ETA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Múrphictiúr ar son ETA in Alsasua na Spáinne

Is eagraíocht armtha mhídhleathach é Euskadi ta Askatasuna (as Gaeilge, Tír na mBascach agus Saoirse), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar ETA. Úsáideann an ballraíocht modhanna foréigin cosúil le dúnmharú, fuadach, sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú - bunadh stát neamhspléach don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na Spáinne agus iar-dheisceart na Fraince. D'fhógair siad sos cogaidh ar an 24 Márta 2006, tar éis 817 duine a mharú le linn a bhfeachtais. Ghlac ETA le pléascadh buama in aerport Mhaidrid, Barajas, ar an 30 Nollaig inar maraíodh beirt, tar éis don rialtas Spáinneach buaileadh leo go rúnda le linn na míosa sin.


[athraigh] Féach freisin


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí