Alastair III na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alastair III na Rúise
Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise
Kramskoy Alexander III.jpg
Alastair III, portráid le hIvan Kramskoi.
Réimeas 13 Márta 18811 Samhain 1894
Dáta breithe 10 Márta 1845
Áit bhreithe Cathair Pheadair
Dáta báis 1 Samhain 1894
Áit bháis Livadiya, an Chrimé
Réamhtheachtaí Alastair II
Comharba Nioclás II
Rítheaghlach Romanov
Céile Maria Feodorovna

Bhí Alastair III (10 Márta, 18451 Samhain, 1894) (Rúisis: Александр III Александрович, Alexander III Alexandrovich) ina impire ar an Rúis ó 13 Márta 1881 go dtí lá a bháis sa bhliain 1894.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Ní raibh puinn foighne aige le haon chineál liobrálachais nó radacachais, ná tuiscint aige do leasuithe sóisialta a athara, Alastair II. Nuair a fuair Alastair a Dó bás, bhí an Ginearál Loris-Melikov go díreach in éis a phlean a chumadh leis an gcóras rialtais a leasú. Mhol sé, i measc rudaí eile, ná coistí comhairleacha a chur ar bun le cead cainte a fhágáil ag an gcosmhuintir in ullmhú na ndlíthe úra. Is maith an léiriú, áfach, ar mheon Alastair a Trí an breithiúnas a thug sé ar scéimeanna an Ghinearáil: is é a bhí idir lámhaibh ag Loris-Melikov, dar leis, ná céim fhealltach choiriúil á glacadh i dtreo an bhunreachta. Bunreacht, poblacht agus daonlathas - ní raibh iontu sin, dar le hAlastair a Trí, ach focail gháirsiúla nár chóir a labhairt os ard ina fhianaise. B'ionann an bunreacht agus srianta dlí á gcur le cumhacht an Impire - ach ó shíl Alastair gurb ó láimh dheis Dé a fuair sé a chumhacht, bhí meas an diamhasla aige ar aon chosc a chuirfí leis an úsáid a bhainfeadh sé as tíolacthaí Dé.

B'ionann an t-uathlathas, faoi chomandracht Alastair a Trí, agus cead a gcinn á fhágáilt ag na póilíní agus ag an rúnseirbhís. Ná creid, áfach, go mbainfeadh an polasaí seo a dhath den lobhadh uilechoiteann ar fud na Rúise. Siúd is go raibh lear maith státseirbhísigh go hionraic ar fad ag iarraidh a ndualgaisí a chomhlíonadh go dúthrachtach dicheallach, ba mhinic ab ionann cead a gcinn agus cead a mbreabtha, sna cúlriasca ach go háirithe, áit a raibh "Dia i bhfad thuas agus an tImpire i bhfad i gcéin".

Mhéadaigh Alastair go mór millteanach ar líon agus ar chumhachtaí na bpéas is na mbleachtairí rúnda. Bhí an tír foirgthe le spiadóirí ag iarraidh comhcheilgeanna radacacha a thabhairt chun tsolais, agus nuair a chuaigh díobh theacht ar aon chomhcheilg cheart, níor shíl siad a dhath de cheann a chumadh as a bhfantaisíocht féin. Na cumhachtaí speisialta a bhí ag na péas armtha faoin dlí cogaidh, bhítí an-mhíchúramach faoina n-úsáid, rud a chuir rialtas an dlí is an chirt go mór mór i mbaol.

Ní féidir a rá nach mbeadh tacaíocht na ndaoine lena raibh idir lámhaibh ag Alastair. Bhí cuid mhaith den chosmhuintir ar aon bharúil leis gurb ó Dhia a fuair an tImpire a chumhacht, cibé faoin gcos ar bolg a bhí na mionstátseirbhísigh áitiúla a imirt ar na daoine: ní chuirfeadh an scológ ba bhoichte féin a mhilleán sin ar "Dheaid" (batyushka), mar a thugadh uasal agus íseal na Rúise ar an Sár.

Lena cheart a thabhairt don Tríú hAlastair, fear stuama a bhí ann i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh nach gcuirfeadh acmhainní na tíre amú ag fearadh cogaí in aisce. Siúd is nach raibh claonadh i mo dhuine chun leasuithe liobrálacha polaitiúla, chuir sé an-suim i gcúrsaí na heacnamaíochta agus na tionsclaíochta. Bhí polasaithe forbartha tionsclaíochta aige agus iad cineál cosúil lena bhfuil ar cois sa Rúis inniu, nó rinne sé a dhicheall airgead, infheistíochtaí agus infheisteoirí a mhealladh isteach ón gcoigríoch. Chuidigh an Cúnta Sergey Witte - fear uasal de phór Ghearmánach a bhí ina Aire Airgeadais ag an Impire - leis go mór mór san obair seo. Faoi chúram Witte, bhí geilleagar na tíre ag borradh go sciobtha sa deich mblian deireanacha den naoú haois déag, agus fir ghnó na Rúise ag glacadh páirte i bhforbairt na tionsclaíochta chomh maith leis na hinfheisteoirí coimhthíocha. Bhí an Rúis ag ceangal nasc leis an saol ina timpeall ar go leor bealaí.

An Caipitlíochas sa Rúis[athraigh | edit source]

Ní raibh mórán tionchair ag an "gcomhdhlúthú eacnamaíoch" seo ar shaol na cosmhuintire, áfach. Bhí na daoine bochta ag dul i líonmhaireacht faoin tuaith; siúd is gur thug cuid mhaith de dhaoine óga na tuaithe aghaidh ar mhonarchana na cathrach, d'fhan saol na scológ, den chuid ba mhó, mar a bhíodh sé riamh roimhe sin, beag beann ar shaol na n-uasal is na n-intleachtóirí sna cathracha. Ní raibh mórán suime ag na scológa i ndul chun cinn na heacnamaíochta ná na teicneolaíochta. B'é an talamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Tuilleadh talún a bhí de dhíobháil ar an scológ, i gcruth is go gcothódh sé é féin is a mhuintir. Ós rud é nach raibh glainíneacht ná sláinteachas ar eolas ag na scológa, bhí na hulpóga is na galair ag siúl orthu, agus i bhfianaise chomh gann is a bhí an bia, ní raibh mórán imdhíonachta iontu ar na tolgáin, ach an oiread. Más ag fás féin a bhí an daonra, bhí an saol go dona i gcónaí, agus an mhortlaíocht ard.

Bhí seansanna áirithe san Impireacht do dhuine ghustalach dul chun cinn a dhéanamh, áfach. Siúd is go raibh cara sa chúirt de dhíobháil ar an státseirbhíseach a bhí ag iarraidh post ní b'fhearr a bhaint amach, is iomaí duine ar bheagán fáltais nó de phór íseal ar éirigh éacht leis i saol an ghnó nó sa léann is san eolaíocht.

In ainneoin na ndea-chomharthaí seo - nó b'fhéidir dá dtoradh? - bhí míshástacht á fairsingiú ar fud na tíre. Ní raibh na scológa féin sásta lena seanchuid a thuilleadh, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na tiarnaí talún anseo agus ansiúd. Bhí ceannaircí ann agus na scológa ag ionsaí maintithe na dtiarnaí talaimh, á gcur le thine nó ag déanamh loitiméireacht ar an troscán istigh. Chuir a leithéid d'ainghníomhartha eagla mhór ar na huaisle, agus iad ag éileamh ar an Stát smacht a choinneáil ar an daoscarshlua le lámh láidir.

Cuid de na huaisle féin, bhí siad thíos leis an aois nua. Ó nach raibh siad in ann, cuir i gcás, modhanna torthúla oibre a chur in úsáid ar a gcuid tailte ná déanamh as dóibh féin ar aon dóigh eile, shíl siad go rabhthas ag imirt éagóra orthu, ó bhí an bochtanas ag bagairt orthu - agus iad ina ndaoine uaisle! Bhí siad barúlach go raibh gléas a mbeatha dlite dóibh ón saol mór, agus iad ar lorg a gcirt (mar a tuigeadh dóibh féin) ón Stát. Nuair a dhiúltaigh an Cúnta Witte faoina n-achainí iad, chuaigh siad le hantoisceachas na heite deise, agus iad ag fógairt go hard na spéire go raibh na faisin nua ag cailleadh na hImpireachta.

