Tír na mBascach Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Euskadi
País Vasco
Tír na mBascach
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Euskal Autonomia Erkidegoa
Comunidad Autónoma del País Vasco
Bratach na mBascach Armas na mBascach
Bratach Armas
Suíomh na mBascach
Tír An Spáinn
Príomhchathair Vitoria-Gasteiz
Teangacha oifigiúla Spáinnis, Bascais
Aintiún Eusko Abendaren Ereserkia
Rialtas
 • Lehendakari

Patxi López (PSOE/PSE-EE)
Achar
 • San iomlán
 
7,234 (14ú) km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
2,155,546 (7ú)
300/km2/km²
4.9%
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
19 (as 350)
16 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach í Tír na mBascach (nó Euzkadi as Bascais) atá suite i ndeisceart Thír na mBascach (in oirthuaisceart stáit na Spáinne). Is í Vitoria-Gasteiz (is í Gasteiz an t-ainm as Bascais, agus Vitoria as Spáinnis) an phríomhchathair.

Is iad seo na cúigí sa réigiún;

  • Araba (as Spáinnis Álava), príomhchathair Gasteiz (as Spáinnis Vitoria)
  • Bizkaia (as Spáinnis Vizcaya), príomhchathair Bilbao (as Spáinnis Bilbao)
  • Gipuzkoa (Spáinnis Guipúzcoa), príomhchathair Donostia (as Spáinnis San Sebastián)

Tá stair iontach suimiúil ag an gceantar seo, tá a chultúr iontach difriúil ón gcultúr Spáinneach é féin. Tá teanga na Bascaise go hiomlán difriúil ní hamháin ó Spáinnis, ach ó na teangacha Eorpacha go forleathan. Creideann a lán de mhuintir na háite go mba cheart gur tír neamhspleách í. Tugann ETA tacaíocht míleata don aidhm seo. Faoi láthair tá rialtas na Spáinne ag déanamh idirbheartaíochta leo rud nár tharla riamh roimhe. Fuair siad a lán neamhspleáchais tar éis na dtoghchán sa bhliain 1935, agus throid cuid mhaith dóibh i gcoinne arm Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.

Is tír álainn glas í. Léiriú den áilleacht seo is ea iad na sléibhte arda idir an Fhrainc agus tír na mBascach, a thrasnaíonn slí oilithreachta an camino de Santiago go rialta. Tá daonra de 2,155,546 daoine, agus is ceann des na réigiúin is saibhre sa Spáinn é.

Íomhánna[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]




Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla