Johan Ludvig Runeberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohan Ludvig Runeberg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Feabhra 1804
Jakobstad Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Bealtaine 1877
73 bliana d'aois
Porvoo Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaPorvoo Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSwedish-speaking population of Finland (en) Aistrigh
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga Turku Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSualainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir, file, scríbhneoir iomann Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1827 –
Ball de
TeangachaAn tSualainnis agus an Fhionlainnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileFredrika Runeberg (1831–1877), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWalter Runeberg, Johan Wilhelm Runeberg, Lorenzo Runeberg, Ludvig Mikael Runeberg, Fredrik Runeberg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLorenz Ulrik Runeberg
SiblínCarolina Runeberg
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinruneberg.net Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0750257 Musicbrainz: b310df26-4a13-4ec9-bd34-f08552d1d04b IMSLP: Category:Runeberg,_Johan_Ludvig Find a Grave: 162150483 Cuir in eagar ar Wikidata

Siúd is gur chum Johan Ludvig Runeberg (5 Feabhra7 Feabhra 1804 a rugadh é; 6 Bealtaine 1877 a fuair sé bás) a chuid saothar as Sualainnis, dearctar air inniu mar fhile náisiúnta na Fionlainne.

Rugadh i Jakobstad (Pietarsaari) san Ostrabóitne é, agus bhí a athair, Lorenz Ulrik Runeberg, ina chaptaen mara. Ba í a mháthair, Anna Maria née Malm, an t-aon tuismitheoir a raibh aithne ag "Janne" beag air go dtí go raibh sé trí bliana d'aois, nó d'fhan an t-athair chomh fada sin ag taisteal na bhfarraigí.

Ba é Johan Ludvig an páiste ba shine sa teaghlach. Saolaíodh triúr deirfiúr: Ulrika Carolina, Maria Mathilda agus Emilie i ndiaidh Johan Ludvig, chomh maith le beirt bhuachaill eile, Viktor agus Nestor, a chuaigh le mairnéalacht nuair a tháinig siad i mbun a méide.

Blianta an staidéir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1822, chuaigh Runeberg ag staidéar fealsúnachta san acadamh i dTúrcú. I measc a chuid cairde bhí fir a rinne gal agus gaisce i saol cultúrtha na tíre ina dhiaidh sin, cosúil le Johan Jakob Nervander, Johan Vilhelm Snellman agus Elias Lönnrot.

Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1827. Shaothraigh sé luach a staidéir ag múinteoireacht i Saarijärvi, sa chuid den tír ina raibh an Fhionlainnis á labhairt. Ba é an seal sin a thug inspioráid dó lena chuid dánta tírghráúla, thar aon cheann eile an dán úd Bonden Paavo (nó Saarijärven Paavo, mar a thugtar ar an dán as Fionlainnis - is é sin, an feirmeoir Paavo ó Saarijärvi). Tháinig an dán sin i gcló sa bhliain 1830, ceithre bliana i ndiaidh an chéad fhoilseacháin ó pheann an fhile.

1837, Carl Peter Mazer (1804–1887)

Pósadh agus Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Runeberg samhradh na bliana 1827 i bParainen (Pargas), in aice le Túrcú, ag múinteoireacht i dteach an Ard-Easpaig Jacob Tengström. Ansin a casadh Fredrika air - cailín óg arbh é an tEaspag a huncail. Thit siad i ngrá le chéile, agus phós siad trí bliana go leith ina dhiaidh sin. Rugadh ochtar clainne dóibh, ach cailleadh beirt acu sin go hóg.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Runeberg ar an chéad eagarthóir ar an Helsingfors Morgonblad, nuachtán Sualainnise a thosaigh ag teacht amach in Heilsincí sa bhliain 1832. I dtús na bliana 1837, fuair Runeberg fostú mar léachtóir le litríocht na sean-Róimhe, agus chuaigh an teaghlach go léir a chónaí go Porvoo (Borgå). I bPorvoo, bhí sé ag déanamh eagarthóireacht ar Borgå Tidning, nuachtán áitiúil Sualainnise. Sa bhliain 1857, chuaigh Runeberg ar pinsean ón múinteoireacht, agus é ag dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha anois. Buaileadh stróc é sa bhliain 1863, agus é amuigh ag sealgaireacht. D'fhág an stróc ina bhalbhán go lá a bháis é.

Saothar liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Fänrik Ståls sägner, nó Scéalta an Mheirgire Stål, an chuid is clúití de shaothar Runeberg. (Faoin teideal Fionlainnise - Vänrikki Stoolin tarinat - is fearr a aithníonn Fionlannach an lae inniu iad.) Dánta laochais is ea iad ina gcuirtear síos ar Chogadh na Fionlainne idir an tSualainn agus an Rúis sna blianta 1808-1809. D'fhág an cogadh seo an Fhionlainn ag Impireacht na Rúise. Mar sin, tá Runeberg, go bunúsach, ag móradh naimhde an Impire sna dánta seo, rud a chuir isteach ar na cinsirí san Fhionlainn ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis an bhfile na dánta seo a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair lena lá féin. Tháinig an chéad chuid amach sa bhliain 1848, agus cuireadh an dara himleabhar i gcló sa bhliain 1860.

1875: Foinse: Allardt Ekelund, Karin: Fredrika Runeberg

Cuid de shiombaileachas náisiúnta na Fionlainne is ea na dánta seo, chomh maith leis na daoine ar a dtugtar cur síos iontu. Is é an ceann is tábhachtaí acu an dán tosaigh, Vårt land, nó Maamme, arb é an t-amhrán náisiúnta é inniu. Thairis sin, ní mór Björneborgarnas marsch - Porilaisten marssi Curtha i gcartlann 2005-04-07 ar an Wayback Machine, is é sin, máirseáil na saighdiúirí ó chathair Pori - a lua. Is í an mháirseáil seo ceol suaitheantais Uachtarán na Fionlainne agus máirseáil onórach Arm na Fionlainne inniu, ach bhí an fonn ann sular chuir Runeberg na focail leis. Maidir le Sven Dufva, cuireann an dán seo síos ar shaol agus ar bhás Sven Dufva, fear óg ar bheagán céille a théann sna saighdiúirí, ós rud é nach bhfuil aon mhaith ann le haghaigh obair feirmeoireachta, agus cé nach bhfuil an tsaighdiúireacht ag éirí leis go rómhaith ach an oiread, faigheann sé bás an laoich sa deireadh, agus é ina sheasamh ar an droichead leis na Rúisigh a stopadh ón abhainn a thrasnú:

"Bra, bra", han ropte, - "bra, håll ut, min käcka gosse du,
släpp ingen djävul över bron, håll ut en stund ännu!
Det kan man kalla en soldat, så skall en finne slåss!
Fort, gossar, skynden till hans hjälp! Den där har räddat oss!"
"Maith thú, maith thú", a scairt sé, - "maith thú, lean ort, a bhuachaill bhreá,
Ná lig d'aon duine teacht thar an droichead, lean ort ar feadh tamaillín fós!
Seo daoibh saighdiúir a thuill a ainm, sin mar ba chóir don Fhionlannach cath a chur!
Brostaigí libh, a bhuachaillí, chun fortachta dó! Eisean a shábháil gach mac máthar againn."
Dealbh, Helsinki

Ní thagann an chabhair in am, agus sa deireadh thiar, feicimid Sven sínte marbh ina spréiteachán san fhéar. Cromann Sandels, an ceannfort, ar é a scrúdú, agus sonraíonn sé go bhfuil poll piléir díreach in aice le croí an tsaighdiúra. An tátal a bhaineann sé as seo, is cuid de bhéaloideas na bhFionlannach inniu é:

"Den kulan visste hur den tog, det måste erkänt bli",
så talte generalen blott, "den visste mer än vi.
Den lät hans panna bli i fred, ty den var klen och arm,
och höll sig till vad bättre var: hans ädla, rätta barm."
"Bhí fios a bhealaigh ag an bpiléar seo, níl a shéanadh ann",
Sin mar a labhair an ginearál go simplí, "bhí a fhios aige níb fhearr ná againn féin.
Níor bhac sé le clár a éadain, an áit bhocht chráite sin,
b'fhearr leis an áit ab fhearr: an croí a bhí chomh ceart, chomh huasal."

An chonspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an rud a dúirt Göran Hägg, an staraí liteartha ón tSualainn, ina réamhrá don eagrán nua póca de Fänrik Ståls sägner ná nach bhfuil mórán de bhlas na bolscaireachta le mothú ar na "scéalta" seo, ós rud é go bhfuil siad ag móradh an díomua in áit an bhua - is é an críochthoradh a bhí ar Chogadh na Fionlainne sna blianta 1808-9 ná go ndeachaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualainne go lámh na Rúise Impiriúla. Sin é an cineál caint a shamhlófá le Sualannach, ach port eile ar fad a bhíonn ag na Fionlannaigh, nó ba mhór an t-ábhar conspóide é ról Runeberg i bhforbairt chultúr na tíre ó am go ham.

Nuair a bhain na Fionlannaigh amach a neamhspleáchas, canónaíodh Runeberg mar fhile náisiúnta. Ar feadh tamaillín, bhí sé fiú coiscthe le dlí "cuimhní náisiúnta", ar nós fhilíocht Runeberg, a náiriú. Ar ndóigh, tháinig aisfhreagra sna sálaí ag a leithéid de chanónú. Le maolú ar an bhforlámhas a bhí ag an náisiúnachas i saol cultúrtha na Fionlainne, tháinig ionsaithe foghacha faoi Runeberg ó na caogaidí i leith.

B'é Väinö Linna an duine ba thúisce a leomh locht a fháil ar aisling náisiúnaíoch Runeberg, thiar sna caogaidí. Go bunúsach, bhí sé den bharúil gur aisling uasal le híseal a bhí ann. Mar shampla, an dóigh ar chuir an file síos ar Sven Dufva, rinne sé amadán cruthanta de nach raibh aon mhaith ann ach amháin le hurchair a stopadh - agus is é an chiall a bhain Linna as sin ná gurb é seo an t-aon mheas amháin a bhí ag aicme bhuirgéiseach na Fionlainne úr-neamhspleáiche ar chosmhuintir na tíre, chomh tugtha is a bhí an aicme sin do Runeberg agus dá aisling. Bhí Linna féin ina scríbhneoir prólatáireach, ina dhuine de na saighdiúirí a bhítí a shaighdeadh chun catha le véarsaí Runeberg sna daichidí, agus cúis feirge aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]