Alastair I na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alastair I na Rúise
Alexander I of Russia.PNG
An tImpire Alastair I.
Réimeas 24 Márta 18011 Nollaig 1825
Dáta breithe 23 Nollaig 1777
Áit bhreithe Cathair Pheadair
Dáta báis 1 Nollaig 1825
Áit bháis Taganrog
Réamhtheachtaí Pól I
Comharba Nioclás I
Rítheaghlach Romanov
Céile Elizabeth Alexeievna
Síniú
SignatureAlexanderI.jpg

B'é Alexander I (Rúisis: Александр I Павлович, Aleksandr I Pavlovich) impire na Rúise ó 23 Márta 1801 go 1 Nollaig 1825.

Sár[athraigh | edit source]

B'é Alastair a hAon an chéad Sár sa naoú haois déag, nó chuaigh sé i gceannas ar an tír in Earrach na bliana 1801; agus dealraíonn sé go raibh sé ar an Impire ba chumasaí dár rialaigh an tír san aois sin. I dtús a réimis shocraigh sé síocháin le Sasana agus leis an bhFrainc, le súil is go gcoinneodh sé an Rúis glan ar an gcogadh idir an bheirt eile. De réir is mar a bhí Napoleon ag éirí bagrach, áfach, fuair Alastair riachtanach dul i gcomhghuaillíocht le Sasana agus leis an Ostair in éadan na Fraince. Rinne na Francaigh ciolar cíot d'arm na hOstaire is na Rúise in Austerlitz (Slavkov i bPoblacht na Seice sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1805, agus nuair a madhmadh ar na Prúisigh dhá bhliain ina dhiaidh, fuair Napoleon geataí na Rúise oscailte roimhe. Bhí Alastair cinnte nach dtiocfadh leis an fód a sheasamh in éadan Napoleon, agus shocraigh sé síocháin leis an bhFrainc le hanáil a tharraingt agus scíth nó cairde a fháil roimh an chéad teagmháil eile.

D'iarr Napoleon ar Alastair cogadh a chur ar an tSualainn nach raibh sásta páirt a ghlacadh in Imshuí na hIlchríche, is é sin, an scéim a bhí ag Napoleon ilchríoch na huile Eorpa a dhúnadh ar longa na Sasanach. Rinne Alastair mar a hiarradh air - ar a laghad, d'ionsaigh sé an tSualainn agus ghabh sé an Fhionlainn ó na Sualannaigh sa bhliain 1809. Dearbhaíodh an nascghabháil i gconradh síochána Hamina/Fredrikshamn. Thairis sin, chuir Napoleon duine dá chuid marascal, Jean Baptiste Bernadotte, i gceannas ar an tSualainn. Ní raibh Bernadotte, - ar gaireadh Rí na Sualainne de faoin ainm Séarlas Eoin (Karl Johan) - chomh mór sin istigh le Napoleon mar a shamhlófá le ginearál dá chuid. Nuair a tuigeadh do Bhernadotte agus d'Alastair araon nach raibh an t-imshuí ach ag dul chun dochair don dá thír, idir an Rúis agus an tSualainn, chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le chéile in aghaidh na Fraince. Ní thabharfadh Alastair an Fhionlainn ar ais don tSualainn, ach gheall sé do Bhernadotte go raibh cead aige an Iorua a ghabháil ón Danmhairg in éiric na Fionlainne.

Cogadh Alastair agus Napoleon[athraigh | edit source]

Nuair a fuair Napoleon amach faoin uisce faoi thalamh seo, chruinnigh sé le chéile na sluaite síoraí de shaighdiúirí as na tíortha uile a bhí faoina smacht faoin am seo - an Grande Armée, mar a tugadh ar an arm úd. Thrasnaigh an Grande Armée teorainn na Rúise i ndeireadh Mhí an Mheithimh den bhliain 1812, ach má thrasnaigh féin, ní raibh moill ná cúl ar mhuintir na Rúise cur le chéile ar mhaithe leis an Sár, leis an tír agus leis an gcreideamh, in aghaidh an "tíoránaigh aindiaga", mar a chonacthas Napoleon dóibh.

Napoleon i Moscó[athraigh | edit source]

I ndiaidh chath Borodino i Mí Mheán Fómhair den bhliain chéanna d'éirigh le Napoleon Moscó a bhaint amach. Bhí an chuma ar an scéal go raibh na saighdiúirí á gcur thar a n-acmhainn aige, agus súil aige go dtiocfaidís trasna ar bhia is ar bheatha sa chathair. Bhí na Rúisigh tar éis an áit a thréigean, a bheag nó a mhór, gan plaic bhia a fhágáil ina ndiaidh. Le teann frustrachais, chuir Napoleon cuid den chathair trí thine, ach má chuir féin, ní raibh gar ann: ní bhfaighfeadh sé aon tairiscint síochána ó Alastair cuma cá fhad eile a d'fhanfadh sé. Sa deireadh thiar thall, ní raibh de rogha aige ach filleadh abhaile. Ansin, áfach, bhí geimhreadh míchlúiteach na Rúise ag teannadh ar a chuid saighdiúirí, agus chuir treallchogaíocht na Rúiseach go mór mór leis an éag a bhí ag siúl ar an nGrande Armée. Nuair a d'fhág Napoleon an Rúis, ní raibh ach fear amháin fágtha aige as gach cúigear déag a bhí aige nuair a thosaigh sé ar an bhfeachtas.

Alastair ina Laoch - Fuascailteoir na hEorpa[athraigh | edit source]

Tháinig díormaí dochloíte Alastair sna sálaí ag Napoleon, áfach. Faoi cheannas an tSáir chruinnigh stáit na hEorpa le chéile in aghaidh na bhFrancach, go dtí go ndeachaigh an dá arm chun teagmhála i gCath na Náisiún in aice le Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1813. An bhliain a bhí chugainn, 1814, bhain Alastair amach príomhchathair na Fraince, áit a bhfuair sé fáilte an laoich ó mhaithe agus ó mhóruaisle na hEorpa.

An Dá Alastair[athraigh | edit source]

Portráid eachrach d'Alastair I (1812)

Tá clú mhaith ar Alastair i gcónaí, go háithrid i bhfarradh is an cineál Impire a bhí ina athair. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an dá Alastair ann, nó, i mbreis ar an oideachas shaorealaíonta a fuair sé, níor sparáladh diantréanas an tsaighdiúra air ach an oiread, nó bhí a athair géarbharúlach go gcaithfeadh an buachaill an taobh sin den tsaol a fheiceáil chomh maith céanna. B'é ba toradh don déscarúint seo go raibh Alastair ag guagaíl idir an dá thine Bhealtaine go lá a bháis.

I dtús a réimis chuir Alastair ar bun club comhrá, "coiste na maitheasa poiblí", mar a bhaist sé air in aithris ar ainm an rialtais réabhlóidigh san Fhrainc. Ní raibh i gceist leis an gcoiste seo ach fir uaisle ag útamáil le smaointí radacacha nach raibh inchurtha i gcrích sa Rúis ar aon nós ná slí. Nuair a d'éirigh ina chogadh dhearg idir an Rúis agus an Fhrainc an chéad uair, scoir Alastair an coiste seo.

Ní raibh mórán ratha ar Mikhail Speranskiy ach an oiread. Bhí seisean ina Phríomh-Aire (nó ina Phríomh-Státrúnaí, de réir na téarmaíochta oifigiúla) sna blianta 1807-12, agus é as pabhar díocasach ag féacháil le córas rialtais na tíre a leasú is a chur in oiriúint don aois úr. Theastaigh uaidh dumaí nó tionóil ionadaíochta a bhunú ar gach leibhéal i riarachán na tíre - ó dhuma an pharóiste go duma na huile Rúise (sin le rá, bhí sé meáite ar pharlaimint cheart a chur ar bun sa tír) - ach nuair a tháinig a chuid pleananna a fhad leis seo, thosaigh Alastair ag cur amhrais iontu: ní raibh sé ag dréim lena dhath dá chumhacht uathlathach a thabhairt uaidh, i ndiaidh an iomláin. Sa bhliain 1812, chaill Speranskiy a phost, agus dibríodh go dtí an tSibéir é. Mar sin féin, cuireadh cineál duma nó comhairle stáit ag obair de réir mar a bhí leagtha amach ag an bpríomh-aire mí-ádhúil. Ní parlaimint d'aon chineál a bhí ann, áfach, ach comhthionól comhairleach, agus an Sár féin ag ainmniú na gcomhaltaí. Seanghinearáil a bhíodh ar an gcomhairle seo, an chuid ba mhó acu.

Nuair a bhí Napoleon cloíte, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i Vín le caoi cheart a chur ar chúrsaí na hilchríche aríst. Fágadh an Rúis i seilbh na Fionlainne, agus bronnadh an Iorua ar an tSualainn ina héiric. D'éirigh ina achrann mór idir Alastair agus lucht rialtais na Prúise is na hOstaire faoin bPolainn, nó bhí Alastair barúlach gur chóir an Pholainn a athbhunú mar stát a bheadh neamhspleách go foirmiúil, ach é a bheith faoi aon choróin leis an Rúis. Sa deireadh thiar thall, fuair Alastair an chuid lárnach den tír sin, limistéar ar tugadh "Polainn na Comhdhála" nó "Ríocht na Comhdhála" air, ós rud é go mb'í Comhdháil Vín a chruthaigh an stát seo. (Królestwo KongresoweKongresówka an leagan Polainnise.) D'fhág Alastair cineál féinrialtais ag na Polannaigh, ach má d'fhág, níor mhair sé ach tamall. Sna blianta a bhí chugainn, d'iompaigh sé amach nach mó ná sásta a bhí na Polannaigh le bronntanas seo an tSáir, agus iad ag éirí amach ina éadan uair i ndiaidh uaire, go dtí go bhfacthas don Impire nach raibh de rogha aige ach an féinrialtas a chur ar ceal agus gnáthchúige a ghairm den "ríocht".

Mar ba dual don Rúiseach, bhí féith an reiligiúin is na rúndiamhrachta reiligiúnda in Alastair féin, agus mhol sé do na ríthe is na rialtóirí eile comhghuaillíocht a shocrú le chéile "leis an tsíocháin bhuan is an creideamh Críostaí a chosaint in éineacht". B'í seo an Chomhghuaillíocht Naofa, agus an chuid eile de lucht rialtais na hEorpa barúlach nach raibh ann ach seafóid. Mar sin féin, b'é ba toradh don chomhdháil is don chomhghuaillíocht gur thosaigh na polaiteoirí Eorpacha ag glacadh na Rúise dáiríre mar pháirtí comhoibrithe. Thar aon rud eile, bhí na ríthe is na polaiteoirí coimeádacha i dtíortha eile meáite ar iarsmaí na réabhlóide Francaí a choinneáil faoi smacht, lucht leanúna nó adhartha Napoleon ach go háirithe. Bhí an Rúis araiciseach chun cuidiú leis an gcuid eile acu san obair seo, rud a thabhaigh an-mhíchlú don tír i measc lucht an radacachais ar fud na hEorpa: bhaist siad "póilín airm (gendarme) na hEorpa"ar an Rúis.

Tháinig Alexey Arakcheyev i gcomharbacht ar Speranskiy. Ginearál a bhí in Arakcheyev, agus dearcadh dian míleata aige ar chúrsaí na tíre. D'fhág sé a shliocht ar an gcuid deiridh de réimeas Alastair, ach ní raibh sé ábalta na leasuithe sóisialta a stopadh a raibh bun curtha leo ag Speranskiy. Deirtear go seasann an dá thréimhse agus an dá chineál Príomh-Aire i réimeas Alastair don dhá chineál Alastair a bhí ann, an leasaitheoir forásach agus an saighdiúir dian dána.

Bás Alastair agus Éirí Amach Mhí na Nollag[athraigh | edit source]

Éirí Amach Mhí na Nollag

Fuair Alastair bás sa bhliain 1825, agus praiseach déanta aige de chúrsaí na comharbachta. D'eitigh an duine ba sine dá chlann mhac, Konstantin, don choróin ó thús; mar sin, ní bhfuair an Sár de bhealach éalaithe ach ordú rúnda a thabhairt uaidh ag gairm ríchomharba den mhac eile, Nikolay (Nioclás). Bhí an t-ordú seo ag teacht crosach ar an dlí a bhí achtaithe sa bhliain 1797 le achrann comharbachta a sheachaint, agus nuair a tháinig Nioclás i réim in áit Konstantin, shíl go leor daoine gur forghabháil mhídhlíthiúil cumhachta, nó coup d'état, a bhí déanta ag Nioclás.

Bás Alastair I in Taganrog (litograf de chuid an 19ú haois.

D'éirigh comhcheilg d'oifigigh óga radacacha amach in éadan Niocláis, agus iad ag baint a leasa as an gcuma dhoiléir a bhí ar chúrsaí na comharbachta. Ós rud é gurb i Mí na Nollag den bhliain 1825 a rinne siad a gceannairc, baisteadh an t-ainm Dekabristy, nó lucht Mhí na Nollag, orthu. (Dekabr an focal Rúisise a chiallaíonn "Mí na Nollag", agus níl sé doiligh a aithint gur tháinig an focal iasachta seo ón bhfoinse Laidine chéanna agus an focal Béarla úd December.) Ní raibh aon rath ar an éirí amach seo, áfach. A mhalairt ar fad, thug sé siocair don tSár cúngú uafásach a dhéanamh ar gach cineál freasúra. Scríobh an seanréabhlóidí agus an dírbheathaisnéisí Aleksandr Herzen, nach raibh ach ina bhrín óg faoin am seo, - scríobh sé ina dhírbheathaisnéis ríspéisiúil Byloe i dumy ("Cuimhní cinn agus smaointí") gur tháinig athrú cuma ó bhonn ar an Impireacht nuair a shealbhaigh Nioclás a hAon an choróin. An té ar mian leis a ríomh cá ham a chuaigh an Rúis go deifnideach ar bhealach a míleasa, is dócha nach mbeidh sé mórán as cosán má chuireann sé an marc i Mí na Nollag den bhliain 1825. Tugaimis cluas éisteachta do Herzen:

Maidin amháin sa gheimhreadh, go míthráthúil b'fhéidir, tháinig an Seanadóir ar cuairt chugainn. Bhí cuma bhuartha air, nuair a tháinig sé, bhí coiscéim ghéar ghasta faoi agus é ag tabhairt aghaidh ar staidéarlann m'athara. Sméid sé orm fanacht sa seomra mór agus dhún sé an doras ina dhiaidh.

Ní raibh mé, áfach, i bhfad ag déanamh iontais de cibé rud a thit amach. Tháinig oscailt bheag ar dhoras an halla, agus fear a raibh gnúis dhearg air ag cur forráin orm de chogar íseal: b'é seo giolla an tSeanadóra, agus léim mé chuige ar an toirt.

- Nár chuala tú an scéala? a d'fhiafraigh sé.

- Cén scéala?

- Fuair an tImpire bás i dTaganrog.

Bhain an nuacht seo cliseadh agus stangadh asam, nó go dtí seo níor taibhsíodh dom riamh go bhféadfadh an tImpire bás a fháil. Tógadh le hurraim mhór d'Alastair mé, agus tháinig cumha orm anois i ndiaidh an lae a chonaic mé an uair dheireanach i Moscó é. Bhí muid ag déanamh spaisteoireachta, agus casadh ag Tverskaya Zastava orainn é. Bhí sé ag taisteal i gcuideachta cupla ginearál, agus é ag filleadh ó Khodynka, áit a mbíodh na saighdiúirí á gcur ar inlíocht. Bhí gnúis fháiltiúil air, agus aghaidh bhog chruinn, ach bhí sé ag amharc cineál tuirseach nó buartha. Nuair a tháinig sé a fhad linn, d'ardaigh mé mo hata dó; chuir sé sonrú ionam, agus é ag meangadh gáire is ag beannú dom. Nach mór idir é agus Nioclás, fear a chuirfeadh meidiúsa bearrtha le croiméal i gcuimhne ort! [...] Mura raibh i séimhe Alastair ach cur i gcéill - nárbh fhearr an cur i gcéill féin ná an tíorántacht oscailte, mhínáireach?

Alastair agus Nioclás[athraigh | edit source]

Agus dáiríribh, ní hé seo an t-aon chuimhne amháin den chineál chéanna a d'fhág Alastair agus Nioclás ina ndiaidh i litríocht na Rúise. Deir Herzen gurbh é Nioclás a thug isteach pionós an bháis i gcóras dlí na Rúise. B'fhéidir go bhfuil sé ag cur an iomarca i leith an Impire áirithe seo, ach is fiú marana a dhéanamh ar an líomhain seo mar sin féin, nó léiríonn sí an t-imprisiún a d'fhág Nioclás ar mhuintir na tíre. Is é an chiall a bhain Herzen, dála an scéil, as an úrscéal clúiteach a scríobh Lermontov, Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne"), ná gur chuir an t-údar síos ar staid intinne na Rúiseach i ndiaidh éirí amach Mhí na Nollag agus an dóigh ar cloíodh lucht Mhí na Nollag. Na daoine a raibh comhábhair an laoich iontu, fágadh ar fán sa saol iad, nuair a bhí an Rialtas ag fabhrú do lútálaithe lagmheasartha nach raibh smaointí forásacha ar bith acu. Is é Pechorin, laoch an úrscéil seo, samhailchomhartha na ndaoine úd: fear nach bhfuil in ann ach a chuid ama a chur amú ag ragairneacht agus ag cearrbhachas, ó tháinig scrios agus scaipeadh ar lucht an radacachais leis an bhfeachtas a bhí idir lámhaibh ag Nioclás le brathladh a chur ar an tsochaí ar fad.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Marie-Pierre Rey, Alexandre I, Collection « Grandes biographies », Flammarion, Paris, 2009, ISBN 978-2-08-210107-3
  • Stella Ghervas, Réinventer la tradition. Alexandre Stourdza et l'Europe de la Sainte-Alliance. Paris, Honoré Champion, 2008. ISBN 978-2-7453-1669-1
  • Frédéric-César La Harpe, beathaisnéis le Arthur Boethlingk. Oscar Forel a chuir Fraincis uirthi (1969) do Éditions de la Baconnière. Cuireann sí síos ar an gcaidreamh a bhí ag an Sár agus ag a oide ar a chéile.
  • Henri Troyat, Alexandre I, Éditions Flammarion, 1980, ISBN 1-7242-1096-4




Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev