An Aragóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aragón
Comhphobal na hAragóine
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad Autónoma del Principado de Asturias
Bratach na hAragóine Armas na hAragóine
Bratach Armas
Suíomh na hAragóine
Tír An Spáinn
Príomhchathair Zaragoza
Teangacha oifigiúla Spáinnis (Tá aitheantaas ag Catalóinis agus Aragóinis)
Aintiún Himno de Aragón
Rialtas
 • Uachtarán

Luisa Fernanda Rudi (PP)
Achar
 • San iomlán
 
47,719 (4ú) km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
1,277,471 (11ú)
27/km2/km²
2.9% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
13 (as 350)
14 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach í an Aragóin atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Go hoifigiúil glaotar Comunidad Autónoma de Aragón air. Tá achar 47,719 km² (18,424 mí²) aige le daonra de 1,277,471 (2006).

Tá teorainneacha aige leis An Fhrainc ó thuaidh, taobh thiar den Chatalóin, tá Valenia ó dheas agus tá sé taobh soir de Castilla-La Mancha, Castilla y León, La Rioja, agus Navarra. Is iad Zaragoza, Huesca, agus Teruel na cúigí atá sa réigiún. Sruthann an abhainn Ebro tríd an réigiún, agus tá sléibhte ó thuaidh; le gleann álainn torthúil, ach áfach, giota beag aimrid ó dheas. Is í Zaragoza an phríomhchathair.

Freisin, chomh maith leis an trí chúige, tá an Aragóin fhoroinnithe i 33 comarcas nó contaetha.

Teanga[athraigh | edit source]

Teangacha san Aragóin

Mar bharr ar labhairt na Spáinnise ag an daonra iomlán, tá búnteanga Aragóinis, a labhraítear fós i ngleann áirithe sna Sléibhte Piréiní. Labhraítear Catalóinis i gcontaetha áirithe atá in aice leis an gCatalóin. Glaotar La Franja ar an réigiún beag seo.

Stair[athraigh | edit source]

Ba chontae feodach é an Aragóin, Jaca, roimh bhunadh ríocht na hAragóine. Aontaíodh an ríocht seo le Pamplona (níos déanaí Navarra) sa bhliain 925.

Tar éis bás Rí Sancho, roinneadh an ríocht idir a mhic. I dtús báíre ainmníodh Ramiro I mar rí na hAragóine; i ndiadh bás a dhearthair, Gonzalo, ainmníodh é mar Rí de Sobrarbe agus Ribagorza. D'fhás an ríocht nua go tapaidh, agus tógadh san áireamh Navarra. Ghabh an ríocht seo Zaragoza sa bhliain 1118. Scoilte ón ríocht Navarra, athbhúnaíodh Ríocht na hAragóine sa bhliain 1035 agus mhair sé mar ríocht scartha go dtí gur phós Rí Ferdinand an Caitiliceach, Éilis ó Chaistíl sa bhliain 1479 ag búnú Ríocht na Spáinne.

Bhí Aragóin mar an t-ainm ar an gcoróin freisin toisc gur pósadh cunta ó Bharcelona (Ramon Berenguer IV) le Banríon na hAragóine (Petronila ó Aragóin), lena mhac a fuair mar oidhreacht talamh na beirte acu. Bhí Ríthe na hAragóine i gceannas ar an dúiche, ní hamhain den réigiún Aragóin ach freisin an Chatalóin, agus níos déanaí na hOileáin Bhailéaracha, Valencia, an tSicil, an tSairdín agus an Nápail.

Tírdhreach[athraigh | edit source]

Tá dlús daonra na hAragóin beag go leoir agus dá bharr tá alán talamh folamh sa réigiún. Tá cónaí ag leath an réigiún i Zaragoza.

Tá gleanna iontach iargúlta agus sléibhte iontach ard sna Piréiní. Ta roinnt deacracht bealach a fháil isteach iontu agus dá bharr tá a áille choimthe acu. Níos mó ó thuaidh tá na gleanna lán se eaglais bailte agus radharcanna iontach. Sa deisceart tá an Teruel a bhfuil beagnach dódheanta, iarracht dul ann, agus ata iontach álainn.

Tá cosaint ó UNESCO ag roinnt de na séadchomharthaí den Teruel agus Zaragoza mar chuid den tionscnamh Suíomh Dúchais Ailtireacht Mudéjar na hAragóine.



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla