Compás an Mhairnéalaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Compás an Mhairnéalaigh

Compás an Mhairnéalaigh

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Pyxis
Ginideach Laidine Pyxidis
Nod Pyx
Siombalaíocht an Compás mairnéalaigh
Dronairde 9 h
Diallas −30°
Achar 221 céim cearnach
Rangú: 65ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gile α Pyx
(méid 3.68)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Márta

Réaltbhuíon bheag dheisceartach is ea Compás an Mhairnéalaigh a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille. Pyxis Nautica a thug sé air – focail Laidine a chiallaíonn "boiscín mairnéalachta". Is dócha gurbh é compás mairnéalaigh na Loinge Argo a bhí i gceist aige, cé nach mbaintí úsáid as an gcompás mairnéalaigh i ré na Sean-Ghréagach. Pyxis an t-ainm Laidine a thugtar air faoi láthair.

Sular chruthaigh Lacaille an réaltbhuíon seo bhí a chuid réaltaí páirteach i seanréaltbhuíon na Loinge, dá ngaireadh tráth Argo Navis. Bhí seanréaltbhuíon eile (nó astaireacht, b'fhéidir) sa cheantar seo na spéire darbh ainm Laidine Malus, .i. crann seoil; John Herschel a chruthaigh Malus sa bhliain 1844.

Bí cúramach gan an réaltbhuíon seo a thógáil in abhraíocht réaltbhuíon an Chompáis, dá ngairtear Circinus as Laidin. Léiríonn an réaltbhuíon úd compás línitheora, uirlis a mbaintear úsáid as chun ciorcail, srl., a tharraingt.


Príomhghnéithe[athraigh | edit source]


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon Chompás an Mhairnéalaigh. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus Compás an Mhairnéalaigh ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

La Boussole an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an reáltbhuíon seo ar dtús, agus Pyxis an t-ainm Laidine a thugtar go coitianta uirthi sa lá ata inniu ann.

Faightear í san áit a raibh crann seoil na Loinge. Sa bhliain 1844 chruthaigh an réalteolaí Sasanach John Herschel réaltbhuíon nua darbh ainm Malus (an focal Laidin ar crann seoil) agus chuir sé in áit Chompás an Mhairnéalaigh í, ach níor ghlac an lucht réalteolaíochta léi agus tá Compás an Mhairnéalaigh ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha fós.

Sa cheantar céanna seo den spéir chuir an réalteolai Gearmánach Johann Bode réaltbhuíon nua darbh ainm Lochium Funis (.i. an Luasmhea agus an Téad), ach tá an réaltbhuíon seo as feidhm chomh maith.

Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon Chompás an Mhairnéalaigh go dtí an 18ú aois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[athraigh | edit source]

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir