Na hOileáin Bhailéaracha
| Illes Balears Na hOileáin Bhailéaracha |
|||||
|---|---|---|---|---|---|
| — Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne — | |||||
| Islas Baleares | |||||
|
|||||
| Tír | An Spáinn | ||||
| Príomhchathair | Palma de Mallorca | ||||
| Teangacha oifigiúla | Spáinnis, Catalóinis | ||||
| Aintiún | |||||
| Rialtas • Uachtarán |
Francesc Antich Oliver (PSOE) |
||||
| Achar • San iomlán |
4,992 km² |
||||
| Daonra • San iomlán • Dlús • Céatadán |
1,071,221 (14ú) 214.6/km² 1% |
||||
| Parlaimint • Suíocháin Comhdhála • Suíocháin Seanaid |
8 (as 350) 6 (as 264) |
||||
| Láithreán | Suíomh gréasáin | ||||
Is oileánrach iad na hOileáin Bailéaracha (Catalóinis: Illes Balears, Spáinnis: Islas Baleares, Gréigis: Gymnesiae, Laidin: Baleares) a dhéanann suas comhphobal féinrialathach in iarthar na Meánmhara, in aice cósta thoir na Spáinne. Is í Palma de Mallorca an phríomhchathair. Níl ach cúige amháin freisin ainmnithe Illes Balears. Is í an t-ainm i gCatalóinis an t-ainm oifigiúil cé go bhfuil Spáinnis agus Catalóinis mar theangacha oifigiúla sa chúige.
Stair na nOileán [athraigh]
Tá a lán finnscéalta ann faoin áit, ach níltear cinnte, fiú, cárb as ainm na n-oileán. Bhí scileanna troda ag muintir na háite agus throid siad uaireanta mar shaighdiúirí thuarastail do airm dhifriúla, ar fud an Meanmhara. Dá ainneoin seo bhí siad measartha ciúin agus neamhionsaitheach. Thóg na Féinícigh an ait ar dtús agus i ndiaidh titim Cartach na Rómhánaigh. An chúis a thug na Rómhánaigh ná go raibh siad ag tabhairt chabhrach do na foghlaithe mara sa Mheánmhuir agus thóg Q. Caecilius Metellus an áit, (ó shin bhí Balearicus aige mar shloinne) sa bhliain 123 RC. Phlandáil sé an t-oileán is mó le 3,000 saighdiúirí na Róimhe agus Spáinneach agus bhunaigh siad na chathracha Palma and Pollentia. Bhain na hoileáin leis an gconventus de Carthago Nova (Cartagánach Nua), sa chúige Hispania Tarraconensis, faoi réimse Impireacht na Róimhe.
Bhí poirt iontach ag an dá oileán is mó (na hOileáin Bailéaracha go stairiúil) cé go raibh ort a bheith cúramach ag teacht isteach iontu toisc go raibh siad carraigeach ag a mbéal. Bhí na hOileáin iontach saibhir ó thaobh gach saghas earra ach amháin fíon agus ola olóige, mar shampla beithígh, coiníní, seilide agus cré dearg (iontach úsáideach ó thaobh na péintéireachta de), nó sinope. Dúirt an staraí Rómhánach Dioscorides (Materia Medica i. 92) go raibh daonra 30,000 ag an dá oileán le chéile.
I ndiaidh titim na Róimhe, thóg na Vandalaigh na hoileáin. Buaiteoirí eile ná na Biosántaigh, Arabaigh, agus na hAragónaigh. Bhí na hAragónaigh go brúideach nuair a thóg agus phlandáil siad na hoileáin le Catalóinigh, a fuair réidh le chuid mhaith de na daoine rompu. I dtús báire rialaíodh na hoileáin ó Ríocht Mallorca ach sa bhliain 1344 stop an ríocht ag feidhmiú agus tógadh é isteach i ríocht na hAragóine, a rinne aontú le Castilla (tar éis pósadh Éilis ó Castilla le Ferdinand II ón Aragóin). Bhí Minorca faoi na Sasanaigh do formhór an 18ú aois, i gcogaidh dhifriúla thóg airm Shasana, na Fraince agus sa deireadh, na Spáinne, an áit.
Tír Eolas, Polaitíocht, agus Cultúr [athraigh]
Labhraítear Catalóinis sna hOileáin Bhailéaracha. Is iad Mallorca, Menorca, Ibiza (Eivissa), agus Formentera, na príomhoileáin, iad go léir cáiliúil mar ionaid turasóireachta. I measc na n-oileán beag tá Cabrera, áit a bhfuil Parc Nacional de l'Arxipèlag de Cabrera suite. Is iad Majorca agus Minorca na fíor-Oileáin Bhailéaracha cé go bhfuil na hoileáin eile san áireamh ag an gcomhphobal féinrialathach. Uaireanta chuirtear i ngrupaí iad le Majorca, Minorca, agus Cabrera sna hoileáin Gymnesiach, le Ibiza agus Formentera mar na hoileáin giúise.