Caitríona II na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Yekaterina II Velikaya
Banimpire agus Uathlathaí na hUile Rúise
Catherine II by J.B.Lampi (1780s, Kunsthistorisches Museum).jpg
An Banimpire Caitríona II Mhór
Réimeas 9 Iúil 17626 Samhain 1796
Dáta breithe 2 Bealtaine 1729
Áit bhreithe Szczecin, an Phrúis
Dáta báis 6 Samhain 1796
Áit bháis Cathair Pheadair
Réamhtheachtaí Peadar III
Comharba Pól
Rítheaghlach Romanov

Bhí Caitríona II (Rúisis: Екатерина I Алексеевна), Caitríona Mhór, ina banimpire ar an Rúis ó 1762 go 1796.

Caitríona[athraigh | edit source]

Gearmánach ab ea í Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill.

Bás an Tríú Peadar[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus fuair mo dhuine bás faoi imthoscaí doiléire go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go dian díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dicheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Cheartchreidmheach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach astu. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéanna a bheadh ag dul d'aon impire fir.

Banimpire Soilsithe[athraigh | edit source]

Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide faoin am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faiseanta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áirithe an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais. Níor éirigh chomh maith léi leis seo agus mar a bhí súil aici leis. Chuir sí le chéile cineál tionól nó parlaimint le fáil amach fá dtaobh den dearcadh a bhí ag an náisiún féin ar chúrsaí rialtais na tíre. Ní raibh an tionól nua in ann mórán maithe a dhéanamh, áfach. Sa deireadh, bhris ar a foighne ag Caitríona, agus scoir sí an tionól comhairleach arís. Ina dhiaidh sin féin, rinne sí leasuithe bunúsacha ar an rialtas áitiúil nó réagúnda, agus í ag féacháil le haird a thabhairt ar thuairimí agus ar éilimh an tionóil, nó an chuid acu a fuair sí sách ciallmhar nó siosmaideach. Thar aon chuid eile, dhílárnaigh sí cuid mhór den rialtas réigiúnda trí sheanchúigí a scoilteadh, cúigí nua a bhunú agus leibhéal nua rialtais réigiúnda - an ceantar - a thabhairt isteach. Ar an mbealach seo, thug sí ar an uasalaicme áitiúil páirt a ghlacadh i rialú na tíre - rud nach mbeidís sásta a dhéanamh dá ndeoin féin.

Éirí Amach na gCosacach[athraigh | edit source]

Emelyan Pugachov

Bhí an seirfeachas ag tarraingt trioblóide ar Chaitríona ar bhealach a chuirfeadh i gcuimhne éirí amach Stenka Razin sa tseachtú haois déag. D'éirigh ina cheannairc sna tailte taobh thuaidh den Mhuir Chaisp, idir na haibhneacha Volga agus Yaik. (D'athbhaist Caitríona an t-ainm "Úrail" ar an abhainn sin Yaik d'aonturas in éis na ceannairce seo, lena cuimhne a mhúchadh - go dtí sin níor thagair ainm na hÚráile ach amháin do na Sléibhte Úralacha a scarann an Áise ón Eoraip.) Chuaigh an Cosacach Yemelyan Pugachov i gceannas ar lucht na ceannairce, agus mar a d'éiligh traidisiún na Rúise, bhain Pugachov úsáid as cleas Dmitry Bréige: is é sin, d'áitigh sé gurbh eisean Peadar a Trí ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí. Nuair a phléasc an cheannairc seo amach sa bhliain 1773, bhí an chuid ba mhó d'Arm na Rúise ar shiúl ag cur cogaidh ar an Tuirc, mar ba ghnách, agus cead a gcos ag na ceannairceoirí ar fud na tíre, dá réir sin. B'iad na seirfigh ba chroí d'arm Phugachov, ach fuair siad tacaíocht ó shluaite de Chosacaigh. De réir a chéile thaobhaigh an dúrud dreamanna míshásta eile leo, ar nós na mionlach Muslamach a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu. Maraíodh na scórtha uaisle, agus an chuid a tháinig slán as an bhfaopach, níor sparáil siad na dathanna ag cur síos ar na huafáis a bhí feicthe acu. Baineadh scanradh as Caitríona. Shocraigh sí síocháin leis an Tuirc chomh tapaidh in Éirinn agus a thiocfadh léi, agus ansin thug an t-arm Rúiseach aghaidh ar na ceannairceoirí ina dtír féin.

Bhí na seirfigh ag seasamh an fhóid go héadóchasach in éadan shluaite Chaitríona. Bhí ciall éigin ag Pugachov do chúrsaí polaitíochta, áfach. Mar sin, d'fhéach sé le dlíthe dá chuid féin a reachtú, a eisiúint agus a chur i bhfeidhm: d'fhógair sé go raibh an seirfeachas curtha ar ceal, agus é ag iarraidh tailte na dtiarnaí a roinnt ar na scológa sceidíneacha, ar na bochta is ar na nochta. Mar sin, thug Pugachov cúis pholaitiúil do lucht a leanúna. Cúis a bhí ann a chosnóidís go míthrócaireach i bpáirc an áir.

I Mí Lúnasa den bhliain 1774 a cuireadh an cath mór a shocraigh an scéal. Tháinig táinrith agus scaipeadh na mionéan i ndíormaí Phugaitseov. Cimíodh an ceann urra féin, agus cuireadh chun báis é i dtús na bliana 1775. Níor leor é sin, áfach, nó i ndiaidh an bhua chaith fórsaí sluaíochta an Bhanimpire dreas maith ama ag siúl na gcúigí is na gcúlriasc agus iad ag baint sásamh fola as na scológa a fuarthas ciontach sa cheannairc. Ruaigeadh lear mór daoiní óna gceantair dhúchais go dtí an tSibéir, agus tugadh an seirfeachas isteach i ndúiche na gCosacach, a bhí chomh bródúil sin as a seantsaoirse go dtí sin.

An Saoradh ó Bhráca ar Fionraí[athraigh | edit source]

I ndiaidh na dtrioblóidí seo, tháinig Caitríona Mhór ar athrú comhairle i dtaobh shaoirse na scológ is na seirfeach, ní nárbh ionadh. Bhí an claochlú seo le haithint ar a polasaithe cultúir fosta. I dtús a réime bhí sí an-ghnóthach ag iarraidh faisin intleachtúla Phárais a chur chun cinn sa tír, ach ní raibh sí róthugtha don litríocht dhúchasach Rúisise a bhí díreach i dtús a forbartha. Nuair a thosaigh sí ag tabhairt airde uirthi, ní le dea-mhéin a rinne sí é. Chuir sí an-chron ina raibh á chur ar pár ag na huaisle faoi thionchar an smaointeachais Iartharaigh chéanna a raibh sí féin chomh doirte dó. Chaith sí Nikolay Novikov, athair na hiriseoireachta Rúisise, i dtóin phríosúin, nuair a d'aithin sí go raibh sé ag foilsiú leaganacha Rúisise de scríbhinní radacacha Francacha. Bhí réabhlóid na Fraince sna fonsaí tógála san am, nó fiú faoi lán an tseoil, rud a bhí ag cur go mór mór as don Bhanimpire, mar is léir ón dóigh ar chaith sí le hAleksandr Radishchev.

Cás Radishchev[athraigh | edit source]

Fear de na mionuaisle ab ea é Radishchev a d'fhoghlaim dlí i Moscó ar dtús. Ansin, chuaigh sé go dtí Leipzig sa Ghearmáin le dlaíóg mhullaigh a chur ar a chuid staidéir ar an gcoigríoch, mar ba nós do Rúisigh ardléannta a linne. D'fhill sé abhaile agus thosaigh sé ag obair ina dhlíodóir sa státseirbhís, rud a chuidigh leis aithne cheart a fháil ar iomlán na héagóra sóisialta ar fud na Rúise. Mar sin, scríobh sé leabhar - "Taisteal ó Chathair Pheadair go Moscó" - inar thug sé cur síos neamhbhalbh ar na fadhbanna agus na trioblóidí a bhí ag crá na tíre. Thairis sin, bhí sé de dhánacht i mo dhuine an tátal a bhaint as an scéal nach dtiocfadh feabhas ná biseach ar na cúrsaí ach córas an tseirfeachais a chur ar ceal agus na scológa a shaoradh ó bhráca. Réabhlóideachas lom mínáireach a bhí anseo, dar le Caitríona, agus ruaig sí Radishchev chun na Sibéire i ndiaidh an fear bocht a dhaoradh chun báis ar dtús. Tháinig Radishchev slán ó thua an bhásadóra, ach nuair a fuair sé cead filleadh abhaile ón tSibéir, i ndiaidh bhás Chaitríona, bhí a chroí briste ag an gcruatán, agus ní raibh biseach ar fáil dó, nó chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais.

"Stáidbhean na Rúise" ag cogaíocht[athraigh | edit source]

Ní raibh réimeas Chaitríona saor ó chogaí, ach oiread. Nó chuir stáidbhean na Rúise, mar a thug Johan Ludvig Runeberg uirthi, - chuir sí cupla cath ar na Sualannaigh; ach b'é an sean-namhaid, sabhdán na Tuirce, an chloch ba mhó ar a paidrín. Bhí Gustaf a Trí, rí na Sualainne, iontach araiciseach chun troda le hoirthear na Fionlainne a fháil ar ais ón Rúis, ach, thairis sin, bhí sé ag dréim le Cathair Pheadair a ghabháil, i gcruth is go dtiocfadh leis malairt impire a chur in ionad Chaitríona - impire a bheadh ina phuipéad ag an tSualainn. Ar ndóighe, thuirsigh Gustaf é féin agus a chuid saighdiúirí i bhfad roimh an gcuspóir neamhréadúil meigleamáineach seo a bhaint amach ar aon nós. Ón taobh eile de, siúd is go raibh arm na Rúise ábalta go maith an fód a sheasamh in éadan na Sualannach, bhí an teagmháil seo ag éileamh fórsaí armtha a bhí ag teastáil ar chathéadan na Tuirce. Mar sin, nuair a socraíodh an tsíocháin i ndiaidh chupla bliain cogaíochta sa bhliain 1790, bhí an dá thaobh sách géilliúlach dá chéile, agus iad ar aon bharúil nach raibh aon ghá leis na teorainneacha a athrú soir ná siar.

Críochdheighilt na Polainne[athraigh | edit source]

B'é an t-éacht ba mhó i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a d'éirigh le Caitríona ná críochdheilghilt na Polainne. (Nó an choir ba mhó, dar le muintir na Polainne.) Nuair a bhí rí nua le ceapadh don tír sin sa bhliain 1763, chuaigh Caitríona i muinín gach cineál uisce faoi thalamh agus bagairtí le puipéad dá cuid féin a chur ag rialú na tíre sin. Bhí an t-ádh léithi, nó gaireadh rí de Stanisław August Poniatowski, iar-leannán leapa dá cuid féin, agus é ina ambasadóir Pholannach i gCathair Pheadair go dtí an ceapachán seo. Fear ró-éirimiúil, ró-thírghráúil a bhí i Stanisław August le Caitríona a shásamh taobh amuigh den leaba, mar a d'iompaigh an scéal amach, nó bhain sé mealladh aisti ar fad lena chuid polasaithe. D'fhéach sé le córas polaitíochta na Polainne a fheabhsú is a dhaingniú agus an tsean-ainriail a ruaigeadh, agus é ag iarraidh eacnamaíocht na tíre a thabhairt i dtreo an bhisigh chomh maith. Nuair a sháigh Caitríona a ladar i saol pholaitiúil na Polainne leis an bhforbairt seo a chosc, chuaigh uaisle na tíre in anuabhar uirthi. Thionóil siad i mBar le konfederacja a bhunú - is é sin, cineál "comhcheilg phoiblí" nó comhcheangal den chineál a cheadaigh bunreacht na Polainne do na fir uaisle. Bhí sé de chuspóir acu ar dtús an creideamh Caitliceach a chosaint, ach is é an chiall a bhain an chuid is mó de na baill as seo ná go raibh an comhcheangal le cath a chur ar Chaitríona agus ar na Rúisigh. Bhí lucht an chomhcheangail in ann slua mór saighdiúirí a earcú go sciobtha, agus iad ag éirí an-bhagrach i súile an Bhanimpire.

Na Haighdeamacaigh ag easaontú leis an bPolainn[athraigh | edit source]

An chéad chuspóir a bhí ag an gcomhcheangal, áfach - an cath i bhfách leis an gCaitliceachas - níor thaithin sé le cách i bPolainn ilnáisiúnta, ilchreidmheach na linne. Mura gcuirfeadh an Comhcheangal an oiread sin béime ar an gcreideamh Caitliceach, d'fhéadfaí Cosacaigh na hÚcráine - na Haighdeamacaigh - a chealgadh chun comhoibriú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, bhí na Cosacaigh as pabhar míshásta le pleananna na n-uasal, agus, sa deireadh thiar thall, d'éirigh ina chogadh chathartha idir an dá dhream. B'é ba toradh dó sin ná gur chuir an Rúis, an Ostair agus an Phrúis, an trí chomharsa, - gur chuir siad ladar i gcúrsaí inmheánacha na Polainne arís, agus ansin, chuaigh an chéad chríochdheighilt ar an tír, sa bhliain 1772. Níor chaill na Polannaigh, áfach, ach píosaí beaga de thailte in aice leis na teorainneacha, ach b'é fíor-oighear an scéil gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar rialtas na Polainne, srianta a bhí dírithe ar lucht rialtais na tíre a stopadh ó aon iarracht le córas rialaithe an stáit a leasú nó a nua-aoisiú. B'é an liberum veto an rud ba mhó a bhí ag déanamh scime do na leasaitheoirí forásacha sa Pholainn.

Liberum veto[athraigh | edit source]

Is é is brí leis an liberum veto ná go raibh gach aon mhac máthar de na mionuaisle féin i dteideal bille ar bith a stopadh sa Dáil - nó Sejm, mar a thugtaí uirthi as Polainnis - ach na focail nie pozwalam ("ní cheadaím") a rá. Ní cheadódh Caitríona do na Polannaigh, áfach, an prionsabal seo a chaitheamh i dtraipisí. Fad is a bheadh sé i bhfeidhm, thiocfadh le Caitríona smacht iomlán a choinneáil ar an Sejm, nó ní bheadh de dhíth uirthi ach aon duine amháin de na teachtaí a bhreabadh chun reachtaíocht ar bith a chealú nach mbeadh ag teacht le sainleas na Rúise dar léi féin.

Targowica - an focal nua Polainnise ar fheillbheart[athraigh | edit source]

Nuair a phléasc cogadh amach eadar an Rúis agus an Tuirc ins an bhliain 1788, ghlac na Polannaigh buntáiste air sin agus d'éirigh siad amach in éadan na Rúise. Ní raibh an t-ádh leo ach tamall beag, áfach, agus b'é deireadh an scéil ná gur cuireadh an cheannairc faoi chois go brúidiúil. Ansin, chaill an Pholainn cuid mhór dá críocha i gcríochdheighilt nua sa bhliain 1793. B'é Comhcheangal Targowica an gléas polaitiúil a bhí ag Caitríona leis an mbuille seo a chur i gcion: dornán de thiarnaí uaisle na Polainne a ghlac seasamh i bhfách leis an Rúis agus a chuaigh le chéile ina gcomhcheangal, agus iad ag iarraidh ar Chaitríona teacht chun a dtarrthála agus "an dlí" a chur i bhfeidhm ar an tír in athuair. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne ort an polasaí a bhíodh ag Stailín san fhichiú haois agus é ag cur smacht ar na "daonphoblachtaí" in Oirthear na hEorpa.

Éirí Amach Kościuszko[athraigh | edit source]

Tadeusz Kościuszko ag tabhairt a mhionn (Pictiúr - 1797)

Go gairid i ndiaidh don dara críochdheighilt teacht i bhfeidhm d'éirigh na Polannaigh amach arís agus Tadeusz Kościuszko i gceannas orthu, ach ní raibh rath ar an gceannairc seo, ach oireadh leis an iarracht roimpise. Nuair a bhí an cluiche caillte ag Kościuszko, d'éalaigh sé béal a chinn as a thír dhúchais, agus chuaigh an tríú críochdheighilt ar an bPolainn. B'ansin a cuireadh an Pholainn de dhroim an tsaoil mar thír ar leith, go dtí gur tháinig sí ar an bhfód aríst i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.

Bás agus Oidhreacht Chaitríona[athraigh | edit source]

Fuair Caitríona bás sa bhliain 1796. Siúd is nár chruthaigh sí leath chomh liobrálach ná mar ba mhaith léi a chur in iúl, is léir go ndearna sí a dicheall an tír a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir agus an córas rialtais a chur in oiriúint do riachtanaisí an lae. Thug sí cuireadh d'fheirmeoirí Gearmánacha cur fúthu sa Rúis le modhanna nua curadóireachta a mhúineadh do na scológa, ach is beag rath a bhí ar an scéim seo. Le linn Chaitríona a bheith ina banimpire a tháinig an práta chun úsáide ag muintir na Rúise freisin. Bhí sé sách fadálach ag dul chun leitheadúlachta, áfach. Mar a chonaic muid thuas i gcás na ceannairce atá ainmnithe as Pugachov, ní raibh Caitríona róchinnte faoin dóigh cheart le ceist an tseirfeachais a fhuascailt ach an oiread. Níor thuig sí riamh go raibh na scológa ionraic faoin dílseacht a bhí acu don Impireacht mar fhoras sóisialta, fiú nuair a bhí siad ag déanamh ródaigh ar na huaisle. Shíl na scológa gur leosan an talamh, agus gur leis an Impire iad féin: is é an meas a bhí ag an scológ ar na tiarnaí talún nach raibh iontusan go bunúsach ach lonnaitheoirí agus mealltóirí a chuir iad féin idir muintir bhocht na tuaithe agus an tImpire. Mar sin, má bhí sé i ndúchas na scolóige an tiarna talaimh a dhiúltú faoi dhílseacht, níorbh ionann seo go fóill agus é a bheith ag diúltú don Impire.

Cibé faoin spéis a chuireadh Caitríona i bhfealsúnacht na hEagnaíochta, nuair a tharraing na smaointí nua seo Réabhlóid na Fraince ina ndiaidh, baineadh stangadh as an mbanimpire, agus chrom sí ar ais ar an gcoimeádachas le linn í a bheith ag druidim le deireadh a saoil féin.

I ndiaidh bhás Chaitríona, tháinig a mac Pól (Pavel) a hAon i gcomharbacht uirthi. Bhí Pól go tréan in aghaidh Réabhlóid na Fraince, agus é sásta conradh comhghuailliochta a shocrú leis an Tuirc - le bíobha bunaidh na Rúise féin! - chun cuidiú a fháil in éadan na Fraince agus a tionchair réabhlóidigh. Rinne an Rúis is an Tuirc an-chomhar ag cur ruaigeadh ar na Francaigh ó oirthear na Meánmhara. Roimh i bhfad, áfach, d'éirigh idir an Rúis agus na tíortha eile a bhí ag iarraidh an réabhlóid a choinneáil taobh istigh den Fhrainc. Go háirithe, bhí na Sasanaigh an-teann as an smacht a bhí acu ar an bhfarraige, agus ní cheadóidís d'aon stát eile dul in iomaíocht leo. Bhí Pól géarbharúlach nach raibh cead ceart trádála ag na stáit eile fad is a choinneodh na Sasanaigh súil ar gach aon long a mhusclódh a ndrochamhras. Bhí Pól chomh haraiciseach is go ndeachaigh sé chun cogaidh in aghaidh Shasana faoi dheoidh, agus d'ordaigh sé dá chuid Cosacach ionsaí a thabhairt faoin India.

Níor thaitin an díth chéille seo le ginearáil na Rúise. Ba léir dóibh nach raibh cabhlach na Rúise introda le loingeas cogaidh Shasana. Leis an tír a shábháil ar ionradh na Sasanach, d'éirigh na ginearáil amach in éadan Phóil agus mharaigh siad é. B'é an mac ba sine aige, Alastair (Aleksandr) a hAon a tháinig ina ionad ansin.




Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev