Sevilla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh
Catedral de Sevilla

Príomhchathair Andalucía, i ndeisceart na Spáinne is ea Sevilla. De réir na bhfinscéalta, ba é Earcail, an laoch Gréagach, a bhunaigh Sevillla. Thug na Rómhánaigh Hispalis ar an gcathair agus ina dhiaidh sin athraíodh an t-ainm go Isbiliya ag na Múraigh.

Tá Sevilla ar bhruacha abhainn an Guadalquivir agus tá sí ar cheann de na hionaid stairiúla is tábhachtaí san Eoraip. Timpeall milliún duine atá inti faoi láthair, an ceathrú cathair is mó sa Spáinn. Is ann atá Cartlanna na nIndiacha, mar a bhfuil na cáipéisí stairiúla faoi ghabháil Mheiriceá. Tá an-chuid foirgneamh fíor-álainn ann, La Giralda, túr Múrach, agus ceann de na hardeaglaisí is mó ar domhan, a tógadh thar tréimhse 118 mbliain tar éis do na Críostaithe an chathair a ghabháil ó ríocht Mhúrach Cordóba.

Tá an chathair fada go leor ón bhfarraige, ach bhí sí ina calafort an-tábhachtach fadó nuair a bhí níos mó uisce san abhainn. Ba go Sevilla a tugadh formhór an airgid a ghoid lucht an choncais i dtíortha as Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas, agus is aisti a sheoil cabhlach taiscéalaíochta Magellan. Chuaigh na longa sin timpeall an domhain, ach níor fhill ar Sevilla ach árthach amháin a bhí luchtaithe le spíosraí.

Bhí na Liobrálaigh i gceannas ar Sevilla le linn an chogadh cathartha a bhí sa Spáinn idir 1829 agus 1832. I gCogadh Cathartha na Spáinne sa bhfichiú haois, ní raibh moill ar Franco an chathair a ghabháil lena arm as an Afraic.

Bíonn Sevilla an-te i rith an tsamhraidh, agus an teocht thar 50 céim C. Tá an-cháil ar amhráin agus ar dhamhsaí an réigiúin.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]