Na hOileáin Bhailéaracha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa hOileáin Bhailéaracha
Illes Balears (ca)
Islas Baleares (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39°30′N 3°00′E / 39.5°N 3°E / 39.5; 3
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneBalearic Islands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairPalma de Mallorca Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,149,460 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús230.28 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla4,991.66 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Imeallbhord1,428 m Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePuig Major (en) Aistrigh (1,436 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincaib.es Cuir in eagar ar Wikidata


Is oileánra iad na hOileáin Bailéaracha (Catalóinis: Illes Balears, Spáinnis: Islas Baleares, Gréigis: Gymnesiae, Laidin: Baleares) a dhéanann suas comhphobal féinrialaitheach in iarthar na Meánmhara, in aice cósta thoir na Spáinne. Is í Palma de Mallorca an phríomhchathair. Níl ach cúige amháin freisin ainmnithe Illes Balears. Is í an t-ainm i gCatalóinis an t-ainm oifigiúil cé go bhfuil Spáinnis agus Catalóinis mar theangacha oifigiúla sa chúige.


Ainm na nOileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán finscéalta ann faoin áit, ach níltear cinnte, fiú, cárb as ainm na n-oileán. Is é Illes Balears ainm oifigiúil na nOileán nó Islas Baleares sa Spáinnis. Tagann an focal Balearic ón nGréigis (Γυμνησίαι/Gymnesiae agus Βαλλιαρεῖς/Balliareis) agus Baleares sa Laidin. Is cosúil go bhfuil dhá míniú éagsúil ar stair an ainm. De réir vearsaí Alexandra ó Lycophron glaodh Γυμνησίαι/Gymnesiae ón ngréigis; γυμνός/gymnos, a chialaíonn nocht toisc go raibh muintir na háite go mminic ag siúil thart nocht de bharr an dea-aimsir.

Ceapann roinnt teangeolaí go dtagann sé ó feith teilgeora muintir na háite (βαλεαρεῖς/baleareis, ó βάλλω/ballo: sean gréigis a chiallaíonn teilg), ach ceapann Strabo go bhfuil bunús Féiníceach ag an bhfocal a gciallódh saighdiúirí faoi airm éadrom.


Stair na nOileán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí scileanna troda ag muintir na háite agus throid siad uaireanta mar shaighdiúirí thuarastail do airm dhifriúla, ar fud an Meanmhara. Dá ainneoin seo bhí siad measartha ciúin agus neamhionsaitheach. Thóg na Féinícigh an ait ar dtús agus i ndiaidh titim na Cartaige, na Rómhánaigh. An chúis a thug na Rómhánaigh ná go raibh siad ag tabhairt chabhrach do na foghlaithe mara sa Mheánmhuir agus thóg Q. Caecilius Metellus an áit, (ó shin bhí Balearicus aige mar shloinne) sa bhliain 123 RC. Phlandáil sé an t-oileán is mó le 3,000 saighdiúirí na Róimhe agus Spáinneach agus bhunaigh siad na chathracha Palma and Pollentia. Bhain na hoileáin leis an gconventus de Carthago Nova (Cartagánach Nua), sa chúige Hispania Tarraconensis, faoi réimse Impireacht na Róimhe.

Mapa de las Islas Baleares

Bhí poirt iontach ag an dá oileán is mó (na hOileáin Bailéaracha go stairiúil) cé go raibh ort a bheith cúramach ag teacht isteach iontu toisc go raibh siad carraigeach ag a mbéal. Bhí na hOileáin iontach saibhir ó thaobh gach saghas earra ach amháin fíon agus ola olóige, mar shampla beithígh, coiníní, seilide agus cré dearg (iontach úsáideach ó thaobh na péintéireachta de), nó sinope. Dúirt an staraí Rómhánach Dioscorides (Materia Medica i. 92) go raibh daonra 30,000 ag an dá oileán le chéile.

I ndiaidh titim na Róimhe, thóg na Vandalaigh na hoileáin. Buaiteoirí eile ná na Biosántaigh, Arabaigh, agus na hAragónaigh. Bhí na hAragónaigh go brúideach nuair a thóg agus phlandáil siad na hoileáin le Catalóinigh, a fuair réidh le cuid mhaith de na daoine rompu. I dtús báire rialaíodh na hoileáin ó Ríocht Mallorca ach sa bhliain 1344 stop an ríocht ag feidhmiú agus tógadh é isteach i ríocht na hAragóine, a rinne aontú le Castilla (tar éis pósadh Éilis ó Castilla le Ferdinand II ón Aragóin). Bhí Minorca faoi na Sasanaigh do formhór an 18ú haois, i gcogaidh dhifriúla thóg airm Shasana, na Fraince agus sa deireadh, na Spáinne, an áit.

Tír Eolas & Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suite i lár na Meánmhara níl aon ionadh go bhfuil aeráid na Meánmhara ag na hOileáin Bhailéaracha. The below-listed climatic data of the capital Palma are typical for the archipelago, with minor differences to other stations in Majorca, Ibiza, and Menorca. Bíonn meán 18°C ann i rith na bliana ag dul chomh hard le 30° i rith an tsamhraidh agus chomh íséal le 8° i rith an gheimhridh. De bharr an aeráid agus na tránna tagann go leor turasóirí le haghaidh laethanta saoire chuig na hoileáin go háirithe ón nGearmáin agus ón Ríocht Aontaithe.

Seo iad a leanas na hoileáin agus a bpríomhchathracha:

Mallorca Palma de Mallorca
Mionarca Mahón
Ibiza Baile Ibiza
Formentera Formentera
Bardais na nOileáin
Cathracha agus Bailte san Aragóin de réir daonra (2016)
Uimh. Cathair Oileán Daonra Palma de Mallorca
Palma
Calviá
Calviá
Cathair Ibiza
Ibiza
Manacor
Manacor
1 Palma de Mallorca Mallorca 400,578
2 Calviá Mallorca 50,328
3 Ibiza Ibiza 49,975
4 Manacor Mallorca 40,170
5 Santa Eulalia del Río Ibiza 35,812
6 Marrachi Mallorca 35,726
7 Lluchmayor Mallorca 34,618
8 Inca Mallorca 30,651
9 Citadel Mionarca 29,098
10 Mahón Mionarca 28.006


Is iad Mallorca agus Minorca na fíor-Oileáin Bhailéaracha cé go bhfuil na hoileáin eile san áireamh ag an gcomhphobal féinrialaitheach. Uaireanta roinntear iad in dhá ghrúpa; is iad Mallorca, Minorca, agus Cabrera na hoileáin Gymnesiach, agus is iad Ibiza agus Formentera na hoileáin Pityusiac. Tá Mallorca mór go leor agus mar sin tá 6 contaetha stairiúil ann (cé nach bhfuil aitheantas oifigiúil nó feidhm dleathúil acu) agus 53 bardais ann. Tá 8 bardais ar Oileán Mionarca, 5 ar oileán Ibiza agus 1 ar oileán Formentera.


Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá thart ar 1,116,000 daoine ina gcónaí ar na hOileáin Bhailéaracha; is eachtrannaigh iad 16.7% de dhaonra na n-oileáin. Tá thart ar 23,900 Maracach, 19,200 Gearmánach, 16,900 Iodálach agus 15,000 Sasanach cláraithe ann. Tá neart Rómánach, Bulgárach, agus Airgintíneach ann chomh maith. Tá figiúirí na nGearmánach, Sasanach, agus lucht Mheiriceá Theas tar éis ísliú ón mbliain 2007 agus is iad na Maracaigh, na hIodálaigh, agus na Rómánaigh atá ag dul i méid ó shin. Tá dlús daonra 214.84 cm2 ar Oileán Mallorca sé sin 80% de daonra an chomhphobail. Tá dlús daonra 193.22 cm2 ar oileán Ibiza nó 11.30% den chomhphobail, agus 124.85 ar oileán Minarca nó 8.82%. Níl ach 12,280 daoine ina gcónaí ar oileán beag Formentera sé sin 0.76% de dhaonra an chomhphobail agus dlús daonra 147.53 aige. Níl ach an bardas amháin ag Formentera agus is é Sant Francesc Xavier an sráidbhaile is mó le 3,475 ina gcónaí ann.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraítear Catalóinis sna hOileáin Bhailéaracha. Is iad Mallorca, Menorca, Ibiza (Eivissa), agus Formentera, na príomhoileáin, iad go léir cáiliúil mar ionaid turasóireachta. I measc na n-oileán beag tá Cabrera, áit a bhfuil páirc náisiúinta; Parc Nacional de l'Arxipèlag de Cabrera suite.

Bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bia na nOileáin mar chuid de bia Catalóinis, Spáinnis agus Meánmhura. Sé sin bíonn go leor císte, cáis, fíon, muiceoil agus bia mara. Is ispín áitiúil é Sobrassada. Bíonn an tóir ar Stobhach Gliomaigh a thagann ó Mionarca, tháinig an Rí Juan Carlos I ann chun é a bhlaiseadh. Deirtear go dtagann Maonáisis ó príomhchathair Mionarca; Maó nó Mahón.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Club Sacair RCD Mallorca a imríonn i bPalma an club sacair is rathúil ar na hoileáin. Tá an club ag imirt faoi láthair sa dara sraith. Bunaíodh an club sa bhliain 1916, agus é ar an club sacair is sine ar na hoileáin. Bhuaigh siad an Copa del Rey sa bhliain 2003 agus sa bhliain 1999 chaill siad i gcraobh Corn do curraithe Corn. Is as Mallorca iad na himreoirí leadóige Rafael Nadal, agus Carlos Moyá. Ba imreoir sacair é uncail Rafael Nadal, Miguel Ángel Nadal. Is é Rudy Fernández, imreoir cisphéile, agus Jorge Lorenzo gluaisrothaí cáiliúil, pearsaí spórt eile mór le rá ón na hoileáin.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla