An tIolar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an tIolar

an tIolar

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Aquila
Ginideach Laidine Aquilae
Nod Aql
Siombalaíocht an tIolar
Dronairde 20 h
Diallas +5°
Achar 652 céim cearnach
Rangú: 22ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gile Altair (α Aql)
(méid 0.77)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil

an tIolar (nó Aquila, an focal Laidine ar Iolar) ar cheann de na 48 réaltbhuíon a liostaigh Tolamaes agus atá páirteach chomh maith anois sa liosta oifigiúil de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Tá sé suite ar an meánchiorcal neamhaí, nó mar sin. Tá an réalt is gile, Altair, ar cheann de thrí rinn "Thriantán an tSamhraidh" mar a deirtear leis.


Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Tá go leor réaltréimsí saibhre san Iolar, atá suite i mBealach na Bó Finne.

  • β Aql: G8 IV a haicme speictreach agus soilsíonn sí le gile dhealraitheach ar méid 3.71. Cosúil le Altair, is ilréalta í chomh maith le trí chomhbhall.
  • γ Aql: den aicme speictreach K3 II, agus ar amharcmhéid 2.72.
  • 15 Aql: is K-réalta bhuí an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 5.4, in éineacht le réalt den 7ú méid; is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga.


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]


Stair[athraigh | edit source]

Breathnaíodh dhá nóva suntasacha san Iolar; tharla an chéad cheann sa bhliain 389 RC agus cuireadh i gcuntas go raibh sé chomh geal le Véineas; bhí an ceann eile (Nova Aquilae 1918) níos gile ná Altair ar feadh tamaillín.


Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

Tá dealramh éin ar an réaltbhuíon seo, éin leathansciathánaigh eadarbhuasaigh ghearrmhuineálaigh, a d'ionannaítí muintir an tseansaoil le hiolar [1]. I miotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí le hiolar é a d'iompraíodh caora tine Shéas agus leis an iolar ar chuir an dia sin é leis an aoire óg Gainiméide, ar thit Séas i ngrá leis, a fhuadach; iompraíodh Gainiméide, léirithe ag réaltbhuíon cóngarach an Uisceadóra, go hOilimpeas, áit ar rinneadh dáileamh do na déithe go léir de. Sin é an fáth a ngairtear Gainiméide den ghealach is mó de chuid Iúpatair, ar mbeith ina ainm Rómhánach a thugtar ar Shéas d'Iúpatar.

Thugtaí Vultur volans ar an réaltbhuíon seo ag na Sean-Rómhánaigh, gan é a thógáil in abhraíocht Vultur cadens a thugaidís ar an réaltbhuíon a dtugtar an Lir anois uirthi.

Is cosúil go bhfuil baint mhór ag an Iolar, i dteannta réaltbhuíonta eile sa chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin an Lir agus an Eala), le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

I scéal grá a bhaineann leis an bhféile Shíneach Qi Xi, scartar go deo Niu Lang (Altair) agus a bheirt chlainne (β agus γ Aql) óna máthair Zhi Nu (Vega), atá ar an taobh thall den abhainn, is é sin le rá Bealach na Bó Finne.


Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir