An Aragóinis
| Aragóinis (aragonés) |
|
|---|---|
| Á labhairt: | sa An Spáinn |
| Réigiún: | An Aragóin |
| Cainteoirí san Iomlán: | 10 míle (iomlán 30,000) |
| Rang: | ~ |
| Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Iodáilic |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | (na hAragóine) |
| Foras Pleanála Teanga: | Academia de l'Aragonés (Acadamh na hAragóinise) |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | an |
| ISO 639-2 | arg |
| ISO 639-3 | arg |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is teanga í an Aragóinis a labhraítear san Aragóin. Tá Spáinnis ag cách san Aragóin féin, ach thairis sin, chloisfeá an Aragóinis fós i ngleannta áirithe sna Piréiní i dtuaisceart na hAragóine. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na Laidine í.
Ainm na Teanga [athraigh]
Is é an t-ainm is minice a thugtar ar an teanga seo ná Aragóinis, ach ó bhí canúint ghaolmhar á labhairt i gcúige Navarra fadó, is gnách leis na teangeolaithe uaireanta Navarrais-Aragóinis a thabhairt uirthi. Iad síúd a bhfuil canúint Aragóinise éigin ó dhúchas acu bíonn a n-ainmneacha féin acu ar na canúintí, ar nós cheso nó belsetán. (Belsetán an chanúint a labhraítear timpeall ar Bielsa, in oirthear na gcríoch ina bhfuil Aragóinis le cloisteáil.
An Aragóinis i gComparáid leis an gCatalóinis agus an Spáinnis (an Chaistílis) [athraigh]
- Tá an f- i dtús na bhfocal le cloisteáil i gcónaí. Rinneadh fillo ("mac") de filius na Laidine, cf. hijo na Spáinnise, fill na Catalóinise.
- Rinneadh ch [tʃ] de ge-, gi-, i- na Laidine i dtús na bhfocal: choven "óg". Joven a scríobhtar an focal Spáinnise, ach is mar ch leathan na Gaeilge (nó na Gearmáinise) a fhuaimnítear an j- sin. Jove an leagan Catalóinise den fhocal seo, agus is mar j na Fraincise a fhuaimnítear an j- sa teanga sin.
- Má bhí -lt- nó -ct- taobh istigh den fhocal Laidine, rinneadh -it- de, cosúil leis an bPortaingéilis: Laidin multum, Aragóinis muito, Catalóinis molt, Portaingéilis muito ("a lán, go leor"); Laidin factum "deanta", Aragóinis feito, Spáinnis hecho, Catalóinis fet, Portaingéilis feito
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.