An Lir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an Lir

an Lir

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Lyra
Ginideach Laidine Lyrae
Nod Lyr
Siombalaíocht an lir
Dronairde 19 h
Diallas 40°
Achar 286 céim cearnach
Rangú: 52ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gile Vega (α Cyg)
(méid 0.03)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa

Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo.

Ag tosú ar an taobh ó thuaidh agus ag comhaireamh ar deiseal, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá teorainn ar theorainn leis an Lir: an Dragan, an laoch Gréagach Earcail, an Sionnach agus an Eala.

Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Seo cúpla réalta gheal de chuid na Lire:

  • α Lyr: nó Vega; ar méid dhealraitheach 0.03, tá an réalta seo ar an dara réalt is gile ar leathsféar neamhaí an tuaiscirt (i ndiaidh Arcturus) agus ar an gcúigiú réalt is gile ar spéir na hoíche go léir; A0 V a haicme speictreach, agus níl sí ach 25.3 solasbhliain i bhfad uainn amach. Is amhlaidh gurb ilréalta í le 5 chomhbhall. Ba í Vega an chéad réalta a ndearnadh grianghraf di.
  • ε Lyr: réalta cheathrúil cháiliúil, dá ngairtear as Béarla "the Double Double" (is é sin le rá "an déréalta faoi dhó") toisc gurb í déréalta atá inti a bhfuil an dá chomhbhall le chéile ina ndéréaltaí freisin.

Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]

Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

Ar seanléarscáileanna léirítear éan - go háirithe badhbh (Vultur cadens) - ar shuíomh seo na spéire, óir d'ionannaítí an réaltbhuíon seo agus a réaltaí le badhbh fadó [1]. Mar leis sin, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin le rá an Eala, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), is amhlaidh go bhfuil baint éigin ag an Lir le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Má chuirtear san áireamh línte comhthreomhara réaltaí doiléire atá i lár báire na réaltbhuíne, tá dealramh lire uirthi, agus dá bharr sin éiríodh as badhbh a thabhairt uirthi agus de réir a chéile tosaíodh lir a thabairt uirthi ina ionad; ar feadh tamaill is amhlaidh gur ionanníodh í le badhbh agus lir ar iompar aici. Mar lir, ionannaíodh an realtbhuíon seo leis an ngléas ceoil a bhí ag Oirféas agus ar chas sé ceol air a chuir fiú amháin Háidéas faoi dhraíocht; tar éis a bháis, aistríodh an lir i measc na réaltaí.

An Lir sa litríocht[athraigh | edit source]

Glacann réaltbhuíon na Lire páirt thábhachtach sa tríológ K-PAX de chuid Gene Brewer; sna leabhair siúd maíonn othar in ospidéal meabhairghalar i Manhattan gur rugadh ar an bpláinéad K-PAX i réaltbhuíon na Lire é.

Sa chruinne fhicseanúil ar an gclár teilifíse Star Trek, is í Sheliak (ß Lyr) is grianchóras cónaithe an chine eachtrannaigh sin atá ar aon ainm léi; tá drochmheas acu ar an gcine daonna agus ar chiníocha duiniúla eile(Star Trek: The Next Generation: "The Ensigns of Command").

Lyra is ainm freisin do dhuine den dá phríomhcharachtar sa tríológ His Dark Materials de chuid Philip Pullman. Lyra Belacqua is ainm iomlán di, ach aistrítear a sloinne go Silvertongue i rith an tsaothair. Is iníon Asriel Belacqua agus Marisa Coulter í.

Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir