An Béar Beag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Béar Beag
an Béar Beag
an Béar Beag
Ainm Laidine (IAU)Ursa Minor
NodUMi
Ginideach LaidineUrsae Minoris
Siombalaíochtan béar beag
Dronairde15 h
Diallas70°
Achar256 céim cearnach
Céim 56ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
2
Réalta is gilePolaris
(méid 2.02)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −10°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr

Is é an Béar Beag an réaltbhuíon is faide ó thuaidh ar an leathsféar neamhaí thuaidh. Ursa Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an béar níos lú. Tá an réaltbhuíon seo ar na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus is ceann í freisin de na 48 seanréaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Is suntasach í mar shuíomh an phoil neamhaí thuaidh, ach tiocfaidh athrú ar an gcás seo i gceann dhá chéad bliain nó mar sin mar gheall ar torthaí na luainíochta (nó réamhtheachtas na n-eacaineachtaí).

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • an Liach Bheag: ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig a fhaightear an astaireacht sin dá ngairtear go comhráitheach an Liach Bheag toisc go bhfuil cruth léiche ar na seacht réalta is gile dá cuid. Is í Polaris, nó an Réalta Thuaidh, an réalta atá ar cheann lámh na léiche. I ré na Sean-Róimhe tugadh Septentriones go coitianta ar na seacht réalta a chomhrinne an Liach Mhór, ach uaireanta thugtaí an t-ainm céanna freisin ar seacht réalta na Léiche Bige. As Laidin, ciallaíonn Septentriones "seacht ndamh an chéachta" go litriúil, ach "an tuaisceart" ab fhíorbhrí leis.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • 1/α¹ UMi 1.97: Polarisan Réalta ThuaidhLodestarAlruccabahAlruccabaCynosuraCynosurePhoeniceTramontanaAngel SternNavigatoriaStar of ArcadyYilduzMismarPolyarnaya
    < Laidin Stella Polaris = Réalta an Phoil
    < Béarla Lodestar = an Réalta Adhmainte
    < Gréigis κυνόσουρα (cynosūra) = Eireaball an Mhadra [.i. Eireaball an Bhéir Bhig]
    < Béarla Star of Arcady = Réalta na hArcáide (luaite ar Comus de chuid John Milton)
    < Tuircis yıldız = Réalta
  • 7/β UMi 2.07: KochabKokabKochah
    < Araibis الكوكب الشمالي (az-kawkab aš-šamāliyy) = an Réalta Thuaidh (go beacht Rinn Neimhe) [mar a thugtaí uirthi nuair a bhí an réalta seo ar an Réalta Thuaidh míle bliain roimh Chríost]
  • 13/γ UMi 3.00: PherkadPherkad Major
    < Araibis فرقد (farqad) = Gamhain < ? (alifa al farkadayn) = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [i dteannta an réalta is gile Kochab]
  • 23/δ UMi 4.36: YildunGildunYilduzVildiur
    < Tuircis yıldız = Réalta
  • 16/ζ Umi 4.29: Alifa al Farkadain
    < Araibis ? (alifa al farkadayn) = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Pherkad]
  • 21/η UMi 4.95: Anwar al FarkadainAlasco
    < Araibis ? (anwar al-farkadayn) = an Ceann Geal den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Kochab]
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
α¹/1 UMi 1.97; α² UMi 8.60; β/7 UMi 2.07; γ/13 UMi 3.00; δ/23 UMi 4.36; ε/22 UMi 4.21; ζ/16 UMi 4.29; η/21 UMi 4.95; θ/15 UMi 5.00; λ UMi 6.31; π1 UMi – dúbailte 6.57, 7.53; π2 UMi 6.89
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
1/α UMi 1.97; 2 UMi 4.24; 3 UMi 6.43; 4 UMi 4.80; 5 UMi 4.25; 7/β UMi 2.07; 8 UMi 6.83; 9 UMi 6.64; 11 UMi 5.02; 13/γ UMi 3.00; 14 UMi 7.52; 15/θ UMi 5.00; 16/ζ UMi 4.29; 18 UMi 5.73; 19 UMi 5.48; 20 UMi 6.36; 21/η UMi 4.95; 22/ε UMi 4.21; 23/δ UMi 4.36; 24 UMi 5.78

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh é saoi na Sean-Gréige Tailéas as Miléiteas a thug isteach an réaltbhuíon seo sa 6ú aois R.C., ach is cinnte gur bhaineadh mairnéalaigh úsáid aisti mar threoir neamhaí i bhfad roimhe sin.

Anallód, tugadh Sciathán an Dragain ar an mBéar Beag, agus féachadh air mar phíosa de réaltbhuíon an Dragain.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá scothchosúlacht bhéir (agus eireaball an-fhada amach is amach air) ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig má chuirtear san áireamh réaltaí doiléire atá infheicthe fós ag an tsúil fhornocht. Dá bhrí sin, i dteannta réaltbhuíon an Bhéir Mhóir in aice láithreach, tá baint éigin aige le bunús mhiotas Callisto. Deirtear gur fadaíodh an t-eireaball thar an norm toisc gur chuirtí an Béar ar casadh ar a eireaball arís agus arís eile timpeall an phoil thuaidh.

Níos luaithe ná sin, áfach, d'fheachtaí ar na seacht réaltaí ab ghile de chuid na réaltbhuíne seo mar sheachtar deirfiúracha. De réir mhiotaseolaíocht luath na Gréige, ionannaíodh na seacht réalta de chuid an Bhéir Bhig leis na Heispíridí, iníonacha Atláis. I dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach na Meá (.i. an tAoire, an Béar Mór, agus an Dragan), is cosúil go bhfuil baint éigin ag an mBéar Beag le bunús mhiotas úlla na Heispirídí, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

De réir cultúr éagsúil eile ba é an Béar Beag an poll a raibh imthaca acastóir an Domhain ann. De réir na réalteolaíochta Hiondúiche, is é Dhruva é an Réalta Thuaidh, a chiallaíonn "pol" sa lá atá inniu ann; baineann scéal leis an fear seo a aithrisíonn conas mar a rinneadh réalta de.

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir