Mallorca
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Mallorca an t-oileán is mó sa Spáinn. Tá sé suite sa Mheánmhuir agus tá sé mar chuid den oileánrach Bhailéaracha. Tagann ainm an oileáin ón Laidin insula maior, "oileán mór"; agus ansin Maiorica.
Is é Palma príomhchathair an oileáin agus príomhchathair an chomhphobal fhéinrialaithe. Is é La Balanguera amhrán náisiúnta an oileáin.
Tá clú ar an áit mar ionad turasóireachta i measc Eorpaigh mar na Sasanaigh, Gearmánaigh agus Éireannaigh.