Na Monarcaí Caitliceacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déanann na Monarcaí Caitliceacha (Spáinnis: los Reyes Católicos) tagairt go stairiúl do Bhanríon Isabella I na Castile agus do Rí Ferdinand II na hAragóine. Bhí an bheirt acu den teaghlach chéanna, Teaghlach Trastámara agus bhí colseiseir eatharthu, shiolraigh siad beirt ó John I na Castile; thug an Pápa Sixtus IV cead dóibh pósadh. Thug an Pápa Alexander VI an teideal "Rí agus Banríon Caitliceach". Pósadh iad ar an 19 Deireadh Fómhair, 1469, i Valladolid. D'aontaigh an pósadh an dá choróin faoin dteaghlach chéanna.