Siúd is go raibh an lucht oibre ag forbairt mar aicme ar leith sa tsochaí cheana féin, ní raibh scoilt ná teorainn shoiléir ag dealú lucht oibre na monarchan ó scológa na tuaithe go fóill. Ní chaitheadh an gnáthfhear oibre ach seal sa mhonarcha, nó is ar éigean a bhacfadh sé leis an gcineál sin oibre, murach go raibh sé ar a theitheadh ó na trioblóidí sealadacha thiar sa sráidbhaile - drochbhliain churadóireachta, triomach nó mífhortún eile den chineál sin. A thúisce is a thiocfadh bláth is bisiú ar an ngléas beo faoin tuath, áfach, ba ghnách leis an lucht oibre éirí as obair na monarchan arís. Ar ndóigh, ní raibh na toscaí seo ag fabhrú don cheardchumannachas ná do throid an lucht oibre ar mhaithe le feabhas a gcáis; mar sin, sheachain lucht an rachmais na trioblóidí oibreachais. Ach, san am céanna, chuir sé isteach go mór mór ar úinéir na monarchan nach bhféadfadh sé a chuid táirgíochta a phleanáil roimh ré ná a chuid táirgí a dhíol leis na custaiméirí ach iad a bheith ar stóras cheana. Ní fhéadfadh sé réamhíocaíocht a ghlacadh as na táirgí nach raibh aige go fóill, nó ní fhéadfadh sé a bheith ina mhuinín go mbeadh a dhóthain lucht oibre aige leis na tráchtearraí sin a tháirgeadh do lucht a gceannaithe.

Lá an tSóisialachais ag gealadh[athraigh | edit source]

Agus, ar ndóigh, sula raibh aon lucht oibre ann arbh fhiú a n-ainm iad, tháinig an Sóisialachas isteach cheana féin. Bhí na Sóisialaigh Réabhlóideacha ar an chéad mhórghluaiseacht Shóisialach in Impireacht na Rúise, agus iad ag iarraidh na scológa a ghríosú chun réabhlóide. B'as na scológa céanna - as prólatáirigh na tuaithe - ba mhó a bhí muinín acu leis an réabhlóid a chur i gcrích, ós rud é nach gcreidfidís go mbeadh an beagán lucht oibre sna monarchana in ann mórán a athrú i sochaí na tíre. Faoin tuath a bhí na sluaite síoraí.

Ba oidhrí do na Naroidnící iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha, idir smaointeachas agus mhodhanna oibre. Is é an cuspóir a bhí acu ná stát Sóisialach a dhéanamh den Rúis, tír de chineál nua nach mbeadh i gcall caipitlíochais, buíochas leis an sóisialachas instinneach a bhí i ndúchas na scológ, dar leo. Nuair a thug Seosamh Mac Grianna Cumannach air féin, agus é ag rá go raibh an Cumannachas i ndúchas mhuintir na Gaeltachta, bhí dul amú air: b'fhearr dó a rá gur Sóisialaí Réabhlóideach a bhí ann sa chiall Rúiseach.

Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an Marxachas ceartchreidmheach i gcoimhlint le Sóisialachas dúchasach, Rúiseach na n-iar-Naroidnící. Sa bhliain 1903, gan ach cúig bliana i ndiaidh bhunú Pháirtí Sóisialach Daonlathach na Rúise, scoilt an páirtí, nuair a scar na Meinséivigh agus na Boilséivigh le chéile. B'iad na Meinséivigh an chuid de na Sóisialaithe Daonlathacha a bhí den tuairim gur chóir don pháirtí a mhuinín a chur sna sluaite síoraí. Na Boilséivigh, áfach, bhí siad inbharúla go gcaithfeadh an páirtí a bheith ina "mheitheal tosaigh", ina fheadhain dhruidte nach bhfáilteodh isteach ach an rogha is an togha, agus na sluaite á dtreorú ag feidhmeannaigh an Pháirtí a bheadh ardeolach ar theoiricí agus ar phrionsabail an Mharxachais.

