Francisco Franco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Francisco Franco
Franco0001.PNG

Jefe del Estado de España
In oifig
1 Aibreán, 194020 Samhain, 1975
Réamhtheachtaí: M. Azaña (mar uachtarán)
Comharba: Juan Carlos I (mar rí)

68ú Uachtarán Rialtais na Spáinne
In oifig
5 Feabhra, 19399 Meitheamh, 1973
Réamhtheachtaí: Juan Negrín
Comharba: Luis Carrero Blanco

Dáta breithe 4 Nollaig, 1892
  Galicia, An Spáinn
Dáta báis 20 Samhain, 1975
  Maidrid, An Spáinn
Páirtí FET y de las JONS
Gairm Ginearál míleata
Céile Carmen Polo
Síniú
Francisco Franco Signature.svg

Oifigeach airm ab ea Francisco Paulino Hermenegildo Teódulo Franco y Bahamonde, nó níos giorra, Francisco Franco Bahamonde (4 Nollaig 1892-20 Samhain 1975) a chuaigh i gceannas ar an Spáinn mar dheachtóir míleata i ndiaidh chogadh cathartha na Spáinne. Mhair sé i gceannas ar an stát go lá a bháis.

Is é an leagan dá ainm a d'úsáideadh sé féin ná Francisco Franco Bahamonde, nó mar is dual don Spáinneach, thugadh a mhuintir féin sloinne a athara is a mháthara air. Sna tíortha coimhthíocha, áfach, is gnách gan ach sloinne a athara a úsáid, is é sin, Francisco Franco a thabhairt air.

Is é an teideal oifigiúil a bhí air ná "ceannasaí na crosáide deireanaí agus an Spáinneachais, ceannasaí an chogaidh in aghaidh an Chumannachais agus lucht a chomhghuaillíochta", nó, go simplí, an Ceannasaí, El Caudillo. Ba mhinic a thugtaí El Generalísimo nó an tArd-Ghinearál air freisin.

Laethanta a Óige[athraigh | edit source]

Rugadh Franco i Galicia, in Iarthuaisceart na Spáinne, i sráidbhaile beag El Ferrol. Sna blianta 1938-1982, thugtaí El Ferrol del Caudillo nó Ferrol an Cheannasaí ar an áit go hoifigiúil. Bhí a athair, Nicolás Franco Salgado-Araujo, ag obair ina phámháistir sa chabhlach, agus é ina dhruncaeir brúidiúil a bhíodh go minic ag tabhairt greidimíní dá bhean chéile is dá chlann. Bhí traidisiún an chabhlaigh ag baint le muintir a mháthara, Pilar Bahamonde Pardo de Andrade, chomh maith. Theastaigh ó Francisco óg dul sa chabhlach chomh maith lena athair, ach ó tharla nach raibh Acadamh an Chabhlaigh ag fáiltiú earcaigh nua san am, chuaigh sé sna saighdiúirí ina áit sin. Sa bhliain 1907, fuair sé cead iontrála in Acadamh an Chos-Slua i dToledo, agus bhain sé amach a dhintiúirí sa bhliain 1910. Bronnadh coimisiún an Dara Leifteanant air. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag troid i Maracó. Bhí na Spáinnigh díreach ag iarraidh teacht i seilbh an choimircis nua le lámh láidir. Mhair an cogadh fada idir na Spáinnigh agus na cogaithe bundúchasacha go dtí an bhliain 1927, agus ó nach raibh oirbheartaíocht na Spáinneach ag teacht le himthoscaí an mhachaire áir seo, shiúil an bás go trom ar a chuid saighdiúirí agus oifigeach. An t-oifigeach a thiocfadh slán as an seamlas seo, áfach, bhí cáil agus céimíocht ag dul dó. Mar a deirtí in Arm na Spáinne san am, an té a chuaigh go dtí Marocó, mura bhfaighfeadh sé bás, gheobhadh sé sais an ghinearáil (la caja o la faja).

Chruthaigh Franco ina thogha oifigigh, agus cuireadh i gceannas ar na saighdiúirí bundúchasacha é, nó san am seo, bhíothas go díreach ag fruiliú bundúchasaigh d'Arm na Spáinne, agus oifigigh Spáinneacha ag stiúradh na n-earcach Afracánach seo.

Sa bhliain 1916, goineadh Franco go tromchúiseach i scirmisc in aice le hEl Biutz. Bhí sé trí bliana fichead d'aois, agus é ina chaptaen airm cheana féin. Thuill an t-eachtra seo meas mór dó ó na saighdiúirí bundúchasacha. Moladh freisin go mbronnfaí an onóir is mó air a d'fhéadfadh saighdiúir cróga a fháil sa Spáinn, mar atá, an Cruz Laureada de San Fernando. Ní bhfuair sé an chros seo, ach rinneadh comandante, nó maor airm, de, agus é ar an oifigeach ab óige in Arm na Spáinne a raibh an chéimíocht seo aige.

Chaith sé na blianta 1917-1920 ar fiannas sa Spáinn féin. Ansin, áfach, bhunaigh José Millán Astray léigiún coimhthíoch nó Legión Extranjera don Spáinn, in aithris ar Léigiún Coimhthíoch na Fraince. Chuaigh Franco ar ais go dtí an Afraic agus é ar an dara ceannasaí ab airde ar an léigiún seo.

Ar an gceathrú lá fichead de Mhí Iúil 1921, briseadh an cath ar thrúpaí na Spáinne in Annual, in aice le Melilla. Bhí na bundúchasaigh ag bagairt ar Melilla, coilíneacht Spáinneach ar chósta Mharacó, ach tháinig Franco agus na Léigiúnaigh chun fortachta don chathair i ndiaidh trí lá a chaitheamh ag máirseáil tríd an bhfásach. Sa bhliain 1923, cuireadh Franco i gceannas ar an Léigiún ar fad, agus é ina leifteanantchoirneál anois.

Sa bhliain chéanna, phós sé María del Carmen Polo y Martínez Valdés, agus saolaíodh iníon amháin, María del Carmen óg, dóibh sa bhliain 1926. Bhí an Rí Alfonso a Trí Déag i láthair, agus é ina fhreastalaí onórach don ghrúm. D'fhág an onóir seo Franco ina dheargmhonarcaí go lá a bháis, agus níor laghdaigh blianta na poblachta frithmhonarcaí ar an áitiús seo aige.

Agus é ina choirnéal anois, bhí Franco i gceannas ar na díormaí Spáinneacha nuair a chuaigh siad i dtír ag Alhucemas (inniu: Al Hoceima i Maracó) le ruaigeadh a chur ar na treibheacha Beirbreacha a bhí go díreach ag féachaint le poblacht bheag, Poblacht Rif, dá gcuid féin a bhunú ansin. Leis an tuirlingt seo, chuir na Spáinnigh agus na Francaigh deireadh le Poblacht Rif.

Sa bhliain 1926, bronnadh céim an Ghinearáil ar Franco. B'é an ginearál ab óige in Arm na Spáinne riamh. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuireadh i gceannas ar Chomh-Acadamh na bhFórsaí Armtha i Zaragoza é. Scoil traenála nuabhunaithe a bhí ann d'ábhair oifigeach na bhfórsaí armtha ar fad.

Franco agus Dara Poblacht na Spáinne[athraigh | edit source]

Cé go raibh dearcadh monarcach aige, chloígh Franco le neamhpholaitiúlacht an tsaighdiúra fiú nuair a tháinig Dara Poblacht na Spáinne ar an bhfód i ndiaidh d'Alfonso an choróin a thabhairt suas, sa bhliain 1931. I Mí an Mheithimh sa bhliain chéanna, áfach, dhún an Príomh-Aire Manuel Azaña an móracadamh míleata i Zaragoza a bhí Franco a stiúradh. Ní nach ionadh, bhí Franco iontach míshásta leis an gcomhairle seo, agus thug sé óráid uaidh do na hábhair oifigeach a bhí thar a bheith naimhdeach i leith na Poblachta nua. D'fhág an Príomh-Aire an Ginearál gan obair ar bith go ceann leathbhliana, agus súil á coinneáil air.

Ar an gcúigiú lá de Mhí Feabhra 1932, chuaigh sé i gceannas ar dhíormaí a bhí ar garastún in La Coruña. Sa bhliain chéanna, d'fhéach José Sanjurjo le coup d'état a chur i gcrích, ach ó bhí Franco chomh fada sin ó chroílár na cumhachta, ní raibh seans aige páirt a ghlacadh san iarracht seo. De thoradh na leasuithe a rinne Azaña ar na fórsaí armtha, thit Franco ón chéad áit go dtí an ceathrú háit fichead ar liosta na mbriogáidirí, ach mar sin féin, sa bhliain chéanna, cuireadh i gceannas ar fhórsaí armtha na nOileán Bailéarach ar fad é. Le fírinne, ní raibh a chéim mhíleata ard a dhóthain le haghaidh an phoist seo.

Éirí Amach Asturias[athraigh | edit source]

I Mí Dheireadh Fómhair 1933, chuaigh na Spáinnigh ag caitheamh a gcuid vótaí in olltoghcháin, agus b'iad páirtithe an láir agus na heite deise a bhuaigh. Ní raibh lucht leanúna na heite clé sásta leis an rialtas nua, agus tháinig gluaiseacht réabhlóideach ar an bhfód ar an gcúigiú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1934. Cloíodh an t-éirí amach seo go sciobtha sa chuid ba mhó den tír, ach fuair na ceannairceoirí teannta in Asturias le cuidiú ó cheardchumainn na mianadóirí. B'é Franco a fuair an tasc an t-éirí amach seo a chur faoi chois. B'é an Ginearál Eduardo López Ochoa, áfach, a bhí i gceannas ar na trúpaí ar mhachaire an áir féin, agus b'iad saighdiúirí an Airm san Afraic a rinne an obair shalach. I ndiaidh dhá sheachtaine ag cur troda, d'éirigh le Franco agus le hOchoa an reibiliún a chloí, agus meastar go bhfuair 1,200-2,000 duine bás sa teagmháil.

Cúis cointinne agus conspóide idir na staraithe Spáinneacha is ea é an t-éirí amach seo, chomh maith leis na himeachtaí eile a tharraing an cogadh cathartha anuas ar an tír i rith an chéad chúpla bliain eile. Mar sin féin, táthar ar aon bharúil gur mhéadaigh an reibiliún in Asturias ar an naimhdeas idir an dá eite pholaitiúla. Cé go raibh sé de chlú ar López Ochoa go dtí sin go raibh claonadh clé ann mar oifigeach, is é an dearcadh a tháinig ag an eite chlé anois ná gur namhaid ab ea é, chomh maith le Franco. Rinneadh géarleanúint ar López Ochoa ina dhiaidh sin, caitheadh i dtóin an phríosúin é, agus maraíodh é nuair a thosaigh an cogadh cathartha.

Ar feadh tamaill i ndiaidh na n-imeachtaí seo, bhí Franco ina ardcheannasaí ar an Arm Spáinneach san Afraic (ó 15 Feabhra 1935 i leith), ach ar an 19 Bealtaine 1935, rinneadh Ceann Foirne Ginearálta ar na fórsaí armtha ar fad de.

An Bealach go dtí an Cogadh Cathartha[athraigh | edit source]

Nuair a scoireadh an rialtas i ndiaidh scannal Straperlo, b'éigean olltoghcháin nua a ullmhú. Ansin, tháinig dhá chomhghuaillíocht mhóra pholaitiúla ar an bhfód, mar atá, Fronta an Phobail, a chuimsigh na Poblachtánaigh agus na Cumannaigh, agus an Fronta Náisiúnta, agus é comhdhéanta as an eite dheas, as an bPáirtí Radacach agus as na Séarlasaigh, is é sin, na monarcaithe coimeádacha. Ar an séú lá fichead de Mhí Feabhra, bhuaigh an eite chlé na toghcháin, ach má bhuaigh, ba dhóbair di iad a chailliúint. D'fhág na toghcháin an tír ina praiseach. Bhí Franco ag éileamh go gcuirfí staid éigeandála i bhfeidhm, le go bhféadfaí deireadh a chur leis na trioblóidí agus na vótaí a athchuntas faoi shuaimhneas. Ina ionad sin, cuireadh Franco go dtí na hOileáin Chanáracha, áit nach raibh mórán trúpaí faoina cheannas.

Idir an dá linn, bhí Emilio Mola ag cur comhcheilge i dtoll le chéile. Chuaigh sé i dteagmháil le Franco, ach ní raibh deifir air siúd sea ná ní hea a rá, agus níor tháinig freagra ceart uaidh roimh Mhí Iúil. Ar an tríú lá fichead de Mhí an Mheithimh, 1936, fiú, scríobh sé litir chuig Uachtarán na Poblachta, Casares Quiroga, agus é ag tairiscint míshástacht na bhfórsaí armtha a chloí, ach ní bhfuair sé freagra. Bhí lucht na ceannairce san Arm meáite, áfach, buille a bhualadh, con Paquito o sin Paquito, is é sin, "le Paquito nó ina uireasa". (Is é "Paco" nó "Paquito" an leasainm a thugtar ar fhir a bhfuil Francisco mar ainm baiste orthu.) I ndiaidh cuid mhaith cur agus cúiteamh, shocraigh na reibiliúnaigh le chéile go n-éireoidís amach in aghaidh na Poblachta ar an ochtú lá déag de Mhí Iúil. Nuair a mhínigh Mola do Franco nach raibh an reibiliún instoptha agus go gcaithfeadh gach oifigeach airm a intinn a shocrú suas faoin taobh a thacódh sé, thogair sé dul leis na ceannairceoirí, agus cuireadh i gceannas ar na fórsaí armtha san Afraic é. Fuarthas eitleán príobháideach den chineál De Havilland Dragon Rapide ar cíos i Sasana ar an aonú lá déag de Mhí Iúil le Franco a iompar go dtí an Afraic.

Dúnmharaíodh an polaiteoir eite deise José Calvo Sotelo ar an tríú lá déag de Mhí Iúil, lá i ndiaidh dhúnmharú an oifigigh fhrith-Fhaisistigh José Castillo. Saighdeadh chun gnímh ab ea iad na maruithe seo do na ceannairceoirí. Ar an seachtú lá déag de Mhí Iúil, d'éirigh an tArm san Afraic amach, agus chuir siad lucht a gceannasaíochta faoi choimeád. An lá arna mhárach, d'fhoilsigh Franco a fhorógra agus thug sé aghaidh ar an Afraic le dul i gceannas ar na trúpaí.

Seachtain ina dhiaidh sin, ní raibh na ceannairceoirí - na Nacionales nó na Náisiúnaithe - ach i seilbh aon tríú cuid den Spáinn, agus an chuid ba mhó den chabhlach faoi smacht na bPoblachtánach i gcónaí. Mar sin, bhí Franco scoite ó na reibiliúnaigh eile, agus a chuid naimhde ag déanamh patróil ar an bhfarraige idir an Spáinn agus an Afraic. Theip ar an gcoup d'état, ach bhí Cogadh Cathartha na Spáinne tosaithe.

Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne[athraigh | edit source]

An Spáinn i rith an Chogaidh Chathartha

An Chéad Chúpla Mí[athraigh | edit source]

I dtús an chogaidh, bhí sé géar-riachtanach ag Franco féachaint chuige go mbeadh an Coimirceas go daingean faoina smacht. Ó thaobh amháin de, d'éirigh leis tacaíocht na mbundúchasach agus a gcuid taoiseach a fháil, agus ón taobh eile de, bhí sé in ann a chumhacht a chur i bhfeidhm ar na saighdiúirí. Le sin a dhéanamh, áfach, d'ordaigh sé cúpla oifigeach a chur chun báis a bhí ródhílis don Phoblacht, agus ba chol ceathrair dó féin duine acu siúd. Ansin, chaithfeadh Franco a chuid díormaí a aistriú go dtí Leithinis na hIbéire ar dhóigh éigin, agus ó bhí an cabhlach faoi smacht na bPoblachtánach, ní raibh sé ábalta caolas Ghiobráltair a thrasnú. Ón bhfichiú lá de Mhí Iúil i leith, áfach, d'éirigh leis dul i muinín dornán beag eitleán lena chuid trúpaí a thabhairt go Sevilla agus an chathair sin a shealbhú. Le cuidiú lucht idirghabhála, chuaigh sé i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe, leis an nGearmáin, agus leis an Iodáil, go háirithe le tuilleadh eitleán a fháil. Ní raibh na Sasanaigh fonnmhar teacht chun fortachta dó, ach mura raibh, d'éirigh leis comhghuaillíocht a chur ar bun leis an mbeirt eile ar an 25 Iúil, agus ar an dara lá de Mhí Lúnasa, thosaigh eitleáin Ghearmánacha agus Iodálacha ag tuirlingt ar an aerstráice i dTetuán. Ar an gcúigiú lá de Mhí Lúnasa, d'éirigh le Franco an léigear a bhriseadh idir é agus an Spáinn.

I dtús Mhí Lúnasa, bhí an suíomh míleata in Iarthar na hAndalúise chomh suaimhneach is go raibh Franco ábalta colún cúig mhíle déag de shaighdiúirí a thiomsú faoi cheannas an Leifteanant-Choirnéil Juan Yagüe le máirseáil i dtreo Mhaidrid trí chúige Extremadura. Ar an 11ú lá de Mhí Lúnasa, ghabh díormaí Franco Mérida, agus ceithre lá ina dhiaidh sin, thit Badajoz leis. Ansin, tháinig an dá limistéar uile a bhí faoi smacht na náisiúnaithe i dteagmháil le chéile.

Ar an 21ú lá de Mhí Mheán Fómhair, in aice le Maqueda ceithre scór ciliméadar ó Mhaidrid, d'ordaigh Franco dá chuid saighdiúirí scinneadh ón mbealach le fortacht a thabhairt don gharastún in Alcázar in aice le Toledo a bhí faoi léigear. Sháraigh Franco an t-imshuí seo ar an 27ú lá de Mhí Mheán Fómhair. Cé go raibh lucht a thacaíochta féin ag cáineadh Franco as ucht an eachtra seo, chuaigh sé go mór chun buntáiste do Franco mar phíosa bolscaireachta.

An Bealach go dtí an Chumhacht[athraigh | edit source]

An Ginearál José Sanjurjo, a bhí ceaptha mar ardcheannasaí don éirí amach, fuair sé bás i dtimpiste eitleáin ar an bhfichiú lá de Mhí Iúil. Ní dhearna an chailliúint seo an oiread dochair do na náisiúnaithe agus a shílfeá, nó bhí a cheannasaí féin ag gach réigiún: Emilio Mola sa Tuaisceart, Gonzalo Queipo de Llano san Andalúis, Franco i gceannas arm neamhspleách dá chuid féin, agus Miguel Cabanellas san Aragóin. Bhí comhairle nó junta ag comhordnú na cogaíochta, agus Cabanellas i gceannas na comhairle sin, ó b'eisean an ginearál ab airde céim den cheathrar acu. Ar an aonú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair, ceapadh Franco ina ardcheannasaí, agus ar an ochtú lá fichead den mhí chéanna, rinneadh ceann an rialtais de chomh maith. Ar an chéad lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1936, gaireadh Generalísimo nó Ard-Ghinearál an airm Fhaisistigh de, agus Jefe de Estado nó Ceann an Stáit san am céanna.

An Cheannasaíocht Mhíleata[athraigh | edit source]

Ón lá sin i leith go deireadh an chogaidh, b'é Franco féin, go pearsanta, a stiúraíodh na hoibríochtaí míleata ar fad. I Mí na Samhna 1936, tugadh ionsaí faoi Mhaidrid, ach theip ar an iarracht sin, rud a d'athraigh stíl chogaíochta Franco, nó chrom sé ar na caisleáin a thógáil i ndiaidh a chéile, in áit a bheith ag baint trialach as móroibríochtaí ceanndána. Cosúil leis an gcinneadh a ghlac sé teacht chun fortachta don gharastún i dToledo, fuarthas locht ar an athrú polasaí seo ar chúiseanna oirbheartaíochta. Tá comhairlí áirithe dá chuid ina n-ábhair chonspóide ar leith, go háirithe an cinneadh a ghlac sé i Mí an Mheithimh 1938 aghaidh a thabhairt ar Valencia in áit na Catalóine.

Ní raibh Franco ábalta tacaíocht a bhréagadh ó aon náisiún eile, ach amháin an Ghearmáin agus an Iodáil. Tháinig Léigiún an Chondair ón nGearmáin. Aerchór a bhí ann, ach, íorónta go leor, níor iarr Franco riamh ach airm agus tancanna ar Hitler, in áit na n-eitleán cogaidh. Fuarthas trúpaí cos-slua ón Iodáil Fhaisisteach, mar atá, Corpo Truppe Volontarie. Dealraíonn sé go raibh trúpaí Franco, na hIodálaigh, agus na Gearmánaigh ag cur cogaidh sách neamhspleách ar a chéile. Go háirithe, ní raibh mórán tionchair ag Franco ar Léigiún an Chondair. Bhí an Phortaingéil, a bhí ina deachtóireacht faoi António de Oliveira Salazar, cairdiúil le Franco ó thús an chogaidh.

An Cheannasaíocht Pholaitiúil[athraigh | edit source]

D'éirigh le Franco an "Falang", páirtí náisiúnaíoch antoisceach na heite deise a bhí ag tacú le sindeacáiteachas Faisisteach, agus na páirtithe monarcaíocha nó Carlistas a thabhairt in araicis a chéile agus aon pháirtí amháin a fháscadh astu beag beann ar na difríochtaí doimhne idé-eolaíochta eatarthu. An Falang nua a chruthaigh Franco, bhí sé dírithe ar an gcuid ab antoiscigh agus ba bháúla leis an nGearmáin a ghiúmaráil agus, san am céanna, maolú ar a bpolasaithe siúd le cuidiú na monarcaithe frith-Ghearmánacha. De réir a chéile, thréig an Falang an idé-eolaíocht Fhaisisteach, nuair a tháinig sé chun solais sna cainteanna le Hitler nach raibh an Spáinn ag teastáil uaidhsean ach le buntáiste a ghlacadh uirthi beag beann ar leas na tíre féin, fiú mar a thuig na Falangaigh é, agus nach raibh urraim ar bith aige don Fhalang mar fhórsa neamhspleách polaitiúil.

Ó thús na bliana 1937 i leith, chaithfeadh Franco gach pionós báis a fhaomhadh nó a admháil go pearsanta. Ní hionann sin is a rá, áfach, go raibh sé ró-eolach ar mhionsonraí gach cáis.

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur lig Franco iomlán an scóid leis na Gearmánaigh sa Spáinn le linn an chogaidh chathartha, rinne sé a dhícheall i mblianta an Dara Cogadh Domhanda gan fórsaí Gearmánacha ar bith a ligean isteach ina thír. I mblianta an chogaidh, bhí sé i dteagmháil thráthrialta leis an Aimiréal Wilhelm Canaris, ceannasaí na seirbhísí faisnéise in Arm na Gearmáine, agus mar sin, bhí a fhios aige cén dearcadh agus cén cineál pleananna a bhí ag Hitler i leith na Spáinne. Cúis imní do Franco ab ea é an t-eolas seo, an oiread is gur chuir sé rogha a chuid saighdiúirí ar garastún i gcóngar do na Sléibhte Pirinéacha agus, fiú, gur fhéach sé chuige gur tugadh an tírdhreach in aice leis an teorainn chun aistreáin do na tancanna is do na feithiclí míleata eile.

I bhfianaise an bhrú a bhí Hitler a imirt ar an tír, chabhraigh an Spáinn fiú le 45,000-60,000 Giúdach dídean a fháil i dtíortha Mheiriceá Theas. Na Giúdaigh a bhain amach teorainn na Spáinne, ligeadh isteach iad. Thairis sin, na Giúdaigh a bhain amach aon ambasáid de chuid na Spáinne, bronnadh saoránacht na Spáinne orthu, toisc gur glacadh leo mar "Ghiúdaigh Sheafárdacha", is é sin, Giúdaigh ar díbríodh a gcuid sinsear ón Spáinn, fiú nuair nach raibh dintiúirí Seafárdacha ar bith ag na Giúdaigh sin. Nuair a tugadh rabhadh dó faoi mhíshástacht Hitler i leith an pholasaí seo, d'fhreagair Franco gurbh fhearr leis cabhrú leis na Giúdaigh agus fearg a chur ar Hitler, ná gan cabhrú leis na Giúdaigh agus fearg a chur ar Dhia.

Deireadh an Chogaidh Chathartha[athraigh | edit source]

Ar an gceathrú lá de Mhí na Márta, 1939, phléasc ceannairc amach i measc shaighdiúirí an Rialtais. Dúirt cinnirí na reibiliúnaithe, mar atá, Segismundo Casado agus Julián Besteiro, go raibh na Cumannaigh ag beartú an chumhacht iomlán a ghabháil le lámh láidir, agus go raibh siad dírithe ar a leithéid de choup d'état a stopadh. Shealbhaigh na ceannairceoirí an phríomhchathair ar fad, agus d'fhéach siad le comhréiteach a shocrú le Franco. Ní raibh Franco sásta le haon rud ní ba lú ná géilleadh an Rialtais gan chomha gan choinníoll, áfach. Thuig lucht na Poblachta go raibh an chúis caillte go hiomlán. Shealbhaigh trúpaí Franco Maidrid ar an seachtú lá fichead de Mhí na Márta, agus bhí an Phoblacht críochnaithe. Tháinig deireadh leis an gcogadh ar an chéad lá de Mhí Aibreáin, go hoifigiúil.

Mar sin féin, bhí cogadh eadarnaíoch á chur ag dornáin de threallchogaithe anseo is ansiúd, sna 1940idí agus sna 1950idí féin. Sa bhliain 1944, d'ionsaigh baicle de shean-Phoblachtánaigh a raibh a seal caite acu i ngluaiseacht frithbheartaíochta na Fraince ag troid na Naitsithe, - d'ionsaigh siad Val d'Aran in iarthuaisceart na Catalóine, ach ní rabhthas i bhfad á gcur faoi chois.

An Spáinn faoi Franco[athraigh | edit source]

D'fhág an cogadh cathartha an Spáinn scoilte go domhain, agus geilleagar na tíre ina smidiríní. I ndiaidh an chogaidh, rinneadh géarleanúint mhíthrócaireach ar na daoine a raibh baint acu le lucht tacaíochta na Poblachta agus leis an eite chlé. Maraíodh na mílte acu scun scan, agus caitheadh na mílte i dtóin phríosúin, murar éirigh leo éalú go Meiriceá Theas nó go dtí an Fhrainc. Sa bhliain 1940, lámhachadh iar-Uachtarán na Catalóine, Lluís Companys, mar shampla. Ina measc siúd a bhí thíos leis an ngéarleanúint, is fiú na dreamanna seo leanas a lua:

  • lucht na heite clé, idir Chumannaigh, Sóisialaigh mheasartha, agus Ainrialaigh
  • aindiachaithe, intleachtóirí
  • míleataigh agus státseirbhísigh a d'fhan dílis don rialtas Poblachtánach
  • náisiúnaithe reigiúnda (Bascaigh, Catalónaigh)

Níor tháinig deireadh leis an marú le deireadh an chogaidh. A mhalairt ar fad, is iomaí príosúnach polaitiúil a cuireadh chun báis, mar thréatúir.

An Spáinn le linn an Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Franco agus Heinrich Himmler sa bhliain 1940.

I Mí Mheán Fómhair 1939, phléasc an Dara Cogadh Domhanda amach san Eoraip. Chuaigh Adolf Hitler i dteagmháil le Franco ar an 23ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1940, in Hendaye san Fhrainc, in aice le teorainn na Spáinne, agus é ag iarraidh an Spáinn a bhréagadh chun cogaidh le taobh na Gearmáine. Bhí Franco ag éileamh bia, trealamh cogaidh, Giobráltar agus coilíneachtaí na Fraince i dTuaisceart na hAfraice mar éiric, agus ní raibh Hitler sásta a mhian a ghealladh dó. Mar sin, níor tháinig Franco agus Hitler ar aon chomhréiteach. Thairis sin, bhí an Ghearmáin agus an Spáinn in achrann a chéile faoi chearta mianadóireachta na Gearmáine sa Spáinn. Tá cuid de na staraithe den bharúil go raibh Franco d'aonturas ag éileamh an iomarca ar Hitler, ó nár theastaigh uaidh dul chun cogaidh ar aon nós. Is é an tuairim atá ag na staraithe eile go raibh an Spáinn ina ciolar chiot i ndiaidh an chogaidh chathartha, ionas nach bhféadfadh Franco aon rud fónta a thairiscint do Hitler, cibé cé acu ba mhian leis nó nár mhian. Pé scéal é, i ndiaidh an bhua a rug na Gearmánaigh ar an bhFrainc i Mí an Mheithimh sa bhliain 1940, ghlac an Spáinn le polasaí neodrachta ba mhó a chuaigh chun leasa do chumhachtaí na Fearsaide. Mar shampla, chuir sé áiseanna na gcuan Spáinneach ar fáil do na longa Gearmánacha. Sa bhliain 1943, casadh taoide an chogaidh, agus d'fhill an Spáinn ar neodracht iomlán.

Chuaigh óglaigh shaorthoilteanacha ón Spáinn chun cogaidh le troid a chur ar an Aontas Sóivéadach faoi cheannas na Gearmáine, go háirithe an División Azul, nó an Rannán Gorm, ach ní bhfuair siad faomhadh oifigiúil Franco. Ar an 14ú lá de Mhí an Mheithimh, 1940, shealbhaigh na fórsaí Spáinneacha Tanger i Maracó. Go dtí sin, b'é Conradh na Náisiún a bhí i gceannas ar an gcathair. Níor ghlan na Spáinnigh as an áit ach sa bhliain 1942. Deir Richard Basset sa leabhar Hitler's Chief Spy, a foilsíodh sa bhliain 2005, gur dhíol Churchill slám mór airgid le Franco leis an Spáinn a choinneáil amach ón gcogadh, agus go ndearna an Spáinn dearmad de cheist Ghiobráltair i ndiaidh an chogaidh ar an gcúis chéanna

Le linn an chogaidh, chuidigh an Spáinn leis na mílte Giúdaigh teacht slán as lámh thapaidh na Naitsithe, idir Ghiúdaigh ón bhFrainc agus ó Oirthear na hEorpa, nó bhronn taidhleoirí Spáinneacha pasanna Spáinneacha ar Ghiúdaigh Sheafárdacha a raibh seanchanúint Spáinnise á labhairt acu. Lárionad tábhachtach ab ea í an Ungáir, nó bhí consalacht na Spáinne i mBudapest i lámha Iodálaigh, Giorgio Perlasca, a ndearna lucht leanúna Franco saoránach oinigh na Spáinne de i ndiaidh a chuid éachtaí mar óglach Faisisteach i gCogadh Cathartha na Spáinne. Bhí sé tuigthe ag Perlasca céard a bhí i ndán do na Giúdaigh sna campaí báis, agus rinne sé a dhícheall iad a shábháil.

Na Blianta Iarchogaidh[athraigh | edit source]

Franco agus Dwight D. Eisenhower - Maidrid - 1959

Rinne an cogadh an-dochar do gheilleagar na Spáinne, ó bhí an tír go praiticiúil faoi léigear ag an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus roinnt tíortha eile. Tháinig feabhas ar an scéal, áfach, nuair a thosaigh an frith-Chumannachas ag dul i méadaíocht sna Stáit, agus an Cogadh Fuar ag éirí ní ba teo. Mar sin, thairg na Stáit Aontaithe comhghuaillíocht i gcúrsaí cogaidh agus tráchtála don Spáinn. B'é an tUachtarán Dwight Eisenhower a chuir tús leis an gcomhghuaillíocht nuair a tháinig sé ar cuairt chuig Franco sa bhliain 1953. B'ansin a síníodh Conradh Mhaidrid idir an dá thír, agus ina dhiaidh sin, thosaigh an Spáinn ag claochlú ó eacnamaíocht fhéinchothaitheach go córas leath-chaipitleach. Sa bhliain 1955, bhain an Spáinn amach ballraíocht na Náisiún Aontaithe, agus sna seascaidí, tháinig borradh gan a réamhshampla faoi mhaoin phearsanta na Spáinneach. Níor athraigh nósanna Franco mórán, áfach, agus cé go raibh an Spáinn ag éirí gníomhach sa chomhoibriú idirnáisiúnta, is fánach an uair a chuaigh an Ginearál ar an gcoigríoch.

Ní raibh córas Franco bunaithe ar aon idé-eolaíocht láidir. Ar dtús, chuaigh sé i dtuilleamaí an tSindeacáiteachais Náisiúnta (nacionalsindicalismo) agus an Chaitliceachais (nacionalcatolicismo). An páirtí aonair a bhí ag rialú na tíre, mar atá, an Ghluaiseacht Náisiúnta nó Movimiento Nacional, ní raibh sé comhchruinnithe ná comhdhlúite ar aon nós ó thaobh na hidé-eolaíochta de - ní fhéadfá é a chur i gcomparáid le páirtí Faisisteach na hIodáile ná le lucht leanúna Antonio Salazar sa Phortaingéil. Stát coimeádach ab ea í an Spáinn faoi Franco. B'iad na traidisiúin, an tsíocháin inmheánach agus an chobhsaíocht na clocha ba mhó ar phaidrín Franco, seachas aisling uileghabhálach polaitíochta.

Sa bhliain 1947, d'fhógair Franco an Spáinn ina monarcacht. Níor cheap sé aon duine mar Rí, áfach, nó ní raibh sé ach ag iarraidh na monarcaithe sa Ghluaiseacht a ghiúmaráil. Cé go ligeadh sé air féin bheith ina mhonarcaí, ní raibh aon Rí ag teastáil uaidh dháiríre. D'fhág sé an ríchathaoir folamh, agus d'fhan sé féin i gceannas ar an tír mar chineál fear ionaid Rí. Chaitheadh sé sainéide an Ghinearál-Chaptaein, arbh é céim thraidisiúnta an Rí in arm na Spáinne é. Chuir sé faoi i bPálás El Pardo, agus shealbhaigh sé cuid mhór de phribhléidí traidisiúnta an rí.

Rialaigh sé an Spáinn le lámh láidir. Chuir sé cosc le páirtithe an fhreasúra agus le ceardchumainn neamhspleácha, chomh maith le cultúr na mionlach náisiúnta, ar nós na mBascach agus na gCatalónach. Theastaigh uaidh aontacht na Spáinne a chosaint, agus b'é an dearcadh a bhí aige ar na teangacha mionlaigh nach raibh iontu ach dainséar don aontacht sin. Cuireadh cinsireacht i bhfeidhm ar na saothair ealaíne agus litríochta, go háirithe ar chúiseanna moráltachta, cé go ndeachaigh sí chun boige i ndiaidh na bliana 1960. Maidir leis na Giofóga agus na fánaithe eile, d'fhéach córas Franco le srianta a chur lena saol le Ley de Vagos y Maleantes, is é sin, dlí in aghaidh na bhfánaithe a reachtaíodh sa bhliain 1954. Bhí na Gardaí Sibhialta (Guardia Civil) ag coinneáil diansúil ar shaol na sráidbhailte beaga féin, agus iad ag dul ar a stádar ina mbeirteanna - parejas, mar a thugtaí orthu - agus fomheaisínghunnaí ar iompar leo.

Bhí cultas pearsanta an Cheannasaí i bhfeidhm i stát Franco, mar is dual do na deachtóireachtaí go léir. Sna pictiúrlanna, thaispeánadh na nuachtscannáin an Ceannasaí ag tionscnamh foirgintí nua nó fiú ag iascaireacht nó ag gabháil de chaitheamh aimsire éigin eile.

Sa bhliain 1969, cheap Franco an Prionsa Juan Carlos mar chomharba dó féin. Rinne sé droichead, ansin, d'athair Juan Carlos, mar atá, Don Juan, cúnta Barcelona, a chreid go raibh sé chun tosaigh ar Juan Carlos sa chomharbacht. Dealraíonn sé gur shíl Franco go mbeadh an fear óg ní ba sochomhairlí ná a athair, ach bhí fuar aige, mar a d'iompaigh an scéal amach.

I mblianta deireanacha Franco, bhí a ghreim á scaoileadh den chumhacht cheana féin, agus faicsin a ghluaiseachta in achrann a chéile faoin gcumhacht.

An Spáinn i nDiaidh Franco[athraigh | edit source]

Tuama Franco- Valle de los Caidos - An Spáinn

Tháinig an Rí Juan Carlos i gcomharbas ar Franco i ndiaidh bhás an deachtóra, mar a bhí pleanáilte. Cé go raibh Franco an-mhór leis an bprionsa nuair a bhí sé ag fás aníos, níor éirigh leis a thuairimí polaitiúla a mhúineadh don stócach. A mhalairt ar fad, nó fiú sula raibh an deachtóir básaithe, d'fháiltíodh Juan Carlos ceannairí polaitiúla an fhreasúra isteach chuige faoi choim na hoíche le todhchaí na tíre a phlé leo. D'fhéach an Rí chuige gur tugadh an daonlathas isteach gan mhoill i ndiaidh bhás Franco. Nuair a shealbhaigh oifigigh ón eite dheas áras parlaiminte na Spáinne ar an 23ú lá de Mhí Feabhra 1981 leis an deachtóireacht a chur ar bun arís, dhiúltaigh Juan Carlos glan comhoibriú ar bith a dhéanamh leo, agus thit an tóin as an gcoup d'état ar an lá arna mhárach, de cheal a thacaíochta. Roimh an eachtra seo, bhí polaiteoirí na heite clé in amhras faoi Juan Carlos, agus iad den bharúil gurbh fhearr poblacht a ghairm den Spáinn, ach ina dhiaidh sin, léirigh na Cumannaigh féin ardmheas agus tacaíocht don Rí.