Mérida

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mérida
Méria
Suíomh

38°54′ Thuaidh 6°20′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Spain.svg An Spáinn
Comhphobal: Flag of Extremadura.svg Extremadura
Alcalde: José Ángel Calle Gragera
Déimeagrafaic
Achar: 865.6 km2
Daonra: 56,395
Dlús daonra: 65.2/km²
Airde: 217 m
www.merida.es

Is í Mérida príomhchathair Extremadura, in iarthar na Spáinne. Tá daonra 50,000 duine ann agus tá sé suite i gcúige Badajoz.

Cuireadh an chathair ar bun faoin ainm Emerita Augusta ar ordú ón Impire Rómhánach Augustus, chun áth agus droichead ar abhainn Guadiana a chosaint. Chuir dhá léigiún de sheansaighdiúirí fúthu sa cheantar. Rinneadh príomhchathair an chúige Lusitania as Mérida, agus bhí an-tábhacht léi ar feadh i bhfad. Tá níos mó iarsmaí Rómhánacha i Mérida ná in aon áit eile sa Spáinn, agus is Suíomh Oidhreachta Domhanda í dá bharr sin.

Tá an Punto Romano, seandroichead na Rómhánach, ina sheasamh go fóill, chomh maith le Teampall Diana, iarsmaí an Fhóraim, an Circus Maximus, amharclanna agus suíomhanna seandálaíocha éagsúla. Tá léargas iontach ar stair agus ar chultúr na Rómhánach ar fáil sa mhúsaem.

Ainmníodh cathracha i Veiniséala. agus Meicsiceo as Mérida na Spáinne.

Tagairtí[athraigh | edit source]