Asturias

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Principado de Asturias
Comhphobal Asturias
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad Autónoma del Principado de Asturias
Bratach Asturias Armas Asturias
Bratach Armas
Suíomh Asturias
Tír An Spáinn
Príomhchathair Oviedo
Teangacha oifigiúla Spáinnis (Tá "stádas speisialta" ag Asturianu freisin)
Aintiún Asturias, patria querida
Rialtas
 • Uachtarán

Francisco Álvarez Cascos (FAC)
Achar
 • San iomlán
 
10,604 (10ú) km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
1,076,896
101.6/km²
2.4% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
8 (as 350)
6 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is pobal féinrialaithe é Asturias (nó Asturies as asturianu) laistigh de ríocht na Spáinne. Tá sé suite ar chósta thuaidh na Spáinne lena aghaidh ar Bhá na Bioscáine. Tá sé teorainn ar theorainn le Cantabria san oirthear, le Castilla y León ó dheas agus le Galicia san iarthar.

Is iad na cathracha is tabhachtaí ná, an phríomhchathair, Oviedo (Uviéu as asturianu), an calafort agus an chathair is mó sa réigiún Gijón (Xixón as asturianu), agus an baile tionscalaíochta, Avilés.

Bailte eile: Mieres, Langreo, Siero, Cangas de Onís, Cangas del Narcea, Grado, Lena, Laviana, El Entrego, Villaviciosa, agus Llanes.

Stair[athraigh | edit source]

Cé gur thóg na Rómhánaigh an áit faoi Augustus, agus na Viseagotaigh sa 5ú haois, níor thóg na Muslamaigh an talamh ar an gcósta thuaidh, de bharr an tírdhreach sléibhtiúil. B'ait é le éalaigh uathu san 8ú haois. Is é an réigiún (go háirithe tar eis bhunú Ríocht Asturias (Regnum Asturorum) inar tosaíodh an An Athghabháil (Reconquista). Níor éirigh leis na Muslamaigh an réigiún seo a thógaint go háirithe i ndiaidh chath Covadonga sa bhliain 722. D'fhás an Ríocht ó shin, agus bhailigh Críostaí san áit. Tar éis tamaill le meath Al Andalus bhí an ríocht in ann méadú agus diaidh ar ndiaidh bhí ríocht Caitliceach eile ag fás. Seo é an fáth go úsáideann oidhre, a thagann go coróin na Spáinne, an teideal “Prionsa Asturias”. Cé gur mheath Ríocht Asturias, mhair an ceantar stáiriúil seo i dtuaisceart na Spáinne, tháinig a lán uaisle saibhre as an áit agus bhí baint mhór aige le cóiliniú sa Domhan Nua.

Bhí an áit páirteach go mór in eachtraí Cogadh Cathartha na Spáinne. Sa bhliain 1934, d’éirigh an lucht oibre den eite clé amach in aghaidh rialtas Dara Phoblacht na Spáinne (a bhí ar an eite dheas). Tháinig forsaí ó choilíneachtaí san Afraic Thuaidh, faoi Francisco Franco leis an réabhlóid a chuir faoi chois, go leatroniach. Dá bharr d’fhan sé dílis don rialtas poblachtánach daonlathach i rith an chogaidh cathartha. Tá scéalta iontach faoi chosaint na háite mar shampla ag Cath el Mazuco.

Nuair a chuir Franco an tír faoi smacht, glaodh Cúige Oibhiedió, toisc an gaol idir an áit agus an ríochas, go dtí bás Franco sa bhliain 1975. Tugadh an t-ainm ar ais nuair a ath-bhunú daonlathas sa tír sa bhliain 1977. Sa bhliain 1982 rinneadh reigiún comhphobal féinrialaitheach den áit le struchtúr nua díríalaithe faoin mbunreacht nua. Ón bhliain 1999 b'é Vicente Álvarez Areces ón bpáirtí Sóisialach, Lucht Oibre (PSOE), Uachtaráin Rialtas Asturias.

Tíreolas[athraigh | edit source]

Picos de Europa, ó Parque Natural de Redes. Nollaig 2004

Cruthaíonn sléibhte Cantabria (Cordillera Cantábrica) teorainn nádúrtha leis an gCúige Castille y León ó dheas. Sna sléibhte in oirthear pháirc náisiúnta Picos de Europa, tá na sléibhte is mó, áile sa tir ag dul chomh hard le 2,648 méadar (8,688 throigh) ag an bhinn Torrecerredo. Rudaí eile ná an Parque Natural de Redes sa méanoirthear, na Ubiñas lárnach (taobh theas de Oviedo) agus Parque Natural de Somiedo san iarthar. Leis na sléibhte seo tá deiseanna iontacha dreapadóireachta. Tá siad 200 ciliméadar ar fad ina iomláine agus téann siad chomh fada le Galicia san Iarthar agus Cantabria san oirthear.

Tá cósta mór ag Asturias, leis na céadta trá, aill agus pluaiseanna (tá cuid mhaith den talamh déanta as aolchloch). Ina measc ná Playa del Silencio (Trá Ciúin), in aice an tsráidbhaile iascaireachta Cudillero (thaobh thiar de Gijón). Chomh maith leis sin tá tóir ar na tránna timpeall an ionaid saoire Llanes, mar shampla Barro agus Ballota.

Playa de Ballota, in aice Andrin, Llanes. Meitheamh 2005

Sin iad na gnéithe is tabhachtaí; an cósta garbh le ailltreacha, agus na sléibhte sa taobh istigh. Tá an aimsir níos ilghnéitheach, cósúil le tuaisceart na Spáinne go ginerálta, ná deisceart na tíre. Bíonn Samhradh teo, tais acu, lena alán gréine, le giota beag baisteach. Bíonn an gheimreadh measairthe séimh, le amantaí fuair, go háirithe sna sléibhte, ait in a mbíonn sneachta ó Mí na Samhna go mí Bealtaine. Deirtear go bhfuil Asturias mar chuid den “Spáinn Glas”, toisc an méid glas atá le féiceail i gcomparáid le chuid eile na tíre.

Turasóireacht agus Fámaireacht[athraigh | edit source]

Ardeaglais Oviedo agus an Plaza. Aibreán 2005

Tá a lán staire i bpríomhchathair Asturias, Oveido, mar shampla an eaglais Santa María del Naranco agus an caisleáin San Miguel de Lillo, den stíl réamh-rómánach, a tógadh ar an sliabh Naranco, i rith am na chéad Ríthe Asturias ó thuaidh den chathair. Freisin i bpáirc náisiúnta Picos de Europa tá chuid den sliabhraon de Asturias. Tá sliabh cáiliúil darbh ainm Picu Urriellu (2519 m nó 8262 tr), ann le cruth cósúil le cúlfhiacail a lonraíonn óráiste faoi lonn na gréine sa trathnóna. Ag brath ar an aimsir is féidir é a fhéiceáil go sóiléir ón sráidbhaile Camarmeña, ina aice Poncebos, taobh theas de Arenas de Cabrales.

Tá scrín don Mhaighdean Mhuire i Covadonga agus na loch sléibhe (Los Lagos), in aice Cangas de Onís. Tá finnscéalta ann go bheannaigh an Mhaighdean Mhuire forsaí na Críostaí Asturuas, roimh cath áirithe thug sí comhartha ag an am cruinn le teacht aniar aduaidh ar forsaí na muslamach. Deirtear gur tosóidh an Reconquista agus aontú na Spáinne ar deireadh, san ait seo.

Teanga[athraigh | edit source]

Is í Spáinnis an t-aon teanga óifigiúil sa cheantar. Tá an teanga Asturianu labhartha freisin agus tá cosaint sa dlí aige, Ley 1/1998, de 23 de marzo, de uso y promoción del bable/asturiano (Dlí 1/1998, 23 Márta, de úsaid agus chuir chun cinn Bable/Asturianu). Úsáideann an státseirbhís de Asturias é uaireanta. In iarthar an chúige, labhraítear Eonaviego freisin, agus tá an teanga seo clúdaithe faoin dlí 1/1998. Tá díospóireachtáí ann, faoi stádas na teanga, bhfuil sé mar cáiniúint leanúnach, nó cineál cósúil leis an dteanga Gailísis. Is beag úsáid a bhaintear as an dteanga seo i riarachán Asturias, i gcomparáid le, mar shampla, asturianu. Tá siad ag athrú ainmneacha áitiúla díog ar ndíog go sean Asturianu agus Eonaviego.

Ceol[athraigh | edit source]

Amhrán Réigiúnach

Bhí an t-amhrán réigiúnach Asturias, patria querida (Asturias, mo tír ionúin) an-cháiliúil agus glacadh é mar amhrán óifigiúil don Ley 1/1984, de 27 de Abríl. Dúradh gur amhrán do dhaoine ólta é, ach i ndáiríre níl sé seo fíor. Dúirt na fórsaí Náisiúnacha (fórsaí Franco) é seo chun chaitheamh anuas ar Asturias toisc gur d’fhás an t-amhrán as na h-oibrithe sna mianaigh - cliabhán chumannachas sa Spáinn - d’úsáid taobh na bpoblachtánach (sa chogadh cathartha agus Éirí amach na mianadóirí) an t-amhrán le athruithe beaga.



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla