Valladolid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach
Armas

Is cathair tionscailíochta í Valladolid súite ar abhainn an Pisuerga agus taobh istigh den réigiún Ribera del Duero, sa Spáinn. Is í príomhchathair an chúige Valladolid sa chomhphobal féinrialaithe Castilla y León, agus mar chuid den réigiúin stairiúla Castilla.

Sanasaíochta[athraigh | edit source]

Deirtear go dtáinig ainm na háite ón Laidin : VALLIS, "Gleann"; agus an focal Ceilteach: TOLITUM, "suíomh le buaile dhá abhainn". Cialaíonn sé freisin "cathair sa scamall"[1]. Tá ceangailt ag a ainm leis an ainm Araibise don chathair بلد الوليد a ciallaíonn An Cathair de Walid.

Glaotar Pucela uirthi freisin, leasainm, nach bhfuiltear cinnte cá as a tháinig sé, ach b'fhéidir go bhfuil sé ceangailte leis na ridirí a chuaigh le "Juana de Arco".

Stair[athraigh | edit source]

Ghabh na Muraigh an ait sa 10ú aois. D'fheabhsaigh an cunta Pedro Ansúrez an sráidbhaile sa 11ú aois; sa 15ú aois bhí sé mar ait chónaithe do ríthe Castilla agus mar phríomhchathair Ríocht na Spáinne go dtí 1561, nuair a bhog Pilib II an phríomhchathair go Maidrid. Fuair Criostóir Colambas bás i Valladolid sa bhliain 1506 i dteach a bhfuil mar iarsmalann dó. Rinne Pilib III príomhchathair arís di, idir 1601 agus 1606.

I measc Séadchomharthaí an chathair tá, an ardeaglais neamhchríochnaithe, Eaglais Santa Maria la Antigua, an Plaza Mayor (rinneadh cóip den chearnóg seo i Maidrid agus áiteanna eile ar fud an domhain Spáinnigh), an Iarsmalann Dealbhóireachta Náisiúnta, in aice le hEaglais Naomh Pól, ait a raibh an cnuasach ba mhó de dhealbha adhmaid polacrómataigh sa Spáinn, agus dámh dlí d'Ollscoil Valladolid, tá aghaidh an Ollscoil seo ar cheann de na oibreacha Narciso Tomei a bhfuil fágtha. Tá an iarsmalann Eolaíochta in aice abhainn na Pisuerga. Tá an t-aon teach de Miguel de Cervantes a bhfuil fós ag seasamh suite i Valladolid fosta. Cé nach bhfuil an ardeaglais críochnaithe, bhí ardeaglais Valladolid deartha ag Juan de Herrera, a bhí mar ailtire do El Escorial.