Comhphobal Mhaidrid
| Comhphobal Mhaidrid | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| — Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne — | |||||
| Comunidad de Madrid | |||||
|
|||||
| Tír | An Spáinn | ||||
| Príomhchathair | Maidrid | ||||
| Teangacha oifigiúla | Spáinnis | ||||
| Aintiún | |||||
| Rialtas • Uachtarán |
Esperanza Aguirre (PP) |
||||
| Achar • San iomlán |
8,030 (12ú) km² |
||||
| Daonra • San iomlán • Dlús • Céatadán |
6.445.499 (3ú) 802.66/km² 13.5% den tír |
||||
| Parlaimint • Suíocháin Comhdhála • Suíocháin Seanaid |
35 (as 350) 10 (as 264) |
||||
| Láithreán | Suíomh gréasáin | ||||
Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.
Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).
Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá céad naoi gcontae déag is trí scór i Maidrid.
Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.