Córdoba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Cathair in Andalucía i ndeisceart na Spáinne is ea í Cordoba agus í mar phríomhchathair ar an gcúige Córdoba. Suite taobh ó thuaidh den Guadalquivir, bhunaigh Claudius Marcellus í in aimsir na Rómhánaigh. Bhí daonra 325,453 ann sa bhliain 2008.

Is cathair measartha mór sa lá atá inniu ann í, agus chuireann foirgnimh ársa na cathrach, an am a chuaigh thart i gcuimhne dúinn. Ba í Córdoba príomhchathair an cailifeacht a rialaigh an Spáinn Muslamach tráth. Ceapann staraí gurb í Córdoba, le 500,000 cloigne sa 10ú haois, an chathair ba mhó in iarthar na hEorpa agus b'fhéidir ar domhan.