An Andalúis
| An Andalúis Andalucía |
|||||
|---|---|---|---|---|---|
| — Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne — | |||||
| Comunidad Autónoma de Andalucía | |||||
|
|||||
| Tír | An Spáinn | ||||
| Príomhchathair | Sevilla | ||||
| Teangacha oifigiúla | Spáinnis | ||||
| Aintiún | La bandera blanca y verde | ||||
| Rialtas • Uachtarán |
José Antonio Griñán (PSOE) |
||||
| Achar • San iomlán |
87268 (2ú) km² |
||||
| Daonra • San iomlán • Dlús • Céatadán |
8,285,692 (1ú) 94.9/km² 17.84% den tír |
||||
| Parlaimint • Suíocháin Comhdhála • Suíocháin Seanaid |
62 (as 350) 40 (as 264) |
||||
| Láithreán | Suíomh gréasáin | ||||
Is comhphobal féinrialaitheach í an Andalúis (Spáinnis: Andalucía) atá suite i ndeisceart na Spáinne. Is í Sevilla an príomhchathair. Is í an dara réigiún is mó sa tír agus tá an daonra is mó aici.
Tá Andalucía timpeallaithe ag Extremadura agus Castilla-La Mancha ó thuaidh; taobh thiar de Murcia agus an Mheánmhuir (anoir aneas); taobh thoir den Phortaingéil agus an tAtlantach (aniar aneas). Tá an Afraic (Maracó) is Andalucía scartha óna gcéile le Caolas Ghiobráltar. Tá an teorainn idir an choilíneacht Briotanach Giobráltar agus an cúige Cádiz i Andalucía, trí ceathrú de mhíle ar fhad.
[athraigh] Stair
Ba shibhialtacht an-mhór agus an-chumhachtach í Tartessos, suite in Andalucía.
Tá sé soiléir go raibh tionchar mór ar chultúr Andalucía ag rialú na Moslamach ar feadh ocht n-aois a chríochnaigh i 1492 le bua na Ríthe Caitliceacha i nGranada.
Tagann an Spáinnis a labhraítear i Meiriceá Laidineach, go mór ón saghas Spáinnise a labhraítear in Andalucía toisc go raibh Sevilla ina geata don Domhan nua sa 16ú agus 17ú aois.
Tá clú agus cáil ag Andalucía mar gheall ar a ailtireacht Mhoslamach. I measc na séadchomhartha is cáiliúla tá an Alhambra i nGranada, an Mezquita (mosc) i gCórdobha, an Torré del Oro (túr óir) agus na túir Girealda agus an Réales Alcázares i Sevilla, agus an Alcazaba i Málaga. Ó thaobh an seandálaíochta de tá tábhacht ag baint le Medina Azahara, in aice le Córdoba agus Itálica, in aice le Sevilla agus port Huelva.
Déantar ceiliúradh ar lá Andalusía (Sp.: Día de Andalucía) ar an 28 Feabhra, chun ceiliúradh dáta an reifrinn áitiúla faoi fhéinriail.
[athraigh] Aonaid riaracháin na hAndalúise
Is iad seo a leanas ocht gcúigí Andalucía:
| Cúige | Príomhchathair | Daonra | Dlús Daonra | Bardais | Dúiche |
|---|---|---|---|---|---|
| Almería | Almería | 635,850 | 72.5/km² | 102 | 8 |
| Cádiz | Cádiz | 1,180,817 | 158.8/km² | 44 | 14 |
| Córdoba | Córdoba | 788,287 | 72.4/km² | 75 | 12 |
| Granada | Granada | 882,184 | 68.7/km² | 168 | 9 |
| Huelva | Huelva | 483,792 | 47.7 inhabitants/km² | 79 | 6 |
| Jaén | Jaén | 662,751 | 49.1/km² | 97 | 10 |
| Málaga | Málaga | 1,491,287 | 204.1/km² | 101 | 11 |
| Sevilla | Sevilla | 1,813,908 | 129.2/km² | 105 | 15 |
Tá roinnt bailte tábhachtacha eile:
- El Ejido, Macael y la "comarca del mármol", agus Roquetas de Mar, Almería
- Algeciras, San Fernando, Jerez, agus El Puerto, Cádiz
- Almuñecar, Guadix agus Motril, Granada
- Úbeda agus Baeza, Jaén
- Antequera, Ronda agus Marbella, Málaga
- Dos Hermanas, Lebrija, Osuna agus Utrera, Sevilla