Göteborg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Göteborg
Göteborg
Suíomh

57°42′ Thuaidh 11°58′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Sweden.svg An tSualainn
Cúige: Västergötland agus Bohuslän
Méara: Anneli Hulthén
Déimeagrafaic
Achar: 203.67 km²
Daonra: 549,839 (2011)
Dlús daonra: 1,222/km²
Crios ama: CET/CEST (UTC+1/+2)
www.goteborg.se/

Is í Göteborg (Fuaim éist) (Béarla: Gothenburg) cathair mhór sa tSualainn. Suite ar chósta thiar na tíre, ar dhá thaobh abhann Göta älv, tá sí ar an dara chathair is mó na Sualainne, i ndiaidh Stócólm. Bhí tuairim is 550,000 duine ina gcónaí sa chathair (byområdet) sa bhliain 2010, agus breis is 930,000 duine, má chuirtear na fobhailte san áireamh (Storgöteborg).

B'é an Rí Gustaf Adolf a bhunaigh an chathair sa bhliain 1621.