Ikurriña

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ikurriña

Is siombail tábhachtach do na Bascaigh é an bratach Ikurriña agus is é bratach oifigiúil chomhphobal féinrialaitheach An Tír Bhascach Theas, sa Spáinn, é.

Chruthaigh bunaitheoirí an Pháirtí Náisiúnta Bascaigh, an EAJ-PNV, Luis agus Sabino Arana, é agus tá aitheantas bainte amach aige mar shiombail (neamhoifigiúil) do Euskal Herria, (an Tír Bhascach ar fad). Feictear é go minic sa Tír Bhascach Thuaidh, sa Fhrainc agus tá sé le feiceáil i mbratach Saint-Pierre agus Miquelon, pobail Fhranc-Bascacha i dtuaisceart Mheiriceá. Is é an Ikurriña bratach an pháirtí Náisiúnta Bhascaigh (EAJ-PNV) é.

Dearadh an bratach sa bhliain 1894 le seasamh ar son chúige na Bioscáine (Vizcaya as Spáinnis, Bizkaia as Bascais) chomh maith le seacht gcinn eile, ceann amháin do gach cúige Bascach. Ach ní raibh an PNV gníomhach aon áit eile lasmuigh den Bhioscáin, agus dá bharr sin ní bhfuair ach bratach na Bioscáine aitheantas poiblí. Sa bhliain 1895 ghlac an páirtí leis mar an bratach oifigiúil agus, sa bhliain 1933, mhol siad é le bheith ina bratach don Tír Bhascach ar fad.

Sa bhliain 1936, ghlac rialtas an chomhphobail fhéinrialaithigh leis an Ikurriña. Chuir réim Franco cosc ar an mbratach sa bhliain 1938 (lean na Bascaigh á úsáid sna cúigí Bascacha sa Fhrainc). Rinneadh siombail dúshláin de, agus ba iad na chéad gníomhaíochtaí a rinne ETA ná an bratach a chrochadh in áiteanna poiblí. Ceadaíodh é le linn an Idirthréimhse ón deachtóireacht go daonlathas sa bhliain 1977. Dhá bhliain ina dhiaidh ghlac rialtas Chomhphobal féinrialaithigh na mBascach é mar an bratach oifigiúil. Ghlac náisiúnaigh ar fud na gcúigí Bascach freisin ag an am seo.

Seasann an dearg do mhuintir na Bioscáine, an glas (b'fhéidir) don Dair Gernika, siombail de shean dlíthe Bizkaia, nó na Fueros; agus thairis sin an chrios bhán ag seasamh don Creideamh Caitliceach a bhfuil ag bhformhór mhuintir na Tíre Bascaigh. Dá bharr seo is iad dearg, glas, agus bán, dathanna náisiúnta na tíré.