An tAntoisceachas ag Dul chun Treise[athraigh | edit source]

Fuair na gluaiseachtaí antoisceacha, réabhlóideacha tacaíocht fhorleathan ón lucht oibre, gan aon trácht a dhéanamh ar na mionlaigh náisiúnta, a raibh, ar ndóigh, an náisiúnachas ag borradh ina measc, i ndiúnas ar phóilíní an tSáir. Chruinnigh lucht leanúna timpeall ar gach cineál antoisceachais, ós rud é nach raibh an liobrálachas measartha ag obair go fónta. Ar ndóighe, bhí uaisle soilsithe trócaireacha ag iarraidh scolaíocht agus oideachas a chur chun cinn i measc mhuintir na tuaithe agus ospidéil is otharlanna a thógáil is a reachtáil. Ba mhinic, áfach, nach raibh na forais seo ach ag déanamh na hoibre ba chóir don Stát a dhéanamh. An neamhshuim a rinne an Stát de leas na cosmhuintire, b'ábhar éadóchais do na liobrálaigh mheasartha féin í.

Ní raibh an chumhacht anlathach in inmhe freasúra measartha a aithint thar na sceimhlitheoirí is na réabhlóidithe cibé scéal é, áfach. A mhalairt ar fad. Is iomaí giolla oibre de chuid an tSáir a bhí géarbharúlach gur chóir cath a chur ar na liobrálaigh is ar na hiar-naroidnící thar aon dream eile, ó ba rud é gurbh iad na dreamanna seo an chontúirt ba mhó, agus an sórt cuspóirí praiticiúla, intuigthe, measartha, pragmatúla, inbhainte amach, a bhí acu. Na grúpaí ba mhó antoisceachais, áfach, ar nós na mBoilséiveach, ní raibh siad ach ag díospóireacht agus ag geamhthroid le chéile faoina gcuid teoiricí nach raibh baint dá laghad acu leis an réaltacht. Bhail, sin é an breithiúnas a thug na péas ar an scéal. Mar sin, níor bhac siad le mórán géarleanúna a dhéanamh ar radacaigh na heite clí, fad is a bhí na liobrálaigh ann.

Maidir leis an míshuaimhneas a bhí ag leitheadú i measc na mionlach náisiúnta le teacht an scarúnachais is an náisiúnachais, ba seanscéal é cheana féin go n-éireodh na Polannaigh amach in éadan an tSáir gach uair dá bhfaighfidís an t-áiméar. Thairis sin, áfach, ní raibh na Fionlannaigh féin chomh dílis don Impireacht agus a bhídís, tráth den tsaol. Nó nuair a rith leis an Sár an frithghníomhach seoibhineach Mikhail Bobrikov a chur i mbun na Fionlainne mar Ghobharnóir Ginearálta, thart faoi chasadh an chéid, chrom fear nua an Impire seo ar shainstádas na Fionlainne mar Ard-Diúcacht ar leith a chur ar ceal. Theastaigh uaidh dlúthchuid den Impireacht a dhéanamh den tír. Cuireadh an Rúisis in áit na Sualainnise agus na Fionlainnise mar theanga oifigiúil sa státseirbhís, agus cuireadh cosc le cuid mhaith nuachtán a bhíodh ag fáil loicht ar pholasaithe oifigiúla na hImpireachta. B'é ba toradh dó seo ná gur tháinig deireadh leis an tseanmhuinín a bhíodh ag na Fionlannaigh as a nImpire go nuige sin, agus iad ag tosú ag cur spéise i gcomhoibriú agus i gcomh-uisce faoi thalamh le réabhlóidithe rúnda na Rúise.



Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev