Sven Dufva

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilSven Dufva
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman tSualainnis
Dáta foilsithe1848

Is é Sven Dufva (Fionlainnis: Sven Tuuva; Sualainnis de réir litriú an lae inniu: Sven Duva) an seachtú dán i Fänrik Ståls sägner ("Scéalta an Mheirgire Stål"), an bailiúchán dánta a d'fhoilsigh Johan Ludvig Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, sa bhliain 1848. Tá aithne ag muintir na Fionlainne agus na Sualainne araon ar an dán seo, agus is minic a bhaintear úsáid as véarsaí agus meafair an dáin mar a bheadh seanfhocail iontu sa dá theanga.

Sven Dufva. Ceann de na pictiúirí a tharraing Albert Edelfelt don chéad eagrán maisithe de Scéalta an Mheirgire Stål.

Ábhar an Dáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é ábhar an dáin ná scéal Sven, dríodar an chrúiscín i dteaghlach seansaighdiúra. Níl ann ach leathdhuine nach bhfuil ciall cheart d'obair na feirme aige, agus is minic a chuireann a athair an cheist air féin, an mbeidh sé in ann déanamh as dó féin choíche. Sa deireadh thiar thall, freagraíonn Sven go rachaidh sé sna saighdiúirí: "Ní theipeann an tuathal orm in oibreacha an tí seo, ach is dócha go mbeidh sé níos fusa d'anam a thabhairt ar son an rí agus na tíre dúchais". Ar dtús, déanann an t-athair gáire faoi, ach ansin, tagann na deora leis agus é ag smaoineamh ar an saol a bhí aige ina shaighdiúir dó. Mar sin, ceadaíonn sé do Sven liostáil san arm.

Ní éiríonn go rómhaith le Sven sna saighdiúirí ach an oiread, agus an raidhfil chomh doláimhsithe aige agus na huirlisí feirme. Mar sin féin, nuair a bhriseann an cogadh amach idir an tSualainn agus an Rúis, téann seisean chun cogaidh chomh maith le duine. An chuid is mó den am, tugann sé aire do na capaill, ach uaireanta, faigheann sé de sheans breith ar an raidhfil chomh maith.

Is é an cath cois Koljonvirta, ceann de na cathanna a chuir cor i gcinniúint na Fionlainne, suíomh na n-imeachtaí i ndeireadh an dáin. Nuair a thosaíonn na Rúisigh ag teacht ar an droichead trasna na habhann úd Koljonvirta, tagann an táinrith sna Sualannaigh agus na Fionlannaigh, agus iad ag teitheadh lena n-anam. Is é Sven an t-aon duine amháin a ritheann i dtreo contrártha. Beireann sé ar an raidhfil agus fanann sé ina sheasamh ar an droichead ag iarraidh na Rúisigh a stopadh ina aonar. Ansin, cuireann an Ginearál Sandels sonrú ann, agus é ag áitiú ar Sven gan aon duine acu siúd a ligean thairis. Tagann na Sualannaigh agus na Fionlannaigh chucu féin i bhfianaise na crógachta seo, agus sa deireadh thiar thall, éiríonn leo ruaigeadh a chur ar an namhaid. Feictear Sven síothlaithe i measc na marbhán, áfach, agus poll piléir in aice leis an gcroí. Is é an breithiúnas a thugann an Ginearál ar an scéal, ná "go raibh fios a bhealaigh ag an bpiléar sin", ó roghnaigh sé an croí, "an áit ab fhearr", thar an gclár éadain, nach raibh mórán taobh thiar de.

An Cúlra Stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gurbh é an saighdiúir Johan Zacharias Bång, a rugadh ar an 19ú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1785 i Lohja, a bhí ina réamh-mhúnla ag Runeberg do Sven Dufva. Throid sé sa chath cois Koljonvirta. Bhí sé ag iarraidh na Rúisigh a stopadh in aice leis an droichead trasna na habhann, ach sa deireadh, goineadh go tromchúiseach é agus fágadh ina luí in aice leis an droichead. Shíl gach duine, idir chara agus namhaid, go raibh sé marbh, ach le fírinne, bhí sé beo i gcónaí, agus d'éirigh leis sa deireadh na díormaí Sualannacha a shroicheadh as a stuaim féin. Murab ionann agus Sven Dufva, ní bhfuair sé bás. Bhisigh sé sa deireadh, agus phós sé cailín ó Thuaisceart na Sualainne, áit ar shocraigh sé síos i ndiaidh an chogaidh, sa bhliain 1815. [1] Curtha i gcartlann 2007-11-23 ar an Wayback Machine

Siombaileachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu féin, ní bhíonn muintir na Fionlainne ar aon bharúil faoi Sven Dufva. Iad siúd a bhfuil meas acu ar shaothar Runeberg mar scríbhneoir, molann siad an dán, ós rud é go gcuireann sé béim ar an dóigh ar féidir leis an duine cróga bua a fháil ar a fhannlaige féin agus buille a bhualadh ar son na cúise uaisle. Ón taobh eile de, is minic a lochtaíonn lucht an tsíochánachais an dán, agus an úsáid a baineadh as le míleatachas a chothú san Fhionlainn. Cuid de na náisiúnaithe Fionlannacha, níl siad sásta leis an dán ach an oiread. Is é an chiall a bhaineann siad as an scéal go raibh dearcadh dímheasúil ag Runeberg ar chosmhuintir na Fionlainne, agus é ag tabhairt le fios nach raibh iontu ach fodar do na gunnaí móra.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]