An Bhascais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Bhascais
Euskara
Cineálteanga bheo agus teanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais750,000 (2016)
Á labhairtTír na mBascach
Dúchasach doAn Bhioscáin, Navarra, Gipuzkoa agus Álava (en) Aistrigh
Stáitan Spáinn agus an Fhrainc
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Vasconic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Bascaise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheEuskaltzaindia
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1eu
ISO 639-2baq
ISO 639-3eus
ISO 639-5euq
Glottologbasq1248
Linguasphere40-AAA-a
Ethnologueeus
ASCL2901
UNESCO415
IETFeu

Teanga aonraithe—is é sin, teanga nach bhfuil aon cheann eile gaolmhar léi—is ea an Bhascais, agus í á labhairt i dTír na mBascach (Bascais: Euskal HerriaEuskadi) in oirthuaisceart na Spáinne agus in iardheisceart na Fraince. Ní teanga Ind-Eorpach í ar aon nós, agus ní féidir teacht ar theangacha eile a bheadh gaolmhar léi ach an oiread. Go dtí le déanaí, ní raibh caighdeán ceart ann, agus bhí na scríbhneoirí i dtuilleamaí canúintí scríofa leis an teanga a shaothrú ar aon nós, ach sna 1970idí, shocraigh Acadamh na Bascaise, nó Euskaltzaindia, caighdeán scríofa ar tugadh Euskara Batua, nó an Bhascais Aontaithe, air.

Tá stádas oifigiúil ag an mBascais sa Spáinn. Ní féidir leis na Bascaigh Fhrancacha úsáid oifigiúil a bhaint as a dteanga dhúchais, ach, íorónta go leor, tugann an stát Francach aitheantas áirithe do theanga na mBascach ón Spáinn, toisc gur teanga oifigiúil í sa tír sin, agus conradh idirnáisiúnta sínithe ag na Francaigh is na Spáinnigh faoi chomhaitheantas na dteangacha oifigiúla.

Tá ocht bpríomhchanúint ag an mBascais, mar atá, canúint na Bioscáine, canúint Gipuzkoa, canúint Ard-Nafarroa Thuaidh, canúint Ard-Nafarroa Theas, canúint Lapurdi, canúint Íseal-Nafarroa Thiar, canúint Íseal-Nafarroa Thoir, agus canúint Zuberoa. Tá an caighdeán, an t-euskara batua, bunaithe ar chanúint Gipuzkoa thar aon cheann eile. Cé gurb í an Bhascais chaighdeánaithe seo is mó a chloistear ar an raidió agus a léitear ar na hirisí, maireann na leaganacha caighdeánaithe de na canúintí beo inniu féin, go háirithe caighdeán Lapurdi, a úsáidtear go forleathan i gcúige Zuberoa (Soule) sa Fhrainc.

Cé nach bhfuil gaol ná lúb ghaoil ag an mBascais le haon teanga eile, tá sí breac le hiasachtaí ón Laidin, ar nós bake "síocháin" (ó pax, pacem na Laidine) nó denbora "am, aimsir" (ó tempus, tempora na Laidine). Is follasach go bhfuair sí a lán focal ón Spáinnis agus ón bhFraincis, leis.

Maidir le litriú agus fuaimniú na Bascaise, is iad na litreacha is suntasaí ná x, a fhuaimnítear mar [ʃ] ("sh" an Bhéarla, is é sin, siosach iar-ailbheolach), tx, a fhuaimnítear cosúil le "ch" an Bhéarla, agus an j, a fhuaimnítear go héagsúil sna canúintí éagsúla—mar [j] (y an Bhéarla), mar [x] (ch leathan na Gaeilge, nó j na Spáinnise) nó mar [ʒ] (j na Fraincise), mar shampla. Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil ar an difríocht idir z agus s na Bascaise, nó ní hionann é agus difríocht an dá litir seo sa Bhéarla. Sa Bhascais, is ionann an litir "s" agus siosach rinnailbheolach, is é sin, ní úsáidtear ach rinn na teanga (an pointe is airde d'uachtar a teanga) san fhuaimniú. An litir "z", arís, seasann sé don tsiosach lannailbheolach, nó baintear úsáid as "lann" go léir na teanga san fhuaimniú.

Scéal eile fós go gcaolaítear na consain sa Bhascais le mánlacht nó beagmhéid a chur in iúl. Mar shampla, is madra beag é txakur, ach is madra mór suaithní é zakur, agus is braoinín beag bídeach é ttantta (seasann an t dúbailte don t chaol), ach is braon réasúnta mór uisce é tanta.

Canúintí na Bascaise

Tá gramadach na Bascaise casta go maith, agus is minic a deirtear go bhfuil sí ar cheann de na teangacha is deacra sa domhan. Is dócha gur áibhéil é seo, áfach. Tá an Bhascais saibhir sna tuisil, agus thar aon rud eile, tá tuiseal oibríoch ann —tuiseal a úsáidtear le hainmní an bhriathair aistrigh a chur in iúl, agus an tuiseal ainmneach teoranta d'ainmní an bhriathair neamhaistrigh agus do chuspóir an bhriathair aistrigh. Dá mbeadh an córas céanna in úsáid sa Ghaeilge, déarfá "ritheann sé" i gcónaí, ach in áit "buaileann sí é", chaithfeá rud éigin a rá cosúil le "buaileann sí-ERG sé"—seasann "sí-ERG" don fhoirm speisialta den fhorainm "sí" a chaithfeá a chur anseo (ERG = ergative, nó tuiseal oibríoch).

Litríocht na Bascaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba nós le smaointeoirí agus scríbhneoirí móra Bascacha a gcuid scríbhinní a chur ar pár as Spáinnis nó as Fraincis go dtí le déanaí, agus mar sin, ní féidir a rá go mbeadh litríocht na mBascach ina dteanga dhúchais féin róshaibhir ná ársa. Tá cúpla laoi laochais againn ón séú haois déag a thugann cur síos ar imeachtaí sa Mheánaois.

Ba é an chéad bhunsaothar scríofa as Bascais ná litir a scríobh an tEaspag Juan de Zumárraga ó Mheicsiceo sa bhliain 1537. Ba eisean an chéad Easpag i Meicsiceo riamh, nó ní raibh impireacht choilíneach na Spáinne san Oileán Úr ach ag teacht ar an bhfód faoin am seo.

Saothair thábhachtacha eile ón 16ú haois is ea an bailiúchán dánta a d'fhoilsigh an file Bernard Etxepare sa bhliain 1545—an chéad leabhar a tháinig i gcló sa teanga riamh—an chéad dráma sa teanga le Joan Perez de Lazarraga a cuireadh ar an stáitse an chéad uair sna 1560idí, agus, ar ndóigh, an chéad aistriúchán ar an Tiomna Nua. Ba é Joanes Leizarraga a bhreac síos é, agus is í Bascais Lapurdi an chanúint a bhí aige. Dá réir sin, ba í an chanúint seo an ceann ba thábhachtaí i gcúrsaí scríbhneoireachta agus litríochta sa teanga i bhfad ina dhiaidh sin.

Sa seachtú haois déag a scríobh Pedro Agerre—nó Pedro Axular, mar is fearr a aithnítear é—bailiúchán seanmóirí faoi thionchar smaointí an Fhrithreifirméisin. Foilsíodh an bailiúchán sa bhliain 1643, agus is í Bascais Lapurdi a chleacht a scríbhneoir, cé nach raibh an chanúint seo ó dhúchas aige. Scríobhadh a lán téacsaí reiligiúnda eile sa teanga sa seachtú haois déag, ach thairis sin, chum an file Arnaud de Oihénart dánta Bascaise, agus foilsíodh lámhleabhair sa teanga do mhairnéalaigh agus d'fheirmeoirí.

Inniu, is é Bernardo Atxaga (fíorainm: Joseba Irazu Garmendia) an scríbhneoir is clúití sa teanga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]