Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá deich gcúige (provincias) is dhá scór sa Spáinn, agus iad grúpáilte ina seacht n-aonad déag ar a dtugtar comhphobail fhéinrialaitheacha (comunidades autónomas). Thairis sin, tá dhá chathair ann, mar atá, Ceuta agus Melilla, a bhfuil stádas na cathrach féinrialaithí (ciudad autónoma) acu. Tá Ceuta agus Melilla suite ar chósta thuaidh Mharacó, agus is iad na hiarsmaí deireanacha den choilíneacht a bhí ag an Spáinn ansin go dtí an bhliain 1956.

Ccaa-spain.png

Nuair a thiontaigh an Spáinn ón deachtóireacht i leith an daonlathais i ndiaidh bhás Franco, bhí an lárstiúradh, an náisiúnachas agus an scarúnachas réigiúnda ina n-ábhair mhóra dhiospóireachta sa pholaitíocht. Ba léir go raibh níos mó saoirse ag teastáil ó na réigiúin, agus an dímheas a bhí ag stát Franco i leith na dteangacha réigiúnda, mar shampla. Ón taobh eile de, b'iomaí Spáinneach a bhí buartha, dá bhfaighfeadh na réigiúin an iomarca cumhachta féinrialaithí, go n-éireodh na coimeádaigh amach in aghaidh a leithéide, i gcruth is go bhféadfadh deachtóireacht nua teacht ar an bhfód. Bhí na páirtithe measartha ábalta comhréiteach a shocrú, áfach, a cuireadh i míotar i mBunreacht na Spáinne sa bhliain 1978. B'é ba chuspóir leis seo ná an faobhar a bhaint den scarúnachas réigiúnda gan an eite dheis a chur i dtreo an chogaidh. An cineál stáit a cruthaíodh, tá sé iontach díláraithe i gcomparáid leis an gcuid is mó de thíortha na hEorpa, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an gcuma a bhí ar an Spáinn féin nuair a bhí Franco á rialú.

Tá féinriail chuimsitheach ag na comhphobail seo i gcúrsaí na reachtaíochta agus na cumhachta feidhmithí, agus parlaimintí is rialtais réigiúnda dá gcuid féin acu. Ní hionann iad na cumhachtaí ag gach comhphobal, nó tá a reacht féin um rialtas dúchais, nó estatuto de autonómia, ag gach ceann acu, agus na cumhachtaí leagtha amach ansin. Go praiticiúil, aithnítear nach ionann na comhphobail eile agus na cinn stairiúla, is é sin, an Chatalóin, an Ghailís, Tír na mBascach, agus an Andalúis. Ar dtús, fuair na cinn stairiúla níos mó cumhachtaí, go háirithe an ceart atá ag Uachtarán an réigiúin a shocrú cén t-am a chóireofar an chéad toghchán eile do pharlaimint an réigiúin, ar acht nach mbeidh sé níos maille ná ceithre bliana i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh roimhe sin. Sampla eile is ea é go bhfuil constáblachtaí réigiúnda dá gcuid féin ag an gCatalóin agus ag Tír na mBascach: Ertzaintza i dTír na mBascach, agus Mossos d'Esquadra sa Chatalóin. Tá cumhachtaí iomlána póilíníochta ag na constáblachtaí áirithe seo. Maidir leis na réigiúin eile, tá constáblachtaí acu nach bhfuil na cumhachtaí céanna acu, cosúil leis an gceann san Andalúis, mar shampla (Policía Autónoma Andaluza).

Forálann Alt a Dó i mBunreacht na Spáinne go bhfuil "na réigiúin agus na náisiúntachtaí" i dteideal rialtas dúchais. B'é an cuspóir a bhí leis an bhforáil seo ná go bhfágfaí faoi na náisiúntachtaí stairiúla a raibh teanga ar leith acu a gcúrsaí féin a stiúradh, seachas comhphobal féinrialaitheach a bhunú i ngach aon chearn den tír. Mar sin féin, nuair a bhí an bunreacht á dhréachtáil, chuaigh muintir na hAndalúise amach sna sráideanna ag éileamh féinrialach, agus milliún go leith de dhaoine ag léirsiú ar an gceathrú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1977. B'é ba toradh dó seo ná dhá alt breise i mbunreacht na bliana 1978, mar atá, Alt a 143, a chuir ar chumas na réigiún ar fad stádas an chomhphobail fhéinrialaithigh a bhaint amach, agus raon áirithe de chumhachtaí aistrithe ar fáil dóibh (café para todos, cupán caife do chách, mar a thugadh naimhde an dílárnaithe ar an alt san am); agus Alt a 151, le feidhmeanna an chomhphobail a leagan amach i gcás na déabhlóide ab iomláine a bheadh ar fáil.

Tagairtí[athraigh | edit source]




Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla