraa
kun kolmella sadalla laivalla
seilas engelsmanni Suomemme rannoilla,
sunfaraa, sunfaraa, sunfarallallallallaa,
hurraa, hurraa, hurraa!
"Is uafásach an cineál cogaidh a bhí ann, hurá, hurá, hurá
agus trí chéad long de chuid Sheáin Bhuí
ag cóstóireacht timpeall na Fionlainne,
sunfará, sunfará, sunfarallallallallá,
hurá, hurá, hurá!"

B'fhéidir nach raibh "trí chéad long" ag "Seán Buí" chois chósta na Fionlainne i ndiaidh an iomláin, ach bhí an oiread sin cathanna mara timpeall na tíre agus go bhfuair an chosmhuintir riachtanach cuimhne an chogaidh a chur i míotar.



Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev