Hanko

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá cathair Hanko (Sualainnis: Hangö, Rúisis: Gangut/Гангут) ar an gcathair is faide ó theas san Fhionlainn, agus thart ar dheich míle de dhaoine ina gcónaí ansin. Tá an áit timpeallaithe ag uisce Mhuir Bhailt ó thrí thaobh, agus is iad na tránna móra gainimh a thabhaigh a clú don áit, chomh maith le rásaí na mbád, nó an Regatta, i dtús Mhí Iúil. Cathair dhátheangach is ea í Hanko, agus an tSualainnis ó dhúchas ag 44 % de dhaonra na háite. Bunaíodh Hanko mar chathair sa bhliain 1874. I ndiaidh do Chogadh an Gheimhridh (1939-40), b'éigean do na Fionlannaigh Hanko a thabhairt ar cíos don Aontas Sóivéadach mar bhunáit mhíleata. Thréig na saighdiúirí Sóivéadacha an áit sa chéad bhliain eile, nuair a d'éirigh ina chogadh idir an dá thír arís.

Tá Hanko suite faoi 127 gciliméadar de Heilsincí agus faoi 145 chiliméadar ó Thúrcú. Is é Tammisaari (Ekenäs) an chathair is cóngaraí (35 chiliméadar).