Granada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Granada
Granada
Suíomh

37°11′ Thuaidh 3°36′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Spain.svg An Spáinn
Cúige: Granada (cúige)
Méara: José Torres Hurtado
Déimeagrafaic
Achar: 88 km²
Daonra: 237,929 (2007)
Dlús daonra: 2,700/km2/km²
Airde: 738 m
http://www.granada.org

Is príomhchathair an réigiúin Granada í cathair Granada na Spáinne. Tá sí suite faoi sléibhte an Sierra Nevada mar a bhfuil cumar an dá abhainn, an Darro agus an Genil, 738 méadar os cionn leibhéal na mara. De réir daonáirimh sa bhliain 2005 bhí 236,982 duine sa chathair, agus beagnach leathmhilliún sa cheantar uirbeach.

Is ann atá an Alhambra, daingean agus caisleán de chuid na Múrach, ceann de na hiarsmaí stairiúla is tábhachtaí agus is clúití sa Spáinn a thugann léargas ar chultúr Muslamach, Giúdach agus Críostaí na cathrach. Tugtar Albaicin ar cheantar traidisiúnta Arabach na cathrach agus tá siopai agus gnólachtaí Múracha ann i gcónaí.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí lonnaíocht Ibeirea-Cheilteach ann fadó agus tháinig lonnaitheoirí eile ar a seal ón Chartaig, ón Ghréig agus ón Róimh. Thug na Rómhánaigh Illiberis ar an gcathair agus bhí a mboinn airgid féin aici faoina réimeas. Nuair a thit impireacht na Róimhe rinne na Viseagotaigh ionradh ar leithinis na hIbéire agus ionad tábhachtach riaracháin agus míleata acu sa chathair.

Chuir pobal Giúdach fúthu i bhfobhaile de chuid na cathrach ar ar tugadh 'Gárnata' agus chabhraigh siad le Tariq ibn-Ziyad an chathair a ghabháil do na Múraigh i 711. Thug na Múraigh Ilbira ar an gcathair agus thug na Críostaithe Elvira uirthi. Rinneadh príomhchathair aisti ar Chailifeacht Cordóba. Bhí an-chuid achrainn sa Chailifeacht ar feadh na mblianta agus scroiseadh an chathair i 1010. Nuair a atógadh í, bhí Garnáta ina dlúthchuid den chathair nua agus is as sin a tháinig ainm nua na cathrach. Faoi rítheaghlach Zirid, rinneadh éimireacht neamhspleách de Granada agus d'fhás sí amach thar an Darro go dtí an áit ina bhfuil an Alhambra anois.

Ríocht Granada[athraigh | edit source]

Armas

I 1228 d'imigh an prionsa Almohad, Idris chun na hAfraice agus bhunaigh Ibn al-Ahmar an rítheaghlach Muslamach b'fhadmharthanaí ar leithinis na hIbéire - na Nasrid. Bhí feachtas láidir ar bun ag ríthe agus uaisle Críostaí chun an Spáinn a athghabháil ó na Múraigh agus tar éis dóibh Córdóba a ghabháil i 1236, chuaigh na Nasrid i gcomhghuallaíocht leis an Rí Ferdinand as Castile. Tugadh Ríocht Granada ar an stát i 1238. Foríthe do ríocht Castile a bhí sa taifa ansin ar feadh 250 bliain. Chabhraigh siad leis na ríthe Críostaí trádáil a dhéanamh leis an Maghreb san Afraic ach de réir a chéile cúngaíodh an ríocht agus faoi 1492 ní raibh inti ach limistéir bheag ar chósta na Meánmhara. Arabais an teanga oifigiúil agus an mháthairtheanga a bhí inti.

Chuir fionnachtana tíreolaíocha na Portaingéile isteach ar an trádáil leis an Afraic agus chuaigh ríocht Granada i léig. Le haontú Ríochta Castile agus Aragon i 1479 chaith na ceannairí Críostaí súile santacha ar an méid a bhí fágtha de shealús na Múrach sa Spáinn. Cuireadh léigear ar Granada agus ghéill an rí deireanach Muslamach, Muhammad XII, nó Boabdil mar a thug na Spáinnigh air, do na 'Ríthe Caitliceacha' ar an 2 Eanáir 1492.

Tugadh cead do na Muslamaigh a gcreideamh a chleachtadh ach faoi 1499 tosaíodh ar ghéarleanúint agus de réir a chéile cuireadh iachall orthu iompú ina gCaitlicigh nó imeacht leo chun na hAfraice. Ina ainneoin sin tá carachtar láidir Múrach ag an chathair i gcónaí agus tugann na sluaite cuairt uirthi dá bharr sin.

Tá an-cháil ar Ollscoil Ghranada agus caitheann na mílte mac léinn as gach cearn den Eoraip seal inti.

Alhambra Panorama.jpg