Earcail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh Earcail
13-06-22-schwerin-50mm-by-RalfR-001.jpg

Ba é Earcail ba mhó cáil i measc mhórlaochra an domhain chlasaicigh. Thug na Gréagaigh Herakles air (Ἡρακλῆς as Gréigis) ach tá aithne ag Béarlóirí air faoi leagan Rómhánach dá ainm, Hercules. Ciallaíonn an t-ainm Gréagach glóir do Héire (bean chéile Shéas, athair na ndéithe). Ach ní mac le Héire a bhí ann ach le bean dhaonna agus bhí éad ar Héire léi. Bhuail sí bob ar Shéas ionas go mbeadh a mac is leasdeartháir Earcail, Eoraistéas, ina rí ar Mhicéanae.

Tar éis do Earcail a bhean agus a pháiste a mharú agus é as a mheabhair, labhair Aitheascal Dheilfe leis ag rá gur cheart dó dhá bhliain dhéag a chaitheamh ag freastal ar a leasdeartháir. Thug Eoraistéas dhá shaothar déag do Earcail agus cheap an rí go mbeadh na tascanna dodhéanta. Seo liosta de na saothair a tugadh dó:

  • Leon Néimé
  • Hiodra Leirné
  • Eilit órga na Ceirine
  • Torc allta Eiriminteas
  • Stáblaí Áigéis
  • Éanlaith riasc Stimfealas
  • Tarbh Bán na Créite
  • Láracha buile Dhiaiméidéis
  • Crios óir Hipilité
  • Eallach Rí Géarón
  • Úlla órga na Heispirídí
  • Ceirbearas, cú Háidéis

Chomhlíonaigh Earcail na tascanna go léir. Rinneadh dia de ionas go mairfeadh sé go deo i measc na ndéithe.

Réalteolaíocht[athraigh | edit source]

  • Baint idir dhá shaothar déag Earcail agus an réaltbhuíon An tIolar

Nascanna inmheánach[athraigh | edit source]